
Sainaithnítear sa tuarascáil rioscaí sistéamacha - amhail scaipeadh ábhair neamhdhleathaigh nó bagairtí ar chearta bunúsacha - a tharlaíonn ar ardáin an-mhór ar líne. Tugtar forléargas ann freisin ar na bearta maolaithe a rinne ardáin chun dul i ngleic le rioscaí sainaitheanta.
Cuirtear pointe tagartha ar fáil sa tuarascáil chun tuiscint a fháil ar rioscaí sistéamacha san Aontas a eascraíonn as VLOPanna agus VLOSEnna. Is príomhuirlis í le haghaidh trédhearcachta agus cuntasachta a rannchuidíonn ar deireadh le timpeallacht ar líne atá níos sábháilte agus níos iontaofa.
Sa dara tuarascáil bhliantúil seo maidir le rioscaí sistéamacha agus bearta maolaithe, cuireadh i dtábhacht na rioscaí do leanaí agus do dhaoine óga ar líne agus an chaoi a bhfuil cur chuige fadtéarmach éifeachtach á fhorbairt ag an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha chun na rioscaí sin a chomhrac.
Is féidir leat an tuarascáil iomlán a íoslódáil thíos.