
Leasaíodh an Clár Oibre don Eoraip Dhigiteach 2025-2027 chun coinneáil bord ar bhord le tosaíochtaí digiteacha na hEorpa.
Leis an leasú seo, tugtar isteach roinnt gníomhaíochtaí nua amhail bonneagar digiteach do scoileanna nó feidhmchlár sábháilteachta ar líne chun tacú le Plean Gníomhaíochta an Aontais i gcoinne na cibearbhulaíochta .
Áirithítear leis an leasú freisin go leanfaidh an clár de bheith ag freastal ar riachtanais dhigiteacha na hEorpa atá ag teacht chun cinn. Áirítear ann glao nua ar Ionaid d’Idirlíon Níos Sábháilte arb é is aidhm dóibh cumhdach geografach leathan a áirithiú ar fud an Aontais agus tíortha Comhlachaithe agus sraith oibre nua don ghníomhaíocht maidir le Cuibhreannais Iltíre don Bhonneagar Digiteach Eorpach chun a gcomhar a neartú.
Is é is aidhm d’athruithe eile cur chun feidhme Saoráidí Tástála agus Turgnamhaíochta le haghaidh IS a áirithiú chomh maith le húsáid na Formáide Eorpaí um Malartú Leictreonach Taifead Sláinte agus seirbhísí sláinte digiteacha.
Tá leasú ann freisin a bhaineann leis an ábhar roimhe seo maidir leis an Lárionad um Fheasacht Staide agus Oibríochtúil (SAOC) chun ailíniú leis an Sciath Eorpach um Dhaonlathas .
Tagann an leasú i ndiaidh an chéad leasaithe DIGITAL, a glacadh i mí Dheireadh Fómhair 2025, lenar treisíodh uaillmhianta an Choimisiúin maidir le teicneolaíochtaí criticiúla a fhorbairt agus a chur in úsáid san Eoraip.