28.12.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

85


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1384/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Nollaig 2013

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 55/2008 ón gComhairle lena dtugtar isteach fabhair uathrialacha trádála do Phoblacht na Moldóive

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) dá chuid, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Bunaíodh scéim shonrach fabhar uathrialach trádála do Phoblacht na Moldóive ("an Mholdóiv" anseo feasta) le Rialachán (CE) Uimh. 55/2008 ón gComhairle (2). Leis an scéim sin, tugtar saor-rochtain ar mhargadh an Aontais do na táirgí uile ar de thionscnamh na Moldóive iad, seachas táirgí áirithe talmhaíochta atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin agus a bhfuil lamháltais teoranta tugtha ina leith, i bhfoirm díolúine ó dhleachtanna custaim laistigh de theorainn na dtaraifchuótaí, nó i bhfoirm laghdú ar dhleachtanna custaim.

(2)

Faoi chuimsiú Bheartas Comharsanachta na hEorpa (BCE), Phlean Gníomhaíochta BCE AE-naMoldóive, agus Chomhpháirtíocht an Oirthir, tá clár oibre ardaidhmeannach glactha ag an Moldóiv chun comhlachas polaitiúil agus breis páirtíochta eacnamaíche leis an Aontas a bhaint amach. Tá dul chun cinn mór déanta cheana ag an Moldóiv maidir le comhfhogasú rialála i dtreo cóineasú le dlíthe agus caighdeáin an Aontais.

(3)

Tosaíodh ar chaibidlíocht leis an Moldóiv ar an gComhaontú Comhlachais, lena n-áirítear bunú limistéir shaothrádala doimhne cuimsithí, in Eanáir 2010 agus tugadh chun críche í in Iúil 2013. Foráiltear sa Chomhaontas sin do léirscaoileadh iomlán trádála déthaobhaí san fhíon.

(4)

Chun tacú le hiarrachtaí na Moldóive i gcomhréir le BCE agus le Comhpháirtíocht an Oirthir, agus chun margadh a bheidh tarraingteach agus iontaofa a chur ar fáil dá honnmhairí fíona, ba cheart allmhairiú an fhíona ón Moldóiv isteach san Aontas a léirscaoileadh gan mhoill.

(5)

D'fhonn leanúnanachas na sreafaí trádála ó Moldóiv agus cinnteacht dhlíthiúil d'oibreoirí eacnamaíocha a áirithiú, ní mór feidhm a bheith ag na fabhair trádála uathrialaitheacha gan bhriseadh go dtí an dáta atá socraithe dá ndul in éag i Rialachán (CE) Uimh. 55/2008.

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 55/2008 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 55/2008 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 16, scriostar an triú mír, an ceathrú mír agus an cúigiú mír;

(2)

sa tábla i bpointe 1 d’Iarscríbhinn I, scriostar an sraith dheireanach a bhaineann le hordú Uimh. 09.0514 "Fíon ó fhíonchaora úra, seachas fíon súilíneach".

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 17 Nollaig 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. LINKEVIČIUS


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Nollaig 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 16 Nollaig 2013.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 55/2008 ón gComhairle an 21 Eanáir 2008 lena dtugtar isteach fabhair uathrialacha trádála do Phoblacht na Moldóive agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 980/2005 agus Cinneadh 2005/924/CE ón gCoimisiún (OJ L 20, 24.1.2008 lch. 1).