23.11.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 393/12


CINNEADH (CBES) 2020/1746 ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Samhain 2020

lena leasaítear agus lena nuashonraítear Cinneadh (CBES) 2018/340 lena mbunaítear liosta na dtionscadal atá le forbairt faoi PESCO

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, go háirithe Airteagal 46(6) de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2017/2315 ón gComhairle an 11 Nollaig 2017 lena mbunaítear buanchomhar struchtúrtha (PESCO) agus lena gcinntear liosta na mBallstát rannpháirteach (1),

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 11 Nollaig 2017, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2017/2315.

(2)

Le pointe (e) d’Airteagal 4(2) de Chinneadh (CBES) 2017/2315 foráiltear go mbunóidh an Chomhairle liosta na dtionscadal atá le forbairt faoi bhuanchomhar struchtúrtha (PESCO), lena léirítear tacaíocht d’fhorbairt cumais agus tacaíocht shuntasach a sholáthair d’oibríochtaí agus do mhisin an chomhbheartais slándála agus cosanta (CBSC) ó thaobh na n‐acmhainní agus cumas de.

(3)

An 6 Márta 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/340 (2) lena mbunaítear liosta na dtionscadal atá le forbairt faoi PESCO.

(4)

An 6 Márta 2018, ghlac an Chomhairle Moladh (3) maidir le treochlár le haghaidh chur chun feidhme PESCO (“an Moladh”).

(5)

I mír 9 den Mholadh, sonraítear gur cheart don Chomhairle liosta thionscadal PESCO a nuashonrú faoi mhí na Samhna 2018 chun an chéad tacar eile tionscadal a áireamh, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 5 de Chinneadh (CBES) 2017/2315, lena bhforáiltear go háirithe go bhféadfaidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála moladh a dhéanamh maidir le sainaithint tionscadal PESCO agus maidir le meastóireacht a dhéanamh orthu, ar bhonn measúnuithe arna soláthar ag rúnaíocht PESCO, go bhféadfaidh an Chomhairle cinneadh a dhéanamh, tar éis comhairle mhíleata a fháil ó Choiste Míleata an Aontais Eorpaigh.

(6)

An 25 Meitheamh 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/909 (4) lena mbunaítear tacar coiteann rialacha rialachais do thionscadail PESCO.

(7)

An 19 Samhain 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/1797 (5) lena leasaítear agus lena nuashonraítear Cinneadh (CBES) 2018/340.

(8)

An 14 Bealtaine 2019, ghlac an Chomhairle Moladh (6) lena ndéantar measúnú ar an dul chun cinn a rinne na Ballstáit rannpháirteacha chun na gealltanais a tugadh faoi chuimsiú PESCO a chomhlíonadh.

(9)

An 12 Samhain 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2019/1909 (7) lena leasaítear agus lena nuashonraítear Cinneadh (CBES) 2018/340.

(10)

An 5 Feabhra 2020, chuir Rúnaíocht PESCO in iúl don Chomhairle gur chinn comhaltaí thionscadal “Lárionad Inniúlachta Misean Oiliúna an Aontais Eorpaigh” deireadh a chur leis an tionscadal.

(11)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2018/340 a leasú agus a nuashonrú,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2018/340.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Samhain 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)   IO L 331, 14.12.2017, lch. 57.

(2)  Cinneadh (CBES) 2018/340 ón gComhairle an 6 Márta 2018 lena mbunaítear liosta na dtograí atá le forbairt faoi PESCO (IO L 65 8.3.2018, lch. 24).

(3)  Moladh ón gComhairle an 6 Márta 2018 maidir le treochlár le haghaidh chur chun feidhme PESCO (IO C 88, 8.3.2018, lch. 1).

(4)  Cinneadh (CBES) 2018/909 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2018 lena mbunaítear tacar coiteann rialacha rialachais do thionscadail PESCO (IO L 161, 26.6.2018, lch. 37).

(5)  Cinneadh (CBES) 2018/1797 ón gComhairle an 19 Samhain 2018 lena leasaítear agus lena nuashonraítear Cinneadh (CBES) 2018/340 lena mbunaítear liosta na dtionscadal atá le forbairt faoi PESCO (IO L 294, 21.11.2018, lch. 18).

(6)  Moladh ón gComhairle an 14 Bealtaine 2019 lena ndéantar measúnú ar an dul chun cinn a rinne na Ballstáit rannpháirteacha chun na gealltanais a tugadh faoi chuimsiú an bhuanchomhair struchtúrtha (PESCO) a chomhlíonadh (IO C 166, 15.5.2019, lch.1).

(7)  Cinneadh (CBES) 2019/1909 an 12 Samhain 2019 lena leasaítear agus lena nuashonraítear Cinneadh (CBES) 2018/340 liosta na dtograí atá le forbairt faoi PESCO (IO L 293/113, 14.11.2019, lch. 113).


IARSCRÍBHINN

“IARSCRÍBHINN II

LIOSTA NUASHONRAITHE COMHDHLÚITE DE RANNPHÁIRTITHE NA dTIONSCADAL AR LEITH

Tionscadal

Rannpháirtithe an Tionscadail

1.

Ceannasaíocht Leighis Eorpach

An Ghearmáin, an Bheilg, an tSeicia, an Eastóin, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, an Ungáir, an Ísiltír, an Pholainn, an Rómáin, an tSlóvaic, an tSualainn

2.

Raidió bogearraí-shainithe slán Eorpach (ESSOR)

An Fhrainc, an Bheilg, an Ghearmáin, an Spáinn, an Iodáil, an Ísiltír, an Pholainn, an Phortaingéil, an Fhionlainn

3.

Líonra na Mol Lóistíochta san Eoraip agus na Tacaíochta d'Oibríochtaí

An Ghearmáin, an Bheilg, an Bhulgáir, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Chróit, an Iodáil, an Chipir, an Liotuáin, an Ungáir, an Ísiltír, an Pholainn, an tSlóivéin, an tSlóvaic

4.

An tSoghluaisteacht Mhíleata

An Ísiltír, an Bheilg, an Bhulgáir, an tSeicia, an Ghearmáin, an Eastóin, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Chróit, an Iodáil, an Chipir, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, an Ungáir, an Ostair, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóivéin, an tSlóvaic, an Fhionlainn, an tSualainn

5.

An Lárionad Deimhniúcháin Oiliúna Eorpach um Airm Eorpacha

An Iodáil, an Ghréig

6.

Feidhm Oibríochtúil Fuinnimh (EOF)

An Fhrainc, an Bheilg, an Spáinn, an Iodáil

7.

Pacáiste chun Cumas Míleata Fóirithinte a Imlonnú i gcás Tubaistí

An Iodáil, an Ghréig, an Spáinn, an Chróit, an Ostair

8.

Córais Mhuirí (leath-)Uathrialaitheacha um Fhrithbhearta Mianach (MAS MCM)

An Bheilg, an Ghréig, an Laitvia, an Ísiltír, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin

9.

Faireachas agus Cosaint Cuanta agus Mhuirí (HARMSPRO)

An Iodáil, an Ghréig, an Pholainn, an Phortaingéil

10.

Uasghrádú Faireachais Mhuirí

An Ghréig, an Bhulgáir, Éire, an Spáinn, an Fhrainc, an Chróit, an Iodáil, an Chipir

11.

An tArdán le haghaidh Comhroinnt Faisnéise faoi Fhreagairt Cibearbhagairtí agus Cibirtheagmhas

An Ghréig, an Spáinn, an Iodáil, an Chipir, an Ungáir, an Phortaingéil,

12.

Foirne Mearfhreagartha Cibirtheagmhas agus Cúnamh Frithpháirteach maidir le Cibearshlándáil

An Liotuáin, an Eastóin, an Chróit, an Ísiltír, an Pholainn, an Rómáin,

13.

Córas Ceannais agus Comhordaithe (C2) Straitéiseach um Misin agus Oibríochtaí CBSC

An Spáinn, an Ghearmáin, an Fhrainc, an Iodáil, Lucsamburg, an Phortaingéil

14.

Feithicil troda choisithe armúrtha / feithicil ionsaithe amfaibiach / feithicil armúrtha éadrom

An Iodáil, an Ghréig, an tSlóvaic

15.

Tacaíocht Lámhaigh Indíreach (EuroArtillery)

An tSlóvaic, an Iodáil, an Ungáir

16.

Lárionad Oibríochtaí EUFOR um Fhreagairt Géarchéimeanna (EUFOR CROC)

An Ghearmáin, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, an Chipir

17.

Oiliúint ar phíolótú héileacaptar faoi theocht ard agus ar airde mhór (Oiliúint H3)

An Ghréig, an Iodáil, an Rómáin

18.

Scoil chomhpháirteach faisnéise AE

An Ghréig, an Chipir

19.

Lárionaid Tástála agus Mheastóireachta AE

An Fhrainc, an tSualainn, an Spáinn, an tSlóvaic,

20.

Córas Comhtháite Talún Gan Foireann (UGS)

An Eastóin, an Bheilg, an tSeicia, an Ghearmáin, an Spáinn, an Fhrainc, an Laitvia, an Ungáir, an Ísiltír, an Pholainn, an Fhionlainn

21.

Córais Diúracán Láthair Chatha Talún AE thar an líne amhairc (BLOS)

An Fhrainc, an Bheilg, an Chipir

22.

Pacáiste Cumais Idirghabhála Fo-Uisce Modúlach In-imscartha (DIVEPACK)

An Bhulgáir, an Ghréig, an Fhrainc, an Rómáin

23.

Córais Eorpacha Aerárthaí Cianrialaithe Meánairde Fad-Aga - MALE RPAS (Eurodrone)

An Ghearmáin, an tSeicia, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil

24.

Héileacaptair Ionsaithe TIGER Marc III de chuid na hEorpa

An Fhrainc, an Ghearmáin, an Spáinn

25.

Córas in aghaidh Aerárthaí Gan Foireann (C-UAS)

An Iodáil, an tSeicia

26.

Ardán Aerloinge Ard-Atmaisféir na hEorpa (EHAAP) – Síorchumas Faisnéise, Faireachais agus Taiscéalaíochta (ISR)

An Iodáil, an Fhrainc

27.

Post Ceannais (CP) In-imscartha Aonuaire do Cheannas agus Rialú (C2) Oirbheartaíoch na bhFórsaí Oibríochtaí Speisialta (SOF) i gcás Oibríochtaí Beaga Comhpháirteacha (SJO) – (SOCC) i gcás SJO

An Ghréig, an Chipir

28.

Clár um Chumas Cogaíochta Leictreonaí agus um Idir-inoibritheacht don Chomhar maidir le Faisnéis, Faireachas agus Taiscéalaíocht (JISR) amach anseo

An tSeicia, an Ghearmáin

29.

Faireachas Ceimiceach, Bitheolaíoch, Raideolaíoch agus Núicléach (CBRN) mar Sheirbhís (CBRN SaaS)

An Ostair, an Fhrainc, an Chróit, an Ungáir, an tSlóivéin

30.

Comhroinnt Bunáiteanna

An Fhrainc, an Bheilg, an tSeicia, an Ghearmáin, an Spáinn, an Ísiltír

31.

Aonad um Chomhordú na Tacaíochta (GMSCE) Geoimeitéareolaíche agus Aigéineolaíochta (GeoMETOC)

An Ghearmáin, an Ghréig, an Fhrainc, an Ostair, an Phortaingéil, an Rómáin

32.

Réiteach Radaloingseoireachta an Aontais (EURAS)

An Fhrainc, an Bheilg, an Ghearmáin, an Spáinn, an Iodáil, an Pholainn

33.

An Líonra Míleata Eorpach um Fheasacht ar Fhaireachas Spáis(EU-SSA-N)

An Iodáil, an Ghearmáin, an Fhrainc, an Ísiltír

34.

An Lárionad Comhtháite Eorpach Oiliúna agus Ionsamhlúcháin (EUROSIM)

An Ungáir, an Ghearmáin, an Fhrainc, an Pholainn, an tSlóivéin

35.

Acadamh agus Mol Nualaíochta an Aontais Eorpaigh um Earnáil na Cibearchosanta (EU CAIH)

An Phortaingéil, an Spáinn

36.

Lárionad Oiliúna Leighis d'Fhórsaí Oibríochtaí Speisialta (SMTC)

An Pholainn, an Ungáir

37.

Raon Oiliúna le haghaidh Cosaint ar CBRN (CBRNDTR)

An Rómáin, an Fhrainc, an Iodáil

38

Líonra an Aontais Eorpaigh de Lárionaid Tumadóireachta (EUNDC)

An Rómáin, an Bhulgáir, an Fhrainc

39.

Córas Frith-fhomhuireáin Muirí Gan Foireann (MUSAS)

An Phortaingéil, an Spáinn, an Fhrainc, an tSualainn

40.

Coirbhéad Patróil Eorpach (EPC)

An Iodáil, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc

41

Ionsaí Leictreonach Aerbheirthe (AEA)

An Spáinn, an Fhrainc, an tSualainn

42.

An Lárionad Comhordúcháin Cibearchosanta agus Faisnéise (CIDCC)

An Ghearmáin, an Spáinn, an Ungáir, an Ísiltír

43

Rabhadh agus Tascradh Tráthúil le Faireachas ón Spás ar Limistéir Imlonnaithe (TWISTER)

An Fhrainc, an Ghearmáin, an Spáinn, an Iodáil, an Ísiltír, an Fhionlainn

44.

Ábhair agus comhpháirteanna le haghaidh iomaíochas teicneolaíoch an Aontais (MAC-EU)

An Fhrainc, an Spáinn, an Phortaingéil, an Rómáin

45.

Cumas Comhoibríoch Cogaíochta AE (ECoWAR)

An Fhrainc, an Bheilg, an Spáinn, an Ungáir, an Pholainn, an Rómáin, an tSualainn

46.

Córas Eorpach um Chomhtháthú Domhanda Ollstruchtúr na gCóras Aerárthaí Cianrialaithe (RPAS)

An Iodáil, an Fhrainc, an Rómáin.