11.6.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 207/18 |
RÁITEAS POLAITIÚIL Ó PHARLAIMINT NA HEORPA, Ó CHOMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH AGUS ÓN GCOIMISIÚN EORPACH AGUS AN COMHAONTÚ IDIRINSTITIÚIDEACH MAIDIR LE CLÁR TRÉDHEARCACHTA SAINORDAITHEACH Á GHLACADH
Aithníonn Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach a thábhachtaí atá prionsabal na coinníollachta mar bhunchloch don chur chuige comhordaithe atá glactha ag na trí institiúid agus é mar aidhm acu cultúr coiteann trédhearcachta a threisiú agus ardchaighdeáin á leagan síos ag an am céanna maidir le hionadaíocht leasa thrédhearcach eiticiúil ar leibhéal an Aontais.
Aithníonn Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach go bhfuil an choinníollacht agus na bearta comhlántacha trédhearcachta atá i bhfeidhm maidir leis na hábhair seo a leanas comhsheasmhach leis an gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Clár Trédhearcachta Sainordaitheach, go dtreisítear leo cuspóir a gcur chuige chomhordaithe agus gur bonn daingean iad ar a bhféadfar leanúint den chur chuige sin a fhorbairt agus a fheabhsú agus ionadaíocht leasa eiticiúil ar leibhéal an Aontais a neartú tuilleadh:
— |
cruinnithe idir cinnteoirí agus ionadaithe leasa cláraithe, i gcás inarb infheidhme (1); |
— |
cruinnithe le hionadaithe leasa a fhoilsiú, i gcás inarb infheidhme (2); |
— |
cruinnithe foirne, go háirithe ar leibhéal sinsearach, le hionadaithe leasa cláraithe (3); |
— |
labhairt ag éisteachtaí poiblí i bParlaimint na hEoarpa (4); |
— |
ballraíocht i ngrúpaí saineolaithe an Choimisiúin agus rannpháirtíocht in imeachtaí, fóraim nó seisiúin faisnéise áirithe (5); |
— |
rochtain ar áitribh na n-institiúidí (6); |
— |
pátrúnacht le haghaidh imeachtaí le haghaidh ionadaithe leasa cláraithe, i gcás inarb ábhartha; |
— |
an dearbhú polaitiúil ó na Ballstáit go gcuirfidh siad i bhfeidhm go deonach, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus le hinniúlachtaí náisiúnta, prionsabal na coinníollachta maidir le cruinnithe a mBuanionadaí agus a Leas-Bhuanionadaí le hionadaithe leasa le linn a nUachtaránachta ar an gComhairle agus sna 6 mhí roimhe sin, agus aon bheart deonach breise de chuid na mBallstát aonair i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus le hinniúlachtaí náisiúnta lasmuigh de sin, a dtugtar faoi deara go cothrom iad araon. |
(1) Riail 11(2) de Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa; Airteagal 7 de Chinneadh ón gCoimisiún an 31 Eanáir 2018 maidir le Cód Iompair do Chomhaltaí an Choimisiúin Eorpaigh (C(2018)0700) (IO C 65, 21.2.2018, lch. 7); pointe V de Mhodhanna Oibre an Choimisiúin Eorpaigh.
(2) Riail 11(3) de Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa; Cinneadh 2014/838/AE, Euratom ón gCoimisiún an 25 Samhain 2014 maidir le faisnéis a fhoilsiú faoi chruinnithe arna dtionól idir Ard-Stiúrthóirí an Choimisiúin agus eagraíochtaí nó daoine aonair féinfhostaithe (IOL 343, 28.11.2014, lch. 19); Cinneadh 2014/839/AE, Euratom ón gCoimisiún an 25 Samhain 2014 maidir le faisnéis a fhoilsiú faoi chruinnithe arna dtionól idir Comhaltaí an Choimisiúin agus eagraíochtaí nó daoine aonair féinfhostaithe (IO L 343, 28.11.2014, lch. 22).
(3) Airteagal 3 de Chinneadh (AE) 2021/929 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2021 maidir le teagmhálacha a rialú idir oifigigh Ardrúnaíocht na Comhairle agus ionadaithe leasa (féach leathanach 19 den Iris Oifigiúil seo); pointe V de Mhodhanna Oibre an Choimisiúin Eorpaigh.
(4) Airteagal 7 de Chinneadh ó Bhiúró Pharlaimint na hEorpa an 18 Meitheamh 2003 maidir le rialacha i dtaca le héisteachtaí poiblí.
(5) Riail 35 de Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa; Airteagal 8 de Chinneadh ón gCoimisiún an 30 Bealtaine 2016 lena mbunaítear rialacha cothrománacha maidir le grúpaí saineolaithe an Choimisiúin a chruthú agus a oibriú (C(2016)3301); Airteagail 4 agus 5 de Chinneadh (AE) 2021/929 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2021 maidir le teagmhálacha a rialú idir oifigigh Ardrúnaíocht na Comhairle agus ionadaithe leasa (féach leathanach 19 den Iris Oifigiúil seo).
(6) Riail 123 de Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa arna léamh i gcomhar le Cinneadh ón Ardrúnaí an 13 Nollaig 2013 maidir leis na rialacha lena rialaítear pasanna agus údaruithe lena dtugtar rochtain ar áitribh Pharlaimint na hEorpa; Airteagal 6 de Chinneadh (AE) 2021/929 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2021 maidir le teagmhálacha a rialú idir oifigigh Ardrúnaíocht na Comhairle agus ionadaithe leasa. (féach leathanach 19 den Iris Oifigiúil seo).