3.3.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 68/21 |
Ceartúchán ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha maidir leis na rialuithe oifigiúla i leith coinsíneachtaí de tháirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú a bheartaítear a allmhairiú isteach san Aontas agus maidir leis an deimhniú cigireachta
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 461 an 27 Nollaig 2021 )
Ar leathanach 20, Airteagal 10(1) an chéad abairt:
in ionad:
“1. I gcás ina bhfaighidh údarás inniúil, údarás rialaithe nó comhlacht rialaithe i dtríú tír fógra ón gCoimisiún, tar éis don Choimisiún fógra a fháil ó Bhallstát i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2307 a mhéid a bhaineann le neamhchomhlíontacht amhrasta nó neamhchomhlíontacht a shuitear a bheith ann lena ndéantar difear do shláine na dtáirgí orgánacha nó na dtáirgí atá á dtiontú i gcoinsíneacht, déanfaidh sé imscrúdú.”,
léitear:
“1. I gcás ina bhfaighidh údarás inniúil, údarás rialaithe nó comhlacht rialaithe i dtríú tír fógra ón gCoimisiún, tar éis don Choimisiún fógra a fháil ó Bhallstát i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2307 a mhéid a bhaineann le neamhchomhlíontacht amhrasta nó neamhchomhlíontacht a shuitear a bheith ann lena ndéantar difear do shláine na dtáirgí orgánacha nó na dtáirgí atá á dtiontú i gcoinsíneacht, déanfaidh sé imscrúdú.”.