An Bhruiséil,17.6.2022

COM(2022) 404 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE EORPACH, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

AN CHOMHDHÁIL AR THODHCHAÍ NA hEORPA

Gníomhaíocht nithiúil a dhéanamh den fhís


‘Dúinne san Eoraip, is í an chuimhne atá againn ar an am a chuaigh thart a mhúnlaigh ár dtodhchaí i gcónaí. Agus is tábhachtaí sin fós tráth atá an rud nach bhféadfaí a shamhlú tar éis filleadh ar an mór-roinn seo againne. Leis na hiarrachtaí mínáireacha atá déanta ag an Rúis na léarscáileanna a atarraingt agus athscríobh a dhéanamh ar na codanna is tragóidí dár stair go fiú, meabhraítear dúinn an chontúirt a bhaineann le tuiscint a chailleadh ar ár stair agus ar ár dtodhchaí araon. An chontúirt a bhaineann le bheith ag maireachtáil go síoraí san am i láthair agus le bheith ag smaoineamh nach dtiocfaidh athrú ar an saol choíche. Nach féidir bealaí níos fearr a bheith ann chun rudaí a dhéanamh. Agus níos measa fós: Go mbeidh rudaí i gcónaí mar an gcéanna ach sinn fanacht mar atáimid gan athrú. Tá sé sin go hiomlán mícheart! Is ionann fanacht mar atáimid agus dul ar gcúl.’

An tUachtarán von der Leyen, an 9 Bealtaine 2022, searmanas clabhsúir na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa

1.RÉAMHRÁ

Tá sé á rá le fada gur féidir leis an Aontas Eorpach athruithe tapa fónta a dhéanamh nuair is gá dó. ‘Gaibhneofar an tAontas in aimsir géarchéimeanna agus na réitigh a ghlacfar le linn na ngéarchéimeanna sin, is iad a bheidh de dhlúth agus d’inneach ann.’ Is minic a luaitear an líne sin de chuid Jean Monnet agus b’fhíor di an chuid is mó de stair an Aontais – go háirithe le dhá bhliain anuas agus muid ag tabhairt aghaidh le chéile ar phaindéim dhomhanda agus ar chogadh brúidiúil ionsaitheach ar leac an dorais againn. Ag an am céanna, tá méadú ag teacht ar éilimh shaoránaigh na hEorpa go ndéanfaí athrú agus athchóiriú, agus go n-oibreofaí chun an Eoraip a fheabhsú mar is mian leo féin. Is é sin an fáth ar iarr an tUachtarán von der Leyen Comhdháil ar Thodhchaí na hEorpa ina Treoirlínte Polaitiúla i mí Iúil 2019, mar chuid d’fhís nua do dhaonlathas na hEorpa – agus ar thug sí gealltanas obair leantach a dhéanamh ar thorthaí na Comhdhála.

Is ar Lá na hEorpa 2021 a cuireadh tús leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, a mhair ar feadh bliana, agus ba ghníomh uile-Eorpach gan fasach sa daonlathas dioscúrsach í – an ceann ba mhó agus ba leithne dá leithéid a chonacthas riamh. Chruthaigh an Chomhdháil nasc idir daoine ó gach aois, gach tír agus gach cúlra, agus bhí cuid mhór acu ann nach raibh aon teagmháil acu leis an Eoraip riamh roimhe nó nach raibh cur amach acu ar chomhdhéanamh institiúideach an Aontais Eorpaigh. Thug siad ar fad a scéalta agus a ndearcthaí éagsúla, a dteangacha éagsúla agus a bhféiniúlachtaí éagsúla leo chun an méid a bhfuil siad ag súil leis ón Eoraip a leagan amach agus chun fís do thodhchaí na hEorpa a fhí le chéile.

Agus é sin á dhéanamh acu, léirigh an Chomhdháil agus a rannpháirtithe an luach agus an gá atá le rannpháirtíocht na saoránach i múnlú na mbeartas a mbíonn tionchar acu ar a saol. Chuir sé beocht nua sa dóigh a n-oibríonn daonlathas srathach na hEorpa agus léirigh sé go bhféadfadh fíorspás poiblí Eorpach a bheith ann ina mbeadh daoine as gach cearn den Aontas in ann plé a dhéanamh ar na saincheisteanna is mó a bhaineann leo.

Eiseamláir de sin a bhí sa bhealach ar phléigh saoránaigh agus institiúidí, reachtóirí agus tuataí saincheisteanna bunúsacha ár linne agus ar mhol siad réitigh éagsúla i réimsí lena saineofar todhchaí na hEorpa: an t-athrú aeráide agus an comhshaol, an digitiú agus an daonlathas, an tsláinte agus an ceartas sóisialta agus an comhionannas, an geilleagar agus an tslándáil, luachanna agus an cultúr – agus go leor eile nach iad. Ar ndóigh, chuaigh comhthéacs an lae inniu i bhfeidhm ar an toradh deiridh freisin, go háirithe na géarchéimeanna a raibh ar an Eoraip aghaidh a thabhairt orthu le dhá bhliain anuas. Léiríodh an tionchar a bhí ag paindéim COVID-19 ar ár sláinte agus ar ár ngeilleagair i ngach ábhar a pléadh, agus chuir cogadh gan chúis gan údar na Rúise ar an Úcráin béim láidir ar an ngá atá le hEoraip a bheith níos láidre sa domhan, Eoraip a bheadh réidh chun síocháin agus luachanna a chaomhnú mar atá déanta aici le breis agus 70 bliain anuas.

Cé go bhfuil beart déanta ag an gComhdháil maidir le cainníocht agus cáilíocht na dtograí, ar deireadh beidh rath foriomlán na Comhdhála ag brath ar an athrú is féidir léi a chur i gcrích. Den mheon sin, gheall an Coimisiún Eorpach, mar aon le Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon, i nDearbhú Comhpháirteach i mí an Mhárta 2021 obair leantach a dhéanamh ar a bhfuil beartaithe – gach ceann acu ag feidhmiú faoi chuimsiú a n-inniúlachtaí agus i gcomhréir leis na Conarthaí. D’athdhearbhaigh an tUachtarán von der Leyen an gealltanas sin ag searmanas clabhsúir na Comhdhála an 9 Bealtaine 2022.

Is í an Teachtaireacht seo an chéad chéim den obair leantach sin. Déantar measúnú inti ar an méid atá de dhíth chun obair leantach a dhéanamh ar mholtaí na Comhdhála, tugtar léargas ar na chéad chéimeanna eile agus leagtar amach an bealach is fearr chun foghlaim ó cheachtanna na Comhdhála agus daonlathas rannpháirteach a leabú i bpróiseas ceaptha beartas agus reachtóireachta an Aontais.

2.AN OBAIR LEANTACH: Ó MHOLTAÍ GO GNÍOMH

Tá tograí na Comhdhála, a leagtar amach sa tuarascáil deiridh a tugadh d’Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, d’Uachtarán na Comhairle agus d’Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, tá siad fadréimseach, uaillmhianach agus fadbhreathnaitheach. Tá siad struchtúrtha thart ar naoi dtéama leathana, le forluí nádúrtha idir roinnt de na bearta atá molta.

An Chomhdháil: a lán tograí, aon fhís amháin

Le linn na bliana d’imeachtaí, bailíodh díospóireachtaí agus smaointe na bpainéal saoránach ar líne agus rinneadh 49 dtogra agus 326 bheart ar leith 1 díobh, iad bunaithe ar naoi dtéama:

An t-athrú aeráide agus an comhshaol;

An tsláinte;

Geilleagar níos láidre, ceartas sóisialta agus poist;

An tAontas sa domhan mór;

Luachanna agus cearta, an smacht reachta, an tslándáil;

An t-aistriú digiteach;

An daonlathas Eorpach;

An imirce;

Oideachas, cultúr, an óige agus an spórt.

Taobh thiar de na huimhreacha agus idir na línte de na moltaí nithiúla a cuireadh le chéile, tá fís ann d’Eoraip a éascaíonn saol laethúil na ndaoine i gceantair thuaithe agus i gceantair uirbeacha araon, a théann i ngleic leis na dúshláin a bhíonn romhainn ó ghlúin go glúin agus, ar deireadh, a dhéanann beart de réir a briathair ó thaobh na nithe is tábhachtaí leis na daoine. An bia a itheann siad, an t-aer a análaíonn siad agus an nádúr a mbaineann siad taitneamh as. Rochtain a fháil ar chúram sláinte, oideachas agus tithíocht inacmhainne, agus a bheith slán sábháilte ina scoileanna agus ina dtithe.

Ar an iomlán, iarrtar sna tograí go ndíreoidh an Eoraip ar chosaintí sóisialta agus cothroime a chur ar fáil, agus ag an am céanna a luachanna agus an smacht reachta a chaomhnú. Leagtar béim iontu ar an ngá atá ann go gcomhthiomsódh an Eoraip a neart agus a héagsúlacht chun dul i ngleic le saincheisteanna is mó na linne seo – ó phaindéimí agus an cogadh go dtí na haistrithe glasa agus digiteacha nó an t-athrú déimeagrafach. Ar deireadh, téama a tháinig aníos sna réimsí éagsúla is ea gur gá don Eoraip a bheith níos neamhspleáiche agus níos ábalta soláthar a dhéanamh di féin i réimsí ríthábhachtacha amhail fuinneamh agus bia, amhábhair agus cógais inbhuanaithe, sliseanna digiteacha agus teicneolaíochtaí glasa, cibearshlándáil, slándáil agus cosaint. Le chéile, iarrtar leis na bearta atá molta ag an gComhdháil ar an Eoraip a bheith níos gníomhaí sna réimsí sin atá tábhachtach do dhaoine i dteannta a chéile nó ina n-aonar.

Measúnú a dhéanamh ar na tograí

Chun obair leantach a dhéanamh ar thograí na Comhdhála ar an mbealach is trédhearcaí agus is dírí is féidir, ní mór anailís tosaigh a dhéanamh chun a fháil amach cad is gá chun na tograí a chur i bhfeidhm. Chun go mbeidh an measúnú sin inchreidte, tá sé ríthábhachtach cloí go docht le spiorad agus le hábhar an mhéid a mholtar – gan aon athléiriú ná athroghnú. Is é sin an rud a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Teachtaireacht seo. Tá na 49 dtograí roinnte sna réimsí téamacha céanna arna roghnú ag an gComhdháil, agus leagtar amach measúnú an Choimisiúin faoi gach réimse.

Leagtar amach san Iarscríbhinn ceithre chatagóir freagraí: tionscnaimh atá ann cheana lena dtugtar aghaidh ar na tograí; tograí a n-iarrtar ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle iad a ghlacadh; gníomhaíochtaí atá beartaithe lena mbainfear amach sprioc na smaointe, agus machnamh nua ón gComhdháil curtha leo; agus tionscnaimh nua nó réimsí oibre nua ar spreagadh na tograí iad, a thagann faoi shainchúram an Choimisiúin.

Is é atá sa chéad chatagóir tionscnaimh atá cheana féin á gcur chun feidhme ag an gCoimisiún agus a fhreagraíonn go díreach do na tograí. D’fhéadfaí a áireamh leis sin, mar shampla, an Dlí Eorpach maidir leis an Aeráid, réimse ina bhfuil reachtaíocht chun spriocanna aeráide an Aontais a chumhdach sa dlí tagtha i bhfeidhm cheana féin. Nó an tAcht um Sheirbhísí Digiteacha lena gcinnteofar go mbeidh an timpeallacht ar líne ina spás sábháilte i gcónaí, rud a dhéanfaidh saoirse cainte agus deiseanna do ghnólachtaí digiteacha a chosaint. Áirítear ann freisin bunú HERA, an tÚdarás Eorpach um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandáil Sláinte, chun cabhrú leis an Eoraip ullmhú agus freagairt níos fearr do bhagairtí sláinte trasteorann. Nó na comhaontuithe stairiúla ar thángthas orthu maidir le híosphá agus mná ar bhoird cuideachtaí. Áirítear leis freisin tionscnaimh nithiúla chun comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta na hEorpa agus an ról domhanda atá aici a neartú, mar shampla tríd an straitéis ‘An Tairseach Dhomhanda’ chun infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar cliste, glan agus slán ar fud an domhain, i gcomhréir le luachanna an Aontais.

Is é atá sa dara catagóir tograí atá déanta ag an gCoimisiún agus a bhfuil na comhreachtóirí ag obair orthu faoi láthair. I gcásanna áirithe, tugann sé sin spreagadh breise chun dlús a chur leis an obair reachtach, mar shampla i dtaca leis an gComhshocrú Nua maidir leis an Imirce agus Tearmann, an Gníomh um an Intleacht Shaorga, nó tionscnaimh arb é is aidhm leo an geilleagar ciorclach a neartú i réimsí amhail cadhnraí nó táirgí inbhuanaithe. Áirítear ann freisin na tograí a rinneadh faoin bpacáiste 'Oiriúnach do 55', atá riachtanach chun spriocanna aeráide na hEorpa a bhaint amach agus a spleáchas fuinnimh a laghdú freisin. Nó ár dtionscnamh chun athléimneacht agus ceannasacht teicneolaíochta an Aontais a threisiú trí bhearta amhail an Gníomh um Shliseanna.

Is é atá sa tríú catagóir na réimsí sin ina bhfuil sé cheana féin beartaithe ag an gCoimisiún tograí a dhéanamh agus ina gcuirfidh sé san áireamh na moltaí a rinne an Chomhdháil. Áirítear leis sin, an Gníomh um Shaoirse na Meán, a mbeidh sé d’aidhm aige iolrachas agus neamhspleáchas na meán i margadh inmheánach an Aontais a chosaint, sin agus togra reachtach arb é is aidhm leis ár soláthar amhábhar a neartú, rud atá ríthábhachtach don dá aistriú, nó an Clár Oibre Eorpach Nua um Nuálaíocht. Nó an creat reachtach lena bhféachfar leis an aistriú chuig córais bhia inbhuanaithe a luathú agus a dhéanamh níos éasca. Sna seachtainí agus sna míonna amach romhainn, ceapfaidh an Coimisiún tograí a fhreagróidh go díreach do chuid de na tograí, cuir i gcás tograí maidir lenár nádúr a athbhunú nó cosc a chur ar tháirgí ar de thoradh saothar éigeantais iad dul isteach i margadh an Aontais.

Ar deireadh, is é atá sa cheathrú réimse tograí a cheap an Chomhdháil atá go hiomlán nua nó a bhfuil codanna díobh nua agus a bhfuil gá le tionscnaimh nó tograí nua ón gCoimisiún dá réir. I measc na réimsí ina bhfuil obair nua molta ag an gComhdháil, tá níos mó béime a leagan ar fheabhas a chur ar an tuiscint atá ag daoine ar shaincheisteanna meabhairshláinte agus tograí a cheapadh chun dul i ngleic leis sin ar bhealach níos fearr ar fud na hEorpa. Díríonn moltaí eile ar chothú agus ar shlándáil an tsoláthair bia, chomh maith le feabhas a chur ar fhaisnéis maidir le lorg éiceolaíoch táirgí agus leis an gcuntas teiste atá acu i dtaca le leas ainmhithe. Cuirtear chun cinn freisin cur chuige Eorpach comhordaithe maidir le faireachán a dhéanamh ar an idirlíon dorcha, chomh maith le fócas níos láidre ar mhianadóireacht criptea-airgeadraí.

Na prionsabail leantacha

Léirítear treo soiléir sa mheasúnú agus sainaithnítear réimsí ina mbeidh ar an gCoimisiún tograí a dhéanamh. Déanfaidh an Coimisiún é sin ar an mbealach is pragmataí is féidir, bíodh sin trí an reachtaíocht nó ar shlí eile. Bainfidh sé leas iomlán as an gceart tionscnaimh atá aige faoi na Conarthaí, agus aird chuí á tabhairt ar phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta agus ar rialacha maidir le reachtóireacht níos fearr. Áirítear leis sin meastóireacht a dhéanamh ar thionchar dóchúil na roghanna beartais atá idir lámha, deimhin a dhéanamh de nach dtiocfadh aon iarmhairtí diúltacha chun cinn agus scrúdú a dhéanamh ar cé acu leibhéal is éifeachtaí ó thaobh cinnteoireachta de.

Is ceart a thabhairt faoi deara freisin go bhfuil go leor réimsí ann lena gceanglaítear ar an gCoimisiún gníomhaíocht neamhreachtach a dhéanamh, mar gheall ar inniúlacht reachtach theoranta nó mar gurb é sin an bealach is fearr chun an toradh inmhianaithe a bhaint amach. Ar an dóigh chéanna, níl sé d’inniúlacht ag an gCoimisiún na tograí go léir a thabhairt ar aghaidh, agus d’fhéadfadh sé gurb iad institiúidí eile an Aontais, na Ballstáit nó údaráis áitiúla agus réigiúnacha is fearr a chuirfeadh tús le cuid acu.

Fógrófar an chéad sraith de thograí nua in aitheasc an Uachtaráin von der Leyen ar Staid an Aontais i mí Mheán Fómhair 2022, agus sa Litir Intinne a ghabhann leis. Beidh na tograí sin i measc na dtograí atá le cur san áireamh i gClár Oibre an Choimisiúin 2023. Ba cheart go mbeadh roinnt acu freisin i measc na gcomhthosaíochtaí reachtacha a comhaontaíodh idir institiúidí an Aontais agus na Cláir Oibre a bheidh ag an gCoimisiún amach anseo.

Conarthaí: An leas is fearr is féidir a bhaint as an méid atá againn, agus athrú a dhéanamh más gá

Agus obair leantach á déanamh ar na tograí sin, ba cheart a bheith in ann athchóirithe agus beartais nua a chur i bhfeidhm agus ag an am céanna plé a dhéanamh faoi athruithe ar na Conarthaí. Níor cheart athrú ar na Conarthaí a bheith ina chríoch ann féin agus i gcás fhormhór mór na mbeart, tá go leor ann is féidir agus is gá a dhéanamh faoi na conarthaí atá ann cheana. Díreach cosúil le téacsanna bunreachtúla na mBallstát, is ionstraimí beo iad conarthaí an Aontais. Le linn shainordú seo an Choimisiúin d’aontaigh institiúidí an Aontais agus na Ballstáit leas iomlán a bhaint as conarthaí an Aontais, cuir i gcás nuair a bhí na billiúin vacsaíní á gcur ar fáil do shaoránaigh ar fud na hEorpa nó nuair a cuireadh tús le geilleagar na todhchaí trí NextGenerationEU. Le linn an ama sin, leag an tAontas bealach uaillmhianach síos atá ceangailteach ó thaobh an dlí de chun neodracht aeráide a bhaint amach, d’athdhear sé rialacha an chluiche sa saol digiteach agus thacaigh sé tríd an gclár SURE le gnólachtaí beaga a gcuid ball foirne a choinneáil le linn na paindéime. Bhíothas in ann an obair sin go léir a dhéanamh mar gheall ar thoil pholaitiúil na n-institiúidí agus iad ag obair go dlúth le chéile d’fhonn freagairt do phráinn na ndúshlán.

Chomh maith leis sin, tá acmhainneacht neamhshaothraithe sna Conarthaí atá ann cheana a d’fhéadfadh freagairt do mholtaí na Comhdhála, go háirithe trí úsáid a bhaint as 'clásail passerelle' chun aistriú go dtí vótáil trí thromlach cáilithe i réimsí áirithe beartais. D’iarr an tUachtarán von der Leyen sin go sainráite ina Treoirlínte Polaitiúla agus san aitheasc ar Staid an Aontais, i réimsí amhail fuinneamh agus cánachas, agus i ngnéithe tábhachtacha den Chomhbheartas Eachtrach agus Slándála amhail smachtbhannaí agus cearta an duine.

Mar sin féin, tá roinnt de na smaointe a leagadh amach sa Chomhdháil fíornuálach ar fad, agus iarrann siad ar an Aontas bealaí nua a thógáil, bealaí nach bhfuil siúlta aige go fóill. Ina measc sin, tá roinnt tograí ann ina n-iarrtar go sainráite go n-athrófaí na Conarthaí. Áirítear leis sin réimsí amhail sláinte nó cosaint.

Tá fuinneamh nua cruthaithe ag an gComhdháil chun díriú ar an tionscadal Eorpach a athnuachan agus a fheabhsú, trí thógáil ar na nithe ar a bhfuil sé bunaithe agus iad a thabhairt cothrom le dáta nuair is gá. Mar a luaigh an tUachtarán von der Leyen ina haitheasc ag an gComhdháil, beidh an Coimisiún i gcónaí ar thaobh na ndaoine ar mian leo an tAontas Eorpach a athchóiriú chun go n-oibreodh sé ar bhealach níos fearr, lena n-áirítear trí athrú a dhéanamh ar na Conarthaí, nuair a bheadh gá leis sin.

Den mheon sin, is díol sásaimh don Choimisiún go bhfuil Parlaimint na hEorpa toilteanach, den chéad uair, úsáid a bhaint as na cumhachtaí a fuair sí faoi Chonradh Liospóin chun leasuithe ar na Conarthaí a mholadh. Tá roinnt réimsí leagtha amach ag an bParlaimint inar cheart athruithe ar na Conarthaí a phlé i gCoinbhinsiún, dar léi. Tá an Coimisiún réidh chun a ról institiúideach a fheidhmiú go hiomlán sa nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 48 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe chun a thuairim a thabhairt mar fhreagairt ar chomhairliúchán a dhéanfaidh an Chomhairle Eorpach.

3.AN TODHCHAÍ: SAORÁNAIGH A CHUR I gCROÍLÁR AN DAONLATHAIS EORPAIGH

Chomh maith le cáilíocht agus méid na dtograí beartais agus an spreagadh chun athchóiriú a dhéanamh, thug an Chomhdháil spléachadh freisin ar an dóigh ar féidir le spás poiblí Eorpach teacht chun cinn go rathúil agus ar conas is féidir ár ndaonlathas a shaibhriú, ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, trí pháirt a thabhairt do na saoránaigh. Bhí na céadta comhrá agus plé i stíl ‘halla an bhaile’ nó ‘siopa caifé’ ar siúl i ngach cúinne den Eoraip a bhuí leis an gComhdháil. Le formáidí nua breithniúcháin – amhail an t-ardán digiteach ilteangach agus na Painéil Saoránach Eorpach – cuireadh ar chumas mhuintir na hEorpa a gcuid smaointe a roinnt maidir leis na saincheisteanna a mheas siad a bheith tábhachtach chun todhchaí ár nAontais a thógáil. Agus lorgaíodh tuairimí na ndaoine is deacra a bhaint amach, iad siúd nach mbíonn plé acu go minic leis an bpolaitíocht nó nár vótáil i dtoghcháin Eorpacha roimhe seo, b’fhéidir.

Bhí roinnt gnéithe nuálacha sa Chomhdháil a thugann treoir maidir leis an mbealach is fearr is féidir na saoránaigh a chur san áireamh nuair a bhíonn tosaíochtaí agus uaillmhianta á leagan síos, agus nuair a bhíonn beartais á gceapadh agus á ndéanamh ar an leibhéal Eorpach. Ag tógáil ar an gComhdháil agus ar na huirlisí atá aige cheana féin, molfaidh an Coimisiún bealaí chun a chinntiú go dtabharfar an ról níos dlúithe sin do na saoránaigh i bpróiseas ceaptha beartas an Aontais.

Gné lárnach agus thar a bheith nuálach den Chomhdháil ba ea na Painéil Saoránach Eorpach. Thart ar 800 saoránach a roghnaíodh go randamach agus ar dhaoine óga iad an tríú cuid acu, tháinig siad le chéile le haghaidh trí sheisiún breithniúcháin ar leith agus rinne siad moltaí. Bhí roinnt Ballstát ann a d’eagraigh Painéil Saoránach Náisiúnta bunaithe ar na prionsabail chéanna chomh maith.

Ag cur leis an rath sin, cuirfidh an Coimisiún ar chumas na bPainéal Saoránach plé agus moltaí a dhéanamh roimh phríomhthograí áirithe, mar chuid dá cheapadh beartais níos leithne agus i gcomhréir le prionsabail na Rialála Níos Fearr. Ag brath ar an tsaincheist, d’fhéadfadh painéil uile-Eorpacha nó painéil spriocdhírithe níos lú a bheith ann chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna beartais ar leith. Faoi mar a bhí sa Chomhdháil, ba cheart na rannpháirtithe a roghnú go randamach. Ach ba cheart éagsúlacht agus déimeagrafaíocht na hEorpa a léiriú iontu freisin. Ba cheart daoine óga a bheith sa tríú cuid de na rannpháirtithe. I gcás inarb iomchuí, beidh ‘tuarascáil saoránach’ mar chuid den mheasúnú tionchair, tuarascáil ina ndéanfar achoimre ar thorthaí na bpróiseas rannpháirteach agus breithniúcháin sin. Nuair is daoine óga iad na rannpháirtithe uile, is ‘measúnú tionchair ó thaobh na hóige de’ a thabharfaí air sin. An chéad cheann de ghlúin nua sin na bPainéal Saoránach, seolfar é i gcomhthéacs an aithisc ar Staid an Aontais in 2022.

Chuir an tArdán Digiteach Ilteangach ar chumas na rannpháirtithe a smaointe a roinnt agus a phlé laistigh de chúpla clic, agus is ann a cuireadh ar siúl cuid mhór de na himeachtaí a eagraíodh ar fud na hEorpa faoi scáth na Comhdhála. Faoi mhí na Bealtaine 2022, thug beagnach 5 mhilliún cuairteoir aonair cuairt ar an Ardán Digiteach Ilteangach agus bhí os cionn 750,000 rannpháirtí ann, pléadh 18,000 smaoineamh, agus eagraíodh breis agus 6,500 imeacht.

D’iarr rannpháirtithe na Comhdhála go gcuirfí ardáin chomhairliúcháin ar líne ar bun agus, mar fhreagairt air sin, beidh an tairseach ‘Cloisimis Uait!’ de chuid an Choimisiúin ina hionad ilfhreastail maidir le rannpháirtíocht na saoránach ar líne, áit a dtabharfar le chéile an fhaisnéis go léir faoi shásraí rannpháirtíochta na saoránach atá ag feidhmiú sa Choimisiún. Beidh na príomhghnéithe d’ardán digiteach ilteangach na Comhdhála comhtháthaithe sa mhol nua ar líne sin: malartuithe díreacha idir na saoránaigh, trí nótaí tráchta – a bheifear in ann a dhéanamh i dteangacha oifigiúla uile an Aontais, a bhuí le eTranslation – ach freisin i bhfoirm pobalbhreitheanna ar líne agus trí imeachtaí rannpháirtíochta ar líne a óstáil. Is é a bheidh mar bhonn faoi éiceachóras nua na rannpháirtíochta daonlathaí agus na nuálaíochta.

Tá siad sin mar chuid d’iarrachtaí níos leithne an Choimisiúin daonlathas agus spás poiblí na hEorpa a neartú. Agus an choimhlint agus an t-údarásaíochas ag méadú ar fud an domhain, ní mór aird a thabhairt ar an daonlathas agus ar an athléimneacht dhaonlathach agus iad a chothú níos mó ná riamh. Faoin bPlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach, tá bearta molta ag an gCoimisiún le déanaí chun páirtithe polaitiúla na hEorpa a neartú agus chun é a chur ar a gcumas dóibh dul i mbun feachtais thar theorainneacha, mar chuid de bhearta atá dírithe ar shláine toghchán agus ar dhíospóireacht dhaonlathach oscailte a chosaint. Tá tograí ceaptha aige freisin chun cearta shaoránaigh shoghluaiste an Aontais a chaomhnú agus a neartú, go háirithe i gcás na dtoghchán Eorpach. Ar an dóigh chéanna, mhol Parlaimint na hEorpa le déanaí dlí toghcháin an Aontais a athchóiriú agus rinne sí moltaí chun liostaí trasnáisiúnta a chur san áireamh sna chéad toghcháin Eorpacha eile. Tacóidh an Coimisiún le Parlaimint na hEorpa chun teacht ar chomhaontú maidir leis an dlí toghcháin sa Chomhairle.

Is deis é sin freisin chun machnamh a dhéanamh ar conas is féidir an taithí a fuarthas sa Chomhdháil a úsáid ar mhaithe le féiniúlacht shibhialta Eorpach a chothú. Is éard a bheadh i gceist leis sin, go háirithe, measúnú a dhéanamh ar an dóigh a bhféadfaí leas a bhaint as an oideachas agus as an gcumarsáid chun an cineál sin rannpháirtíochta a fhorbairt.

4.CONCLÚID

Mar a leagtar amach sa Teachtaireacht seo agus san iarscríbhinn a ghabhann léi, chuir an Chomhdháil neart ábhair oibre ar fáil ach tá go leor le foghlaim uaithi freisin, agus go leor gnéithe den Chomhdháil is féidir a choinneáil – go háirithe an fuinneamh agus an móiminteam i dtreo feabhas a chur ar an Eoraip agus cabhrú léi bogadh chun tosaigh. Cé go bhfuil an Chomhdháil féin críochnaithe, níltear ach ag cur tús leis an obair leantach ar na tograí soiléire a rinneadh chun an Eoraip a fheabhsú agus chun a chinntiú go bhféadfaidh gach saoránach leanúint dá dtuairim a chur in iúl maidir leis na beartais a dhéanann difear dóibh.

Léirigh an Chomhdháil go bhfuil rún daingean ag muintir na hEorpa todhchaí níos fearr a thógáil. Feictear dóibh gur bealach é an tAontas Eorpach chun sin a bhaint amach agus teastaíonn uathu é a thógáil i gcomhar le hionadaithe tofa. Eoraip ina mbeidh an tsíocháin agus an rathúnas, an chothroime agus an dul chun cinn, Eoraip a bheidh sóisialta agus inbhuanaithe, Eoraip a thabharfaidh aire do dhaoine agus a mbeidh sé de mhisneach aici freisin beartais cheannasacha a chur chun feidhme a rachaidh chun tairbhe do na glúnta ar fad. Tá an fhís atá acu soiléir, agus leis an iliomad tionscnamh a leagtar amach sa Teachtaireacht seo cuirfear ar chumas an Choimisiúin tús a chur le gníomhaíocht nithiúil a dhéanamh den fhís sin.

Freagracht chomhroinnte de chuid na n-institiúidí rannpháirteacha is ea an obair leantach ar thorthaí na Comhdhála, de réir a sainchúraim institiúidigh agus i gcomhréir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta. Beidh cumarsáid shoiléir agus éifeachtach ríthábhachtach san obair leantach sin, go háirithe chun a chinntiú go dtacóidh na saoránaigh léi agus chun muinín a chothú sa phróiseas agus i dtorthaí an phróisis. Chun saoránaigh a choinneáil ar an eolas agus chun an fuinneamh a choimeád ag imeacht, eagrófar Imeacht Aiseolais maidir leis an gComhdháil i bhfómhar 2022. Cuirfear in iúl ag an imeacht sin conas atá ag éirí leis na trí institiúid de chuid an Aontais lena n-obair leantach agus déanfar machnamh ar an dul chun cinn a bheidh déanta ag an gcéim sin den phróiseas. Deis a bheidh ann nasc soiléir aontaithe a chruthú idir torthaí na Comhdhála agus na gníomhaíochtaí a spreag sí a bheidh ann amach anseo.

(1)

Léigh an tuarascáil deiridh ar ardán na Comhdhála. 


An Bhruiséil,17.6.2022

COM(2022) 404 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE EORPACH, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

AN CHOMHDHÁIL AR THODHCHAÍ NA hEORPA

Gníomhaíocht nithiúil a dhéanamh den fhís


IARSCRÍBHINN

Leagtar amach san Iarscríbhinn seo liosta neamhchuimsitheach reachtaíochta agus tionscnamh eile trína bhfuil an Coimisiún ag seachadadh, nó trína seachadfaidh sé, na tograí agus na bearta a eascraíonn as an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa agus a thagann faoi inniúlacht an Choimisiúin. Forbróidh an Coimisiún na gníomhaíochtaí atá beartaithe agus na tograí reachtacha atá spreagtha ag na tograí ón gComhdháil agus lánurraim á tabhairt dá chaighdeáin maidir le rialáil níos fearr agus do phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta, agus aird chuí á tabhairt ar theorainneacha airgeadais faoin mbuiséad ilbhliantúil reatha. Féachfaidh sé freisin lena áirithiú go mbeidh gníomhaíochtaí agus feachtais láidre cumarsáide ag gabháil leis na tionscnaimh atá beartaithe, d’fhonn dul i dteagmháil leis na saoránaigh maidir le gníomhaíocht bheartais an Aontais, agus maidir leis an tionchar agus an tairbhe a bhaineann sé astu ó lá go lá.

I gcás gach ceann de naoi dtopaic na Comhdhála, liostaítear san Iarscríbhinn tograí na Comhdhála agus sainaithnítear:

gníomhaíochtaí ábhartha atá molta nó seolta cheana féin ag Coimisiún von der Leyen;

reachtaíocht ábhartha a moladh a iarrann sé ar Pharlaimint na hEorpa agus/nó ar an gComhairle a ghlacadh;

gníomhaíochtaí agus reachtaíocht ábhartha atá beartaithe;

réimsí nua gníomhaíochta arna spreagadh ag an gComhdháil.

Laistigh de gach roinn, leanann ord thionscnaimh an Choimisiúin ord thograí agus bhearta na Comhdhála. I gcás ina mbaineann tionscnamh nó dlí de chuid an Aontais le roinnt de na hábhair a bhaineann leis an gComhdháil, ní liostaítear é ach uair amháin, faoi thogra na Comhdhála is ábhartha. Mar shampla, tá baint ag REPowerEU le smaointe a ardaítear in ‘Geilleagar níos láidre, ceartas sóisialta agus poist’ agus in ‘An t-athrú aeráide agus an comhshaol’, ach baineann sé go príomha le neamhspleáchas fuinnimh, mar sin tá sí liostaithe faoi ‘An tAontas Eorpach sa Domhan Mór’.

Ní hamháin go bhfuil gníomhartha dlí ach uirlisí agus cláir chumarsáide san áireamh san Iarscríbhinn.

Cé go bhfuil go leor de thograí na Comhdhála ag teacht le gníomhartha agus le reachtaíocht atá pleanáilte ag an gCoimisiún, cuirfidh tograí na Comhdhála san áireamh agus na gníomhaíochtaí agus na tograí sin atá beartaithe á n-ullmhú. Ní hamháin go spreagfaidh toradh na Comhdhála réimsí nua machnaimh don Choimisiún, ach cuirfidh sé lena smaointeoireacht ar ghníomhaíochtaí agus ar thograí reachtacha agus neamhreachtacha atá ag céim na pleanála faoi láthair.

Cuidíonn raon leathan cistí agus sásraí tacaíochta eile le beartais an Aontais a chur i ngníomh. Tá go leor díobh sin trasearnálach agus clúdaíonn siad gníomhaíochtaí i roinnt mhaith de thopaicí na Comhdhála. Is iad seo a leanas na príomhthopaicí:

An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta;

Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa;

Ciste Sóisialta na hEorpa Plus;

An Ciste Comhtháthaithe (a thacaíonn le hinfheistíochtaí i réimsí an chomhshaoil agus an iompair, lena n-áirítear bonneagar);

An Sásra um Aistriú Cóir lena n-áirítear an Ciste um Aistriú Cóir (a thacaíonn leis na críocha is mó ndéanann an t-aistriú i dtreo neodracht aeráide difear dóibh);

Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh;

Creata Sealadacha maidir le Státchabhair;

Cistí Nuálaíochta agus Nuachóirithe;

An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (a chuireann fás, poist agus iomaíochas chun cinn trí infheistíocht spriocdhírithe sa bhonneagar san iompar, san fhuinneamh agus i seirbhísí digiteacha);

An clár don Eoraip Dhigiteach;

Erasmus Plus;

Cór Dlúthpháirtíochta na hEorpa;

Eoraip na Cruthaitheachta le I-Portunus, An Cultúr - An Eoraip a Bhogadh Chun Cinn agus Bain Ceol as an Eoraip a thacaíonn le soghluaisteacht ealaíontóirí, cruthaitheoirí agus gairmithe cultúrtha;

An Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe;

An Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe;

An clár Fís Eorpach um thaighde agus um nuálaíocht;

Clár EU4Health;

An Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht;

An Clár um Cheartas;

Clár um “Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna;

An Ciste Slándála Inmheánaí;

Ionstraim maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta – Global Europe;

An Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (a chuireann tacaíocht agus saineolas ar fáil do na Ballstáit chun cabhrú le hathchóirithe a cheapadh agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear athchóirithe maidir le gníomhú ar son na haeráide, aistriú digiteach agus sláinte).



1. AN tATHRÚ AERÁIDE AGUS AN COMHSHAOL

Mar thoradh ar an gComhdháil rinneadh 6 thogra a chuideoidh leis an Aontas a bheith chun tosaigh maidir leis an athrú aeráide agus maidir leis an gcomhshaol 1 .

1.Talmhaíocht, táirgeadh bia, bithéagsúlacht agus éiceachórais, truailliú – Táirgeadh bia atá sábháilte, inbhuanaithe, cóir, freagrach ó thaobh na haeráide de, agus ar phraghas réasúnta, agus urraim á tabhairt do phrionsabail na hinbhuanaitheachta, don chomhshaol, do chosaint na bithéagsúlachta agus na n-éiceachóras, agus slándáil bia á áirithiú ag an am céanna:

2.Talmhaíocht, táirgeadh bia, bithéagsúlacht agus éiceachórais, truailliú – Bithéagsúlacht, an tírdhreach agus na haigéin a chosaint agus a athbhunú, agus truailliú a dhíothú;

3.An t-athrú aeráide, fuinneamh agus iompar – Slándáil fuinnimh na hEorpa a fheabhsú, agus neamhspleáchas fuinnimh an Aontais Eorpaigh a bhaint amach, agus ag an am céanna aistriú cothrom a chinntiú, agus fuinneamh leordhóthanach, inacmhainne agus inbhuanaithe a chur ar fáil do mhuintir na hEorpa. Dul i ngleic leis an athrú aeráide, agus ról á imirt ag an Aontas ar an leibhéal domhanda maidir le beartas fuinnimh inbhuanaithe, agus na spriocanna domhanda maidir leis an aeráid á n-urramú;

4.An t-athrú aeráide, fuinneamh agus iompar – Bonneagar ardcháilíochta, nua-aimseartha, glas agus sábháilte a chur ar fáil, nascacht a áirithiú, lena n-áirítear réigiúin tuaithe agus oileáin, go háirithe trí iompar poiblí inacmhainne

5.Tomhaltas, pacáistiú agus táirgeadh inbhuanaithe – Feabhas a chur ar úsáid agus ar bhainistiú ábhar laistigh den Aontas chun a bheith níos ciorclaí, níos uathrialaithí agus níos neamhspleáiche. Geilleagar ciorclach a thógáil trí tháirgí agus táirgeadh inbhuanaithe de chuid an Aontais a chur chun cinn. A chinntiú go gcomhlíonann gach táirge a chuirtear ar mhargadh an Aontais comhchaighdeáin chomhshaoil an Aontais;

6.Faisnéis, feasacht, idirphlé agus stíl saoil – Eolas, feasacht, oideachas agus comhphlé faoin gcomhshaol, faoin athrú aeráide, faoi úsáid fuinnimh agus faoi inbhuanaitheacht a chothú.

D’fhonn na tograí ón gComhdháil a thabhairt i gcrích, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

tá an méid seo a leanas curtha ar aghaidh aige cheana:

An Comhaontú Glas don Eoraip;

an Straitéis ‘ón bhFeirm go dtí an Forc’, lena ndírítear ar chórais bhia a dhéanamh cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol;

Comhbheartas talmhaíochta leasaithe;

Plean Gníomhaíochta Saor ó Thruailliú;

Plean Gníomhaíochta um an nGeilleagar Ciorclach;

Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030;

Straitéis Foraoise an Aontais le haghaidh 2030;

Gealltanas 3 bhilliún crann a chur faoi 2030 agus an feidhmchlár MapMyTree-counter a chur ag obair;

Teachtaireacht maidir leis an nGeilleagar Gorm Inbhuanaithe;

Misean Fís Eorpach ar Aigéin;

Plean gníomhaíochta maidir leis an bhfeirmeoireacht orgánach;

An Dlí Aeráide Eorpach;

Straitéis Ceimiceán an Aontais le haghaidh na hInbhuanaitheachta;

An Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe;

Straitéis Ghréine;

Straitéis Fuinnimh In-athnuaite Amach ón gCósta;

An Rialachán maidir le tacsanomaíocht inbhuanaitheachta san earnáil fuinnimh;

Plean teagmhais géarchéime don earnáil iompair;

Comhpháirtíochtaí Eorpacha, mar shampla don bhithéagsúlacht a tharrtháil, don Aistriú chuig Fuinneamh Glan, don ‘Eitlíocht Ghlan’, do ‘Iarnród na hEorpa’, le haghaidh soghluaisteacht nasctha, comhoibritheach agus uathoibrithe do ‘Hidreagin Ghlan’, do chadhnraí, i dtreo iompair de bhóthar atá saor ó astaíochtaí, ‘Processes4Planet’ do thionscail dianfhuinnimh atá neodrach ó thaobh díobháil aeráide;

Misin an Aontais a chuireann institiúidí agus saoránaigh ar fáil chun 100 cathair a dhéanamh neodrach ó thaobh aeráide de agus cliste chomh maith lenár n-aigéan agus ár n-uiscí a athbhunú faoi 2030, iad féin a chur in oiriúint don athrú aeráide trí 150 réigiún agus pobal a dhéanamh seasmhach ó thaobh na haeráide de agus 100 saotharlann agus teach solais beo a chruthú i dtreo ithreacha sláintiúla san Eoraip;

Príomhshruthú a dhéanamh ar an bprionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ agus ar na spriocanna uaillmhianacha do chaiteachas a bhaineann leis an aeráid faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil agus NextGenerationEU;

Fochláir LIFE Aistriú chuig Fuinneamh Glan agus Gníomhú ar son na hAeráide;

Cinneadh maidir le Bliain Eorpach an Iarnróid;

Plean gníomhaíochta maidir le hiarnróid fad-achar agus trasteorann;

Tionscnamh ‘Tonn Athchóiriúcháin’;

Athbhreithniú ar an Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha agus ar an gClár Eorpach ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán;

Athbhreithniú ar phleananna maidir le soghluaisteacht uirbeach inbhuanaithe faoi Chreat na Soghluaisteachta Uirbí 2021;

Moladh ón gCoimisiún maidir le bochtaineacht fuinnimh;

An Limistéar Eorpach Taighde: gníomhaíocht phíolótach um hidrigin ghlas;

Teachtaireacht ‘Timthriallta Inbhuanaithe Carbóin’ ina bhfuil roinnt gníomhaíochtaí lena n-áirítear ‘Measúnú Comhtháite ar Thalamhúsáid Bithgheilleagair’ chun tacú le Straitéis Bhithgheilleagair an Aontais;

An Chomhghuaillíocht don Hidrigin Ghlan, a bhfuil sé d’aidhm aici infheistíochtaí a chur chun cinn agus soláthar agus úsáid hidrigine glaine a spreagadh;

Conairí aistrithe chun cabhrú le héiceachórais éagsúla éirí níos athléimní, níos glaise agus níos digití;

Teachtaireacht ‘Ár ndramhaíl, ár bhfreagracht’;

An Comhshocrú Aeráide Eorpach;

Bauhaus Eorpach Nua;

Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le Teicstílí Inbhuanaithe agus Ciorclacha;

Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le hOiriúnú don Athrú Aeráide;

An tArdán um Aistriú Cóir;

Cód iompair do ghnólachtaí atá ag feidhmiú i réimse an bhia, arb é is aidhm dó cuidiú le slabhra luacha bia atá freagrach go sóisialta a thógáil a laghdaíonn lorg comhshaoil agus aeráide an Aontais;

Moladh maidir le haistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú;

Treoirlínte maidir le Státchabhair don aeráid, do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh, agus don Chóras Trádála Astaíochtaí;

tá sé ag iarraidh ar Pharlaimint na hEorpa agus/nó ar an gComhairle an méid seo a leanas a ghlacadh gan mhoill:

An pacáiste ‘Oiriúnach do 55’ chun beartais aeráide, fuinnimh, talamhúsáide, iompair agus chánachais an Aontais a dhéanamh oiriúnach chun glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030;

oSásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha;

oAthbhreithniú ar an Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh chun na rátaí íosta cánach do bhreoslaí agus do tháirgí fuinnimh a nuashonrú;

oAn Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh ag a bhfuil sprioc níos airde de 13 % (ó 9 %);

oAn Rialachán maidir le hÚsáid Talún, Athrú ar Úsáid Talún agus Foraoiseacht;

oAthbhreithniú ar an Rialachán lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 do ghluaisteáin phaisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma;

oTogra chun athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán maidir le Loingsithe Dramhaíola;

oAthmhúnlú ar an Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite agus an sprioc níos airde de 45 % ann (ó 40 %);

oAn Treoir Athbhreithnithe maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh;

oCiste Aeráide Sóisialta;

oAthbhreithniú ar an Rialachán maidir le Bonneagar Breoslaí Malartacha;

oFuelEU Maritime;

oRefuelEU Aviation;

oPacáiste gáis agus hidrigine dícharbónaithe;

oAn Córas Trádála Astaíochtaí, lena n-áirítear é a leathnú chuig foirgnimh agus iompar de bhóthar;

oAn Rialachán athbhreithnithe maidir le Gáis Cheaptha Teasa Fluairínithe;

oRialachán maidir le substaintí a ídíonn ózón;

Tionscnamh um Tháirgí Inbhuanaithe;

Seiceáil oiriúnachta ar an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as;

Athbhreithniú ar Rialachán TEN-T, feabhas a chur ar cháilíocht ghréasán iarnróid an Aontais chun ardchaighdeáin a áirithiú ar fud chroíghréasán TEN-T faoi 2030 agus caighdeáin nua ar fud an ghréasáin leathnaithe faoi 2040;

An Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha;

An Rialachán maidir leis an Dífhoraoisiú agus Díghrádú Foraoise;

Rialachán lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí inbhuanaithe a shocrú, lena n-áirítear Pasanna Digiteacha do Tháirgí;

Tomhaltóirí a chumhachtú don aistriú glas;

Athbhreithniú ar an Rialachán maidir le Táirgí Foirgníochta chun a chinntiú go bhfuil an creat rialála atá i bhfeidhm oiriúnach chun ár gcuspóirí inbhuanaitheachta agus aeráide a bhaint amach;

Togra le haghaidh Rialachán nua maidir le loingsithe dramhaíola;

tá sé ar intinn aige tograí a chur síos maidir leis an méid seo a leanas:

Spriocanna laghdaithe maidir le cur amú bia a thabhairt isteach;

Éilimh ghlasa ar lipéid bunaithe ar mhodhanna loirg comhshaoil;

Reachtaíocht maidir le córais bia inbhuanaithe (lena n-áirítear lipéadú inbhuanaithe bia);

Treoirlínte maidir le maolú in aghaidh trustaí le haghaidh comhaontuithe inbhuanaitheachta sa talmhaíocht;

Plean gníomhaíochta chun acmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint;

Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir le clár oibre an Aontais maidir le rialachas idirnáisiúnta aigéan;

Nuashonrú ar an Treoir maidir le hÚsáid Inbhuanaithe Lotnaidicídí;

Athbhreithniú ar uasteorainneacha na n-iarmhar do lotnaidicídí áirithe maidir le bia allmhairithe agus gnéithe comhshaoil is ábhar imní don domhan uile á gcur san áireamh;

Athbhreithniú ar na ceanglais sonraí, ar na critéir formheasa agus ar na prionsabail mheasúnaithe do mhiocrorgánaigh chun rochtain na miocrorgánach ar an margadh i dtáirgí cosanta plandaí a mbaineann riosca íseal leo a éascú;

Reachtaíocht maidir le spriocanna ceangailteacha an Aontais um athchóiriú dúlra;

Deimhniú maidir le baint carbóin;

Creat beartais maidir le plaistigh bhithbhunaithe, in-bhithmhillte agus inmhúirínithe;

Togra reachtach maidir le leas ainmhithe, lena n-áirítear deireadh a chur de réir a chéile le córais cásanna, agus toirmeasc a chur, ar deireadh, ar úsáid córas cásanna le haghaidh raon leathnaithe ainmhithe tar éis an Tionscnaimh rathúil ó na Saoránaigh dar teideal ‘End the Cage Age’ [Ná Coinnímis Ainmhithe i gCásanna Feasta];

Athbhreithniú ar an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí, arb é is aidhm dó éiceachóras agus bithéagsúlacht na mara a chosaint;

Athbhreithniú ar shainordú na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí;

Athbhreithniú ar an Treoir maidir le truailliú ó longa;

Athbhreithniú ar an Treoir maidir le Cóireáil Fuíolluisce Uirbigh;

Liosta athbhreithnithe de thruailleáin uisce dromchla agus screamhuisce;

Treoirlínte chun tacú le cur chun feidhme an Rialacháin maidir le hAthúsáid Uisce;

Athbhreithniú ar an reachtaíocht maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh chun an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as a chur i bhfeidhm;

Tionscnamh pailneoirí an Aontais a athbhreithniú chun feithidí a chosaint ar bhealach níos fearr;

Bearta chun scaoileadh neamhbheartaithe micreaphlaisteach sa chomhshaol a laghdú;

Teachtaireacht maidir le Plean Straitéiseach um Theicneolaíocht Fuinnimh a athchóiriú;

Seirbhísí ilmhódacha soghluaisteachta digití, chun seirbhísí iompair phoiblí agus iarnróid a chomhtháthú ar bhealach níos fearr agus pleanáil dhigiteach turais a éascú;

CountEmissionsEU i réimse an iompair;

Athbhreithniú ar an Rialachán maidir le hAersheirbhísí agus ar an Rialachán maidir le Sliotáin;

Comhaontas um Eitlíocht Astaíochtaí Nialais chun dlús a chur leis an aistriú chuig eitilt atá neodrach ó thaobh carbóin de;

Pacáiste maidir le hiompar lasta a ghlasú, lena n-áirítear togra maidir le feithiclí tromshaothair;

Reachtaíocht maidir le breathnóireacht foraoise, tuairisciú agus creat bailithe sonraí;

Athbhreithniú ar an Treoir Réime Dramhaíola, chomh maith le cosc a chur ar dhramhaíl, córais bailithe dramhaíola a chomhchuibhiú agus rialacha freagrachta leathnaithe táirgeora comhchuibhithe a chruthú le haghaidh teicstílí ina bhfuil éiceamhodhnú táillí;

Athchóiriú custaim a fhéachfaidh le leibhéal eile a chur san Aontas Custaim, agus creat níos láidre a chur ar fáil dó, creat a chuirfidh ar ár gcumas cosaint níos fearr a thabhairt dár gcuid saoránach agus don mhargadh aonair;

An Dlí maidir le Sláinte Ithreach;

Tionscnamh maidir le héilimh ghlasa a bhunú;

Athbhreithniú ar an Treoir maidir le Pacáistiú agus le Dramhaíl ó Phacáistiú, lena n-áirítear gníomhaíocht a d’fhéadfaí a dhéanamh maidir le scéimeanna aisíocaíochta;

Tionscnamh maidir le tomhaltas inbhuanaithe earraí chun aghaidh a thabhairt ar an dífheidhmeacht atá beartaithe agus ar an gceart chun deisithe;

Scéimeanna freagrachta táirgeora a leathnú, dreasachtaí a chur ar fáil agus comhroinnt faisnéise agus dea-chleachtais maidir le hathchúrsáil dramhaíola a spreagadh;

Plaistigh Aon Úsáide – Cinneadh Cur Chun Feidhme lena leagtar síos rialacha maidir le hábhar athchúrsáilte i mbuidéil dí phlaisteacha aon úsáide a ríomh, a fhíorú agus a thuairisciú;

Caighdeáin astaíochtaí Euro7 do charranna, veaineanna, leoraithe agus busanna;

Tuarascáil maidir leis an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach i dtaca leis na haistrithe glasa agus digiteacha a nascadh i gcomhthéacs nua geopholaitiúil;

déanfaidh sé réimsí nua gníomhaíochta a mheas, amhail an méid seo a leanas:

Reachtaíocht le haghaidh plandaí a tháirgtear le teicnící géanómaíocha nua áirithe;

Caighdeáin leasa ainmhithe maidir le hearraí iompórtáilte;

Roghanna maidir le lipéadú leasa ainmhithe;

Treoir maidir le céadphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a chur i bhfeidhm go sonrach ó thaobh earnála de;

Measúnú uile-Aontais ar dhréachtphleananna náisiúnta nuashonraithe fuinnimh agus aeráide;

Feabhas a chur ar mhaoiniú príobháideach don éifeachtúlacht fuinnimh;

Dul i ngleic leis an tionchar a bhíonn ag bainistiú dramhaíola ar an gcomhshaol;

Bearta chun truailliú solais a theorannú;

Bonneagar rothaíochta agus criosanna saor ó charranna a chur chun cinn a thuilleadh (rialacháin maidir le Rochtain ar Fheithiclí Uirbeacha);

Plean Gníomhaíochta chun aistriú fuinnimh na n-earnálacha iascaigh agus dobharshaothraithe a chur chun cinn;

Togra reachtach maidir le sciar na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha a mhéadú i bhflít gluaisteán poiblí agus corparáideach os cionn méid áirithe;

Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an ngá atá le ticéid idirnáisiúnta iarnróid a dhíolmhú ó CBL ar fud an Aontais chun an costas ar phaisinéirí iarnróid a laghdú go suntasach.



2.SLÁINTE

Mar thoradh ar an gComhdháil rinneadh 4 thogra maidir leis an tsláinte 2 :

7.Bia sláintiúil agus stíl shláintiúil mhaireachtála – A chinntiú go bhfuil rochtain ag gach Eorpach ar oideachas maidir le bia sláintiúil agus rochtain ar bhia sláintiúil inacmhainne, mar bhloc tógála de stíl mhaireachtála shláintiúil

8.An córas cúraim sláinte a threisiú – Athléimneacht agus cáilíocht ár gcóras cúraim sláinte a threisiú

9.Tuiscint níos leithne ar an tSláinte – Cur chuige iomlánaíoch a ghlacadh maidir leis an tsláinte, chun aghaidh a thabhairt ar ghalair agus leigheas, litearthacht sláinte agus cosc, agus comhthuiscint a chothú ar na dúshláin a bhíonn roimh dhaoine atá breoite nó faoi mhíchumas, i gcomhréir le Cur Chuige na hAon Sláinte Amháin’, ar cheart béim a leagan air mar phrionsabal cothrománach agus bunúsach lena gcuimsítear beartais uile an Aontais

10.Rochtain chomhionann ar an tsláinte do chách – ‘Ceart chun sláinte’ a bhunú trína ráthú go mbeidh rochtain chothrom agus uilíoch ag gach Eorpach ar chúram sláinte inacmhainne, coisctheach, leigheasach agus ar ardchaighdeán.

D’fhonn na tograí ón gComhdháil a thabhairt i gcrích, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

tá an méid seo a leanas curtha ar aghaidh aige cheana:

Straitéis ceimiceán um an inbhuanaitheacht chun borradh a chur faoin nuálaíocht i ndáil le ceimiceáin shábháilte inbhuanaithe agus an chosaint ar shláinte an duine agus ar an timpeallacht i gcoinne ceimiceáin ghuaiseacha a mhéadú;

An Plean Gníomhaíochta Orgánach agus an pacáiste reachtach a ghabhann leis;

Plean Sáraithe Ailse na hEorpa, lena n-áirítear 10 dtionscnamh shuaitheanta;

Misean Fís Eorpach maidir le hAilse: Ag obair le Plean Sáraithe Ailse na hEorpa chun saol níos mó ná 3 mhilliún duine a fheabhsú faoi 2030;

An Straitéis Chógaisíochta don Eoraip;

Moltaí a bhaineann go sonrach le tír faoi leith i réimse na sláinte faoin Seimeastar Eorpach, timthriall bliantúil chomhordú an bheartais eacnamaíoch;

An tÚdarás um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandáil Sláinte (HERA);

Rialachán maidir le ról atreisithe don Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach in ullmhacht agus bainistiú géarchéimeanna do tháirgí íocshláinte agus d’fheistí leighis;

Comhpháirtíochtaí Eorpacha, mar shampla i gcás Aon Sláinte Amháin/frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha, maidir le Limistéar Eorpach Taighde le haghaidh Taighde Sláinte a chothú, maidir le córais sláinte agus cúraim a chlaochlú, agus maidir le hullmhacht paindéime;

Rialacha CBL nuashonraithe, lena n-áirítear liosta leathnaithe táirgí agus seirbhísí atá díolmhaithe ó CBL don tsláinte phoiblí;

An tionscnamh ‘Healthier Together’ chun cabhrú leis na Ballstáit beartais agus gníomhaíochtaí éifeachtacha a shainaithint agus a chur chun feidhme chun an t-ualach a bhaineann le mórghalair neamhtheagmhálacha a laghdú, lena n-áirítear meabhairshláinte;

Cód Iompraíochta an Aontais maidir le cleachtais fhreagracha i ngnó agus margaíocht an bhia;

Idirphlé Struchtúrtha maidir le cinnteacht sholáthar na gcógas chun athléimneacht slabhraí soláthair cógaisíochta a neartú agus slándáil an tsoláthair a áirithiú, gan inacmhainneacht a chur i mbaol;

An Néal Eorpach maidir leis an Eolaíocht Oscailte, chun ardáin thiomnaithe (amhail an tArdán Eorpach maidir le Sonraí COVID-19) a chur ar fáil chun taighde leighis, sonraí cliniciúla agus géanómaíocha a chomhroinnt;

Forógra do thaighde an Aontais ar COVID-19 chun inrochtaineacht thorthaí an taighde a uasmhéadú sa chomhrac i gcoinne phaindéim COVID-19;

Rialachán lena síntear sainordú an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú;

Rialachán maidir le creat beart chun soláthar frithbheart leighis atá ábhartha i gcás géarchéime a áirithiú i gcás éigeandáil sláinte poiblí ar leibhéal an Aontais;

Critéir íosta éigeantacha maidir le soláthar bia inbhuanaithe i scoileanna agus in institiúidí poiblí;

Athbhreithniú ar chreat dlíthiúil na fola, na bhfíochán agus na gceall;

Dreasachtaí cánach leis na Ballstáit chun nósanna itheacháin sláintiúla a chur chun cinn;

tá sé ag iarraidh ar Pharlaimint na hEorpa agus/nó ar an gComhairle an méid seo a leanas a ghlacadh gan mhoill:

Rialachán maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann don tsláinte;

Rialachán maidir leis an Spás Eorpach Sonraí Sláinte, arb é is aidhm dó feabhas a chur ar sheachadadh cúram sláinte ar fud an Aontais, daoine a chumhachtú a gcuid sonraí sláinte a rialú, rochtain shlán a chumasú do ghairmithe sláinte ar achoimrí leictreonacha aonair ar othair (pas sláinte leictreonach aonair Eorpach); Creat a bheidh comhsheasmhach, slán, iontaofa agus éifeachtúil a chur ar fáil chun sonraí sláinte a úsáid;

tá sé ar intinn aige tograí a chur síos maidir leis an méid seo a leanas:

Athbhreithniú ar an Rialachán maidir le Faisnéis Bia do Thomhaltóirí, lena n-áirítear lipéadú cothaithe comhchuibhithe ar aghaidh na pacáistíochta chun go mbeidh tomhaltóirí in ann roghanna eolasacha sláintiúla inbhuanaithe a dhéanamh maidir le bia;

Moladh maidir le hábhair agus ceimiceáin atá Sábháilte agus Inbhuanaithe trí Dhearadh chun treoir a thabhairt don tionscal agus do rialtóirí chun ábhair agus ceimiceáin nua a dhéanamh;

Reachtaíocht chógaisíochta athbhreithnithe lena n-áiritheofar rochtain níos tapúla ar chógais ardchaighdeáin, shábháilte, inacmhainne agus níos glaise i ngach Ballstát;

Reachtaíocht athbhreithnithe maidir le cógais do ghalair neamhchoitianta agus do leanaí;

Plean gníomhaíochta chun cothaithigh a bhainistiú ar bhealach níos fearr;

Moladh maidir le hailse atá inchoiscthe trí vacsaíniú;

Nuashonrú ar an Moladh maidir le scagthástáil ailse;

Cuir chuige nuálacha maidir le taighde agus soláthar poiblí le haghaidh ábhar frithmhiocróbach agus na roghanna malartacha a ghabhann leo;

Gníomhaíocht nua chun malartú agus trasphlandú duán a éascú d’fhaighteoirí agus do dheontóirí sonracha faoi chlár oibre 2023 EU4Health;

Straitéis Sláinte Domhanda nua;

déanfaidh sé réimsí nua gníomhaíochta a mheas, amhail an méid seo a leanas:

Lipéadú digiteach agus ar aghaidh an phacáiste ar lorg éiceolaíoch an táirge;

Bealaí chun rannpháirtíocht na Seachtaine Eorpaí um Shláinte Phoiblí a mhéadú;

Pacáiste Paitinní, lena n-áirítear tionscnamh maidir le deimhnithe forlíontacha cosanta agus ceadúnú éigeantach paitinní;

Bearta chun aghaidh a thabhairt ar mhargaíocht agus ar fhógraíocht táirgí a bhaineann le rioscaí ailse;

Na héifeachtaí atá ag reachtaíocht in éadan an tobac;

Cur chuige cuimsitheach nua i leith meabhairshláinte.



3. GEILLEAGAR NÍOS LÁIDRE, CEARTAS SÓISIALTA AGUS POIST

Mar thoradh ar an gComhdháil rinneadh 6 thogra leathana maidir le geilleagar níos láidre a thógáil san Aontas, ceartas sóisialta agus poist 3 :

11.Fás inbhuanaithe agus nuálaíocht – Molaimid go dtacóidh an tAontas Eorpach leis an aistriú chuig samhail fáis inbhuanaithe athléimneach, i bhfianaise na n-aistrithe glasa agus digiteacha a bhfuil gné láidir shóisialta ag baint leo sa Seimeastar Eorpach, agus saoránaigh, ceardchumainn agus gnólachtaí á gcumhachtú. D’fhéadfaí na gnáththáscairí maicreacnamaíocha agus OTI a chomhlánú le táscairí nua chun aghaidh a thabhairt ar na tosaíochtaí nua Eorpacha amhail Margadh Glas na hEorpa nó Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus chun léiriú níos fearr a thabhairt ar na haistrithe éiceolaíocha agus digiteacha agus ar fholláine na ndaoine;

12.Iomaíochas an Aontais a fheabhsú agus an Margadh Aonair a dhoimhniú a thuilleadh – Tá sé beartaithe againn iomaíochas agus teacht aniar gheilleagar, mhargadh aonair, agus thionsclaíocht an Aontais Eorpaigh a neartú agus aghaidh a thabhairt ar spleáchais straitéiseacha. Ní mór dúinn cultúr fiontraíochta a chur chun cinn san Aontas Eorpach, ina spreagtar gnólachtaí nuálacha de gach méid, go háirithe micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (MFBManna), chomh maith le gnólachtaí nuathionscanta, agus inar féidir borradh a chur fúthu chun cur le sochaithe atá níos athléimní agus níos comhtháite. Tá gá le geilleagar margaidh atá ag feidhmiú go láidir chun fís d’Eoraip níos sóisialta a éascú;

13.Margaí saothair cuimsitheacha – Tá sé beartaithe againn feabhas a chur ar fheidhmiú na margaí saothair ionas go n-áiritheofar leo dálaí oibre níos cothroime agus comhionannas inscne, fostaíocht, lena n-áirítear fostaíocht daoine óga agus grúpaí leochaileacha a chur chun cinn. Ní mór don Aontas, do na Ballstáit agus do na comhpháirtithe sóisialta oibriú chun deireadh a chur le bochtaineacht lucht oibre, aghaidh a thabhairt ar chearta oibrithe ardáin, cosc a chur ar intéirneachtaí neamhíoctha agus soghluaisteacht chothrom lucht saothair a chinntiú san Aontas. Ní mór dúinn idirphlé sóisialta éifeachtach agus cómhargáil a chinntiú. Ní mór dúinn a chinntiú go gcuirfear Colún Eorpach na gCeart Sóisialta chun feidhme ina iomláine, lena n-áirítear na príomhspriocanna ábhartha atá ann do 2030, ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil sna réimsí a bhaineann le ‘comhdheiseanna agus rochtain ar mhargadh an tsaothair’ agus ‘dálaí cothroma oibre’, agus inniúlachtaí agus prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta á n-urramú agus Prótacal maidir le Dul Chun Cinn Sóisialta a áireamh sna Conarthaí. Agus an méid sin á dhéanamh, ba cheart go n-urramófaí traidisiúin náisiúnta agus neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta agus comhar leis an tsochaí shibhialta;

14.Beartais shóisialta níos láidre – Tá sé beartaithe againn neamhionannais a laghdú, an t-eisiamh sóisialta a chomhrac agus dul i ngleic leis an mbochtaineacht. Ní mór dúinn straitéis chuimsitheach i gcoinne na bochtaineachta a chur i bhfeidhm a bhféadfadh na nithe seo a leanas a bheith san áireamh ann, i measc nithe eile: Ráthaíocht do Leanaí agus Ráthaíocht don Aos Óg atreisithe, íosphá a thabhairt isteach, comhchreat de chuid an Aontais le haghaidh scéimeanna ioncaim íosta agus tithíocht shóisialta chuibhiúil. Ní mór dúinn a chinntiú go gcuirfear Colún Eorpach na gCeart Sóisialta chun feidhme ina iomláine, lena n-áirítear na príomhspriocanna ábhartha atá ann do 2030, ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil sa réimse ‘cosaint agus cuimsiú sóisialta’ agus aird chuí á tabhairt ar inniúlachtaí faoi seach agus ar phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta agus ní mór dúinn Prótacal maidir le Dul Chun Cinn Sóisialta a áireamh sna Conarthaí;

15.Aistriú déimeagrafach – Tá sé beartaithe againn aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a eascraíonn as an aistriú déimeagrafach, mar phríomhghné d’athléimneacht fhoriomlán na hEorpa, go háirithe rátaí ísle breithe agus daonra atá ag dul in aois go seasta, trí thacaíocht do dhaoine ar feadh an tsaolré a chinntiú. Ba cheart go mbeadh gníomhaíocht chuimsitheach i gceist leis sin atá dírithe ar gach glúin, idir leanaí agus daoine óga, teaghlaigh, an daonra atá in aois oibre, daoine aosta atá fós réidh chun oibre agus iad siúd atá ar scor nó a bhfuil gá acu le cúram;

16.Beartais fhioscacha agus beartais chánach – Molaimid go gcuirfidh an tAontas chun cinn infheistíochtaí atá dírithe ar an todhchaí agus atá dírithe ar na haistrithe glasa agus digiteacha a mbeidh gné láidir shóisialta agus inscne ag baint leo, agus NextGenerationEU agus ionstraim SURE á gcur san áireamh freisin. Ní mór don Aontas tionchar sóisialta agus eacnamaíoch an chogaidh i gcoinne na hÚcráine a chur san áireamh chomh maith leis an nasc idir rialachas eacnamaíoch an Aontais leis an gcomhthéacs nua geopholaitiúil agus trína bhuiséad féin a neartú trí acmhainní dílse nua. Is mian le saoránaigh an cánachas a bhaint ó dhaoine agus ó FBManna agus díriú ar imghabhálaithe cánach, truaillitheoirí móra agus trí cháin a ghearradh ar na hollchuideachtaí digiteacha agus, ag an am céanna, is mian leo go mbeadh an tAontas Eorpach ag tacú le cumas na mBallstát agus na n-údarás áitiúil iad féin a mhaoiniú agus maidir le cistí an Aontais a úsáid.

D’fhonn na tograí ón gComhdháil a thabhairt i gcrích, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

tá an méid seo a leanas curtha ar aghaidh aige cheana:

Plean Gníomhaíochta don Gheilleagar Sóisialta lena réiteofar an bealach d’eagraíochtaí an gheilleagair shóisialta rath agus fás a dhéanamh;

Athbhreithniú ar an Treoir maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh;

Teachtaireacht maidir leis an mBeartas Iomaíochta – Oiriúnach do dhúshláin nua;

Straitéis thionsclaíoch nuashonraithe agus Comhghuaillíochtaí a sheoladh i réimse na n-amhábhar, na hidrigine glaine, na gceallra, na bplaisteach ciorclach, na sonraí tionsclaíocha, an chiumhais agus an néalríomhaireachta, na dteicneolaíochtaí leathsheoltóra, na mbreoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin, na heitlíochta atá saor ó astaíochtaí, na gréine, agus Chaighdeán an Aontais lena gcothófar fiontraíocht trí Chomhghuaillíochtaí;

Athbhreithniú ar Rialacháin agus treoirlínte Ingearacha Blocdhíolúine;

Seiceáil Oiriúnachta maidir le Nuachóiriú na Státchabhrach;

Teachtaireacht faoi árachas creidmheasa onnmhairiúcháin gearrthéarmach;

Athbhreithniú ar Threoirlínte maidir le Cabhair Réigiúnach;

Athbhreithniú ar an Teachtaireacht maidir le tionscadail thábhachtacha ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne;

An ionstraim Eorpach le haghaidh tacaíocht shealadach chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála (SURE);

Athbhreithniú ar chreat Státchabhrach don taighde, don fhorbairt agus don nuálaíocht;

Comhtháthú na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe i gcreat an tSeimeastair Eorpaigh;

Innéacs Feidhmíochta Aistrithe lena rangaítear tíortha de réir an dul chun cinn atá déanta acu i dtreo na hinbhuanaitheachta;

Comhpháirtíochtaí Eorpacha, mar shampla ‘Déanta san Eoraip’, maidir le príomhtheicneolaíochtaí digiteacha, agus maidir le líonraí agus seirbhísí cliste;

Creat Straitéiseach maidir le Sláinte agus Sábháilteacht ag an Obair;

An Chomhairle Nuálaíochta Eorpach, clár suaitheanta chun teicneolaíochtaí ceannródaíocha agus nuálaíochtaí athraitheacha a shainaithint, a fhorbairt agus a mhéadú;

An tArdán ‘Réidh don Todhchaí’, sainghrúpa ardleibhéil chun cabhrú chun dlíthe an Aontais a shimpliú agus chun costais ghaolmhara neamhriachtanacha a laghdú;

Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta;

Ráthaíocht atreisithe don Aos Óg;

Clár Oibre Scileanna don Eoraip lena gcabhraítear le daoine aonair agus le gnólachtaí tuilleadh scileanna agus scileanna níos fearr a fhorbairt chun iad a úsáid, lena n-áirítear Comhaontú Scileanna;

An tionscnamh ALMA (Aim, Learn, Master, Achieve) [Aimsigh, Foghlaim, Máistrigh, Bain amach] chun cabhrú leis na daoine óga is leochailí a bhfuil níos lú deiseanna acu, chun go mbeidh siad a mbealach a dhéanamh chuig an margadh fostaíochta agus sa tsochaí laistigh dá dtír dhúchais;

Critéir incháilitheachta Fís Eorpach do chomhlachtaí poiblí, d’eagraíochtaí taighde agus d’institiúidí ardoideachais Plean um Chomhionannais Inscne a bheith i bhfeidhm acu;

Women TechEU, tionscnamh nua chun gnólachtaí nuathionscanta atá faoi stiúir na mban a mhaoiniú agus tacú leo;

Forógra STE(A)M d’oideachas STEAM a fhreagraíonn do chúrsaí inscne mar a luaitear i straitéis an Aontais d’ollscoileanna;

An Comhshocrú um an Tuath – rialachas neartaithe do cheantair thuaithe an Aontais;

An t-ardán Eorpach chun an easpa dídine a chomhrac;

Ráthaíocht Eorpach do Leanaí lena gcinntítear go bhfuil rochtain ag gach leanbh san Eoraip atá i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta ar phríomhsheirbhísí amhail cúram sláinte, cúram leanaí, oideachas, cothú agus tithíocht;

An Treoir maidir le híosphá leordhóthanach;

An Grúpa Ardleibhéil maidir le todhchaí na cosanta sóisialta agus an stáit leasa in Aontais;

Tástálacha FBManna i measúnuithe tionchair;

Creat nua Eorpach le haghaidh gairmeacha Taighdeoirí: Teacht le chéile ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach chun scileanna taighdeoirí agus soghluaisteacht idir na hearnálacha a neartú, agus chun cúrsaíocht chothrom buanna a chothú;

Gníomhartha ceartaitheacha, d'fhonn an deighilt nuálaíochta a laghdú agus cumas T&I a thógáil i dtíortha atá tite ar gcúl;

Páipéar Uaine maidir le hAosú;

Moladh ón gCoimisiún maidir le Tacaíocht Ghníomhach Éifeachtach don Fhostaíocht;

Treoir maidir le feabhas a chur ar an gcothromaíocht inscne i measc stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin ar chuideachtaí atá liostaithe ar stocmhalartáin agus bearta gaolmhara;

Teachtaireacht maidir le plean gníomhaíochta do chánachas cothrom simplí chun tacú leis an straitéis téarnaimh;

Treoir lena leasaítear rátaí cánach breisluacha, lena n-áirítear CBL laghdaithe ar threalamh leanaí;

tá sé ag iarraidh ar Pharlaimint na hEorpa agus/nó ar an gComhairle an méid seo a leanas a ghlacadh gan mhoill:

An Treoir maidir le hinbhuanaitheacht chorparáideach, dícheall cuí chun iompar corparáideach inbhuanaithe agus freagrach a chothú ar fud slabhraí luacha domhanda;

An Treoir maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach;

An Treoir maidir le feabhas a chur ar dhálaí oibre san obair ardáin;

An Treoir chun cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn ar obair chomhionann nó obair ar luach comhionann idir fir agus mná a neartú trí shásraí trédhearcachta pá agus forfheidhmithe;

Togra maidir le hacmhainní dílse nua;

Athbhreithniú ar na Rialacháin maidir le comhordú na slándála sóisialta;

An Treoir maidir le híosleibhéal domhanda cánachais a chinntiú do ghrúpaí ilnáisiúnta san Aontas;

Rialachán maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí;

tá sé ar intinn aige tograí a chur síos maidir leis an méid seo a leanas:

Athbhreithniú ar Rialachas Eacnamaíoch;

Moladh maidir leis an ioncam íosta;

Moladh maidir le luachshocrú eolais;

Leasú ar an Treoir Aispeiste ag an Obair;

Clár Oibre Eorpach um Nuálaíocht lena dtugtar aghaidh ar na príomhbhaic ar an tionchar is mó is féidir a bheith ag tionscnaimh bheartais an Aontais agus ag ionstraimí lena dtacaítear leis an nuálaíocht;

Athbhreithniú ar na Rialacháin Bhlocdhíolúine Chothrománacha agus na treoirlínte a thugann soiléiriú do ghnólachtaí maidir le cén uair is féidir leo comhoibriú le hiomaitheoirí;

Athbhreithniú ar an bhFógra Sainmhínithe Margaidh;

Rialú cumaisc san Aontas – simpliú breise ar na nósanna imeachta;

Athbhreithniú ar Rialachán De Minimis;

Treoirlínte faoi chomhaontuithe comhchoiteanna maidir le dálaí oibre daoine féinfhostaithe aonair;

An euro digiteach;

Raon feidhme agus éifeachtaí dhlíthairiscint nótaí bainc agus monaí euro;

Tuarascáil ar sheirbhísí riachtanacha;

Tuarascáil ar chur chun feidhme na Treorach maidir le hAm Oibre;

Treoir maidir le Measúnú Tionchair Dáilte;

Pacáiste chun torthaí mhargadh an tsaothair a fheabhsú do dhaoine faoi mhíchumas;

Creat airgeadais oscailte;

Athbhreithniú ar rialacha an Aontais maidir le seirbhísí íocaíochta;

Straitéis infheistíochta miondíola agus pacáiste reachtach;

Gnó san Eoraip: Creat le haghaidh Cánachais Ioncaim (BEFIT);

Tionscnamh chun dul i ngleic le ról na gcumasóirí a bhfuil baint acu le himghabháil cánach agus pleanáil ionsaitheach chánach a éascú;

Treoir maidir le cur chun feidhme an chomhaontaithe dhomhanda OECD maidir le cearta cánachais a ath-leithdháileadh;

Píolóta maidir leis an bPas Eorpach Slándála Sóisialta (ESSPASS);

Tionscnamh maidir leis an idirphlé sóisialta;

Cur i bhfeidhm, forfheidhmiú agus ardú feasachta ar chearta an Aontais maidir le cothromaíocht oibre is saoil, saoire do thuismitheoirí san áireamh;

Teachtaireacht maidir leis an Imirce Daoine Oilte agus tionscnamh a ghabhann léi chun cur leis an inimirce daoine oilte;

Moladh maidir le coinníollacha creata don gheilleagar sóisialta a fhorbairt;

Straitéis cúraim na hEorpa, mar aon le togra le haghaidh athbhreithniú ar spriocanna Barcelona maidir le hoideachas agus cúram na luath-óige agus togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le cúram fadtéarmach;

An dara ciseán d’acmhainní dílse nua;

Athbhreithniú ar an Moladh ón gComhairle maidir le creat cáilíochta do chúrsaí oiliúna;

déanfaidh sé réimsí nua gníomhaíochta a mheas, amhail an méid seo a leanas:

Bearta chun tacú le réigiúin i ngaistí forbartha ina bhfuil fás seasmhach íseal;

Tuilleadh oibre chun an tionsclaíocht a dhéanamh inbhuanaithe, digiteach agus athléimneach, agus chun aghaidh a thabhairt ar spleáchais;

Aghaidh a thabhairt ar an aistriú déimeagrafach, go háirithe maidir le haosú agus dídhaonrú;

Cur chuige comhtháite chun folláine níos faide ná OTI a thomhas agus faireachán a dhéanamh uirthi;

An úsáid a bhaintear as uirlisí agus próisis dhigiteacha i ndlí na gcuideachtaí a leathnú agus a uasghrádú tuilleadh.

4. AN tAONTAS EORPACH SA DOMHAN MÓR

Mar thoradh ar an gComhdháil rinneadh 8 dtogra leathana maidir leis an Aontas Eorpach sa domhan mór 4 :

17.Spleáchas ghníomhaithe eachtracha an Aontais in earnálacha straitéiseacha eacnamaíocha a laghdú – Molaimid go ndéanfaidh an tAontas bearta chun a neamhspleáchas a neartú i bpríomhearnálacha straitéiseacha amhail táirgí talmhaíochta, earraí eacnamaíocha straitéiseacha, leathsheoltóirí, táirgí leighis, teicneolaíochtaí digiteacha agus comhshaoil nuálacha agus fuinneamh;

18.Spleáchas an Aontais ar ghníomhaithe eachtracha fuinnimh a laghdú – Molaimid go ndéanfaidh an tAontas níos mó neamhspleáchais a bhaint amach i réimse an táirgthe agus an tsoláthair fuinnimh, i gcomhthéacs an aistrithe ghlais leanúnaigh;

19.Caighdeáin a shainiú laistigh agus lasmuigh den Aontas maidir leis an gcaidreamh trádála agus infheistíochta – Molaimid go neartódh an tAontas an ghné eiticiúil dá chaidreamh trádála agus infheistíochta;

20.Caighdeáin a shainiú laistigh agus lasmuigh den Aontas i mbeartais chomhshaoil – Molaimid go neartódh an tAontas gné an chomhshaoil dá chaidreamh trádála;

21.Cinnteoireacht agus comhtháthú laistigh den Aontas – Molann muid go gcuirfeadh an tAontas feabhas ar a chumas cinntí tapa agus éifeachtacha a dhéanamh, go háirithe sa Chomhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES), ag labhairt d’aon ghuth agus ag gníomhú mar ghníomhaí fíordhomhanda, a thabharfaidh ról dearfach ar fud an domhain agus a dhéanfaidh difear mar fhreagairt ar aon ghéarchéim;

22.Trédhearcacht an Aontais agus a chaidreamh leis na saoránaigh – Molaimid go gcuirfidh an tAontas, go háirithe ina chuid gníomhaíochtaí ar an leibhéal idirnáisiúnta, lena n-áirítear caibidlíocht trádála, feabhas ar a inrochtaineacht do shaoránaigh trí fhaisnéis níos fearr, oideachas, rannpháirtíocht na saoránach, agus trí thrédhearcacht a ghníomhaíochta;

23.An tAontas mar ghníomhaí láidir ar ardán domhanda na síochána agus na slándála – Molaimid go leanfadh an tAontas de bheith ag gníomhú chun idirphlé a chur chun cinn agus síocháin agus ord idirnáisiúnta riailbhunaithe a ráthú, an t-iltaobhachas a neartú agus tionscnaimh síochána an Aontais a raibh seasamh fada acu agus a chuidigh le bronnadh Dhuais Nobel in 2012 a fhorbairt, agus a shlándáil choiteann a neartú ag an am céanna;

24.An tAontas mar ghníomhaí láidir ar an ardán domhanda i ndáil le caidreamh a fhorbairt – Molaimid gur cheart don Aontas, ina chaidreamh le tríú tíortha, a bheith ina ghníomhaí láidir ar an leibhéal domhanda maidir le caidreamh a fhorbairt.

D’fhonn na tograí ón gComhdháil a thabhairt i gcrích, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

tá an méid seo a leanas curtha ar aghaidh aige cheana:

An Creat Soghluaisteachta Uirbí;

Creat géarchéime sealadach nua maidir le Státchabhair;

Tionscnamh le haghaidh réigiúin an ghuail atá ag athrú sna Balcáin Thiar agus san Úcráin;

Tacú le bearta chun éiceachóras taighde agus nuálaíochta na hÚcráine a atógáil;

Clár oibre na mBalcán Thiar maidir le Taighde, Nuálaíocht, Oideachas, Cultúr, an Óige agus Spórt, arna sheoladh ag Ballstáit an Aontais agus geilleagair na mBalcán Thiar;

Straitéis an Aontais comhoibriú idirnáisiúnta le haghaidh taighde agus nuálaíochta, Cur Chuige Domhanda i T&I, lena n-áirítear an comhlachas le Fís Eorpach le comhpháirtithe atá ar aon intinn ar fud an domhain;

Straitéis maidir le rannpháirtíocht fuinnimh sheachtraigh an Aontais i ndomhan atá ag athrú;

Straitéis Artach;

Straitéis na hAfraice;

An Tairseach Dhomhanda;

Plean Gníomhaíochta an Aontais maidir le hInscne III;

Plean Gníomhaíochta maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas;

Teachtaireacht maidir le hobair chuibhiúil ar fud an domhain, ina ndírítear go háirithe ar dheireadh a chur le saothar leanaí agus le saothar éigeantais;

Straitéis an Aontais um Chaighdeánú;

Compás Straitéiseach don tslándáil agus don chosaint;

Teachtaireacht maidir le soláthar comhpháirteach cosanta;

Pacáiste Eacnamaíoch agus Infheistíochta le haghaidh na mBalcán Thiar;

An Clár Oibre Glas do na Balcáin Thiar;

Comhpháirtíocht leis an Afraic Theas i ndáil le hAistriú Fuinnimh Cóir;

Comhpháirtíocht Ghlas idir Maracó agus an tAontas;

Plean Eacnamaíoch agus Infheistíochta do Chomharsanacht an Deiscirt;

An Chomhaontas Glas leis an tSeapáin;

Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir le ‘Comhpháirtíocht Straitéiseach leis an Murascaill’;

Treochláir le haghaidh rannpháirtíochta leis an tsochaí shibhialta i dtíortha comhpháirtíochta;

Plean straitéiseach atógála ‘RebuildUkraine’;

Beartas Chomhpháirtíocht an Oirthir tar éis 2020: An Athléimneacht a Neartú – Comhpháirtíocht an Oirthir a dhéanfaidh beart do chách;

Anailís ar bhearnaí san infheistíocht chosanta;

Plean Gníomhaíochta maidir le Lánaí Dlúthpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin chun easpórtálacha talmhaíochta agus trádáil dhéthaobhach na hÚcráine leis an Aontas a éascú;

Moladh maidir le bosca coiteann uirlisí de chuid an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais leathsheoltóirí agus maidir le sásra de chuid an Aontais chun faireachán a dhéanamh ar éiceachóras na leathsheoltóirí;

Comhairle Trádála agus Teicneolaíochta idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe;

Comhairle Trádála agus Teicneolaíochta idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe;

Gréasán TEN-T a leathnú go dtí an Úcráin;

Comhaontuithe iompair de bhóthar idir an Úcráin agus an Mholdóiv;

Clár Oibre nua Frithsceimhlitheoireachta don Aontas Eorpach, lena leagtar amach bealach chun cinn le haghaidh gníomhaíochtaí chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac ar leibhéal an Aontais, ag féachaint le bagairtí sceimhlitheoireachta a thuar, a chosc, a chosaint agus a fhreagairt ar bhealach níos fearr;

Sraith straitéisí chun trasnaíocht eachtrach sa taighde agus sa nuálaíocht a mhaolú;

Teachtaireacht maidir leis an gCur Chuige Domhanda i leith an taighde agus na nuálaíochta;

Athbhreithniú ar an mBeartas Trádála – Beartas trádála atá oscailte, inbhuanaithe agus teanntásach;

Caibidlíocht maidir le comhaontú trádála leis an India a athsheoladh;

Comhpháirtíocht dhigiteach idir an tAontas agus an tSeapáin;

tá sé ag iarraidh ar Pharlaimint na hEorpa agus/nó ar an gComhairle an méid seo a leanas a ghlacadh gan mhoill:

REPowerEU;

Teachtaireacht maidir le hidirghabhálacha gearrthéarmacha sa mhargadh gáis agus leictreachais;

An Gníomh Eorpach um Shliseanna, lena n-áirítear leasú ar an mBunionstraim Aonair lena mbunaítear Comhpháirtíochtaí Eorpacha;

Rialachán maidir le fóirdheontais eachtracha a shaobhann an margadh inmheánach;

Togra le haghaidh Córas nua Ginearálaithe um Fhabhair;

Togra le haghaidh Ionstraime Frith-Chomhéigin;

Treoir maidir le sócmhainní a aisghabháil agus a choigistiú;

Sárú agus imghabháil bhearta sriantacha an Aontais a chur leis na réimsí coireachta a leagtar síos in Airteagal 83(1) CFAE;

tá sé ar intinn aige tograí a chur síos maidir leis an méid seo a leanas: 

Ionstraim chun cumais thionsclaíocha cosanta na hEorpa a atreisiú trí sholáthar comhpháirteach;

Rialachán lena mbunaítear Comhchlár Eorpach Infheistíochta don Chosaint;

Reachtaíocht Eorpach maidir le hAmhábhair Chriticiúla;

Ionstraim Éigeandála don Mhargadh Aonair chun freagairt go tapa le linn géarchéimeanna amach anseo agus chun cúrsaíocht earraí agus daoine a ráthú, chun rochtain a fháil ar sholáthairtí agus ar sheirbhísí ríthábhachtacha i gcónaí;

Tacaíocht chustaim chun rialacha maidir le saothar leanaí a chur chun feidhme;

Comhpháirtíochtaí digiteacha a fógraíodh sa Straitéis Ind-Chiúin-Aigéanach;

An méid a chuireann comhaontuithe trádála leis an bhforbairt inbhuanaithe – toradh an athbhreithnithe ar Thrádáil agus ar Fhorbairt Inbhuanaithe;

Comhaontuithe trádála a tugadh i gcrích le déanaí a dhaingniú chun príomhchaidreamh a dhaingniú;

Plean Gníomhaíochta don Óige i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais;

Straitéis i gcomhair ladrann agus aerárthaí gan foireann;

déanfaidh sé réimsí nua gníomhaíochta a mheas, amhail an méid seo a leanas:

Bearta nua chun slándáil bia an Aontais a fheabhsú ar fud an domhain;

Athléimneacht agus trédhearcacht sa slabhra soláthair le haghaidh cógais leighis, táirgí leighis agus comhábhair ríthábhachtacha.



5. LUACHANNA AGUS CEARTA, AN SMACHT REACHTA AGUS AN tSLÁNDÁIL

Mar thoradh ar an gComhdháil rinneadh 6 thogra leathana maidir le luachanna agus cearta, an smacht reachta agus an tslándáil 5 :

25.An smacht reachta, luachanna daonlathacha agus féiniúlacht Eorpach – an smacht reachta a chosaint go córasach ar fud na mBallstát uile;

26.Cosaint sonraí – Beartas cóireála sonraí atá níos cosantaí agus níos dírithe ar shaoránaigh a ráthú;

27.Na meáin, bréagnuacht, bréagaisnéis, seiceáil fíoras, cibearshlándáil – Dul i ngleic leis an mbréagaisnéis trí neamhspleáchas agus iolrachas na meán a chur chun cinn a thuilleadh mar aon le litearthacht sna meáin;

28.Na meáin, bréagnuacht, bréagaisnéis, seiceáil fíoras, an chibearshlándáil (bis) – Ról níos láidre don Aontas maidir le bagairtí cibearshlándála a chomhrac;

29.Frith-idirdhealú, comhionannas agus cáilíocht saoil – Gníomh a dhéanamh chun dálaí maireachtála a chomhchuibhiú ar fud an Aontais agus mianach saoil shaoránaigh an Aontais a fheabhsú;

30.Cearta ainmhithe, talmhaíocht – Bearta cinntitheacha a ghlacadh chun talmhaíocht atá níos éiceolaíochta agus níos dírithe ar an aeráid a chur chun cinn agus a ráthú.

D’fhonn na tograí ón gComhdháil a thabhairt i gcrích, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

tá an méid seo a leanas curtha ar aghaidh aige cheana:

Tuarascáil bhliantúil ar an Smacht Reachta;

Rialachán maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint;

Ábhar faisnéise:

oNa meáin shóisialta agus an chumarsáid amhairc;

oSuíomhanna gréasáin atá oiriúnach d’fhóin phóca ar an bhfearann europa.eu (cúinne na foghlama san áireamh);

oSuíomh gréasáin EUvsDisinfo;

oFoilseacháin agus sonraí arna scaipeadh ag Oifig na bhFoilseachán;

oTairseach seirbhísí closamhairc an Choimisiúin;

oLeaganacha de phríomhthionscnaimh bheartais atá oiriúnach do leanaí;

Treoir leanúnach ón mBord Eorpach um Chosaint Sonraí;

Straitéis an Aontais Eorpaigh um an Aontas Slándála;

Cód Cleachtais neartaithe maidir leis an mbréagaisnéis;

An tionscnamh nua maidir le hIdirlíon Níos Fearr do Leanaí;

Faireachlann Eorpach um na Meáin Dhigiteacha le hardán féideartha;

Measúnú ar cháilíocht saoil i dtuarascálacha an tSeimeastair Eorpaigh;

Straitéisí Comhionannais an Aontais lena dtugtar aghaidh ar an méid seo a leanas: comhionannas inscne, cearta LGTBIQ, míchumas, frithchiníochas agus cuimsiú na Romach;

Straitéis am Aontais maidir leis an bhFrithsheimíteachas a Chomhrac agus Saol na nGiúdach a Chothú;

tá sé ag iarraidh ar Pharlaimint na hEorpa agus/nó ar an gComhairle an méid seo a leanas a ghlacadh gan mhoill:

Sraith tograí i gcoinne imeachtaí cúirte atá go follasach gan bhunús nó in aghaidh rannpháirtíocht phoiblí (ar a dtugtar SLAPPanna);

Rialachán lena leasaítear rialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh d’aerphaisinéirí, agus maidir le dliteanas aeriompróirí;

tá sé ar intinn aige tograí a chur síos maidir leis an méid seo a leanas:

An tAcht um Shaoirse na Meán;

Cárta Míchumais an Aontais Eorpaigh;

Ról agus neamhspleáchas na gcomhlachtaí comhionannais a neartú;

Togra reachtach maidir le tuismíocht a Aithint idir na Ballstáit;

déanfaidh sé réimsí nua gníomhaíochta a mheas, amhail an méid seo a leanas:

Tionscnamh maidir le comhlachais agus eagraíochtaí neamhbhrabúis;

An Chomhdháil Bhliantúil maidir leis an Smacht Reachta chun go mbeidh saoránaigh rannpháirteach sa bhreis ar na páirtithe leasmhara.



6. AN CLAOCHLÚ DIGITEACH

Mar thoradh ar an gComhdháil rinneadh 5 thogra leathana ann maidir le bealaí ina bhféadfadh an tAontas glacadh leis an gclaochlú digiteach 6 :

31.Rochtain ar bhonneagar digiteach – Tá comhrochtain ar an idirlíon ina cheart bunúsach ag gach saoránach Eorpach. Molaimid gur cheart go mbeadh rochtain iarbhír ag gach duine san Eoraip ar an idirlíon agus ar sheirbhísí digiteacha, agus go bhfeabhsófar ceannasacht bhonneagar digiteach an Aontais;

32.Litearthacht dhigiteach agus scileanna digiteacha a chumhachtaíonn daoine – Molaimid go n-áiritheoidh an tAontas go mbeidh saoránaigh uile na hEorpa in ann leas a bhaint as an digitiú, trí na scileanna agus na deiseanna digiteacha is gá a chur ar fáil dóibh;

33.Sochaí dhigiteach shábháilte iontaofa – cibearshlándáil agus bréagaisnéis – Molaimid gur cheart don Aontas a áirithiú, d’fhonn sochaí dhigiteach atá sábháilte, athléimneach agus iontaofa a bheith ann, gur cheart don Aontas a áirithiú go ndéanfar an reachtaíocht atá ann cheana a chur chun feidhme go héifeachtach agus go pras agus go mbeadh níos mó cumhachtaí aige chun feabhas a chur ar an gcibearshlándáil, chun déileáil le hábhar neamhdhleathach agus leis an gcibearchoiriúlacht, chun dul i ngleic le cibearbhagairtí ó ghníomhaithe neamhstáit agus ó stáit údarásaíocha agus chun teacht slán astu, agus aghaidh a thabhairt ar an mbréagaisnéis;

34.Sochaí dhigiteach atá sábháilte agus iontaofa – cosaint sonraí – Cuirimid chun cinn ceannasacht sonraí daoine aonair, feasacht níos fearr agus cur chun feidhme agus forfheidhmiú níos éifeachtúla na rialacha cosanta sonraí atá ann cheana (RGCS) chun feabhas a chur ar rialú pearsanta ar a gcuid sonraí féin agus chun mí-úsáid sonraí a theorannú;

35.Nuálaíocht dhigiteach chun an geilleagar sóisialta agus inbhuanaithe a neartú – Molaimid go gcuirfidh an tAontas chun cinn bearta digitithe lena neartófar an geilleagar agus an margadh aonair ar bhealach cóir agus inbhuanaithe, lena méadófar iomaíochas na hEorpa i dteicneolaíocht agus i nuálaíocht, lena bhfeabhsófar an margadh aonair digiteach do chuideachtaí de gach méid agus lena mbeidh an Eoraip ar thús cadhnaíochta i dtaca leis an gclaochlú digiteach agus i ndigitiú an duine.

D’fhonn na tograí ón gComhdháil a thabhairt i gcrích, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

tá an méid seo a leanas curtha ar aghaidh aige cheana:

Teachtaireacht na nDeich mBliana Digiteacha;

Straitéis Eorpach maidir le Sonraí;

Straitéis Chibearshlándála an Aontais Eorpaigh;

Spriocanna maidir le leathadh amach leathanbhanda do cheantair thuaithe mar chuid den straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’;

Idirphlé struchtúrtha maidir le hoideachas digiteach agus scileanna digiteacha;

Ardán agus Comhghuaillíocht Scileanna Digiteacha agus Post;

Seachtain Chóid an Aontais Eorpaigh;

Tacú le pléití na gcomhpháirtithe sóisialta, lena n-áirítear a ngníomhaíochtaí leanúnacha maidir le teilea-obair agus an ceart chun dícheangail;

An Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Cibearshlándála;

Moladh maidir le cibearshlándáil 5G;

Moltaí maidir le cuntais foghlama aonair agus micridhintiúir;

Bosca uirlisí nascachta;

Treoir maidir le poirt luchtair le haghaidh gléasanna leictreonacha;

Bonneagar Eorpach um Sheirbhísí Blochshlabhra;

An Gníomh um Rialachas Sonraí;

An Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha;

An Ionstraim um Margaí Digiteacha;

An tionscnamh Wifi4EU;

Clár oibre um Thaighde agus Nuálaíocht 6G;

Treoir maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais (an Treoir athbhreithnithe maidir le Slándáil Líonra agus Faisnéise, nó NIS 2);

Tionscnaimh lena n-áirítear an tArdán Eorpach Díchriptithe, Mol Nuálaíochta don tslándáil inmheánach, Atlas Eorpach um Chibearshlándáil;

Spás Sonraí Teanga lena gcruthaítear geilleagar sonraí Eorpach idirnasctha agus iomaíoch chun acmhainní a athúsáid go poiblí agus go príobháideach;

Athbhreithniú ar an Treoir maidir le hInrochtaineacht Gréasáin;

Athbhreithniú ar an bPlean Comhordaithe um Intleacht Shaorga;

Teachtaireacht maidir le Cur Chuige Eorpach a Chothú i leith na hIntleachta Saorga;

tá sé ag iarraidh ar Pharlaimint na hEorpa agus/nó ar an gComhairle an méid seo a leanas a ghlacadh gan mhoill:

Dearbhú maidir le Cearta agus Prionsabail Dhigiteacha;

Clár beartais: conair go dtí an deacáid dhigiteach;

Rialachán maidir le meas ar an saol príobháideach agus cosaint sonraí pearsanta i gcumarsáid leictreonach (an Rialachán maidir le ríomh-Phríobháideachas);

Togra le haghaidh Treorach chun feabhas a chur ar athléimneacht na n-eintiteas criticiúil, creat uileghuaiseacha chun tacú le heintitis chriticiúla na mBallstát teagmhais shuaiteacha a chosc, a chomhrac, a ionsú agus téarnamh ina ndiaidh;

Rialachán maidir le hathléimneacht oibríochtúil dhigiteach don earnáil airgeadais (an Gníomh DORA);

An Gníomh um an Intleacht Shaorga;

Rialachán maidir le Féiniúlacht Dhigiteach Eorpach;

Gníomh sonraí maidir le cothroime a áirithiú i leithdháileadh luach sonraí agus rochtain ar shonraí agus úsáid sonraí san Aontas ar fud na n-earnálacha eacnamaíocha go léir;

An Rialachán lena mbunaítear Clár Slán Nascachta an Aontais, plean le haghaidh córas cumarsáide slán spásbhunaithe de chuid an Aontais;

Moladh maidir le Cibearaonad Comhpháirteach a bhunú chun dul i ngleic leis an méadú atá ag teacht ar líon na gcibeartheagmhais thromchúiseacha a mbíonn tionchar acu ar sheirbhísí poiblí, ar ghnólachtaí agus ar shaoránaigh ar fud an Aontais trí fhreagairtí ardleibhéil comhordaithe;

Rialachán agus Treoir maidir le digitiú an chomhair bhreithiúnaigh trasteorann agus na rochtana ar an gceartas in ábhair shibhialta, thráchtála agus choiriúla;

Rialachán maidir le hardán comhair a bhunú d’Fhoirne Comhpháirteacha um Imscrúdú;

Rialachán maidir le malartú digiteach faisnéise i gcásanna sceimhlitheoireachta;

An Rialachán maidir le criptea-shócmhainní;

An Treoir maidir le Córais Chliste Iompair;

Rialachán maidir leis an Aerspás Eorpach Aonair;

tá sé ar intinn aige tograí a chur síos maidir leis an méid seo a leanas:

An Gníomh Eorpach um an gCibear-Athléimneacht;

Treoir athbhreithnithe maidir le Laghdú Costas Leathanbhanda;

Treoirlínte athbhreithnithe maidir le státchabhair do líonraí leathanbhanda;

Moladh maidir le feabhas a chur ar sholáthar scileanna digiteacha san oideachas agus san oiliúint;

Moladh maidir le tosca cumasúcháin don oideachas digiteach;

Seasamh an Aontais lena leasaítear Rialacháin Raidió idirnáisiúnta don Chomhdháil Radachumarsáide Domhanda 2023 lena gcuidítear le cumarsáid gan bhac ar fud an Aontais;

Deimhniú Eorpach um Scileanna Digiteacha;

Dliteanas i leith na hintleachta saorga;

Seiceáil oiriúnachta ar dhlí tomhaltóirí an Aontais maidir le cothroime dhigiteach;

Athbhreithniú ar an Treoir maidir le Dliteanas Táirgí;

Togra le haghaidh straitéis idir-inoibritheachta rialtais an Aontais Eorpaigh;

Plean Gníomhaíochta maidir le digitiú na gcóras fuinnimh agus maidir le dul i ngleic le húsáid fuinnimh an bhonneagair dhigitigh;

GreenData4All – Rialacha nuashonraithe maidir le sonraí geospásúla comhshaoil agus rochtain ar fhaisnéis faoin gcomhshaol;

Tionscnamh maidir le CBL san Aois Dhigiteach;

déanfaidh sé réimsí nua gníomhaíochta a mheas, amhail an méid seo a leanas:

Dlús a chur le forfheidhmiú RGCS, lena n-áirítear machnamh a dhéanamh ar an nós imeachta riaracháin chun RGCS a chur i bhfeidhm i gcásanna trasteorann, agus cumarsáid mhéadaithe maidir le rialacha agus toiliú cosanta sonraí, agus feabhas a chur ar fhaisnéis faoin gcaoi a n-úsáidtear sonraí;

An Fhéiniúlacht Dhigiteach Eorpach a fhorbairt tuilleadh, lena n-áirítear idirbhearta trasteorann a éascú;

Spásanna sonraí Eorpacha don tsoghluaisteacht agus don turasóireacht;

Creat Eorpach maidir le tionchar an digitithe ar an gcomhshaol a thomhas, a mheasúnú agus a chur ar fáil do shaoránaigh;

Dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr;

Bealaí malartacha chun díospóidí tomhaltóirí a réiteach;

Tionscnaimh chun comhtháthú digiteach a fheabhsú lena bhforbraítear na Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha;

An ghné ilteangach a fhorbairt tuilleadh i gcomhthéacs an chlaochlaithe dhigitigh san Aontas;

Clár caighdeánach maidir le béasaíocht idirlín agus cearta úsáideoirí ar líne;

Gníomhaíochtaí caighdeánaithe maidir leis an intleacht shaorga;

Gníomhaíocht ullmhúcháin chun faireachán comhordaithe a dhéanamh ar an idirlíon dorcha.



7.AN DAONLATHAS EORPACH

Chuir an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa cúig thogra leathana le chéile faoi dhaonlathas na hEorpa 7 . D’iarr sí ar an Aontas Eorpach an méid seo a leanas a dhéanamh:

36.Faisnéis, rannpháirtíocht agus an óige do na saoránaigh – Rannpháirtíocht na saoránach agus rannpháirtíocht na hóige sa daonlathas ar leibhéal an Aontais Eorpaigh a mhéadú chun ‘eispéireas iomlán sibhialta’ a fhorbairt d’Eorpaigh, a áirithiú go gcloisfear a nguth freisin idir toghcháin, agus go mbeidh rannpháirtíocht éifeachtach ann. Sin an fáth ar cheart an cineál rannpháirtíochta is iomchuí a chur san áireamh do gach topaic;

37.Faisnéis do shaoránaigh, rannpháirtíocht agus an óige (bis) – An tAontas Eorpach a dhéanamh níos intuigthe agus níos inrochtana agus féiniúlacht choiteann Eorpach a neartú;

38.Daonlathas agus toghcháin – Daonlathas na hEorpa a neartú trí dhaonlathas na hEorpa a neartú, trí rannpháirtíocht i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa a threisiú, trí dhíospóireacht thrasnáisiúnta a chothú ar shaincheisteanna Eorpacha agus trí nasc láidir a áirithiú idir na saoránaigh agus a n-ionadaithe tofa;

39.Próiseas cinnteoireachta an Aontais – feabhas a chur ar phróiseas cinnteoireachta an Aontais d’fhonn a áirithiú go mbeidh sé de chumas ag an Aontas gníomhú, agus leas na mBallstát uile á chur san áireamh ag an am céanna agus próiseas trédhearcach agus intuigthe a ráthú do na saoránaigh;

40.Coimhdeacht.

D’fhonn na tograí ón gComhdháil a thabhairt i gcrích, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

tá an méid seo a leanas curtha ar aghaidh aige cheana:

An Plean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach;

Tuarascáil ar Shaoránacht 2020;

Straitéis maidir le cearta daoine faoi mhíchumas;

Bealaí feabhsaithe chun teagmháil a dhéanamh leis na saoránaigh tríd an tairseach ‘Cloisimis Uait’, tríd an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh agus trí chineálacha eile rannpháirtíochta ó na saoránaigh;

Teachtaireacht maidir le Rialáil Níos Fearr, agus treoirlínte athbhreithnithe agus bosca uirlisí feabhsaithe ina diaidh;

Moladh maidir le cosaint, sábháilteacht agus cumhachtú iriseoirí;

Seirbhís meán (na meáin thraidisiúnta agus na meáin nua) a chuireann faisnéis fhíorasach ar fáil faoi thionscnaimh agus faoi ghníomhaíochtaí an Aontais chuig na meáin sa Bhruiséil agus sna Ballstáit uile;

Ionadaíochtaí an Choimisiúin Eorpaigh;

Líonra oifigí Europe Direct;

Feachtais chumarsáide corparáidí le béim áirithe ar dhíriú ar dhaoine óga san Eoraip;

An Cód Dea-Iompraíochta Riaracháin;

Ionad Teagmhála Europe Direct ar fáil do cheisteanna a bhaineann leis an Aontas Eorpach sna 24 theanga oifigiúla, agus teangacha eile ar nós na hÚcráinise;

An tionscadal píolótach um an Eoraip a Thógáil le comhairleoirí áitiúla, rud a chuireann ar chumas comhairleoirí sa rialtas áitiúil cumarsáid a dhéanamh faoin Aontas;

Tionscadail taighde maidir le cumarsáid fhiúntach eiticiúil;

Rannpháirtíocht na saoránach i dtaighde mar phrionsabal an chláir Fís Eorpach agus mar chuspóir oibríochtúil;

Lárionad Inniúlachta an Choimisiúin maidir le Daonlathas Rannpháirteach agus Díospóireachta faoi stiúir an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde;

eTranslation chun cumarsáid i dteangacha oifigiúla uile an Aontais Eorpaigh a éascú;

Plean gníomhaíochta maidir le hinrochtaineacht gréasáin chun a chinntiú go mbeidh an fhaisnéis uile ar líne a fhoilsíonn an Coimisiún inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas;

Clár na hEorpa Domhanda um Chearta an Duine agus um Dhaonlathas;

Ardán Rannpháirtíochta Leanaí chun sásraí rannpháirtíochta leanaí atá ann cheana a nascadh ar an leibhéal áitiúil, náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus chun leanaí a thabhairt isteach i gcinnteoireacht an Aontais;

Clár Fís Eorpach, cnuasach 2 chuid do thaighde nuálach ar an daonlathas agus ar rialachas, agus tionscadail taighde ar mhodhanna éifeachtacha le haghaidh plé il-leibhéil, ilteangach agus ilmhódach saoránach ar leibhéal an Aontais;

Líonra le haghaidh réitigh nuálacha do thodhchaí an daonlathais;

Samhlacha píolótacha do phlé spriocdhírithe agus do phróisis chomhchruthaithe do bheartais shonracha Aontais;

tá sé ag iarraidh ar Pharlaimint na hEorpa agus/nó ar an gComhairle an méid seo a leanas a ghlacadh gan mhoill:

Togra maidir le trédhearcacht agus spriocdhíriú na fógraíochta polaitiúla;

Athbhreithniú ar an Rialachán maidir le maoiniú páirtithe polaitiúla Eorpacha ;

Athbhreithniú ar an Treoir ón gComhairle maidir le cearta toghcháin shaoránaigh taistil an Aontais i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa;

Athbhreithniú ar an Treoir ón gComhairle maidir le cearta toghcháin shaoránaigh shoghluaiste an Aontais i dtoghcháin bhardasacha;

tá sé ar intinn aige tograí a chur síos maidir leis an méid seo a leanas:

Tuarascáil ar Shaoránacht 2023;

Am agus acmhainní a chur i dtoll a chéile chun painéil saoránach a eagrú d’fhonn díriú go domhain ar líon áirithe príomhthéamaí agus cabhrú le tacair de phríomhthionscnaimh a ullmhú a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leo agus aiseolas a fháil ón uair a sheolfar an próiseas reachtach;

Próisis níos lú pléite nó comhchruthaithe/comhdheartha a eagrú, a reáchtáiltear ar scála níos lú, chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna beartais ar leith ar bhealach níos éifeachtaí agus níos tráthúla;

Cur chuige comhleanúnach agus fóinteach chun rannpháirtíocht na hóige i gceapadh beartas a áirithiú, cé go bhfuil siad rannpháirteach go córasach i bpainéil saoránach, sna próisis chomhchruthaitheacha is lú, agus trí aird ar leith a thabhairt ar thionchar na mbeartas atá beartaithe ar an nglúin óg;

Tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an tairseach ‘Cloisimis Uait’ chun go mbeidh sé níos éasca rochtain a fháil ar an mol ar líne a thugann le chéile an fhaisnéis uile faoi shásraí rannpháirtíochta na saoránach atá ag feidhmiú sa Choimisiún. Neartófar an t-ardán trí ghnéithe breithniúcháin ardán na Comhdhála agus feidhmeanna ábhartha eile ‘teicneolaíochta saoránach’ a chomhtháthú, lena n-áirítear imeachtaí rannpháirtíochta ar líne;

Idirghníomhaíochtaí ar líne agus as líne a fheabhsú a thuilleadh agus rannpháirtíocht na saoránach go háitiúil a chur chun cinn;

Faisnéis agus cumarsáid atá dírithe ar na saoránaigh a chomhtháthú le linn an phróisis déanta beartais, chun saoránacht ghníomhach agus rannpháirtíocht dhaonlathach a chothú – roimh na toghcháin Eorpacha san áireamh – de mheon na freagrachta comhroinnte idir institiúidí an Aontais, na Ballstáit ar gach leibhéal, agus an tsochaí shibhialta;

Teanga inrochtana a úsáid ina chumarsáid phoiblí go léir atá curtha in oiriúint do na bealaí agus na formáidí cumarsáide a úsáidtear i dtreo an lucht éisteachta/féachana éagsúla;

Córas nua a fhorbairt chun iarrataí ar rochtain ar dhoiciméid a chur isteach agus a láimhseáil, lena n-áirítear tairseach phoiblí do na saoránaigh;

Ionaid Europe Direct a fhorbairt tuilleadh mar mhoil teagmhála áitiúla san Aontas;

déanfaidh sé réimsí nua gníomhaíochta a mheas, amhail an méid seo a leanas:

Cuidiú le hacmhainneacht a fhorbairt i measc gníomhaithe náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla chun glúin nua idirphlé leis na saoránaigh dhíláraithe a sheoladh bunaithe ar chur chuige breithniúcháin;

Cairt Eorpach do Rannpháirtíocht na Saoránach a fhorbairt a bheidh dírithe orthu siúd uile a ghlacann páirt i ngníomhaíochtaí rannpháirtíochta saoránach nó a eagraíonn gníomhaíochtaí den sórt sin, ar cairt í lena gcuirtear chun cinn na prionsabail ghinearálta atá riachtanach chun go mbeidh rath ar rannpháirtíocht na saoránach;

Saoránacht Eorpach a dhéanamh níos inláimhsithe do shaoránaigh, lena n-áirítear trí na cearta a ghabhann léi a neartú agus trí fhaisnéis iontaofa a bhfuil teacht éasca uirthi a sholáthar;

Ábhar teagaisc ó thionscadail chomhoibritheacha Eorpacha a chur chun cinn maidir le ‘Cúinne Foghlama’ an Choimisiúin, agus ábhar teagaisc nua a fhorbairt a chuireann leis an tábhacht a bhaineann le saoránacht ghníomhach agus litearthacht sna meáin;

Trédhearcacht chinnteoireacht an Aontais a fheabhsú trí chead a thabhairt do bhreathnóirí na saoránach súil ghéar a choinneáil ar an bpróiseas cinnteoireachta. D’fhéadfadh na trí institiúid cuireadh a thabhairt d’ionadaithe den sórt sin chun breathnú ar phróisis chinnteoireachta idirinstitiúideacha an Aontais a bhaineann le hábhair spéise níos leithne, agus ar fhorbairtí ‘a chraoladh’ do shaoránaigh na hEorpa.



8. AN IMIRCE

Mar thoradh ar an gComhdháil rinneadh 5 thogra leathana maidir leis an imirce 8 :

41.Imirce dhleathach – Ról an Aontais maidir leis an imirce dhleathach a neartú:

42.Imirce neamhrialta – Neartú a dhéanamh ar ról an Aontais maidir le dul i ngleic le gach cineál imirce neamhrialta agus cosaint theorainneacha seachtracha an Aontais Eorpaigh a neartú, agus cearta an duine á n-urramú ag an am céanna;

43.Imirce neamhrialta (bis) – Comhrialacha a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach i ngach Ballstát maidir le glacadh imirceach den chéad uair;

44.Tearmann, lánpháirtiú – Ról an Aontais a neartú agus athchóiriú a dhéanamh ar chóras tearmainn na hEorpa bunaithe ar phrionsabail na dlúthpháirtíochta agus cion cothrom na freagrachta;

45.Tearmann, lánpháirtiú (bis) – Beartais lánpháirtíochta a fheabhsú i ngach Ballstát.

D’fhonn na tograí ón gComhdháil a thabhairt i gcrích, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

tá an méid seo a leanas curtha ar aghaidh aige cheana:

Rialacháin maidir le Gníomhaíocht Chomhtháthaithe do Dhídeanaithe san Eoraip;

An Treoir um Chosaint Shealadach a ghníomhachtú chun cabhrú le daoine atá ag teitheadh ó chogadh na Rúise in aghaidh na hÚcráine;

An Treoir maidir le Cárta Gorm maidir le coinníollacha iontrála agus cónaithe náisiúnach neamh-AE chun críche fostaíocht ardcháilíochtaí;

Rialachán maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach;

Comhpháirtíochtaí cuimsitheacha agus comhthairbheacha leis na príomhthíortha tionscnaimh agus idirthurais faoin gComhshocrú Eorpach maidir le hImirce agus Tearmann;

Plean gníomhaíochta athnuaite i gcoinne smuigleáil imirceach;

Clár Oibre Nua don Réigiún Meánmhuirí;

Rialachán maidir le Gníomhaireacht Tearmainn an Aontais;

An Plean Gníomhaíochta maidir le lánpháirtíocht agus le cuimsiú don tréimhse 2021-2027;

Straitéis maidir le todhchaí Schengen;

Straitéis an Aontais maidir le filleadh deonach agus athimeascadh;

Cumarsáid maidir le scileanna agus buanna a mhealladh chuig an Aontas Eorpach;

tá sé ag iarraidh ar Pharlaimint na hEorpa agus/nó ar an gComhairle an méid seo a leanas a ghlacadh gan mhoill:

An Comhshocrú Nua maidir le hImirce agus Tearmann;

An pacáiste Scileanna agus Tallainne – an Treoir um Chónaitheoirí Fadtéarmacha agus an Treoir um Chead Aonair;

Cód Teorainneacha Schengen;

Rialachán lena dtugtar aghaidh ar chásanna ionstraimíochta maidir le himirce agus tearmann;

An Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn leasaithe;

Athmhúnlú ar an Treoir maidir le Coinníollacha Glactha;

An Rialachán maidir le Tearmann agus Bainistiú Imirce;

Rialachán maidir le bearta i gcoinne oibreoirí iompair a éascaíonn gáinneáil ar dhaoine nó a dhéanann imircigh a smuigleáil;

tá sé ar intinn aige tograí a chur síos maidir leis an méid seo a leanas:

Feachtas múscailte feasachta ar fud an Aontais maidir leis an imirce;

Feachtas cumarsáide ilbhliantúil arb é is aidhm dó infheictheacht phróifíl scileanna an Aontais do náisiúnaigh tríú tír a mhéadú;

déanfaidh sé réimsí nua gníomhaíochta a mheas, amhail an méid seo a leanas:

Dul i ngleic le ganntanas fostaíochta agus saothair lena léirítear an comhthéacs geopholaitiúil;

Meastóireacht a dhéanamh ar an reachtaíocht frithgháinneála agus athbhreithniú a mholadh más gá;

Dlús a chur leis an obair maidir leis an gcéad fháiltiú.



9. AN tOIDEACHAS, AN CULTÚR, AN ÓIGE AGUS AN SPÓRT

Mar thoradh ar an gComhdháil, rinneadh 4 thogra leathana maidir leis an oideachas, an cultúr, an óige agus an spórt 9 :

46.Oideachas – Ba cheart don Aontas agus dá Bhallstáit féachaint le Limistéar Oideachais Eorpach cuimsitheach a bhunú faoi 2025 ina mbeidh rochtain chomhionann ag na saoránaigh uile ar oideachas ar ardchaighdeán agus ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil, lena n-áirítear iad siúd i gceantair thuaithe agus iargúlta;

47.Saincheisteanna Eorpacha i ndáil leis an óige – Ní mór don Aontas agus do na Ballstáit díriú ar riachtanais shonracha daoine óga i ngach beartas ábhartha, lena n-áirítear beartas réigiúnach an Aontais Eorpaigh d’fhonn na dálaí is fearr is féidir a thairiscint dóibh le haghaidh staidéir agus oibre agus le haghaidh tús a chur le saol neamhspleách, agus ag an am céanna iad a mhealladh sa saol daonlathach agus sna próisis chinnteoireachta, lena n-áirítear ar leibhéal na hEorpa. Tá ról ríthábhachtach le himirt ag eagraíochtaí don óige;

48.Cultúr agus malartuithe – D’fhonn cultúr malartaithe a chur chun cinn agus an fhéiniúlacht Eorpach agus an éagsúlacht Eorpach a chothú i réimsí éagsúla, ba cheart do na Ballstáit, le tacaíocht ón Aontas Eorpach, malartuithe Eorpacha a chur chun cinn i réimsí éagsúla, an t-ilteangachas a chur chun cinn, deiseanna a chruthú cultúir na hEorpa a roinnt, oidhreacht agus cultúr cultúrtha na hEorpa a chosaint, agus bearta a dhéanamh chun a áirithiú go dtugtar cosaint leordhóthanach do ghairmithe cultúrtha ar leibhéal an Aontais;

49.An Spórt – Tá an spórt ríthábhachtach dár sochaithe – d’fhonn ár luachanna a chosaint, stíl shláintiúil mhaireachtála a áirithiú agus dul in aois, cultúr malartuithe a chur chun cinn agus éagsúlacht oidhreacht na hEorpa a cheiliúradh.

D’fhonn na tograí ón gComhdháil a thabhairt i gcrích, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

tá an méid seo a leanas curtha ar aghaidh aige cheana:

Teachtaireacht maidir le Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach faoi 2025;

Straitéis Eorpach maidir le hollscoileanna;

Moladh maidir le naisc a fhorbairt le haghaidh comhar éifeachtach san Eoraip maidir leis an ardoideachas, lena leagtar amach gníomhaíocht chun tuilleadh staidéar trasteorann agus comhar a éascú faoi lár na bliana 2024, amhail céimeanna comhpháirteacha bunaithe ar chritéir Eorpacha chomhchruthaithe;

An Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach (2021-2027);

Moladh maidir le gairmoideachas agus gairmoiliúint;

Tairseach an Limistéir Oideachais Eorpaigh chun córais oideachais agus oiliúna atá níos athléimní agus níos cuimsithí a fhorbairt;

Moladh maidir le micridhintiúir;

Bearta chun feabhas a chur ar shineirgíochtaí idir EURES agus Europass, méadú ar bhonn comhaltaí/comhpháirtithe in EURES, malartú iomlán CVanna agus folúntas agus meaitseáil uathoibrithe;

Malartuithe idir múinteoirí (eTwinning, Tairseach Oideachais Scoile, an tArdán Eorpach um Oideachas Scoile);

An Chomhghuaillíocht ‘Oideachas ar mhaithe leis an Aeráid’;

Moladh maidir le foghlaim chumaisc d’oideachas bunscoile agus meánscoile atá cuimsitheach agus ar ardchaighdeán;

Bliain Eorpach na hÓige 2022;

Moladh maidir le saorálaíocht don aos óg, lena n-éascófar obair dheonach thrasnáisiúnta don aos óg faoin gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach;

Straitéis an Aontais maidir le Cearta an Linbh;

Meastóireacht ar an Moladh maidir le córais ardcháilíochta oideachais agus cúraim luath-óige;

An tSeachtain Eorpach Spóirt Bhliantúil, feachtais BeActive agus BeInclusive;

An feachtas HealthyLifestyle4All a bhfuil sé d’aidhm aige spórt agus stíleanna maireachtála gníomhacha a nascadh le beartais sláinte, bia agus beartais eile agus údaráis phoiblí agus an ghluaiseacht spóirt a spreagadh chun páirt a ghlacadh sa tionscnamh trína ngealltanais féin;

Moladh maidir le spás coiteann Eorpach sonraí don oidhreacht chultúrtha;

Scéim piarfhoghlama maidir leis an oidhreacht chultúrtha do chathracha agus do réigiúin;

‘Voices of Culture’, idirphlé struchtúrtha le hearnáil an chultúir;

Moladh maidir le foghlaim don aistriú glas agus don fhorbairt inbhuanaithe;

Sainghrúpa um fholláine ar scoil a chur ar bun;

tá sé ar intinn aige tograí a chur síos maidir leis an méid seo a leanas:

Moladh do na Conairí chun Scoile, ina ndírítear ar thacaíocht a thabhairt do dhaltaí scoile a bhfuil fadhbanna acu scileanna bunúsacha a shealbhú, ar theastas fágála meánscoile, agus ar sciar na ndaoine óga a d’fhág an scoil roimh am a bhaint anuas;

Athbhreithniú ar an scéim torthaí, glasraí agus bainne do scoileanna atá ag an Aontas Eorpach;

Feachtas chun feasacht a ardú chun staidéar a dhéanamh ar ábhair eolaíochta;

Feachtas cumarsáide ilbhliantúil arb é is aidhm dó infheictheacht EURES a mhéadú;

An creat soghluaisteachta foghlama a thabhairt cothrom le dáta;

déanfaidh sé réimsí nua gníomhaíochta a mheas, amhail an méid seo a leanas:

Feabhas breise ar ardán faisnéise chun faisnéis a bhaineann leis an oideachas a mhalartú agus a chomhthiomsú.

(1)

 Tá 57 mbeart sonracha san iomlán sna 6 thogra.

(2)

Tá 24 bheart ar leith san iomlán sna 4 thogra

(3)

Tá 61 beart ar leith san iomlán sna 6 thogra.

(4)

Tá 42 bheart ar leith san iomlán sna 8 dtogra.

(5)

Tá 24 bheart ar leith san iomlán sna 6 thogra.

(6)

Tá 40 beart ar leith san iomlán sna 5 thogra.

(7)

Tá 35 bheart ar leith san iomlán sna 5 thogra.

(8)

Tá 16 bheart ar leith san iomlán sna 5 thogra.

(9)

Tá 24 bheart ar leith san iomlán sna 4 thogra.