Ní mór do Bhallstáit AE a áirithiú go mbeidh suíomhanna gréasáin agus feidhmchláir mhóibíleacha comhlachtaí san earnáil phoiblí “níos inrochtana”, go háirithe do dhaoine faoi mhíchumas, trína ndéanamh “inbhraite, inoibrithe, intuisceana agus láidir”. Tá an caighdeán inrochtaineachta leagtha amach sa chaighdeán Eorpach comhchuibhithe EN 301 549 v3.2.1 (2021-03). Tá na codanna den chaighdeán sin a bhaineann leis an treoir seo liostaithe in Iarscríbhinn A den chaighdeán.
Ní mór do chomhlachtaí san earnáil phoiblí ráiteas mionsonraithe, cuimsitheach agus soiléir maidir le hinrochtaineacht a sholáthar ar bhonn rialta maidir le conas a chloíonn a suíomhanna gréasáin agus a bhfeidhmchláir mhóibíleacha leis an treoir seo, lena n–áirítear:
Bunaítear le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1523, gníomh cur chun feidhme arna ghlacadh ag an gCoimisiún Eorpach, samhail–ráiteas inrochtaineachta.
Ní mór do na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh freisin:
Is féidir leis na Ballstáit reachtaíocht a choimeád nó a achtú a théann níos faide ná íoscheanglais na treorach seo.
Níl feidhm ag an treoir seo maidir le craoltóirí na seirbhíse poiblí ná eagraíochtaí neamhrialtasacha nach soláthraíonn seirbhísí atá ríthábhachtach don phobal nó go sainiúil do dhaoine faoi mhíchumas. Sa bhreis air sin, níl sí infheidhme maidir leis na gnéithe inneachair seo a leanas:
Is féidir leis na Ballstáit suíomhanna gréasáin agus feidhmchláir mhóibíleacha de chuid scoileanna, naíscoileanna agus naíolann a eisiamh, ach amháin inneachar a bhaineann le feidhmeanna riaracháin ar líne atá ríthábhachtach.
Ní mór do na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh agus an mhodheolaíocht á húsáid arna glacadh ag an gCoimisiún ar an . Cuimsítear an méid seo a leanas sa mhodheolaíocht, a bunaíodh le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1524:
Faoin , agus gach trí bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil ina gcuirfear torthaí an fhaireacháin i láthair mar aon le faisnéis maidir le húsáid an nós imeachta forfheidhmithe faoi bhráid an Choimisiúin agus foilseoidh siad í. Clúdófar na nithe seo a leanas leis an gcéad tuarascáil:
Cuirfear inneachar na dtuarascálacha uile ar fáil don phobal i bhformáid inrochtana. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur i bhfeidhm na treorach roimh an .
Tá feidhm léi ón agus b’éigean dlí a dhéanamh di sna Ballstáit faoin . Ní mór do na Ballstáit na bearta sin a chur i bhfeidhm mar a leanas:
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le hinrochtaineacht suíomhanna gréasáin agus feidhmchláir móibíleach de chuid comhlachtaí san earnáil phoiblí (IO L 327, , lgh. 1-15)
nuashonrú is deireanaí