Conclúidí ón gComhairle lena n-iarrtar Aitheantóir Reachtaíochta Eorpach (ELI) a thabhairt isteach
Tá reachtaíocht ar fáil go forleathan ar líne agus is féidir í a rochtain i bhformáidí digiteacha éagsúla. Mar sin féin, tá difear sa dóigh ina ndéantar faisnéis dhlíthiúil a eagrú agus a rangú i gcórais éagsúla dlí. Téitear i ngleic leis an gceist sin sna conclúidí tríd an Aitheantóir Reachtaíochta Eorpach (ELI) a fhormhuiniú, tionscnamh lena áirithiú go bhfaighidh saoránaigh agus gairmithe dlíthiúla rochtain fheabhsaithe ar an bhfaisnéis ar reachtaíocht, bíodh sé ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach nó ar leibhéal AE.
Leis an ELI tá sé níos éasca an fhaisnéis sin a rochtain agus a chomhroinnt, agus dá réir sin cuirtear le limistéar saoirse, slándála agus ceartais AE.
Iarrtar sna conclúidí ar thíortha AE an córas ELI a ghlacadh, ionas go gcuirfear síos ar fhaisnéis ar reachtaíocht AE agus ar an reachtaíocht náisiúnta ar bhealach comhchuibhithe ar fud na gcóras reachtaíochta. Cuirfear feabhas leis sin ar aimsiú, rochtain agus athúsáid na faisnéise faoi reachtaíocht do shaoránaigh agus d’úsáideoirí gairmiúla.
Tá ELI bunaithe ar:
Forbraíodh an córas ELI chun cumarsáid dhlíthiúil a chaighdeánú chun idirmhalartú a chur chun cinn agus chun feabhas a chur ar idir-inoibritheacht idir córais faisnéise dlíthiúla ar leibhéal AE nó ar an leibhéal náisiúnta, agus sainiúlacht chóras dlí agus reachtach gach tíre á coimeád.
Tá tabhairt isteach ELI roghnach, deonach agus de réir a chéile. Chun ELI a ghlacadh ba cheart d’fhoilsitheoirí reachtaíochta an méid seo a leanas a dhéanamh:
Iarrtar ar fheidhmeoirí ELI comhordaitheoir náisiúnta ELI a cheapadh agus faisnéis faoina gcur i bhfeidhm ELI faoi seach a chomhroinnt. Ní mór an fhaisnéis sin a chur ar fáil go poiblí ar an suíomh gréasáin ELI atá óstáilte ar thairseach EUR-Lex: http://eurlex.europa.eu/eli.
I mí na Samhna 2017, ghlac an Chomhairle sraith úr conclúidí ar an ELI ag forbairt ar chonclúidí 2012.
Cuirtear tuarascáil dul chun cinn ar fáil sna conclúidí sin maidir le tionscnamh ELI:
Iarrtar sna conclúidí ar mheitheal oibre na Comhairle ar an ríomhdhlí, sraith beart a dhéanamh a bheidh dírithe ar an gcóras ELI a chur chun cinn agus iarrtar go áirithe ar:
Cuimsítear na príomhghnéithe faisnéise agus tagairtí in iarscríbhinn:
Le haghaidh breis faisnéise, féach:
Conclúidí ón gComhairle lena n-iarrtar Aitheantóir Reachtaíochta Eorpach (ELI) a thabhairt isteach (IO C 325, , lgh. 3–11)
nuashonrú is deireanaí