ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 244

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

Imleabhar 63
29 Iúil 2020


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2020/1108 ón gComhairle an 20 Iúil 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2454 a mhéid a bhaineann leis na dátaí cur i bhfeidhm mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19

1

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2020/1109 ón gComhairle an 20 Iúil 2020 lena leasaítear Treoracha (AE) 2017/2455 agus (AE) 2019/1995 a mhéid a bhaineann leis na dátaí trasuí agus na dátaí cur i bhfeidhm mar fheagairt ar phaindéim COVID-19

3

 

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

 

 

COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

 

*

Cinneadh (AE) 2020/... ón gComhairle an 23 Eanáir 2018 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe maidir le hAeriompar idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Stáit Aontaithe Mheiriceá, den pháirt eile

6

 

*

Cinneadh (AE) 2020/1111 ón gComhairle an 20 Iúil 2020 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne i dtaca le comhar i leith na dtásc geografach agus a gcosaint

8

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1112 ón gComhairle an 20 Iúil 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2026 a mhéid a bhaineann leis na dátaí cur i bhfeidhm mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19

9

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2020/1113 ón gComhairle an 20 Iúil 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh faoi chuimsiú Choiste CCE arna bhunú leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche eatramhach idir Gána, de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, maidir le Rialacha Nós Imeachta Choiste CCE a ghlacadh

11

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1114 ón gComhairle an 23 Iúil 2020 lena bhformheastar leasuithe ar Rialacha Nós Imeachta Eurojust

13

 

*

Cinneadh (AE) 2020/1115 ón gComhairle an 24 Iúil 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh den Chomhchoiste arna bhunú leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus Rialtas na Danmhairge agus Rialtas Baile Oileáin Fharó, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le glacadh leasuithe ar Phrótacail 1 agus 4 a ghabhann leis an gComhaontú

16

 

*

Cinneadh (AE) 2020/1116 ón gComhairle an 24 Iúil 2020 lena gceaptar comhalta den Chúirt Iniúchóirí

17

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1117 ón gComhairle an 27 Iúil 2020 lena gceaptar Ionchúisitheoirí Eorpacha Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh

18

GA

Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo.

Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu.


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

29.7.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 244/1


RIALACHÁN (AE) 2020/1108 ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Iúil 2020

lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2454 a mhéid a bhaineann leis na dátaí cur i bhfeidhm mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 113 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos le Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 ón gComhairle (3) rialacha maidir le malartú agus stóráil faisnéise ag na Ballstáit chun na scéimeanna speisialta dá bhforáiltear i gCaibidil 6 de Theideal XII de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle (4) a bhunú.

(2)

Le Rialachán (AE) 2017/2454 ón gComhairle (5), déantar na forálacha sin a leasú chun raon feidhme na scéimeanna speisialta sin a leathnú agus chun scéim nua a thabhairt isteach. Tá na leasuithe sin le cur i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2021.

(3)

An 30 Eanáir 2020, dhearbhaigh an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) gur éigeandáil sláinte poiblí arb ábhar imní ar leibhéal idirnáisiúnta í ráig COVID-19. An 11 Márta 2020, dhearbhaigh EDS gur paindéim ráig COVID-19. Chuaigh paindéim COVID-19 i bhfeidhm ar Bhallstáit uile an Aontais. De bharr an mhéadaithe scáfair ar an líon cásanna agus an easpa modhanna éifeachtacha atá ar fáil láithreach chun dul i ngleic le paindéim COVID-19, tá staid éigeandála náisiúnta fógartha ag roinnt mhaith Ballstát.

(4)

Éigeandáil nach raibh coinne léi agus atá gan fasach atá i bpaindéim COVID-19, ráig atá ag imirt tionchar tromchúiseach ar na Ballstáit ar fad agus a fhágann go bhfuil orthu gníomhú láithreach ar an leibhéal náisiúnta chun déileáil mar thosaíocht leis an ngéarchéim atá ar siúl trí acmhainní a cuireadh i leataobh do shaincheisteanna eile a athleithdháileadh. Mar thoradh ar an ngéarchéim seo, tá deacrachtaí ag roinnt Ballstát le críochnú na gcóras TF atá riachtanach chun na rialacha a leagtar síos le Rialachán (AE) 2017/2454 a chur i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2021 i leith. Dá bhrí sin, d’iarr roinnt Ballstát go gcuirfí siar dátaí cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2017/2454.

(5)

Agus na dúshláin atá le sárú ag na Ballstáit chun dul i ngleic le géarchéim COVID-19 á gcur san áireamh, chomh maith lena chur san áireamh go bhfuil na forálacha nua bunaithe ar an bprionsabal go gcaithfidh na Ballstáit ar fad na córais TF atá acu a thabhairt cothrom le dáta chun go mbeidh siad in ann na forálacha a leagtar síos le Rialachán (AE) 2017/2454 a chur i bhfeidhm, ionas go n-áiritheofar bailiú agus tarchur faisnéise agus íocaíochtaí faoi na scéimeanna modhnaithe, tá sé riachtanach dátaí cur i bhfeidhm an Rialacháin sin a chur siar sé mhí. Is iomchuí iad a chur siar sé mhí, toisc gur ceart an mhoill a choinneáil chomh gairid agus is féidir ar mhaithe le caillteanais bhuiséadacha bhreise do na Ballstáit a íoslaghdú.

(6)

I bhfianaise thionchar suntasach an tsuaite eacnamaíoch agus deacrachtaí breise a d’fhéadfadh teacht as paindéim COVID-19, agus chun tacú le cur i bhfeidhm ceart tráthúil na rialacha nua ríomhthráchtála CBL, d’fhéadfadh an Coimisiún oibriú i ndlúthchomhar leis na Ballstáit lena mbaineann chun faireachán a dhéanamh ar oiriúnú na gcóras náisiúnta TF agus chun cúnamh teicniúil a chur ar fáil nuair is gá sin.

(7)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2017/2454 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) 2017/2454 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1, leasaítear pointe (7) mar a leanas:

(a)

i bpointe (a), cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad cheannteideal Roinn 2:

Forálacha is infheidhme ón 1 Eanáir 2015 go dtí an 30 Meitheamh 202 1 ”;

(b)

leasaítear pointe (b) mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad cheannteideal Roinn 3:

Forálacha is infheidhme ón 1 Iúil 202 1 ”;

(ii)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 47a:

Airteagal 47a

Beidh feidhm ag forálacha na Roinne seo ón 1 Iúil 2021.”;

(2)

in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:

“Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2021.”

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Iúil 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  Tuairim an 10 Iúil 2020 [nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil]

(2)  Tuairim an 10 Meitheamh 2020 [nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil].

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2010 maidir le comhar riaracháin agus maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise i réimse na cánach breisluacha (IO L 268, 12.10.2010, lch. 1).

(4)  Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) 2017/2454 ón gComhairle an 5 Nollaig 2017 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 maidir le comhar riaracháin agus calaois i réimse na cánach breisluacha a chomhrac (IO L 348, 29.12.2017, lch. 1).


CINNTÍ

29.7.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 244/3


CINNEADH (AE) 2020/1109 ÓN GCOMHAIRLE

an 20 Iúil 2020

lena leasaítear Treoracha (AE) 2017/2455 agus (AE) 2019/1995 a mhéid a bhaineann leis na dátaí trasuí agus na dátaí cur i bhfeidhm mar fheagairt ar phaindéim COVID-19

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 113 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leasaíodh Treoir 2006/112/CE ón gComhairle (3) le Treoracha (AE) 2017/2455 (4) agus (AE) 2019/1995 (5) ón gComhairle chun creat dlíthiúil maidir leis an gcáin bhreisluacha (CBL) a nuachóiriú i gcás na ríomhthráchtála trasteorann gnólacht le tomhaltóir. Tá formhór na bhforálacha nua sin le cur i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2021.

(2)

An 30 Eanáir 2020, dhearbhaigh an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) gur éigeandáil sláinte poiblí arb ábhar imní ar leibhéal idirnáisiúnta í ráig COVID-19. An 11 Márta 2020, dhearbhaigh EDS gur paindéim í ráig COVID-19. Chuaigh paindéim COVID-19 i bhfeidhm ar Bhallstáit uile an Aontais. De bharr an mhéadaithe scáfair ar an líon cásanna agus an easpa modhanna éifeachtacha atá ar fáil láithreach chun dul i ngleic le paindéim COVID-19, tá staid éigeandála náisiúnta fógartha ag roinnt mhaith Ballstát.

(3)

Éigeandáil gan choinne agus gan fasach atá i bpaindéim COVID-19, paindéim atá ag imirt tionchar tromchúiseach ar na Ballstáit ar fad agus a fhágann go bhfuil orthu gníomhú láithreach ar an leibhéal náisiúnta chun dul i ngleic mar thosaíocht leis an ngéarchéim atá ar siúl trí acmhainní a cuireadh i leataobh do shaincheisteanna eile a athleithdháileadh. Mar thoradh ar an ngéarchéim seo, tá deacrachtaí ag roinnt Ballstát an fhorbairt a chríochnú faoin 31 Nollaig 2020, ar na córais TF atá riachtanach le haghaidh chur i bhfeidhm na rialacha a leagtar síos le Treoir (AE) 2017/2455 agus Treoir (AE) 2019/1995 agus na rialacha sin a chur i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2021 i leith. Dá bhrí sin, d’iarr roinnt Ballstát chomh maith le hoibreoirí poist agus cúiréara go gcuirfí siar dátaí cur i bhfeidhm Threoir (AE) 2017/2455 agus Threoir (AE) 2019/1995 araon.

(4)

Agus na dúshláin atá le sárú ag na Ballstáit chun dul i ngleic le géarchéim COVID-19 á gcur san áireamh, chomh maith lena chur san áireamh go bhfuil na forálacha nua bunaithe ar an bprionsabal go gcaithfidh na Ballstáit ar fad na córais TF atá acu a thabhairt cothrom le dáta chun go mbeidh siad in ann na rialacha a leagtar síos le Treoracha (AE) 2017/2455 agus (AE) 2019/1995 a chur i bhfeidhm, agus a áirithiú go ndeántar faisnéise agus íocaíochtaí faoi na scéimeanna modhnaithe a bhailiú agus a tharchur, tá sé riachtanach dátaí trasuí agus dátaí cur i bhfeidhm na dTreoracha sin a chur siar 6 mhí. Is iomchuí iad a chur siar 6 mhí, mar gur ceart an mhoill a choinneáil chomh gairid agus is féidir chun caillteanais bhuiséadacha bhreise do na Ballstáit a íoslaghdú.

(5)

I bhfianaise thionchar suntasach an tsuaite eacnamaíoch agus deacrachtaí breise a d’fhéadfadh teacht as paindéim COVID-19, agus chun tacú le cur i bhfeidhm ceart tráthúil na rialacha nua ríomhthráchtála CBL, d’fhéadfadh an Coimisiún oibriú i ndlúthchomhar leis na Ballstáit lena mbaineann chun faireachán a dhéanamh ar oiriúnú na gcóras náisiúnta TF agus chun cúnamh teicniúil a chur ar fáil nuair is gá sin.

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir (AE) 2017/2455 agus Treoir (AE) 2019/1995 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir (AE) 2017/2455

Leasaítear Treoir (AE) 2017/2455 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheannteidil:

Leasuithe ar Threoir 2006/112/CE le héifeacht ón 1 Iúil 2021 ”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití:

“Le héifeacht ón 1 Iúil 2021, leasaítear Treoir 2006/112/CE mar seo a leanas:”;

(2)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

“Airteagal 3

Leasú ar Threoir 2009/132/CE

Le héifeacht ón 1 Iúil 2021, scriostar Teideal IV de Threoir 2009/132/CE.”;

(3)

in Airteagal 4, leasaítear mír 1 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun Airteagail 2 agus 3 den Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 30 Meitheamh 2021. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl láithreach don Choimisiún.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheathrú fomhír:

“Cuirfidh siad i bhfeidhm na bearta is gá chun Airteagail 2 agus 3 den Treoir seo a chomhlíonadh ón 1 Iúil 2021.”.

Airteagal 2

Leasuithe ar Threoir (AE) 2019/1995

In Airteagal 2(1) de Threoir (AE) 2019/1995, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre agus an dara fomhír:

“Na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 30 Meitheamh 2021 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl láithreach don Choimisiún.

Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm ón 1 Iúil 2021.”.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Iúil 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  Tuairim an 10 Iúil 2020 [nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil].

(2)  Tuairim an 10 Meitheamh 2020 [nár foilsíódh fós san Iris Oifigiúil].

(3)  Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1).

(4)  Treoir (AE) 2017/2455 ón gComhairle an 5 Nollaig 2017 lena leasaítear Treoir 2006/112/CE agus Treoir 2009/132/CE a mhéid a bhaineann le hoibleagáidí áirithe i ndáil le cáin bhreisluacha i gcás soláthairtí seirbhísí agus ciandíolacháin earraí. (IO L 348, 29.12.2017, lch. 7).

(5)  Treoir (AE) 2019/1995 ón gComhairle an 21 Samhain 2019 lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le forálacha i ndáil le ciandíolachán earraí agus soláthairtí baile áirithe earraí (IO L 310, 2.12.2019, lch. 1).


II Gníomhartha neamhreachtacha

COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

29.7.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 244/6


CINNEADH (AE) 2020/... ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Eanáir 2018

maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe maidir le hAeriompar idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Stáit Aontaithe Mheiriceá, den pháirt eile

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2), i gcomhar le pointe (a) den dara fomhír d’Airteagal 218(6) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh agus na mBallstát, tá an Comhaontú maidir le hAeriompar idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Stáit Aontaithe Mheiriceá, den pháirt eile (“an Comhaontú”) caibidlithe ag an gCoimisiún i gcomhréir leis an gCinneadh ón gComhairle lenar údaraíodh don Choimisiún tús a chur le caibidlíochtaí.

(2)

Síníodh an Comhaontú an 25 agus an 30 Aibreán 2007 agus tá sé á chur i bhfeidhm go sealadach ón 30 Márta 2008.

(3)

Tá an Comhaontú daingnithe ag gach Ballstát. Tá sé beartaithe go n-aontóidh an Chróit don Chomhaontú i gcomhréir le hAirteagal 6(2) den Ionstraim Aontachais atá i gceangal le Conradh Aontachais an 5 Nollaig 2011.

(4)

Ba cheart an Comhaontú a fhormheas.

(5)

Ba cheart an seasamh a bheidh le glacadh, thar ceann an Aontais, sa Chomhchoiste arna chur ar bun de bhun Airteagal 18 den Chomhaontú maidir le hábhair a thagann faoi inniúlacht an Aontais, a bhunú de réir an cháis i gcomhréir le forálacha infheidhme an Chonartha.

(6)

Ós rud é go bhfuil an tAontas agus a Bhallstáit ina bpáirtithe sa Chomhaontú le chéile, tá sé riachtanach go mbeadh dlúthchomhar eatarthu. D’fhonn an dlúthchomhar sin agus aontacht na hionadaíochta seachtraí sa Chomhchoiste a áirithiú, agus gan dochar do na Conarthaí, go háirithe d’Airteagal 16(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus d’Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ba cheart na cinntí atá le glacadh, thar ceann an Aontais agus na mBallstát, laistigh den Chomhchoiste maidir le hábhair a thagann faoi inniúlacht an Aontais a chomhordú roimh aon chruinniú den Chomhchoiste ag a ndéileálfar leis an ábhar sin.

(7)

In Airteagail 3 go 6 de Chinneadh 2007/339/CE ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle (2), agus in Airteagail 2, 3 agus 4 de Chinneadh 2010/465/AE ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle (3), tá forálacha maidir le cinnteoireacht ag an gComhairle i ndáil le hábhair éagsúla a leagtar amach sa Chomhaontú, mar a leasaítear é leis an bPrótacal chun an Comhaontú maidir le hAeriompar idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, a síníodh an 25 agus an 30 Aibreán 2007, a leasú agus i ndáil le bunú na seasamh atá le glacadh laistigh den Chomhchoiste agus maidir le hoibleagáidí faisnéise na mBallstát, le linn chur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe. Ós rud é nach bhfuil gá a thuilleadh le forálacha cinnteoireachta na Comhairle, a leagtar amach sna Conarthaí, ná leis na forálacha maidir le hoibleagáidí faisnéise na mBallstát, ba cheart dóibh scoireadh d’fheidhm a bheith acu ar dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo. Tar éis bhreithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 28 Aibreán 2015 i gCás C-28/12 (4), is iomchuí go scoirfeadh na forálacha maidir le seasaimh a bhunú atá le glacadh laistigh den Chomhchoiste d’fheidhm a bheith acu freisin ar dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Leis seo, déantar an Comhaontú maidir le hAeriompar idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Stáit Aontaithe Mheiriceá, den pháirt eile, a fhormheas thar ceann an Aontais Eorpaigh. (5)

2.   Ainmneoidh Uachtarán na Comhairle an duine (nó na daoine) a chumhachtófar, thar ceann an Aontais, chun an ionstraim formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 26 den Chomhaontú a thaisceadh agus tabharfaidh sé an fógra seo a leanas:

“Mar thoradh ar theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin an 1 Nollaig 2009, tháinig an tAontas Eorpach in ionad an Chomhphobal Eorpaigh agus i gcomharbas air agus ón dáta sin amach feidhmíonn sé cearta uile agus gabhann sé chuige oibleagáidí uile an Chomhphobail Eorpaigh. Dá bhrí sin, léitear tagairtí don ‘Comhphobal Eorpach’ i dtéacs an Chomhaontaithe, i gcás inarb iomchuí, mar ‘an tAontas Eorpach’.”.

Airteagal 2

Scoirfidh Airteagail 3 go 6 de Chinneadh 2007/339/CE agus Airteagail 2, 3 agus 4 de Chinneadh 2010/465/AE d’fheidhm a bheith acu an 23 Eanáir 2018.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Eanáir 2018.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. KLOECKNER


(1)  Toiliú an 12 Nollaig 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Cinneadh 2007/339/CE ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, an 25 Aibreán 2007 maidir le síniú agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe maidir le hAeriompar idir an Comhphobal Eorpach, ar thaobh amháin agus Stáit Aontaithe Mheiriceá, ar an taobh eile (IO L 134, 25.5.2007, lch. 1).

(3)  Cinneadh 2010/465/AE ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, an 24 Meitheamh 2010 maidir le síniú agus cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail chun an Comhaontú maidir le hAeriompar idir Stáit Aontaithe Mheiriceá, de pháirt, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, a leasú (IO L 223, 25.8.2010, lch. 1).

(4)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 28 Aibreán 2015, an Coimisiún Eorpach v Comhairle an Aontais Eorpaigh, C-28/12, ECLI:EU:C:2015:282.

(5)  Foilsíodh an Comhaontú in IO L 134, 25.5.2007, lch. 4, mar aon leis an gcinneadh maidir le síniú. Foilsíodh an Prótacal chun an Comhaontú Aeriompair idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit a leasú, a síníodh an 25 agus an 30 Aibreán 2007, in IO L 223, 25.8.2010, lch. 3, mar aon leis an gcinneadh maidir le síniú.


29.7.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 244/8


CINNEADH (AE) 2020/1111 ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Iúil 2020

maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne i dtaca le comhar i leith na dtásc geografach agus a gcosaint

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) de, i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 10 Meán Fómhair 2010, thug an Chomhairle údarú don Choimisiún chun tús a chur le caibidlíochtaí le Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne le haghaidh Comhaontú maidir le comhar i dtaca le tásca geografacha agus a gcosaint. Tugadh na caibidlíochtaí i gcrích go rathúil trí inisealacha a chur leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne i dtaca le comhar i leith na dtásc geografach agus a gcosaint (“an Comhaontú”).

(2)

Féachann an Comhaontú leis an leibhéal is airde cosanta is féidir a fháil le haghaidh na dtásc geografach agus ionstraimí a sholáthar chun cosc a chur ar chleachtais mheabhlacha agus ar úsáid éagórach na dtásc geografach.

(3)

Ba cheart an Comhaontú a shíniú thar ceann an Aontais, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, déantar síniú an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne i dtaca le comhar maidir le tásca geografacha agus maidir lena gcosaint, a údarú thar ceann an Aontais, faoi réir thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe sin (1).

Airteagal 2

Údaraítear leis seo d’Uachtarán na Comhairle an duine nó na daoine a ainmniú atá cumhachtaithe chun an Comhaontú a shíniú thar ceann an Aontais.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an dáta a nglacfar é.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Iúil 2020

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. KLOECKNER


(1)  Foilseofar téacs an Chomhaontaithe in éineacht leis an gcinneadh maidir lena thabhairt i gcrích.


RIALACHÁIN

29.7.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 244/9


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2020/1112 ÓN GCOMHAIRLE

an 20 Iúil 2020

lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2026 a mhéid a bhaineann leis na dátaí cur i bhfeidhm mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (1), agus go háirithe Airteagal 397 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 ón gComhairle (2) forálacha mionsonraithe maidir leis na scéimeanna speisialta do dhaoine inchánach a sholáthraíonn seirbhísí áirithe do dhaoine neamh-inchánach.

(2)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2026 ón gComhairle (3) déantar na forálacha sin a leasú chun raon feidhme na scéimeanna speisialta atá ann cheana a leathnú agus chun scéim nua a thabhairt isteach d’fhonn creat reachtaíocht an Aontais maidir leis an gcáin bhreisluacha (CBL) a nuachóiriú i gcás na ríomhthráchtála trasteorann gnólacht le tomhaltóir (B2C). Tá na leasuithe sin le cur i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2021.

(3)

An 30 Eanáir 2020, dhearbhaigh an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) gur éigeandáil sláinte poiblí arb ábhar imní ar leibhéal idirnáisiúnta í ráig COVID-19. An 11 Márta 2020, dhearbhaigh EDS gur paindéim í ráig COVID-19. Chuaigh paindéim COVID-19 i bhfeidhm ar Bhallstáit uile an Aontais. De bharr an mhéadaithe scáfair ar an líon cásanna agus an easpa modhanna éifeachtacha atá ar fáil láithreach chun dul i ngleic le paindéim COVID-19, tá staid éigeandála náisiúnta fógartha ag roinnt mhaith Ballstát.

(4)

Éigeandáil nach raibh coinne léi agus nach bhfacthas a leithéid cheana atá i bpaindéim COVID-19, ráig atá ag imirt tionchar tromchúiseach ar na Ballstáit ar fad agus a fhágann go bhfuil orthu gníomhú láithreach ar an leibhéal náisiúnta chun déileáil mar thosaíocht leis an ngéarchéim atá ar siúl trí acmhainní a cuireadh i leataobh do shaincheisteanna eile a athleithdháileadh. Mar thoradh ar an ngéarchéim seo, beidh deacrachtaí ag roinnt Ballstát an fhorbairt a chríochnú ar na córais TF atá riachtanach le haghaidh chur i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2026 ón 1 Eanáir 2021. Dá bhrí sin, d’iarr roinnt Ballstát chomh maith le hoibreoirí poist agus cúiréara go gcuirfí siar dátaí chur i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2026.

(5)

Agus na dúshláin atá le sárú ag na Ballstáit chun dul i ngleic le géarchéim COVID-19 á gcur san áireamh, chomh maith lena chur san áireamh go bhfuil na forálacha nua bunaithe ar an bprionsabal go gcaithfidh na Ballstáit ar fad na córais TF atá acu a thabhairt cothrom le dáta chun go mbeidh siad in ann Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2026 a chur i bhfeidhm, agus a áirithiú go ndeántar faisnéise agus íocaíochtaí faoi na scéimeanna modhnaithe a bhailiú agus a tharchur, tá sé riachtanach dátaí chur i bhfeidhm an Rialachán Cur Chun Feidhme sin a chur siar 6 mhí. Is iomchuí iad a chur siar 6 mhí, toisc gur ceart an mhoill a choinneáil chomh gairid agus is féidir chun caillteanais bhuiséadacha bhreise do Bhallstáit a íoslaghdú.

(6)

I bhfianaise thionchar suntasach an tsuaite eacnamaíoch agus deacrachtaí breise a d’fhéadfadh teacht as paindéim COVID-19, agus chun tacú le cur i bhfeidhm ceart tráthúil na rialacha nua ríomhthráchtála CBL, d’fhéadfadh an Coimisiún oibriú i ndlúthchomhar leis na Ballstáit lena mbaineann chun faireachán a dhéanamh ar oiriúnú na gcóras náisiúnta TF agus chun cúnamh teicniúil a chur ar fáil nuair is gá sin.

(7)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2026 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) 2019/2026 mar a leanas:

(1)

i bpointe (5) d’Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 nua d’Airteagal 61 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011:

“1.   Na figiúirí atá i dtuairisceán CBL a bhaineann le tréimhsí suas go dtí an dara tréimhse thuairisceáin in 2021, an tréimhse sin san áireamh, ní dhéanfar aon athrú orthu tar éis don tuairisceán CBL sin a bheith curtha isteach ach amháin trí leasuithe ar an tuairisceán céanna, agus ní dhéanfar athruithe orthu trí choigeartuithe ar thuairisceán ina dhiaidh sin.

Na figiúirí a bheidh i dtuairisceán CBL a bhaineann le tréimhsí ón tríú tréimhse thuairisceáin in 2021 ar aghaidh, ní dhéanfar aon athrú orthu tar éis don tuairisceán CBL sin a bheith curtha isteach ach amháin trí choigeartuithe ar thuairisceán ina dhiaidh sin.”;

(2)

in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír agus an tríú mír:

“Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2021.

Bíodh sin mar atá, ceadóidh na Ballstáit do dhaoine inchánach agus idirghabhálaithe atá ag gníomhú thar a gceann, ón 1 Aibreán 2021 an fhaisnéis a chur isteach a cheanglaítear de réir Airteagail 360, 369c nó 369o de Threoir 2006/112/CE chun clárú faoi chuimsiú na scéimeanna speisialta.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Iúil 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)   IO L 347, 11.12.2006, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 ón gComhairle an 15 Márta 2011 lena leagtar síos bearta cur chun feidhme le haghaidh Treoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 77, 23.3.2011, lch. 1).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2026 ón gComhairle an 21 Samhain 2019 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 a mhéid a bhaineann le soláthairtí earraí nó seirbhísí a éascaítear le comhéadain leictreonacha agus leis na scéimeanna speisialta do dhaoine inchánach a sholáthraíonn seirbhísí do dhaoine neamh-inchánach, agus a dhéanann ciandíolacháin earraí agus soláthairtí baile áirithe earraí (IO L 313, 4.12.2019, lch. 14).


CINNTÍ

29.7.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 244/11


CINNEADH (AE) 2020/1113 ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Iúil 2020

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh faoi chuimsiú Choiste CCE arna bhunú leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche eatramhach idir Gána, de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, maidir le Rialacha Nós Imeachta Choiste CCE a ghlacadh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) agus Airteagal 209 de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Shínigh an tAontas agus a Bhallstáit an Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche eatramhach idir Gána, de pháirt amháin (1), (“an Comhaontú”) agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, an 28 Iúil 2016. Tá sé á chur i bhfeidhm go sealadach idir an tAontas, de pháirt amháin, agus Gána, den pháirt eile, ón 15 Nollaig 2016 (2).

(2)

De bhun Airteagal 73(3) den Chomhaontú, tá an Coiste Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche (CCE) freagrach as na réimsí ar fad a chumhdaítear leis an gComhaontú a riar agus as na cúraimí ar fad a luaitear sa Chomhaontú a dhéanamh. De bhun Airteagal 73(2), is é Coiste CCE a chinneann na rialacha maidir lena eagrú agus feidhmiú féin.

(3)

Tá cinneadh maidir lena Rialacha Nós Imeachta le glacadh ag Coiste CCE sa bhliain 2020.

(4)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gCoiste CCE a leagan síos, ós rud é go mbunófar rialacha atá ceangailteach ó thaobh an dlí de leis an gcinneadh atá beartaithe ag Coiste CCE.

(5)

Is é an rud atá in CCEnna, cuid den chaidreamh foriomlán idir an tAontas agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus tíortha ACC den pháirt eile, mar a leagtar amach sa Chomhaontú Comhpháirtíochta idir comhaltaí Ghrúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile (3), mar a leasaíodh go deireanach (Comhaontú Comhpháirtíochta Cotonou) agus, ach a mbeidh sé infheidhme, an comhaontú a thiocfaidh ina dhiaidh. Faoi Airteagal 34(1) de Chomhaontú Comhpháirtíochta Cotonou, is é is aidhm do chomhar eacnamaíoch agus trádála idir na páirtithe comhtháthú réidh céimneach tíortha ACC sa gheilleagar domhanda a chothú, agus aird chuí á tabhairt ar a roghanna polaitiúla agus ar a dtosaíochtaí forbartha, agus ar an gcaoi sin a bhforbairt inbhuanaithe a chur chun cinn agus rannchuidiú le díothú na bochtaineachta i dtíortha ACC. Sa chomhthéacs sin, is féidir a mheas gur ionstraimí forbartha mar a thagraítear dóibh in Airteagal 36(2) de Chomhaontú Comhpháirtíochta Cotonou iad CCEnna. Dá bhrí sin, cuirtear leibhéil éagsúla forbartha na bPáirtithe san áireamh sa Chomhaontú, chomh maith leis na srianta sonracha eacnamaíocha agus sóisialta atá ar Ghána agus a mhéid atá Gána ábalta a geilleagar a oiriúnú agus a choigeartú le haghaidh phróiseas an léirscaoilte. Ina theannta sin, bunaíodh Cinneadh (AE) 2016/1850 maidir le síniú agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe, ar comhaontú measctha é agus ina bhfuil teideal maidir le comhpháirtíocht forbraíochta, bunaíodh é ar bhunús dlí na trádála agus ar bhunús dlí an chomhair um fhorbairt araon. Ba cheart sin a léiriú freisin sa Chinneadh seo,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Beidh an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais bunaithe ar an gcinneadh ó Choiste CCE maidir le Rialacha Nós Imeachta Choiste CCE a ghlacadh, rud atá ag gabháil leis an gCinneadh seo (4).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Iúil 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. KLOECKNER


(1)  An Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche eatramhach idir Gána, de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile (IO L 287, 21.10.2016, lch. 3).

(2)  Cinneadh (AE) 2016/1850 ón gComhairle an 21 Samhain 2008 maidir le síniú agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Eacnamaíche eatramhaigh idir Gána, de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit den pháirt eile (IO L 287, 21.10.2016, lch. 1).

(3)   IO L 317, 15.12.2000, lch. 3.

(4)  Féach doiciméad ST 9240/20 ar http://register.consilium.europa.eu.


29.7.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 244/13


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2020/1114 ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Iúil 2020

lena bhformheastar leasuithe ar Rialacha Nós Imeachta Eurojust

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), agus a thagann in ionad Chinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle agus lena n‐aisghairtear an cinneadh sin (1), agus go háirithe Airteagal 5(5) de,

Ag féachaint do Rialacha Nós Imeachta Eurojust (2), mar a glacadh iad an 20 Nollaig 2019;

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Féadfaidh Coláiste Eurojust (“an Coláiste”) Rialacha Nós Imeachta Eurojust (na “Rialacha Nós Imeachta”) a leasú agus an nós imeachta céanna á leanúint acu lena nglacadh ar thogra an Bhoird Feidhmiúcháin nó ar an tríú cuid de chomhaltaí an Choláiste, i gcomhréir le hAirteagal 5(5) de Rialachán (AE) 2018/1727 agus le hAirteagal 18 de na Rialacha Nós Imeachta. Beidh na leasuithe sin ar na Rialacha Nós Imeachta le formheas ag an gComhairle trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme.

(2)

D’fhormheas an Coláiste dréachtleasuithe ar na Rialacha Nós Imeachta, i gcomhréir le hAirteagal 5(5) de Rialachán (AE) 2018/1727, an 14 Iúil 2020.

(3)

Ba cheart don Chomhairle na Rialacha Nós Imeachta a fhormheas.

(4)

Níl Rialachán (AE) 2018/1727 ina cheangal ar an Danmhairg agus dá bhrí sin níl sí rannpháirteach i nglacadh ná i gcur chun feidhme an Chinnidh seo, ar leis a chuirtear Rialachán (AE) 2018/1727 chun feidhme.

(5)

Tá Rialachán (AE) 2018/1727 ina cheangal ar Éirinn agus dá bhrí sin tá sí rannpháirteach i nglacadh agus i gcur chun feidhme an Chinnidh seo, ar leis a chuirtear Rialachán (AE) 2018/1727 chun feidhme,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Formheastar leis seo na leasuithe ar Rialacha Nós Imeachta Eurojust a ghabhann leis an gCinneadh seo .

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Iúil 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)   IO L 295, 21.11.2018, lch. 138.

(2)   IO L 50, 24.2.2020, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

LEASUITHE AR RIALACHA NÓS IMEACHTA EUROJUST

TÁ COLÁISTE EUROJUST,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 85 de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), agus a thagann in ionad Chinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle agus lena n‐aisghairtear an cinneadh sin (1), dá ngairfear “Rialachán Eurojust” anseo feasta, agus go háirithe Airteagal 5(5) de,

Ag féachaint do Rialacha Nós Imeachta Eurojust (2) a d’fhormheas an Chomhairle le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2250 an 19 Nollaig 2019 (3) agus a ghlac an Coláiste an 20 Nollaig 2019, dá ngairfear na “Rialacha Nós Imeachta” anseo feasta, agus go háirithe Airteagail 2, 3, 5 agus 18 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

I gcomhréir le hAirteagal 5(5) de Rialachán Eurojust agus le hAirteagal 18 de na Rialacha Nós Imeachta, féadfaidh an Coláiste Rialacha Nós Imeachta Eurojust a leasú de réir an nós imeachta chéanna lena nglacadh ar thogra ón mBord Feidhmiúcháin nó ó aon trian de chomhaltaí an Choláiste. Is le tromlach dhá thrian de chomhaltaí an Choláiste a dhéanfar aon leasú. I gcás nach féidir teacht ar chomhaontú le tromlach dhá thrian, déanfar an cinneadh trí thromlach simplí le linn an chéad chruinnithe eile den Choláiste.

Mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19, tá roinnt beart urghnách coisctheach agus srianta déanta ag na Ballstáit. Fágann na bearta sin go bhfuil sé an-deacair nó dodhéanta go mbeadh comhaltaí an Choláiste i láthair go fisiciúil ag cruinnithe de chuid an Choláiste a thionóltar ar áitribh Eurojust nó ar aon láthair eile. Mar thoradh air sin, tá sé deacair an córam a cheanglaítear le hAirteagal 6(1) de na Rialacha Nós Imeachta a bhaint amach agus tá sé deacair don Choláiste cruinnithe foirmiúla a thionól agus cinnteoireacht a áirithiú.

Chun leanúnachas institiúideach gnó a áirithiú, tá gá anois leis na Rialacha Nós Imeachta chun a cheadú don Choláiste cruinnithe a thionól ag baint úsáid as modhanna teicniúla, lena n‐áirítear trí fhíschomhdháil, nuair a choisceann teagmhais nó imthosca urghnácha nach bhfuil neart ag comhaltaí an Choláiste orthu, teacht le chéile i gcomhréir le ceanglais Airteagail 2, 3, 5(2) agus 6(1) de na Rialacha Nós Imeachta.

TAR ÉIS CINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal 1

Leasuithe ar na Rialacha Nós Imeachta

Leasaítear Airteagal 2 de na Rialacha Nós Imeachta leis seo mar a leanas:

 

Cuirtear mír (13) nua leis:

“I gcomhréir le ceanglais an dara mír d’Airteagal 5(2) de na Rialacha Nós Imeachta seo, féadfar cruinnithe an Choláiste chun an tUachtarán a thoghadh a eagrú trí mhodhanna teicniúla a úsáid, lena n‐áirítear trí fhíschomhdháil. Leis na modhanna teicniúla sin ceadófar do chomhaltaí an Choláiste vóta leictreonach anaithnid a chaitheamh chun rúndacht a choimirciú agus chun a rannpháirtíocht sa phróiseas sin a fhíorú. Beidh feidhm mutatis mutandis ag forálacha eile an Airteagail sin maidir leis na cruinnithe sin.”

Leasaítear Airteagal 3 de na Rialacha Nós Imeachta leis seo mar a leanas:

 

Cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 3:

“Beidh feidhm mutatis mutandis ag an nós imeachta chun an tUachtarán a thoghadh in Airteagal 2(3) go (13) de na Rialacha Nós Imeachta seo maidir leis na Leas-Uachtaráin a thoghadh gan dochar do mhír 4 den Airteagal sin.”

Leasaítear Airteagal 5 de na Rialacha Nós Imeachta leis seo mar a leanas:

 

I mír 2, cuirtear an dara mír seo a leanas leis:

“I gcás teagmhais nó imthosca urghnácha nach bhfuil neart ag comhaltaí an Choláiste orthu (force majeure) agus nuair nach féidir leis an gColáiste teacht le chéile faoi cheanglais na míre seo de na Rialacha Nós Imeachta, féadfaidh an Coláiste a chinneadh, i gcomhréir le hAirteagal 7 de na Rialacha Nós Imeachta seo, a chruinnithe a eagrú trí mhodhanna teicniúla a úsáid, lena n‐áirítear trí fhíschomhdháil. Is le cinneadh ón gColáiste a chinnfear ré an bhirt seo. Féadfar an cinneadh sin ón gColáiste a athnuachan a mhéid a bheidh na teagmhais nó na himthosca urghnácha (force majeure) fós ann. Féadfar cruinnithe den sórt sin den Choláiste a eagrú ar choinníoll gur féidir trí bhíthin na modhanna teicniúla atá ar fáil na comhaltaí a shainaithint agus gur féidir leo a bheith rannpháirteach sa phlé agus coláisteacht na bpléití a áirithiú. Tá feidhm mutatis mutandis ag forálacha Airteagail 5 agus 6 de na Rialacha Nós Imeachta seo maidir leis na cruinnithe sin.”

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus foilsiú

Tiocfaidh na leasuithe seo ar Rialacha Nós Imeachta Eurojust i bhfeidhm ar dháta a nglactha.

Foilseofar na leasuithe seo ar na Rialacha Nós Imeachta in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.


(1)   IO L 295, 21.11.2018, lch. 138.

(2)   IO L 50, 24.2.2020, lch. 1.

(3)   IO L 336, 30.12.2019, lch. 309.


29.7.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 244/16


CINNEADH (AE) 2020/1115 ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Iúil 2020

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh den Chomhchoiste arna bhunú leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus Rialtas na Danmhairge agus Rialtas Baile Oileáin Fharó, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le glacadh leasuithe ar Phrótacail 1 agus 4 a ghabhann leis an gComhaontú

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rinne an Comhphobal Eorpach an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus Rialtas na Danmhairge agus Rialtas Baile Oileáin Fharó, den pháirt eile (“an Comhaontú”), a thabhairt i gcrích trí bhíthin Cinneadh 97/126/CE (1) ón gComhairle, agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Eanáir 1997.

(2)

De bhun Airteagal 34 den Chomhaontú, féadfaidh an Comhchoiste arna bhunú faoi Airteagal 31 den Chomhaontú (“an Comhchoiste”) forálacha na bPrótacal a ghabhann leis an gComhaontú a leasú.

(3)

Tar éis caibidlíocht a dhéanamh, chomhaontaigh an tAontas agus Rialtas Baile Oileáin Fharó forálacha áirithe de na Prótacail a ghabhann leis an gComhaontú a leasú, eadhon, Prótacal 1, a bhaineann leis an gcóir taraife agus na socruithe is infheidhme maidir le hiasc agus táirgí iascaigh áirithe a scaoiltear chun saorchúrsaíochta sa Chomhphobal nó a allmhairítear isteach in Oileáin Fharó, agus Prótacal 4, a bhaineann leis na forálacha speisialta is infheidhme maidir le hallmhairiú táirgí talmhaíochta áirithe seachas na cinn a liostaítear i bPrótacal 1. Tá sé d’aidhm ag na leasuithe sin scóip na rochtana atá ag an dá Pháirtí ar an margadh a leathnú i gcás táirgí roghnaithe.

(4)

Tá an Comhchoiste le cinneadh a ghlacadh maidir leis na leasuithe ar Phrótacail 1 agus 4.

(5)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh den Chomhchoiste a leagan síos, a mhéid a bhaineann le glacadh na leasuithe ar Phrótacail 1 agus 4, ós rud é go mbeidh an cinneadh lena leasófar na Prótacail sin ceangailteach ar an Aontas,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal Aonair

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste maidir le leasuithe ar Phrótacail 1 agus 4 a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus Rialtas na Danmhairge agus Rialtas Baile Oileáin Fharó, den pháirt eile, is ar an dréachtchinneadh ón gComhchoiste (2) a bhunófar é.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Iúil 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  Cinneadh 97/126/CE ón gComhairle an 6 Nollaig 1996 maidir le comhaontú a thabhairt i gcrích idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus Rialtas na Danmhairge agus Rialtas Baile Oileáin Fharó, den pháirt eile (IO L 53, 22.2.1997, lch. 1).

(2)  Féach Doiciméad ST 9385/20 ar http://register.consilium.europa.eu.


29.7.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 244/17


CINNEADH (AE) 2020/1116 ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Iúil 2020

lena gceaptar comhalta den Chúirt Iniúchóirí

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 286(2) de,

Ag féachaint don togra ó Phoblacht na hOstaire,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 29 Feabhra 2020 chuaigh téarma oifige an Uas. Oskar HERICS in éag.

(2)

Ba cheart, dá bhrí sin, comhalta nua a cheapadh ar an gCúirt Iniúchóirí,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar Helga BERGER ina comhalta den Chúirt Iniúchóirí don tréimhse ón 1 Lúnasa 2020 go dtí an 31 Iúil 2026.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Iúil 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  Tuairim an 8 Iúil 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).


29.7.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 244/18


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2020/1117 ÓN gCOMHAIRLE

an 27 Iúil 2020

lena gceaptar Ionchúisitheoirí Eorpacha Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) (1), agus go háirithe Airteagal 16 de,

Ag féachaint do Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1696 ón gComhairle an 13 Iúil 2018 maidir le rialacha oibriúcháin an phainéil roghnúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 14(3) de Rialachán (AE) 2017/1939 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) (2),

Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2018/1275 ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2018 lena gceaptar comhaltaí an phainéil roghnúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 14(3) de Rialachán (AE) 2017/1939 (3),

Ag féachaint do Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/598 ón gComhairle an 9 Aibreán 2019 maidir leis na rialacha idirthréimhseacha i ndáil le ceapachán Ionchúisitheoirí Eorpacha do chéad tréimhse an tsainordaithe agus le linn na tréimhse sin, dá bhforáiltear in Airteagal 16(4) de Rialachán (AE) 2017/1939 (4)

Ag féachaint do na tuairimí réasúnaithe agus do rangú na n-iarrthóirí arna tharraingt suas ag an bpainéal roghnúcháin,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is le Rialachán (AE) 2017/1939 a bunaíodh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE). Is é an Coimisiún atá freagrach as bunú OIPE agus oibriú tosaigh OIPE ó thaobh an riaracháin de go dtí go mbeidh an acmhainneacht ag OIPE a bhuiséad féin a chur chun feidhme.

(2)

Tá na hIonchúisitheoirí Eorpacha chun imscrúduithe agus ionchúisimh a mhaoirsiú i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) 2017/1939.

(3)

I gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 120(2) de Rialachán (AE) 2017/1939, tá OIPE chun na cúraimí imscrúdaithe agus ionchúisimh a tugadh dó faoin Rialachán sin a ghlacadh air féin ar dháta atá le cinneadh trí chinneadh ón gCoimisiún ar thogra ón bPríomh‐Ionchúisitheoir Eorpach a luaithe a chuirfear OIPE ar bun.

(4)

Is le Cinneadh (AE) 2019/1798 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) a ceapadh an Príomh-Ionchúisitheoir Eorpach. Chun Coláiste OIPE a bhunú, ina mbeidh an Príomh‐Ionchúisitheoir Eorpach agus Ionchúisitheoir Eorpach amháin ó gach Ballstát rannpháirteach, is gá don Chomhairle na hIonchúisitheoirí Eorpacha a cheapadh.

(5)

Leagtar síos i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1696 rialacha oibriúcháin an phainéil roghnúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 14(3) de Rialachán (AE) 2017/1939 (“rialacha oibriúcháin an phainéil roghnúcháin”).

(6)

De bhun Airteagal 16(1) de Rialachán (AE) 2017/1939, tá gach Ballstát rannpháirteach le triúr iarrthóirí ar phost an Ionchúisitheora Eorpaigh a ainmniú as measc iarrthóirí atá ina gcomhaltaí gníomhacha de sheirbhís ionchúisithe nó de bhreithiúnacht an Bhallstáit ábhartha, nach bhfuil a neamhspleáchas inchurtha in amhras agus ag a bhfuil na cáilíochtaí is ga lena gceapadh d'ardoifig ionchúisimh nó bhreithiúnach ina mBallstáit faoi seach, agus ag a bhfuil an taithí phraiticiúil ar chórais dlí náisiúnta, ar imscrúduithe airgeadais agus ar chomhar breithiúnach idirnáisiúnta in ábhair choiriúla.

(7)

Tharraing an painéal roghnúcháin suas na tuairimí réasúnaithe agus an rangú do gach ceann de na hiarrthóirí ainmnithe a chomhlíon na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 16(1) de Rialachán (AE) 2017/1939, agus chuir sé faoi bhráid na Comhairle iad, a fuair iad an 29 Bealtaine, 20 Meitheamh, 11 Deireadh Fómhair, 18 Samhain agus10 Nollaig 2019, agus an 16 Iúil 2020.

(8)

De bhun an cheathrú mír de Riail VII.2 de rialacha oibriúcháin an phainéil roghnúcháin, rinne an painéal roghnúcháin na hiarrthóirí a rangú de réir a gcáilíochtaí agus a dtaithí. Cuirtear ord rogha an phainéil roghnúcháin in iúl leis an rangú sin agus níl sé ina cheangal ar an gComhairle.

(9)

I gcomhréir le hAirteagal 16(2) de Rialachán (AE) 2017/1939, tar éis di na tuairimí réasúnaithe ón bpainéal roghnúcháin a fháil, tá an Chomhairle chun duine de na hiarrthóirí a roghnú agus a cheapadh mar Ionchúisitheoir Eorpach an Bhallstáit rannpháirtigh lena mbaineann.

(10)

I gcomhréir le hAirteagal 16(3) de Rialachán (AE) 2017/1939, tá an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach simplí, chun na hIonchúisitheoirí Eorpacha a roghnú agus a cheapadh ar feadh téarma neamh-inathnuaite 6 bliana. Féadfaidh an Chomhairle a chinneadh go bhfadófar an sainordú ar feadh uastréimhse 3 bliana ag deireadh na tréimhse 6 bliana.

(11)

Leagtar síos i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/598 rialacha idirthréimhseacha i ndáil le ceapachán Ionchúisitheoirí Eorpacha do chéad tréimhse an tsainordaithe agus le linn na tréimhse sin, tar éis do theacht i bfheidhm Rialachán (AE) 2017/1939. I gcomhréir le hAirteagal 2(1) de Chinneadh Cur chun Feidhme (AE) 2019/598, sula gceapfar Ionchúisitheoirí Eorpacha, táthar chun grúpa a bhunú trí chrannchur a dhéanamh, grúpa ina mbeidh aon trian de líon na mBallstát atá rannpháirteach tráth chur i bhfeidhm na rialacha idirthréimhseacha sin. Rinneadh an crannchur ar an 20 Bealtaine 2019 agus is iad na Ballstáit atá sa ghrúpa sin an Ghréig, an Spáinn, an Iodáil, an Chipir, an Liotuáin, an Ísiltír, an Ostair agus an Phortaingéil. Le hAirteagal 3 den Chinneadh Cur Chun Feidhme sin, foráiltear gur téarma neamh-inathnuaite 3 bliana a bheidh i dtéarma na nIonchúisitheoirí Eorpacha ón ngrúpa Ballstát sin.

(12)

Mheasúnaigh an Chomhairle fiúntais faoi seach na n‐iarrthóirí, agus na tuairimí réasúnaithe a chuir an painéal roghnúcháin isteach á gcur san áireamh. I dtaca leis an tuairim réasúnaithe a bhaineann leis na hiarrthóirí arna n‐ainmniú ag Málta, bunaítear go leordhóthanach leis na forais a chuir an painéal roghnúcháin ar aghaidh gurb amhlaidh, i bhfianaise na n‐imthosca eisceachtúla sa Bhallstát sin, nach féidir leis an mBallstát sin go hoibiachtúil teacht ar a thuilleadh iarrthóirí incháilithe faoi cheann tréimhse réasúnach, ainneoin go ndearna an Ballstát sin gach iarracht déanamh amhlaidh. Dá bhrí sin, comhlíontar na coinníollacha a leagtar amach sa tríú mír de Riail VII.2. de rialacha oibriúcháin an phainéil roghnúcháin. I bhfianaise na n‐imthosca eisceachtúla thuasluaite, mheas an Chomhairle gur thug an tuairim réasúnaithe a cuireadh isteach i dtaca leis na hiarrthóirí a d'ainmnigh Málta rogha dhóthanach iarrthóirí oiriúnacha di agus, ós rud é go mbeadh iarmhairtí tromchúiseacha diúltacha ar éifeachtacht dhlí an Aontais ag aon mhoill bhreise i gceapadh na nIonchúisitheoirí Eorpacha, chinn sí imeacht ar aghaidh ar an mbonn sin.

(13)

Mar thoradh ar an measúnú sin, lean an Chomhairle an t‐ord rogha neamhcheangailteach a léirigh an painéal roghnúcháin do na hiarrthóirí arna n‐ainmniú ag an tSeicia, an nGearmáín, an Eastóin, an nGréig, an Spáinn, an bhFrainc, an gCróit, an Iodáil, an gCipir, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Ísiltír, an Ostair, an Rómáin, an tSlóivéin, an tSlóvaic agus an bhFionlainn. Maidir leis na hiarrthóirí arna n‐ainmniú ag an mBeilg, an mBulgáir agus an bPortaingéil, níor lean an Chomhairle an t‐ord rogha neamhcheangailteach a chuir an painéal roghnúcháin isteach, ar bhonn measúnú eile ar fhiúntais na n‐iarrthóirí sin a rinneadh i gcomhlachtaí ábhartha ullmhúcháin na Comhairle,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar na daoine seo a leanas ina nIonchúisitheoirí Eorpacha OIPE mar ghníomhairí sealadacha ar ghrád AD 13 ar feadh tréimhse neamh-inathnuaite 6 bliana ón 29 Iúil 2020:

 

Yves VAN DEN BERGE (6)

 

Teodora GEORGIEVA (7)

 

Petr KLEMENT (8)

 

Andrés RITTER (9)

 

Kristel SIITAM-NYIRI (10)

 

Frédéric BAAB (11)

 

Tamara LAPTOŠ (12)

 

Gatis DONIKS (13)

 

Gabriel SEIXAS (14)

 

Yvonne FARRUGIA (15)

 

Cătălin-Laurențiu BORCOMAN (16)

 

Mr Jaka BREZIGAR (17)

 

Juraj NOVOCKÝ (18)

 

Mr Harri TIESMAA (19)

Airteagal 2

Leis seo, ceaptar na daoine seo a leanas ina nIonchúisitheoirí Eorpacha OIPE mar ghníomhairí sealadacha ar ghrád AD 13 ar feadh tréimhse neamh-inathnuaite 3 bliana ón 29 Iúil 2020:

 

Dimitrios ZIMIANITIS (20)

 

María Concepción SABADELL CARNICERO (21)

 

Danilo CECCARELLI (22)

 

Katerina LOIZOU (23)

 

Tomas KRUŠNA (24)

 

Daniëlle GOUDRIAAN (25)

 

Ingrid MASCHL-CLAUSEN (26)

 

José Eduardo MOREIRA ALVES D'OLIVEIRA GUERRA (27)

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27 Iúil 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)   IO L 283, 31.10.2017, lch. 1.

(2)   IO L 282, 12.11.2018, lch. 8.

(3)   IO L 238, 21.9.2018, lch. 92.

(4)   IO L 103, 12.4.2019, lch. 29.

(5)  Cinneadh (AE) 2019/1798 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 lena gceaptar Príomh-Ionchúisitheoir Eorpach Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (IO L 274, 28.10.2019, lch. 1).

(6)  Arna ainmniú ag an mBeilg

(7)  Arna hainmniú ag an mBulgáir

(8)  Arna ainmniú ag an tSeicia

(9)  Arna ainmniú ag an nGearmáin

(10)  Arna hainmniú ag an Eastóin

(11)  Arna ainmniú ag an bhFrainc

(12)  Arna hainmniú ag an gCróit

(13)  Arna ainmniú ag an Laitvia

(14)  Arna ainmniú ag Lucsamburg

(15)  Arna hainmniú ag Málta

(16)  Arna ainmniú ag an Rómáin

(17)  Arna ainmniú ag an tSlóivéin

(18)  Arna ainmniú ag an tSlóvaic

(19)  Arna ainmniú ag an bhFionlainn

(20)  Arna ainmniú ag an nGréig

(21)  Arna hainmniú ag an Spáinn

(22)  Arna ainmniú ag an Iodáil

(23)  Arna hainmniú ag an gCipir

(24)  Arna ainmniú ag an Liotuáin

(25)  Arna hainmniú ag an Ísiltír

(26)  Arna hainmniú ag an Ostair

(27)  Arna ainmniú ag an bPortaingéil