Erasmus le haghaidh Fiontraithe Óga

Fiontraithe nua – conas cáiliú don scéim

Má tá tú díreach tar éis gnólacht a thosú nó má tá sé ar intinn agat gnó a thosú go luath, d’fhéadfá cáiliú do scéim malartaithe Erasmus le haghaidh Fiontraithe Óga bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv (EYE).

Tá an scéim maoinithe go páirteach ag an Aontas, agus cuireann sé ar do chumas roinnt ama a chaitheamh i dtír rannpháirteach eile ag obair le haghaidh fiontraí a bhfuil taithí aige agus ag foghlaim uaidh. Tabhair do d’aire gur scéim malartaithe í seo, seachas fostaíocht íoctha.

Le cáiliú chun páirt a ghlacadh sa scéim, ní mór duit a bheith in ann d’inspreagadh agus do rún daingean gnólacht a thosú a léiriú. Beidh ort smaoineamh láidir gnó a chur i láthair, mar aon le plean gnó réalaíoch. Ní mór duit freisin a bheith in ann cur le cistí an chláir de réir mar is gá chun costais do thréimhse i dtír eile a chumhdach.

Is féidir leat iarratas a dhéanamh fiú má thosaigh tú gnólacht cheana féin, fad is atá an ghnólacht á reáchtáil agat le níos lú ná 3 bliana tráth an iarratais.

Ní mór duit a bheith os cionn 18 mbliana d’aois agus cónaí a bheith ort i dtír rannpháirteach en .

Fad na scéime

Mairfidh an scéim idir aon mhí amháin agus 6 mhí. Moltar an malartú a chur i gcrích gan bhriseadh, ach is féidir do thréimhse fanachta a roinnt ina codanna éagsúla, ar choinníoll go gcríochnóidh tú í laistigh de 12 mhí tar éis duit tosú ar an gclár.

Na daoine ar féidir leat teagmháil a dhéanamh leo

I bhformhór na dtíortha tá pointí teagmhála áitiúla (Eagraíocht Idirmheánach – IO) bg cs da de el en es et fi fr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv . Cabhróidh siad leat tríd an bpróiseas iarratais agus malartaithe agus íocfaidh siad do thacaíocht airgeadais leat. Mura bhfuil aon IO i do thír féin, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le IO i dtír eile.

Tacaíocht airgeadais ón Aontas Eorpach

Gheobhaidh tú tacaíocht airgeadais chun cabhrú leat do chostais mhaireachtála laethúla agus do speansais taistil a chumhdach agus tú rannpháirteach sa chlár. Ní hionann an méid a gheobhaidh tú ó thír go tír.

An tír ina bhfanfaidh an fiontraí nua An méid a íocfar leat in aghaidh na míosa agus tú ag fanacht sa tír (in euro ó mhí an Mheithimh 2024)
An Albáin 600
An Airméin 850
An Ostair 1000
An Bheilg 900
An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin 650
An Bhulgáir 650
Ceanada 1050
An Chróit 800
An Chipir 850
An tSeicia 750
An Danmhairg 1200
An Eastóin 800
An Fhionlainn 1000
An Fhrainc 950
An tSeoirsia 750
An Ghearmáin 900
An Ghréig

850

An Ungáir 700
An Íoslainn 1000
An Iodáil 1000
An Chosaiv* 650
An Laitvia 700
Lichtinstéin 1200
An Liotuáin 650
Lucsamburg 900
Málta 750
An Mholdóiv 700
Montainéagró 650
An Ísiltír 950
An Mhacadóin Thuaidh 650
An Iorua 1200
An Pholainn 650
An Phortaingéil 850
An Rómáin 650
An tSeirbia 650
Singeapór 1150
An tSlóvaic 700
An tSlóivéin 800
An Spáinn 900
An tSualainn 1000
An Tuirc 800
An Úcráin 600
An Ríocht Aontaithe 1100
Stáit Aontaithe Mheiriceá 1200
Fiontraithe ó/go dtí: Na Réigiúin is forimeallaí agus Tíortha agus Críocha Thar Lear den Aontas 1200
Fiontraithe faoi mhíchumas (gan beann ar thír an fhanachta) 1200

*Ní dochar an t-ainmniú seo do sheasaimh ar stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

Conas iarratas a dhéanamh

Na doiciméid a theastaíonn chun iarratas a dhéanamh:

  • Do CV
  • Do litir inspreagtha
  • Do phlean gnó

Chun tuilleadh eolais a fháil, is féidir leat féachaint ar an Treoir chlárúcháin le haghaidh fionraithe nua PDF en .

Bheith i d’óstach ar fhiontraí nua

Más fiontraí nó úinéir gnólachta bhig thú ar éirigh go maith leat agus a bhfuil taithí mhaith agat, d’fhéadfá cáiliú chun fiontraí nua a óstáil bg cs da de el en es et fi fr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv . Is féidir leat tairbhe a bhaint as bheith rannpháirteach sa scéim seo ar go leor bealaí, cuir i gcás:

  • Trí bheith ag obair le fiontraí nua spreagtha, is féidir tuairimí nuálacha, scileanna nua agus eolas nua a thabhairt isteach i do ghnólacht féin.
  • D’fhéadfadh an deis a bheith agat foghlaim faoi mhargaí eachtracha, rud a d’fhágfadh go bhféadfá do dheiseanna gnó a leathnú agus páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí trasteorann.
  • D’fhéadfadh an deis a bheith agat do scileanna teanga a fheabhsú.

Conas iarratas a dhéanamh le bheith i d’óstach

An méid a theastaíonn chun páirt a ghlacadh sa chlár mar óstach

  • Ní mór duit cónaí buan a bheith ort i mBallstát den Aontas nó in aon cheann de na tíortha rannpháirteacha eile.
  • Ní mór duit do CV a chur ar fáil (ina sonrófar do thaithí fiontraíochta – 3 bliana ar a laghad – agus eolas faoin ngnólacht atá agat faoi láthair).
  • Ní mór duit a bheith in ann d’inspreagadh a léiriú chun páirt a ghlacadh sa scéim

Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoin ról a bheidh agat sa treoir d’fhiontraithe óstaigh PDF en .

See also

For consumers & employees

Need support from assistance services?

Get in touch with specialised assistance services

Do you have questions on operating a business cross-border, for example exporting or expanding to another EU country? If so, the Enterprise Europe Network can give you free advice.

You can also use the assistance service finder to find the right help for you.

Last checked: 18/06/2026
Share this page