Lipéadú bia

Ceanglaítear eolas fíor-riachtanach a bheith ar gach táirge bia agus dí a dhíoltar san Aontas, eolas a chuidíonn leis an tomhaltóir deiridh roghanna eolasacha a dhéanamh agus é ag siopadóireacht. Má tá sé beartaithe agat bia a mhonarú, a iompórtáil nó a dhíol san Aontas, faigh amach cad iad na freagrachtaí atá ort i dtaca le lipéadú:

Cuirtear eolas ar fáil sa dhearbhú cothúcháin faoi chion fuinnimh agus cothaitheach táirge. Tá sé riachtanach i gcás gach táirge bia agus dí réamhphacáistithe a dhíoltar san Aontas.

Má tá breiseáin sna táirgí bia a dhíolann tú, ní mór duit ceanglais lipéadaithe shonracha a chomhlíonadh ag brath ar an margadh ar a bhfuil tú ag díriú. Faigh amach cad iad na hoibleagáidí atá ort:

Is éard atá i gceist le forbhianna foinsí tiubhaithe cothaitheach nó substaintí eile a bhfuil éifeacht chothaitheach nó fhiseolaíoch acu, arb é is cuspóir dóibh gnáthaiste bia a fhorlíonadh. Is cuma an ag monarú, ag díol nó ag iompórtáil forbhianna atá tú, ní mór duit a chinntiú go gcomhlíonann an táirge rialacha an Aontais.

Más féidir le do ghnólacht a chruthú go heolaíoch go bhfuil tairbhí cothaitheacha agus/nó sláinte ag baint le do tháirge bia, tá feidhm ag rialacha sonracha maidir leis na maímh sin a chur ar taispeáint.

Last checked: 13/07/2026
Share this page