Rialacha faoi lipéadú bia
Má dhíolann tú bia nó deochanna san Aontas, ní mór duit eolas riachtanach a sholáthar ionas gur féidir leis an tomhaltóir deiridh cinneadh eolasach a dhéanamh faoina cheannachán.
Maidir leis an eolas atá de dhíth:
- ní mór é a bheith cruinn
- ní mór é a bheith sofheicthe sothuigthe
- ní ceart é a bheith míthreorach
- ní mór é a bheith doscriosta
Eolas éigeantach le haghaidh bianna réamhphacáilte
Cén cineál eolais is gá a lua?
- ainm an bhia
- liosta comhábhar (aon bhreiseán bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv san áireamh)
- eolas faoi ailléirginí
- cainníocht comhábhar áirithe
- marcáil dátaí (dátaí faoinar fearr/faoinarb éigean é a úsáid)
- tír thionscnaimh, má tá sin ag teastáil ar mhaithe le soiléireacht tomhaltóirí (mar shampla: táirgí a dtaispeántar brataí tíre nó séadchomharthaí cáiliúla ar a bpacáistíocht)
- ainm agus seoladh an oibreora gnó bia atá bunaithe san Aontas nó ainm agus seoladh an iompórtálaí
- glanchainníocht
- aon choinníollacha speisialta stórála agus/nó aon choinníollacha speisialta úsáide
- treoracha úsáide más gá
- leibhéal an alcóil i gcás deochanna (más airde ná 1.2% é)
- dearbhú cothúcháin bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv
Faoi dhlí an Aontais agus/nó faoin dlí náisiúnta, d’fhéadfadh sé gur ghá rabhaidh shonracha a thaispeáint ar roinnt táirgí bia, a thagraíonn, mar shampla, do chomhábhair nach moltar do leanaí iad a ithe (amhail caiféin).
Liosta comhábhar
Ní mór ceannteideal ina bhfuil an focal ‘comhábhair’ a bheith roimh an liosta agus ní mór comhábhair uile an bhia a bheith san áireamh:
- in ord íslitheach de réir meáchain
- arna ainmniú de réir a n-ainm dhlíthiúil
Rialacha teicniúla maidir le léiriú na gcomhábhar – iarscríbhinn 7 bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl
Bianna NACH bhfuil liosta comhábhar ag teastáil ina leith – airteagal 19 bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl
Comhábhair bia NACH gá a lua sa liosta comhábhar – airteagal 20 bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl
Dearbhú Cainníochtúil Comhábhar – Treoraíocht an Aontais bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl
Cainníocht comhábhar áirithe
Ní mór duit cainníocht (de réir céatadáin) aon chomhábhair a lua:
- más amhlaidh atá ainm an chomhábhair le feiceáil in ainm an táirge (mar shampla: ‘pióg úll’)
- más amhlaidh a chuirtear béim ar an gcomhábhar ar an lipéadú sna focail, sna híomhánna nó sna grafaicí (mar shampla: ‘gallchnó san áireamh’)
- más amhlaidh atá an comhábhar ina shainchuid den bhia agus é riachtanach chun gur féidir idirdhealú a dhéanamh idir é agus bianna eile
Bianna NACH bhfuil cainníocht na gcomhábhar ag teastáil ina leith – iarscríbhinn 8 bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl
Eolas faoi ailléirginí
Ní mór béim a leagan i liosta na gcomhábhar ar aon ailléirgin atá sa bhia, mar shampla trí úsáid a bhaint as cló eile, méid éagsúil do na litreacha, nó dath cúlra eile.
In éagmais liosta comhábhar, más amhlaidh atá ailléirginí sa bhia, ní mór foclaíocht a úsáid a chuireann an méid sin in iúl go soiléir, mar atá ‘tá [ainm an ailléirgin] ann’.
Liosta iomlán ailléirginí – iarscríbhinn 2 bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl
Ailléirginí – Treoraíocht an Aontais bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl
Lipéadú
Ní mór eolas éigeantach a phriontáil i gclófhoireann ina bhfuil x-airde íosta 1.2 milliméadar. Más lú ná 80 cm² an t-achar dromchla is mó den phacáistíocht, is féidir leat x-airde íosta 0.9 mm a úsáid.
I gcás dromchla pacáistíochta is lú ná 10 cm², ní mór duit an méid seo a leanas a liostú:
- ainm an bhia
- aon substaint nó táirge is cúis le hailléirgí nó le héadulaingt a úsáidtear le linn an mhonaraithe nó an ullmhaithe agus arb ann dó sa táirge deiridh
- glanchainníocht an bhia
- an dáta faoinar fearr/faoinarb éigean é a úsáid
Treoraíocht maidir le méid an lipéadaithe – iarscríbhinn 4 bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl