Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Bratach an Aontais Eorpaigh
European Union

Cad iad buntáistí an euro?

Is siombail fhollasach de lánpháirtiú na hEorpa é an euro, rud a úsáideann na milliúin Eorpach gach lá. Is iomaí dóigh a dtéann an t-airgeadra coiteann chun sochair do dhaoine, do ghnólachtaí agus do gheilleagair na dtíortha a úsáideann é, cuir i gcás: 

  • é a chur ar a gcumas do shaoránaigh cónaí, obair agus staidéar a dhéanamh thar lear ar bhealach níos éasca
  • é a dhéanamh níos éasca, níos saoire agus níos sábháilte do ghnólachtaí ceannach agus díol a dhéanamh laistigh den limistéar euro, agus trádáil leis an gcuid eile den domhan
  • praghsanna a choinneáil cobhsaí agus ar an dóigh sin cobhsaíocht eacnamaíoch agus fás a fheabhsú
  • na margaí airgeadais a chomhtháthú ar bhealach níos fearr agus, ar an gcaoi sin, iad a dhéanamh níos éifeachtúla
  • tionchar níos mó a bheith acu sa gheilleagar domhanda. 

Tá go leor de na buntáistí sin fite fuaite ina chéile. Cuireann cobhsaíocht eacnamaíoch ar chumas na rialtas pleanáil don todhchaí, tugann sí cinnteacht níos fearr do ghnólachtaí, agus spreagann sí infheistíocht. Tacaíonn sé sin, dá réir sin, le cruthú post agus cuireann sé feabhas ar cháilíocht na bpost. 

Conas a chruthaíonn an euro na tairbhí sin?

deireadh curtha ag an euro leis na costais a thagann de luaineacht sa ráta malairte laistigh den limistéar euro. Cosnaíonn sé sin tomhaltóirí agus gnólachtaí laistigh den limistéar euro ar luaineacht chostasach airgeadra. San am a chuaigh thart, is minic a lagaigh luascadh den sórt sin muinín, a dhíspreag sé infheistíocht agus a bhí sé ina chúis le héagobhsaíocht eacnamaíoch. Sula raibh an euro ann, ba ghá airgeadraí a mhalartú chun idirbhearta a dhéanamh idir tíortha, agus leanadh costais bhreise, rioscaí agus easpa trédhearcachta sin. Tá deireadh curtha ag an airgeadra aonair leis na bacainní sin, rud a fhágann go bhfuil trádáil agus infheistíocht sa limistéar euro níos éasca, níos saoire agus níos iontaofa. 

Trína dhéanamh níos éasca comparáid a dhéanamh idir praghsanna, cothaíonn an euro trádáil agus infheistíocht den uile chineál idir tíortha. Cabhraíonn sé freisin le tomhaltóirí agus le gnólachtaí na praghsanna is fearr a fháil. 

Na buntáistí ar an leibhéal domhanda

De bharr scála an airgeadra aonair agus mhéid an limistéir euro cruthaítear deiseanna nua sa gheilleagar domhanda. Meallann an limistéar euro agus a airgeadra aonair tíortha lasmuigh den Aontas chuige le gnó a dhéanamh, agus tagann méadú ar thrádáil agus ar infheistíocht dá thoradh sin. 

A bhuí leis an mbainistiú stuama eacnamaíoch a dhéantar air, is maith an t-airgeadra cúltaca é an euro do thíortha lasmuigh den Aontas, agus is cumhachtaí glór an limistéir euro sa gheilleagar domhanda dá bharr. Is é an euro an dara hairgeadra is tábhachtaí ar domhan

Gnólachtaí ar fud an domhain a bhíonn ag trádáil leis an Eoraip, spreagann cobhsaíocht an euro iad chun glacadh le praghsanna a luaitear in euro. Ar an dóigh sin seachnaíonn gnólachtaí Eorpacha na costais a bhaineann le hathruithe sna rátaí malairte agus le euro a athrú go hairgeadraí eile. 

I ngeall ar a scála agus ar an dóigh cháiréiseach a mbainistítear é, is limistéar cobhsaíochta an limistéar euro, agus dá bharr sin is fearr atá sé in ann suaitheadh eacnamaíoch seachtrach a sheasamh, is é sin athruithe gan choinne lasmuigh den limistéar euro a chuireann as do gheilleagar na mBallstát, cuir i gcás ardú ar phraghsanna domhanda na hola nó luaineacht i margaí na n-airgeadraí. Mar gheall ar a mhéid agus a neart, is féidir leis suaití seachtracha den sórt sin a ionsú ar bhealach níos éifeachtaí, rud a chuidíonn chun poist agus fás a chosaint. 

Leas a bhaint as na buntáistí

Baineann geilleagar an limistéir euro tairbhe as bainistiú stuama. Cothaítear an chobhsaíocht agus an fás le rialacha eacnamaíocha agus fioscacha an Aontais, lena gcuimsítear an Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis ar cuid lárnach é den Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta.  

Thairis sin, baineann an euro an leas is mó is féidir as an margadh aonair, as an mbeartas trádála agus as an gcomhar polaitiúil. Dá bhrí sin is cuid lárnach é de struchtúir eacnamaíocha, shóisialta agus pholaitiúla an Aontais Eorpaigh sa lá atá inniu ann.