Cáilíochtaí a aithint
Is éard is aitheantas frithpháirteach do cháilíochtaí gairmiúla ann an próiseas trína n-aithnítear agus trína gceadaítear do ghairmithe a bhfuil a gcáilíochtaí bainte amach acu i ndlínse amháin cleachtadh i ndlínse eile. Tacaíonn an próiseas sin le soghluaisteacht gairmithe agus comhlánaíonn sé na gealltanais a thugann an tAontas agus a chomhpháirtithe i gcomhaontuithe saorthrádála chun gluaiseacht shealadach gairmithe a éascú. Aithnítear sa Chomhaontú Ginearálta maidir le Trádáil Seirbhísí in EDT an ceart atá ag comhaltaí cáilíochtaí, ceadúnais nó deimhnithe páirtithe eile a aithint.
Is comhaontuithe foirmiúla iad comhaontuithe um aitheantas frithpháirteach (MRAnna) le haghaidh cáilíochtaí gairmiúla a chuireann ar chumas an Aontais agus a chomhpháirtithe aitheantas a thabhairt do chuid de dhintiúir ghairmiúla a chéile. Leagtar amach i gcomhaontuithe saorthrádála an Aontais creat ginearálta chun go bhféadfar caibidlíocht a dhéanamh maidir le MRAnna le tríú tíortha. Go dtí seo, tá MRA d’ailtirí tugtha i gcrích ag an Aontas le Ceanada. Leagtar síos sna MRAnna an creat agus na coinníollacha sonracha faoina n-aithnítear cáilíochtaí gairmiúla, amhail ceanglais maidir le leibhéal áirithe oideachais nó taithí ghairmiúil.