Réamhrá
Fís agus misean
Déanann Parlaimint na hEorpa doiciméid scríofa a aistriú go gach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh. Ar an gcaoi sin, is féidir léi cumarsáid a dhéanamh le saoránaigh AE ina dteanga dhúchais. Ina leith sin, tá tábhacht thar na bearta lena seirbhís aistriúcháin inmheánach. Comhlíonann sí caighdeáin dhochta cháilíochta laistigh de na sprioc-amanna dochta a fhorchuirtear le nósanna imeachta parlaiminteacha.
Is í an fhís atá againn ná droichid a thógáil idir teangacha agus cultúir éagsúla agus ilteangachas inbhuanaithe a chur chun cinn mar ghné ríthábhachtach den idéal Eorpach daonlathach.
Is seirbhís éifeachtúil agus nua-aimseartha muid a sholáthraíonn aistriúcháin ardchaighdeáin de reachtaíocht i ngach teanga de chuid an Aontais Eorpaigh. Tríd an bParlaimint a chumasú go díreach chun a beartas ilteangachais a shaothrú, imrímid ról dílis i dtaobh éagsúlacht chultúrtha agus teanga an Aontais a chosaint agus i dtaobh trédhearcacht, tuiscint agus malartú tuairimí a éascú.
Le 60 bliain anuas, d'éirigh linn na dúshláin a bhaineann leis an méadú ó 4 theanga go 24 theanga a shárú. Leanfaimid de bheith ag tógáil ar an bhfeabhas agus an taithí atá againn le chéile chun tabhairt faoin am amach romhainn go fonnmhar.
Éireoidh linn dul i ngleic leis na dúshláin a bheidh ann amach anseo agus rachaimid in oiriúint do na méaduithe breise tríd an éileamh a phríomhshruthú agus trínár n-eagraíocht agus ár gcuid modhanna oibre a oiriúnú agus a chomhchuibhiú. Déanaimid infheistíocht i scileanna nua, cothaímid oscailteacht do nuálaíocht agus tógaimid ár n-acmhainneacht chun athruithe a dhéanamh.
Ár misean:

- doiciméid maidir le ról na Parlaiminte mar chomhreachtóir agus mar cheann amháin de dhá bhrainse an údaráis bhuiséadaigh a chur ar fáil i ngach teanga oifigiúil, chun dlisteanacht agus trédhearcacht phróiseas reachtach agus bhuiséadach an Aontais Eorpaigh a áirithiú;
- chun a chur ar chumas Pharlaimint na hEorpa a tiomantas do bheartas an ilteangachais a chomhlíonadh, a ceapadh chun a chinntiú go gcaithfear go cothrom le gach teanga, rud a chuireann ar chumas shaoránaigh uile an Aontais Eorpaigh cumarsáid a dhéanamh leis na hinstitiúidí agus doiciméid AE a fháil ina dteanga féin;
- chun a áirithiú go ndéantar na seirbhísí aistriúcháin sin a sholáthar ar an gcaoi is éifeachtúla agus éifeachtaí agus is féidir.
-
Le haghaidh breis faisnéise i dtaca leis na teangacha a mbaintear feidhm astu i bParlaimint na hEorpa, féach ar an leathanach gréasáin seo a leanas le do thoil:
-
Chun faisnéis a fháil ar an aistriúchán in institiúidí AE, féach an leathach gréasáin seo a leanas: