Cuidíonn daoine atá ag obair sa Choimisiún Eorpach chun todhchaí na hEorpa a mhúnlú agus is gá dóibh feidhmiú ar an leibhéal is airde ar mhaithe le gach Eorpach. Leanfaidh an Coimisiún den obair chun ionad oibre nua-aimseartha agus gairmeacha beatha a thairiscint dá fhoireann, chun na daoine is fearr a mhealladh agus a choinneáil ar fud Bhallstáit uile an Aontais. Inneachar an leathanaighInneachar an leathanaigh Difear a dhéanamhAr mhaith leat cuidiú le todhchaí an Aontais Eorpaigh a mhúnlú? An pláinéad a dhéanamh níos glaise, sochaí níos cothroime a chur chun cinn, nó tacú le gnólachtaí agus leis an nuálaíocht ar fud an Aontais? Téigh ag obair leis an gCoimisiún Eorpach mar ar féidir leat difríocht mhór a dhéanamh!Is grúpa daoine éagsúla iad baill foirne an Choimisiúin atá spreagtha chun cuidiú le háit níos fearr a dhéanamh den Eoraip – agus den domhan. Is as 27 mBallstát an Aontais Eorpaigh iad. I ngeall ar na náisiúntachtaí, teangacha agus cultúir éagsúla, is ionad oibre bríomhar ionchuimsitheach é an Coimisiún. I measc na ndeiseanna fostaíochta tá rúnaithe, eolaithe, lucht ceaptha beartas, eacnamaithe, idirbheartaithe trádála agus cigirí núicléacha. Féadfaidh tú tuilleadh eolais a fháil faoi chomhdhéanamh na mball foirne ó na príomhfhigiúir agus staitisticí oifigiúla. Cuir aithne ar na baill foirne: Rasa Galykte Cuir aithne ar na baill foirne: Per HaugaardCuir aithne ar níos mó ball foirne sa ChoimisiúnDo chéad phost eile sa ChoimisiúnCuireann an Coimisiún deiseanna fostaíochta ar fáil lena ngabhann cineálacha éagsúla stádais fostaíochta, mar atá poist bhuana (státseirbhísigh), poist foirne neamhbhuana, agus tréimhsí oiliúna. Baill foirne bhuana Má tá post buan á lorg agat, ní mór duit pas a fháil i gcomórtas oscailte. Is í an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) a bhainistíonn an próiseas roghnúcháin sin d’institiúidí uile an Aontais Eorpaigh. Féach leat suíomh gréasáin EPSO chun fáil amach conas iarratas a dhéanamh.Nuair a ghnóthóidh tú pas i gcomórtas, is féidir le hinstitiúid ar bith de chuid an Aontais Eorpaigh tú a earcú ó phainéal na n-iarrthóirí ar éirigh leo.Foireann neamhbhuan Is féidir leat iarratas a dhéanamh freisin ar phost ar théarma seasta mar bhall foirne sealadach nó mar bhall foirne ar conradh. Bíonn na próisis roghnúcháin éagsúil ag brath ar an gcatagóir foirne agus ar an gcineál conartha.Is féidir folúntais do bhaill foirne shealadacha agus do bhaill foirne ar conradh a aimsiú ar shuíomh gréasáin EPSO. Ina measc sin tá poist rúnaíochta, speisialaithe agus bhainistíochta. Tréimhse oiliúna Dhá uair sa bhliain, cuireann an Coimisiún Eorpach tréimhsí oiliúna íoctha 5 mhí ar fáil do 1,800 céimí ollscoile. Tosaíonn siad sin gach mí an Mhárta agus mí Dheireadh Fómhair. Féach leat conas a bheith i d’oiliúnaí.Poist sa Choimisiún EorpachPoist sa Choimisiún EorpachCuireann poist sa Choimisiún gairmeacha éagsúla sásúla ar fáil i dtimpeallacht bhríomhar ilteangach ilchultúrtha, mar aon le deiseanna foghlama agus forbartha gairme den scoth, dálaí oibre iomaíocha solúbtha agus timpeallacht oibre nua-aimseartha. Ag obair sa Choimisiún – dálaí agus timpeallachtIs fostóir glas cuimsitheach é an Coimisiún Eorpach a chuireann dálaí oibre solúbtha, cothromaíocht shláintiúil oibre is saoil agus deiseanna foghlama ar fáil.Ag obair san Aontas Eorpach agus ar fud an domhainTugann gairmréim sa Choimisiún deis duit dul ag obair in go leor réimsí éagsúla agus aistriú chuig ranna eile de chuid an Choimisiúin, chuig tíortha eile nó chuig institiúidí eile de chuid an Aontais. Attracting talent from all Member States The European Commission is striving to achieve a balanced representation of people from all Members States among its staff. To that end, Joint Action Plans were developed for those nationalities which are currently under-represented at junior Administrator grades. Selection is based on merit and no posts are reserved for any specific nationality. These tailored documents include country-specific analyses of the reasons for the low representation and measures to address it - at national level, at the European Commission level and jointly. Consult the Action Plans Doiciméid 19 EANÁIR 2023Leaflet Work With Us - PrintableTeangacha eile (23)български(413.63 KB - PDF)Íoslódáilespañol(411.62 KB - PDF)Íoslódáilčeština(412.42 KB - PDF)Íoslódáildansk(411.91 KB - PDF)ÍoslódáilDeutsch(412.54 KB - PDF)Íoslódáileesti(410.52 KB - PDF)Íoslódáilελληνικά(412.54 KB - PDF)ÍoslódáilEnglish(410.93 KB - PDF)Íoslódáilfrançais(411.79 KB - PDF)Íoslódáilhrvatski(403.84 KB - PDF)Íoslódáilitaliano(410.83 KB - PDF)Íoslódáillatviešu(411.05 KB - PDF)Íoslódáillietuvių(410.96 KB - PDF)Íoslódáilmagyar(412.16 KB - PDF)ÍoslódáilMalti(412.87 KB - PDF)ÍoslódáilNederlands(410.86 KB - PDF)Íoslódáilpolski(412.95 KB - PDF)Íoslódáilportuguês(412.15 KB - PDF)Íoslódáilromână(411.84 KB - PDF)Íoslódáilslovenčina(400.07 KB - PDF)Íoslódáilslovenščina(410.9 KB - PDF)Íoslódáilsuomi(410.25 KB - PDF)Íoslódáilsvenska(411.91 KB - PDF)Íoslódáil 19 EANÁIR 2023Leaflet Work with Us - web versionTeangacha eile (23)български(62.36 KB - PDF)Íoslódáilespañol(79.36 KB - PDF)Íoslódáilčeština(80.23 KB - PDF)Íoslódáildansk(91.36 KB - PDF)ÍoslódáilDeutsch(89.44 KB - PDF)Íoslódáileesti(59.97 KB - PDF)Íoslódáilελληνικά(79.51 KB - PDF)ÍoslódáilEnglish(85.16 KB - PDF)Íoslódáilfrançais(80.9 KB - PDF)Íoslódáilhrvatski(53.42 KB - PDF)Íoslódáilitaliano(60.19 KB - PDF)Íoslódáillatviešu(60.58 KB - PDF)Íoslódáillietuvių(60.73 KB - PDF)Íoslódáilmagyar(61.41 KB - PDF)ÍoslódáilMalti(62.27 KB - PDF)ÍoslódáilNederlands(60.22 KB - PDF)Íoslódáilpolski(62.21 KB - PDF)Íoslódáilportuguês(61.46 KB - PDF)Íoslódáilromână(78.77 KB - PDF)Íoslódáilslovenčina(61.55 KB - PDF)Íoslódáilslovenščina(60.17 KB - PDF)Íoslódáilsuomi(78.41 KB - PDF)Íoslódáilsvenska(61.19 KB - PDF)Íoslódáil Naisc ghaolmhara Poist agus tréimhsí oiliúna in institiúidí an Aontais EorpaighAn Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)EURESPoist i ngníomhaireachtaí an AontaisPríomhfhigiúirí maidir le foireann an Choimisiúin Eorpaigh
Cuidíonn daoine atá ag obair sa Choimisiún Eorpach chun todhchaí na hEorpa a mhúnlú agus is gá dóibh feidhmiú ar an leibhéal is airde ar mhaithe le gach Eorpach. Leanfaidh an Coimisiún den obair chun ionad oibre nua-aimseartha agus gairmeacha beatha a thairiscint dá fhoireann, chun na daoine is fearr a mhealladh agus a choinneáil ar fud Bhallstáit uile an Aontais.
Ag obair sa Choimisiún – dálaí agus timpeallachtIs fostóir glas cuimsitheach é an Coimisiún Eorpach a chuireann dálaí oibre solúbtha, cothromaíocht shláintiúil oibre is saoil agus deiseanna foghlama ar fáil.
Ag obair san Aontas Eorpach agus ar fud an domhainTugann gairmréim sa Choimisiún deis duit dul ag obair in go leor réimsí éagsúla agus aistriú chuig ranna eile de chuid an Choimisiúin, chuig tíortha eile nó chuig institiúidí eile de chuid an Aontais.