Tá roinnt prionsabal ann a thugann treoir don Coimisiún ina chuid oibre: trédhearcacht, iompar eiticiúil, comhdheiseanna, ilteangachas, chomh maith le claochlú digiteach agus an tionchar ar an gcomhshaol. Trédhearcacht Ós rud é gur príomhphrionsabal de chuid an Aontais í an trédhearcacht, cinntíonn an Coimisiún Eorpach gur féidir le saoránaigh, páirtithe leasmhara agus gach páirtí lena mbaineann rochtain a fháil ar shonraí agus ar fhaisnéis atá ábhartha agus cothrom le dáta. Foilsíonn an Coimisiún eolas faoi rudaí amhail, comhairliúcháin, cláir spéise, obair coistí agus grúpaí saineolaithe, chomh maith le sonraí faoi thairbhithe maoiniúcháin ón Aontas. Cuidíonn an trédhearcacht le muinín shaoránaigh na hEorpa a choinneáil i ndlisteanacht phróisis pholaitiúla, reachtacha agus riaracháin an Aontais.Trédhearcacht Eitic agus dea-riarachán Tá dualgas ar na Coimisinéirí agus ar bhaill foirne an Choimisiúin araon freastal ar leas an phobail. Feidhmíonn siad ar fad de réir creat prionsabal agus rialacha lena rialaítear a n-iompar ó thaobh eitice agus ionracais. Tá an Coimisiún Eorpach tiomanta dea-riarachán a chinntiú agus é ag plé leis an bpobal. Déanann sé a sheacht ndícheall ceart na saoránach um dhea-riarachán a chur i bhfeidhm agus aon chás drochriaracháin a sheachaint.Coimisinéirí agus eiticBaill foirne agus eiticDea-riarachán Nós imeachta gearán Ionad oibre nua-aimseartha Cuirtear i láthair i straitéis acmhainní daonna an Choimisiúin fís d’eagraíocht nua-aimseartha sholúbtha, a bheidh ag feidhmiú ar an leibhéal is airde ar mhaithe le muintir na hEorpa ar fad. Cuireann sé gairmeacha sásúla ar fáil do na daoine is tréithí ó thíortha uile an Aontais. Lena Straitéis Dhigiteach, tá creat curtha ar bun ag an gCoimisiún le haghaidh claochlú digiteach leanúnach. Cuireann sé fís de Choimisiún digiteach chun cinn atá spreagúil agus a nascann daoine, sonraí, próisis agus teicneolaíocht le chéile. Tá an Coimisiún meáite ar bheith ar thús cadhnaíochta san aistriú i dtreo sochaí aeráidneodrach, trí phlean uaillmhianach agus réadúil a leagan amach chun an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2030. Thug sé gealltanas faoin gComhshocrú Aeráide Eorpach agus gheall sé a astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 60% ar a laghad de réir a chéile i gcomparáid le 2005. Tús áite do dhaoine – An Coimisiún Eorpach a nuachóiriú An Coimisiún a dhigitiú An Coimisiún a ghlasú Ilteangachas sa Choimisiún Is cuid bhunúsach d’oidhreacht chultúrtha na hEorpa iad na teangacha a labhraítear sna Ballstáit. Dá bhrí sin, tacaíonn an tAontas leis an ilteangachas ina chláir agus in obair na n-institiúidí. Úsáid teangacha sa Choimisiún Naisc ghaolmhara Rialachas sa Choimisiún EorpachSlándáil sa Choimisiún