Inneachar an leathanaighInneachar an leathanaigh Cathain is ceart achainí a dhéanamh Is féidir leat iarraidh ar Pharlaimint na hEorpa saincheist a bhaineann leatsa a iniúchadh, nó gearán a dhéanamh faoin gcaoi a bhfuil dlí de chuid an Aontais á chur i bhfeidhm. ‘Achainí’ a thugtar air sin. Fiosróidh Parlaimint na hEorpa an cheist agus scríobhfaidh sí ar ais chugat lena cuid torthaí. Cé atá in ann tús a chur le hachainí? aon saoránach den Aontas aon duine a bhfuil cónaí air i mBallstát aon chuideachta, eagraíocht nó comhlachas a bhfuil a cheannáras i mBallstát Ní mór do d’achainí a bheith bainteach le ceann de réimsí beartais an Aontais. Is féidir leat d'achainí a chur isteach leis féin, nó mar chuid de ghrúpa. Ní theastaíonn íoslíon sínithe. An dóigh le hachainí a chruthú nó a shíniú Sula gcuirfidh tú tús le hachainí, déan deimhin de nach bhfuil ábhar na hachainí cuimsithe ag achainí atá ann cheana. Tá dhá dhóigh ann le hachainí a chruthú Ar líne Cláraigh ar thairseach na n-achainíocha agus lean na treoracha. 2. Tríd an bpost Is féidir leat d’achainí a chur isteach tríd an bpost chomh maith. Níl aon fhoirm le líonadh isteach – ach ní mór an t-eolas seo a leanas a lua ainm náisiúntacht seoladh síniú Seol d’achainí chuig: Cathaoirleach Choiste na nAchainíocha Seoladh poist: Parlaimint na hEorpa, 1047 an Bhruiséil, an Bheilg