Inneachar an leathanaighInneachar an leathanaigh Lean an Coimisiún Eorpach ar na meáin shóisialtaCuireann an Coimisiún Eorpach a chuid oibre i láthair ar a chuntais éagsúla ar roinnt meáin shóisialta a úsáidtear go forleathan. Iarraimid ort páirt a ghlacadh i gcomhráite ar ár gcuntais agus ár n-ábhar a chomhroinnt. Lean an Coimisiún Eorpach arInstagramFacebookXLinkedInYouTubeBlueskyPinterestMastodonThreadsTelegramLíonraí sóisialta eile Beartas modhnóireachta i ndáil leis na meáin shóisialta Cé gur mór againn na dearcthaí agus na tuairimí éagsúla a nochtar, ní ghlacfaimid le nótaí tráchta atá maslach iontu féin ná le nótaí tráchta a d’fhéadfadh cur isteach ar dhaoine eile. Bí cineálta agus seachain caint ghríosaitheach tharcaisneach mhaslach. Bíodh meas agat ar úsáideoirí eile agus ar na prionsabail bhunúsacha atá i gcoiteann againn. Níl aon ghlacadh againn leis an gciníochas, leis an tseineafóibe, ná le hidirdhealú de chineál ar bith (reiligiún, bunadh eitneach, inscne, gnéaschlaonadh agus a leithéid). Níl aon ghlacadh againn ach an oiread le gairmeacha ar fhoréigean. Aon ábhar a sháraíonn ár mbeartas modhnóireachta, bainfear é.Bíodh baint ag do chuid tuairimí le hábhar ár bpostálacha. Níl aon ghlacadh againn le turscar, agus bainfear aon tuairimí le naisc amhrasacha iontu. Iarrtar ort freisin gan eolas míthreorach a chomhroinnt, go háirithe dá bhféadfadh sé dochar a dhéanamh do dhaoine eile nó dá gcomhroinnfí é ar mhaithe le gnóthachan pearsanta. Creidimid go láidir gur cheart go mbeadh ár leathanach ina spás sábháilte fáilteach, áit ar féidir le gach duine a bheith compordach chun a gcuid tuairimí a chomhroinnt. Chun an timpeallacht dhearfach sin a choinneáil, féadfaimid tuairimí a cheilt nó a scriosadh, agus féadfar cosc a chur ar úsáideoirí nuair a sháraíonn siad ár mbeartas modhnóireachta arís agus arís eile.Féachaimid le freagra a thabhairt ar an oiread ceisteanna is féidir, a luaithe is féidir. Mura bhfuair tú freagra ar do cheist go fóill, cuir sin in iúl dúinn ag comm-social-media-teamec [dot] europa [dot] eu (comm-social-media-team[at]ec[dot]europa[dot]eu). Cóipcheart Tá an t-ábhar a phostáiltear ar chuntais meán sóisialta de chuid an Choimisiúin Eorpaigh faoi réir an fhógra cóipchirt chaighdeánaigh, atá le fáil anseo. Ceisteanna Má bhíonn aon cheist agat faoin gCoimisiún Eorpach agus faoina chuid gníomhaíochtaí, ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh linn ag comm-social-media-teamec [dot] europa [dot] eu (comm-social-media-team[at]ec[dot]europa[dot]eu). Séanadh Is chun críoch faisnéise, agus chun na gcríoch sin amháin, iad na smaointe agus na tuairimí a nochtann an Coimisiún Eorpach ar na meáin shóisialta. Ní mheasfar aon chumarsáid a dhéantar ar na meáin shóisialta a bheith ina fógra dlíthiúil ná oifigiúil thar ceann an Choimisiúin Eorpaigh. Cosaint sonraí ar na meáin shóisialtaBaineann an Coimisiún Eorpach úsáid as na meáin shóisialta chun a chuid oibre a chur os comhair an tsaoil. Trínár suíomh gréasáin, is féidir rochtain dhíreach a fháil ar chuntais an Choimisiúin Eorpaigh ar na meáin shóisialta. Na cnaipí meán sóisialta ar ár suíomh gréasáin, ní bhailíonn siad do chuid sonraí ná ní sheolann siad chuig suíomhanna seachtracha tú mura gcliceálann tú orthu. Nuair a chliceálann tú orthu, iarrfar ort glacadh le beartais fianán na n-ardán sin. Tá a bhealach féin ag gach ardán meán sóisialta (cuir i gcás YouTube, X, LinkedIn, Facebook, Instagram, agus eile) chun do shonraí pearsanta a láimhseáil. Má tá imní ort faoin gcaoi a n-úsáideann ardáin meán sóisialta do chuid sonraí, molaimid duit a mbeartais phríobháideachais a léamh sula n-úsáideann tú iad. Má tá tuilleadh eolais uait faoinár mbeartas príobháideachais maidir lenár láithreacht ar na meáin shóisialta, féadfaidh tú féachaint ar ár ráiteas príobháideachais.