Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ár ndaonlathas a chosaint, ár luachanna a chaomhnú

Forléargas

Beidh todhchaí na hEorpa i ndomhan atá briste ag brath ar dhaonlathas láidir a bheith againn agus ar na luachanna a thugann na saoirsí agus na cearta ar mór ag Eorpaigh iad a chosaint. Ag tógáil ar a bhfuil bainte amach cheana féin, sa sainordú nua seo déanfaidh an tAontas níos mó chun an daonlathas agus a shaoránaigh a chosaint ar bhagairtí atá ag dul i méid ó ghníomhaithe inmheánacha agus eachtracha, agus an smacht reachta atá mar bhunús leis agus atá bunriachtanach don rathúnas, don iomaíochas agus do mhargadh aonair dea-fheidhmiúil á neartú ag an am céanna. An fhís atá againn de mhór-roinn atá aontaithe ag an daonlathas, ag an smacht reachta agus ag urraim do shaoirsí bunúsacha, agus a cuid saoránach i gcroílár na mór-roinne sin, is í sin a chuirfidh dlús i gcónaí lenár gcuid oibre.

An méid a cheapann muintir na hEorpa

86%
is é sin an líon de mhuintir na hEorpa atá ar aon intinn gur fadhb mhór don daonlathas é scaipeadh tapa na bréagaisnéise
81%
is é sin an líon de mhuintir na hEorpa a chreideann gur fadhb thromchúiseach í cur isteach eachtrach ar ár gcórais dhaonlathacha ar gá aghaidh a thabhairt uirthi
90%
is é sin an líon de shaoránaigh an Aontais a aithníonn an tábhacht a bhaineann le luachanna an Aontais a urramú, an smacht reachta san áireamh

Cuspóirí

Ní féidir talamh slán a dhéanamh dár ndaonlathas ná dár gcearta. Ní mór iad a chur chun cinn agus a chothú gach lá. Thairis sin, ní mór ról lárnach a bheith ag na saoránaigh sa phróiseas daonlathach. Ní mór iad a chur san áireamh i bhfeidhmiú na n-institiúidí a bhfuil muinín acu astu. Sin é an fáth a bhfuil gealltanas tugtha ag an Aontas an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Icon_purple
    An daonlathas a chosaint agus seasamh leis

    agus athléimneacht agus ullmhacht na sochaí a mhéadú

  • Icon_purple
    An smacht reachta a neartú

    ar mhaithe le sochaí chothrom dhea-fheidhmiúil

  • Icon_purple
    Rannpháirtíocht saoránach a chur chun cinn

    chun smaointe na saoránach a chur i gcroílár an phróisis ceaptha beartas

An chaoi a mbainfimid ár gcuspóirí amach

Sna blianta amach romhainn, oibreoimid ar na nithe seo a leanas:

Ár ndaonlathas a chosaint

An smacht reachta a neartú

Saoránaigh a chur i gcroílár ár ndaonlathais

An dul chun cinn go dtí seo

Déan monatóireacht ar dhul chun cinn tionscnamh nua, dlíthe atá beartaithe agus athruithe reachtacha faoin tosaíocht seo, lean iad, agus coinneáil cothrom le dáta leo

  1. 7 Bealtaine 2024
  2. 12 Nollaig 2023

    Cosaint an daonlathais: Mhol an Coimisiún go dtabharfaí tionchar eachtrach ceilte chun solais

  3. 16 Nollaig 2022

    An chéad Phainéal Saoránach Eorpach mar chuid den obair leantach ar an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa

I lár an aonaigh

Cé atá i gceannas

Portrait of Henna Virkkunen

An Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Cheannasacht Teicneolaíochta, Slándáil agus Daonlathas

Portrait of Kaja Kallas

An tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Leas-Uachtarán

Portrait of Michael McGrath

An Coimisinéir um an Daonlathas, an Ceartas agus an Smacht Reachta agus um Chosaint Tomhaltóirí