Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

An Eoraip dhomhanda: ár gcumhacht agus ár gcomhpháirtíochtaí a ghiaráil

Forbhreathnú

Tá athrú as cuimse tagtha ar an domhan le blianta beaga anuas. Fogha na Rúise faoin Úcráin, an cogadh in Gaza agus teacht chun cinn sraithe nua gníomhaithe údarásaíocha atá ag obair chun deighilt a chur agus atá ag iarraidh ord idirnáisiúnta malartach a chruthú, staidiúir níos ionsaithí agus iomaíocht eacnamaíoch éagórach ón tSín, níl sa mhéid sin ach roinnt bheag de na samplaí a léiríonn nach mór don Aontas a bheith níos teanntásaí agus a leasanna á saothrú aige.

Oibreoidh an Coimisiún Eorpach chun a chinntiú go mbeidh beartas eachtrach agus slándála an Aontais oiriúnach chun dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann leis an saol mar atá faoi láthair. Déanfaimid ord idirnáisiúnta riailbhunaithe a chosaint agus a chur chun cinn agus déanfaimid iarracht ról na n-institiúidí domhanda a neartú. Ar an gcaoi sin, seasfar le luachanna na hEorpa, agus seasfaidh an Eoraip an fód go láidir i ndomhan atá níos conspóidí agus níos éagobhsaí ná riamh.

An méid a cheapann muintir na hEorpa

69%
is é sin an líon de shaoránaigh an Aontais atá i bhfabhar comhbheartais eachtraigh
67%
is é sin an líon daoine a aontaíonn gur láthair chobhsaíochta é an tAontas i ndomhan suaite
69%
is é sin an líon daoine a aontaíonn go bhfuil uirlisí leordhóthanacha ag an Aontas chun a leasanna eacnamaíocha a chosaint sa gheilleagar domhanda

Cuspóirí

  • Icon_dark_blue
    An tAontas Eorpach a mhéadú

    chun ár dtionchar ar an leibhéal domhanda a mhéadú

  • Icon_dark_blue
    Díriú ar ár gcomharsanacht níos leithne

    chun an tsíocháin, comhpháirtíochtaí agus cobhsaíocht eacnamaíoch a chur chun cinn

  • Icon_dark_blue
    Beartas eachtrach eacnamaíoch nua a shaothrú

    chun borradh a chur faoin rathúnas, faoin gcumhacht trádála agus faoi chomhpháirtíochtaí comhthairbheacha

  • Icon_dark_blue
    An córas idirnáisiúnta a athchóiriú

    chun é a chur in oiriúint do shaol an lae inniu

An chaoi a mbainfimid ár gcuspóirí amach

An méadúmar riachtanas geopholaitiúil

Cur chuigeníos straitéisí i leith ár gcomharsanachta

Beartas eachtracheacnamaíoch nua

An t-iltaobhachas a athmhúnlúdo dhomhan an lae inniu

An dul chun cinn go dtí seo

Déan monatóireacht ar dhul chun cinn tionscnamh nua, dlíthe atá beartaithe agus athruithe reachtacha faoin tosaíocht seo, lean iad, agus coinneáil cothrom le dáta leo.

  1. 3 Iúil 2024

    Chuaigh Ceanada isteach sa chlár Fís Eorpach

  2. 24 Meitheamh 2024
  3. 11 Meitheamh 2024

    Shínigh an tAontas Eorpach comhaontuithe ráthaíochta agus deontais nua dar luach €1.4 billiún chun tacú le téarnamh agus le hatógáil na hÚcráine

  4. 28 Bealtaine 2024
  5. 27 Bealtaine 2024

    Gheall an tAontas €2.12 billiún chun tacú le todhchaí na Siria agus an réigiúin, le linn Chomhdháil na Bruiséile

  6. 1 Bealtaine 2024

    Rinne an tAontas 20 bliain ó mhéadú 2004 a cheiliúradh

I lár an aonaigh

Cé atá i gceannas

Portrait of Kaja Kallas

An tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Leas-Uachtarán

Portrait of Maroš Šefčovič

An Coimisinéir um an Trádáil agus Slándáil Eacnamaíoch, agus an Caidreamh agus an Trédhearcacht Idirinstitiúideach

Portrait of Jozef Síkela

An Coimisinéir um Chomhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta