Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Gnóthaí fostaíochta agus sóisialta

Tá cúraim an bheartais i réimse na fostaíochta, gnóthaí sóisialta agus cuimsiú sóisialta comhroinnte idir an tAontas Eorpach agus a chuid Ballstát.

An méid a dhéanann an tAontas Eorpach

Príomhfhigiúirí faoi Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta

I gColún Eorpach na gCeart Sóisialta leagtar amach 20 bunphrionsabal agus ceart d’fhonn tacú le cothroime agus dea-fheidhmiú na margaí saothair agus na gcóras leasa shóisialta. Leagtar síos i bPlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta spriocanna sóisialta atá le baint amach ag an Aontas faoi 2030.

Fostaíocht
Ba cheart ar a laghad 78% de mhuintir an Aontais idir 20 agus 64 bliana d’aois a bheith fostaithe
Oiliúint
Ba cheart ar a laghad 60% de na daoine fásta uile san Aontas a bheith rannpháirteach san oiliúint gach bliain
An bhochtaineacht a laghdú
Ba cheart laghdú 15 mhilliún ar a laghad a chur ar líon na ndaoine i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta san Aontas

Réimsí gníomhaíochta

Plean chun oideachas, oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil ar ardchaighdeán a fheabhsú

Cuidiú le daoine óga aistriú go réidh ón oideachas go dtí an obair agus dífhostaíocht fhadtéarmach a chosc i measc an aosa óig

A chinntiú go mbeidh rochtain ag gach leanbh atá i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta ar chearta bunúsacha, amhail cúram sláinte agus oideachas.

Rochtain ar chúram sláinte poiblí is gá agus tú ag fanacht go sealadach san Aontas, sa LEE, san Eilvéis, nó sa Ríocht Aontaithe, faoi na coinníollacha céanna le cónaitheoirí áitiúla

Príomhionstraim an Aontais chun infheistíocht a dhéanamh sna daoine, chun tacú le fostaíocht, forbairt scileanna agus cuimsiú sóisialta. Cuireann sé €95.8 billiún ó bhuiséad an Aontais ar fáil do na Ballstáit don tréimhse 2021-2027.

Na príomhéachtaí

  • Tá rialacha curtha i bhfeidhm ag an Aontas chun feabhas a chur ar leordhóthanacht an phá íosta agus chun cómhargáil a chur chun cinn. Cinntíonn pá leordhóthanach caighdeán leordhóthanach maireachtála do chách agus feabhsaíonn sé cothroime shóisialta.
  • Leagamar amach rialacha chun dálaí oibre oibrithe ardáin a fheabhsú. As 28 milliún duine a oibríonn trí ardáin dhigiteacha, d’fhéadfadh suas le 4.1 milliún duine acu a aicmítear go mícheart mar dhaoine féinfhostaithe a bheith ina bhfostaithe. Bainfidh na hoibrithe sin tairbhe as cearta saothair agus sóisialta, ina measc sin árachas sláinte, saoire le pá, tacaíocht dífhostaíochta agus rochtain ar chosaint shóisialta.
  • San Aontas Eorpach, tuilleann na mná 13% níos lú ná na fir as an obair chéanna. Tá rialacha leagtha amach againn maidir le trédhearcacht pá, chun an bunphrionsabal a bhaint amach go bhfuil pá comhionann as obair chomhionann tuillte ag cách. Beidh ar chuideachtaí a bhfuil níos mó ná 100 fostaí acu eolas a fhoilsiú maidir leis an mbearna phá idir oibrithe ar mná iad agus oibrithe ar fir iad.
  • Cinntítear leis an Ráthaíocht don Aos Óg go dtairgtear post, oideachas leanúnach, tréimhse oiliúna, nó printíseacht do dhaoine óga laistigh de 4 mhí tar éis dóibh a bpost a chailleadh nó an t-oideachas a fhágáil. Ó bhí 2013 ann, chuidigh an Ráthaíocht Eorpach don Aos Óg le níos mó ná 50 milliún duine óg.
  • Ó bhí 2022 ann, tá níos mó ná 4 mhilliún Úcránach tar éis tairbhe a bhaint as cosaint shealadach, rud a chuir ar a gcumas a saol a atógáil agus a bheith ag obair san Aontas.
  • Ó bhí 2020 ann, spreagtar leis an gComhshocrú um Scileanna eagraíochtaí poiblí agus príobháideacha dul i gcomhar le chéile chun oibrithe a uas-sciliú agus a athsciliú. Go dtí 2024, bhí níos mó ná 2,500 comhalta aige a bhfuil oiliúint curtha ar níos mó ná 3.5 milliún duine acu i dteannta a chéile.
  • Ó 2007 go 2024 rinne an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha idirghabháil i 182 chás, agus leithdháileadh €700 milliún leis chun cuidiú a thabhairt do níos mó ná 170,000 duine i 20 Ballstát.

Sa spotsolas

Imeachtaí