Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Fuinneamh

What the EU does

An méid atá á dhéanamh ag an gCoimisiún

Tá an Coimisiún Eorpach tiomanta do bheartas lena gcuirfear le huaillmhian an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, is é sin a bheith neodrach ó thaobh carbóin de faoi 2050. Dírítear sna beartais sin freisin ar bhorradh a chur faoin margadh fuinnimh inmheánach agus ár bhfuinneamh a dhéanamh níos sláine, níos inbhuanaithe agus níos inacmhainne. Cé gurb iad na Ballstáit a roghnaíonn a meascán fuinnimh féin, tá rialacha coiteanna ann a bhaineann le margadh fuinnimh an Aontais. Ina measc sin tá rialacha chun a chinntiú go bhfuil slabhra an tsoláthair fuinnimh chomh héifeachtúil agus chomh slán agus is féidir, sábháilteacht núicléach san áireamh, chomh maith le rialacha maidir le spriocanna a leagan síos i dtaca le héifeachtúlacht fuinnimh, fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite agus idirnaisc thrasteorann. Ar leibhéal an tomhaltóra freisin, is ríléir an tionchar a bhí ag na rialacha maidir le héicidhearthóireacht agus lipéadú fuinnimh ar dhlús a chur le hinfheistíochtaí i dteicneolaíochtaí atá níos tíosaí ar fhuinneamh. Tá ról lárnach ag an bhfuinneamh i dtreochlár an Choimisiúin, an Comhaontú Glas don Eoraip, agus in 2020 d’fhoilsigh an Coimisiún roinnt tionscnamh agus straitéisí nua a chuideoidh chun earnáil an fhuinnimh a dhícharbónú.

Cuspóirí

Is éard a chlúdaítear i mbeartas fuinnimh an Aontais réimse leathan ábhar atá dírithe go ginearálta ar dhlús a chur leis an aistriú ó amhábhair, sin agus é a éascú, i dtreo teicneolaíochtaí fuinnimh ghlain ar bhealach nach bhfágfaidh aon duine chun deiridh. Go dtí seo is dírithe ar thrí chuspóir a bhí na beartais a ceapadh, is iad sin an córas fuinnimh ar leibhéal an Aontais a dhéanamh níos sláine, níos inbhuanaithe agus níos inacmhainne. Leis an gComhaontú Glas don Eoraip, is é príomhchuspóir an Choimisiúin díriú ar neodracht charbóin a bhaint amach faoi 2050. Bunaithe ar an uaillmhian leathan níos fadtéarmaí sin, in 2020 d’fhoilsigh an Coimisiún straitéisí maidir leis an méid seo a leanas:

  • fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta
  • an rabharta athchóiriúcháin
  • comhtháthú na gcóras fuinnimh
  • hidrigin
  • meatán

Sna sála ar an ngealltanas polaitiúil astaíochtaí a laghdú 55% faoi 2030, rud atá anois cumhdaithe i ndlí an Aontais, tá an Coimisiún ag féachaint ar athbhreithniú a dhéanamh ar reachtaíocht an Aontais chun an uaillmhian sin a bhaint amach – rud a chuirfidh leis na coincheapa a leagadh amach in 2020. Ina measc sin tá tograí reachtacha maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha a bhaineann le foinsí in-athnuaite, le héifeachtúlacht fuinnimh agus le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh, agus féachtar le dícharbónú mhargadh an gháis a spreagadh, trí hidrigin ghlan i measc bealaí eile, mar aon le bearta chun aghaidh a thabhairt ar astaíochtaí meatáin.

Spriocanna

I gcomhréir leis an uaillmhian mhéadaithe faoin gComhaontú Glas don Eoraip, uaillmhian a bhfuil gealltanas ag gabháil léi anois go laghdófar astaíochtaí gás ceaptha teasa 55% faoi 2030 i gcomparáid le leibhéil 1990 (ardú ó 40%), tá an tAontas ag féachaint anois ar na spriocanna nua seo a leanas do 2030:

  • An sciar d’ídiú fuinnimh iomlán an Aontais a thagann ón bhfuinneamh in-athnuaite a ardú go 40% (ardú ó 32%)
  • Éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú 36% (ídiú fuinnimh deiridh) agus 39% (ídiú fuinnimh phríomhúil) i gcomparáid le réamh-mheastacháin 2007 ar leibhéil ídithe gan bearta éifeachtúlachta fuinnimh a dhéanamh (ardú ó 32.5%). Is ionann sin agus méadú 9% ar na réamh-mheastacháin a rinneadh in 2020.

Eolas faoina bhfuil á dhéanamh ag institiúidí eile de chuid an Aontais i dtaca le fuinneamh

Expected outcomes

42.5%
renewable energy target for 2030
11.7%
expected improvement in energy efficiency by 2030
15%
interconnection target for 2030, to encourage EU countries to connect their electricity systems to each other

Areas of action

Find out more about EU actions to increase the share of renewable energy in Europe.

Energy is a valuable asset. Learn how the EU ensures we can make the most efficient use of it.

Explore the rules shaping the EU’s energy markets and protecting and empowering consumers.

How does the EU secure reliable energy for EU citizens and businesses?

Grids are the backbone of the EU’s energy systems. Find out how the EU strengthens and expands our grids.

Promoting research and innovation is key to achieving the energy transition and improving competitiveness. Find out what the EU does.

From ensuring nuclear safety to supporting the use of radiation and nuclear technologies in medicine, explore the EU’s nuclear energy policy.

Discover funding opportunities for energy projects in the EU

Key achievements

  • Through the promotion of wind, solar, and other renewable energy sources, renewable energy represented 23% of EU final energy consumption in 2022. While there is still work to be done to achieve the 42.5% target by 2030, a significant portion of energy consumed in Europe now comes from renewables. 
  • Companies in the renewable energy sector are thriving, supporting green job creation. By 2022, the renewable energy sector in Europe employed over 1.6 million people.
  • Investments in cross-border energy infrastructure have helped strengthen EU energy security, including by connecting several EU regions which were completely isolated. 
  • Between 2008 and 2021, the EU reduced greenhouse gas emissions by over 20%. At the same time, EU GDP increased by almost 10%. With the energy sector being responsible for more than 75% of the EU’s greenhouse gas emissions, EU energy policies have significantly contributed to this achievement. 
  • To achieve the 2030 energy efficiency target, the EU has introduced measures in policy areas with the greatest potential for energy savings and where a harmonised approach across EU countries is needed. Such measures not only lower energy bills, but also help businesses save on operational costs, while reducing the carbon footprint.

In focus

Events