Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Ceapachán Uachtarán agus Choimisinéirí an Choimisiúin Eorpaigh

Mar riail ghinearálta, déantar an Coimisiún Eorpach a athnuachan gach 5 bliana i gcomhréir le timthriall na dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa.

Ceaptar Coimisiún nua trí nós imeachta dhá chéim.

  1. Uachtarán an Choimisiúin (Uachtarán toghaí) a cheapadh. Faoi mhír 7 d’Airteagal 17 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, molann an Chomhairle Eorpach (Cinn Stáit nó Rialtais), agus torthaí na dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa á gcur san áireamh agus ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, iarrthóir d’Uachtarán an Choimisiúin. Toghtar an t-iarrthóir sin le vóta tromlaigh na Parlaiminte ansin. Mura mbaintear an tromlach sin amach sa Pharlaimint, ní mór don Chomhairle Eorpach, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, iarrthóir nua a mholadh – laistigh de mhí amháin – a bheidh le toghadh ag an bParlaimint de réir an nós imeachta chéanna.
  2. Coimisinéirí a cheapadh. Glacann Comhairle an Aontais Eorpaigh, i gcomhaontú le hUachtarán toghaí an Choimisiúin, liosta Coimisinéirí ainmnithe bunaithe ar mholtaí ó Bhallstáit an Aontais Eorpaigh. Ansin, mar chomhlacht, tá an tUachtarán, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus comhaltaí eile an Choimisiúin faoi réir vóta um thoiliú ag an bParlaimint. Ar bhonn an toilithe sin, is í an Chomhairle Eorpach, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, a cheapann an Coimisiún ina dhiaidh sin.

I gcás ina n-éireoidh an Coimisiún as oifig le linn a théarma oifige 5 bliana, ceaptar Coimisiún nua tríd an nós imeachta céanna a úsáid.

FÉACH FREISIN

Top