Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhdhéanamh an Choimisiúin Eorpaigh

Tá an Coimisiún Eorpach comhdhéanta de Choláiste na gCoimisinéirí, agus tá comhalta amháin ann ó gach ceann de na 27 Ballstát de chuid an Aontais Eorpaigh (AE). Tá gach Coimisinéir freagrach as punann arna sannadh ag Uachtarán an Choimisiúin dóibh.

Foráiltear in Airteagal 17(5) den Chonradh ar an Aontas Eorpach nach foláir go mbeidh an Coimisiún comhdhéanta de líon comhaltaí a bhfreagróidh do dhá thrian de líon Bhallstáit AE ón . Tugtar cead don Choimisiún Eorpach leis freisin cinneadh a dhéanamh d’aon toil an líon sin a athrú, áfach. In 2013, ghlac an Chomhairle Eorpach Cinneadh 2013/272/AE, lena n–áirithítear go bhfreagróidh líon chomhaltaí an Choimisiúin do líon na mBallstát, ionas go mbeadh gach ceann acu i dteideal comhalta den Choimisiún a ainmniú.

Faigheann an Coimisiún tacaíocht óna fhoireann, atá freagrach as an ngnó ó lá go lá a reáchtáil. Tá sé eagraithe i ranna ar a dtugtar Ard–Stiúrthóireachtaí, agus tá gach ceann díobh freagrach as réimse beartais nó seirbhís faoi leith.

FÉACH FREISIN

Top