This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Sonraítear in Airteagal 17 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) go bhfuil sé de chúram ag an gCoimisiún Eorpach, mar chaomhnóir chonarthaí AE, dlí AE a chur i bhfeidhm, trí fhaireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm dhlí príomhúil agus dhlí tánaisteach AE agus a áirithiú go gcuirfear an dlí i bhfeidhm go haonfhoirmeach ar fud AE. Bailíonn sé faisnéis chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh Bhallstáit AE.
Má theipeann ar Bhallstát AE cloí le dlí AE, féadfaidh an Coimisiún “litir fógra fhoirmiúil” a sheoladh chuig an mBallstát sin, rud a chuireann ar chumas an Bhallstáit a chuid breathnóireachtaí a chur isteach. Má chreideann an Coimisiún nach gcloítear go fóill le rialacha AE, seolann sé tuairim réasúnaithe chuig an mBallstát. Socraítear spriocdháta sa tuairim réasúnaithe faoina gcaithfidh an Ballstát dlí AE a chomhlíonadh. Mura gcomhlíonann an Ballstát dlí AE laistigh den spriocdháta a sonraíodh, féadfaidh an Coimisiún an cás a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (faoi Airteagal 258 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE)).
Féadfaidh an Chúirt pionós airgeadais a ghearradh ar Bhallstát a mhainníonn an breithiúnas a urramú tar éis an dara nós imeachta Cúirte (Airteagal 260(2) CFAE). Mar sin féin, i gcás ina mainníonn an Ballstát treoir a chur chun feidhme, féadfaidh an Chúirt smachtbhannaí airgeadais a ghearradh le linn di a céad bhreithiúnas a rith, faoi Airteagal 258 CFAE (Airteagal 260(3) CFAE).
Féadfaidh duine aonair nó eagraíocht ar bith gearán a dhéanamh freisin leis an gCoimisiún, más cosúil go ndearnadh rialacha AE a shárú le beart nó le cleachtas riaracháin i mBallstát AE. Mar sin féin, níl cead ach ag an gCoimisiún tús a chur leis an nós imeachta faoi Airteagal 258 agus Airteagal 260 CFAE.