Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Bratach an Aontais Eorpaigh
European Union
  • Gníomhaireacht nó comhlacht de chuid an chomhbheartais eachtraigh agus slándála
  • ESDC

An Coláiste Eorpach um Shlándáil agus um Chosaint

Forbhreathnú

  • Ról: Príomhsholáthraí oiliúna agus oideachais an Aontais maidir leis an gComhbheartas Slándála agus Cosanta i gcomhthéacs níos leithne bheartas eachtrach agus slándála an Aontais
  • Stiúrthóir (Ceann): Fergal Ó Regan
  • Bliain a bhunaithe: 2005
  • Líon na mball foirne: 29
  • Suíomh: An Bhruiséil, an Bheilg
  • Suíomh gréasáin: ESDC

An méid a dhéanann sé

Tacaíonn An Coláiste Eorpach um Shlándáil agus um Chosaint (ESDC) le hiarrachtaí an Aontais an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht a chur chun cinn trí oiliúint agus oideachas a chur ar fáil i réimse an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta (CBSC) i gcomhthéacs níos leithne an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála (CBES). Cinntíonn sé go bhfuil an pearsanra ullmhaithe go maith chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin slándála an Aontais atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, agus feabhas á chur ag an am céanna ar chomhchultúr slándála agus cosanta na hEorpa.

Agus é ag feidhmiú mar ghréasán, tugann ESDC institiúidí oiliúna agus oideachais sibhialta agus míleata atá ag obair ar shlándáil agus ar chosaint le chéile. Cumasaíonn sé sin comhthiomsú agus comhroinnt acmhainní, cuireann sé dea-chleachtais chun cinn, agus cinntíonn sé go mbaintear úsáid éifeachtúil as cistí poiblí agus oiliúint ardcháilíochta á cur ar fáil ag an am céanna. Feidhmíonn sé freisin mar uirlis taidhleoireachta, ag comhoibriú le comhpháirtithe atá ar aon intinn leo.

Cé a bhaineann tairbhe as? 

Ó cheannaireacht agus bainistiú géarchéime go cibearshlándáil, cuireann ESDC raon leathan cúrsaí ar fáil do bhaill foirne an Aontais, agus do phearsanra sibhialta, taidhleoireachta, póilíneachta agus míleata na mBallstát, agus iad go léir ag obair i dtreo todhchaí níos síochánta agus níos sláine.

Agus béim ar leith á leagan ar mhisin agus oibríochtaí CBSC, cuireann ESDC oiliúint ar fáil thar gach céim de thascanna ball foirne, oiliúint réamh-imscartha agus oiliúint le linn misin san áireamh. Gach bliain, cuirtear oiliúint ar os cionn 4,500 pearsanra. Ina theannta sin, comhordaíonn ESDC an clár ‘Erasmus Míleata’, lena n-éascaítear malartú níos mó ná 4,000 mac léinn gach bliain.

Teagmháil

An Coláiste Eorpach um Shlándáil agus um Chosaint

Ainm
An Coláiste Eorpach um Shlándáil agus um Chosaint
Suíomh gréasáin
https://esdc.europa.eu
Seoladh poist

Rue d’Arlon 62
1046 An Bhruiséil
An Bheilg

Na meáin shóisialta