Conradh Euratom
Conradh Euratom
Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach
Síníodh dhá chonradh an 25 Márta 1957 - an Conradh ag bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE) agus an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (CEFA nó Euratom).
I measc phríomhaidhmeanna Chonradh Euratom, bhí:
- taighde a chur chun cinn agus a faisnéis theicniúil a leathadh
- caighdeáin sábháilteachta comhionanna a bhunú chun sláinte an phobail agus oibrithe tionsclaíochta a chosaint
- taighde a éascú
- a áirithiú nach mbaintear úsáid as ábhair núicléacha ach amháin sa tslí atá ceaptha dóibh, go háirithe i gcás cúrsaí míleata
Is féidir fiúntas Euratom a fheiceáil go soiléir i gcomhthéacs an mhéadaithe. Ba fhoinse thábhachtach fuinnimh atá sa chumhacht núicléach do go leor de thíortha Oirthear na hEorpa, ach ní leordhóthanach i gcónaí na caighdeáin sábháilteachta a bhí i réim sna fearais chumhachta núicléiche atá acu ná go deimhin an leibhéal cosanta a tugadh don phobal agus d’oibrithe. Is i gcomhthéacs Euratom a sholáthraítear tacaíocht AE sa réimse seo.
- Arna shíniú in: An Róimh (An Iodáil) 25 Márta 1957
- Teacht i bhfeidhm: 1 Eanáir 1958