An Conradh ar an Aontas Eorpach / Conradh Maastricht 

An Conradh ar an Aontas Eorpach, nó Conradh Maastricht, le sínithe na n-airí um ghnóthaí eachtracha agus airgeadais 

Síníodh an Conradh ar an Aontas Eorpach in Maastricht os comhair Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Egon Klepsch.

De réir an Chonartha, bunaíodh an tAontas Eorpach ar bhonn na gComhphobal Eorpach (an chéad cholún), le dhá réimse comhoibrithe breise (an dara agus an tríú colún): an Comhbheartas Eachtrach agus Slándála agus Ceartas agus Gnóthaí Baile.

Athruithe móra ar Pharlaimint na hEorpa

Le teacht i bhfeidhm don Chonradh ar an Aontas Eorpach, athraíodh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa go dtí an Comhphobal Eorpach. Le teacht isteach an nós imeachta comhchinnteoireachta agus leathnú ar úsáid an nós imeachta comhair, neartaíodh cumhachtaí reachtacha agus maoirseachta Pharlaimint na hEorpa.

Faoin gConradh nua, tugadh an chumhacht don Pharlaimint cuireadh a thabhairt don Coimisiún Eorpach togra reachtach nua a chur i láthair d’ábhair a raibh gníomh de chuid an Aontais de dhíth dóibh, dar leo. Bhí ar an gCoimisiún iomlán a fhormheas a thabhairt don Pharlaimint chomh maith. Ina theannta sin, tugadh an fhreagracht don Pharlaimint an tOmbudsman Eorpach nua a cheapadh.

  • Arna shíniú in: Maastricht (an Ísiltír) 7 Feabhra 1992
  • Teacht i bhfeidhm: 1 Samhain 1993