Ról Pharlaimint na hEorpa i mbeartais sheachtracha
Cén chaoi a rannchuidíonn Parlaimint na hEorpa le beartais sheachtracha an Aontais?
Tá ról tábhachtach forbartha ag Parlaimint na hEorpa ó thaobh múnlú a dhéanamh ar rannpháirtíocht an Aontais le tíortha nach cuid den Aontas iad. Úsáideann an Pharlaimint uirlisí éagsúla, lena n-áirítear cumhachtaí foirmiúla agus tionchar polaitiúil, chomh maith le roinnt tionscnaimh nuálacha, chun rannchuidiú le taidhleoireacht an Aontais agus chun cuidiú le cuspóirí an Aontais a bhaint amach.
Léiríonn suirbhéanna go measann saoránaigh an Aontais go bhfuil tábhacht ag baint leis an mbeartas eachtrach, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an tslándáil agus leis an gcosaint, agus léirítear an tábhacht sin i rannpháirtíocht mhéadaitheach na Parlaiminte sna beartais uile atá dírithe ar ábhair agus ar thíortha lasmuigh den Aontas.
Cumhachtaí foirmiúla Pharlaimint na hEorpa i mbeartais sheachtracha
Is féidir leis an bParlaimint a cumhachtaí reachtacha, maoirseachta agus buiséadacha a úsáid chun beartais eachtracha a mhúnlú;
- Cumhacht reachtach: Glacann an Pharlaimint dlíthe, i gcomhpháirt le Comhairle an Aontais Eorpaigh, i réimsí amhail an trádáil agus an cúnamh eachtrach, agus i réimsí eile beartais a bhfuil gné sheachtrach thábhachtach ag baint leo, amhail an imirce, an aeráid, an fuinneamh agus saincheisteanna digiteacha.
- Maoirseacht ar chomhaontuithe idirnáisiúnta: Ní mór don Pharlaimint formheas a dhéanamh ar an gcuid is mó de chomhaontuithe an Aontais le tíortha nó le réigiúin nach cuid den Aontas iad agus cinntíonn sí ansin go gcuirtear i bhfeidhm i gceart iad.
- Rialú parlaiminteach: Déanann an Pharlaimint faireachán ar ghníomhaíochtaí beartais eachtraigh an Choimisiúin Eorpaigh agus na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí agus tógann sí chun cuntais iad.
- Cumhacht bhuiséadach: Formheasann an Pharlaimint, i gcomhpháirt leis an gComhairle, buiséad an Aontais agus áirithíonn sí go n-úsáidtear cistí go cuí, lena n-áirítear maidir le beartais eachtraigh amhail caiteachas ar chabhair um chomhar trí bhíthin an chiste don Eoraip Domhanda.
Conas a úsáideann an Pharlaimint taidhleoireacht pharlaiminteach le bheith rannpháirteach sa bheartas eachtrach?
1. Idirphlé polaitiúil leis na húdaráis
Téann an Pharlaimint i dteagmháil le rialtais, le parlaimintí agus leis an tsochaí shibhialta i dtíortha nach cuid den Aontas iad ar roinnt bealaí:
- Rannpháirtíochtaí idirnáisiúnta: tá taidhleoireacht ardleibhéil faoi stiúir an Uachtaráin agus phríomh-Fheisirí Pharlaimint na hEorpa.
- Gníomhaíochtaí coiste: Téann na Feisirí i mbun plé le hoifigigh agus le hionadaithe ó thíortha nach cuid den Aontas iad, lena n-áirítear malartuithe rialta le hairí gnóthaí eachtracha i gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha na Parlaiminte.
- Líonraí idirpharlaiminteacha: le toscaireachtaí oifigiúla na bhFeisirí forbraítear caidrimh idir an tAontas agus tíortha eile, iad ag déanamh ionadaíochta go minic thar ceann an Aontais i gcomhlachtaí idirpharlaiminteacha arna mbunú ag comhaontuithe idirnáisiúnta.
- Cuairteanna oifigiúla: Tugann Feisirí cuairt ar thíortha nach cuid den Aontais iad, ag teacht le chéile le raon leathan geallsealbhóirí agus ionadaithe chun tuiscint agus comhar a fheabhsú.
- Rannpháirtíocht i gcomhdhálacha agus i bhfóraim idirnáisiúnta: Déantar ionadaíocht thar ceann na Parlaiminte ag cruinnithe parlaiminte ghrúpaí náisiún amhail G7 agus G20.
2. Tionchar a imirt ar bheartas eachtrach
Trí sheasamh a chomhaontú go foirmiúil ina cuid rún maidir leis an mbeartas eachtrach, rannchuidíonn an Pharlaimint le seasaimh agus straitéisí an Aontais ar ábhair sheachtracha a mhúnlú. Áirítear orthu sin:
- Cearta an duine agus an daonlathas: ag tabhairt aghaidh ar sháruithe ar chearta an duine agus ag cur luachanna daonlathacha chun cinn i dtíortha sonracha agus i réigiúin shonracha.
- Tuairisciú beartas: ag déanamh measúnú ar an dul chun cinn maidir le méadú an Aontais, comhaontuithe idirnáisiúnta agus cuspóirí beartais eachtraigh.
3. Ag tacú leis an daonlathas ar fud an domhain
Tá iarrachtaí na Parlaiminte chun an daonlathas a chur chun cinn agus chun cultúir láidre pharlaiminteacha a fhorbairt faoi stiúir a Grúpa Tacaíochta Daonlathais agus Comhordaithe Toghchán . Áirítear i measc príomhghníomhaíochtaí an ghrúpa:
- Fothú acmhainneachta parlaimintí: ag tacú le comhlachtaí reachtóireachta i dtíortha nach cuid den Aontas iad.
- Faireachán toghcháin: ag déanamh breathnóireacht ar thoghcháin i 6-10 suíomh ar bhonn bliantúil.
- Idirghabháil, éascú agus idirphlé: ag spreagadh síochána agus tuisceana trí thionscnaimh amhail Idirphléití Jean Monnet agus an clár do Cheannairí Polaitiúla Óga.
- Cur chun cinn chearta an duine: ag tabhairt aitheantas do chosantóirí chearta an duine trí Dhuais Sakharov agus ag tacú le banpharlaiminteoirí trí chlár Simone Veil.
Le comhar éifeachtach i measc coistí na Parlaiminte, na dtoscaireachtaí agus an Ghrúpa Tacaíochta Daonlathais agus Comhordaithe Toghchán, áirithítear go mbíonn tionchar ag gníomhaíochtaí an Aontais i dtíortha nach cuid den Aontais iad agus go mbíonn na gníomhaíochtaí sin comhleanúnach. Tagann tacaíocht ó fhoireann thiomnaithe riaracháin, ó oifigí idirchaidrimh i mBallstáit an Aontais mar aon le cathracha amhail Washington agus Londain, agus ó fhoireann na Parlaiminte atá ar iasacht chuig ionadaithe taidhleoireachta an Aontais.
Cén fáth go bhfuil tábhacht ag baint le taidhleoireacht pharlaiminteach?
Le taidhleoireacht pharlaiminteach, cothaítear muinín agus comhpháirtíochtaí fadtéarmacha le parlaimintí ar fud an domhain. Cuidíonn sí le parlaimintí nach cuid den Aontas iad ailíniú le luachanna agus le dlíthe an Aontais, rud a fhorbraíonn naisc níos dlúithe agus lena gcumasaítear do thíortha dul chun cinn a dhéanamh i dtreo bhallraíocht an Aontais. Tugann sí beartas eachtrach an Aontais níos gaire dá shaoránaigh, lena n-áirithítear trédhearcacht agus díospóireacht phoiblí maidir le príomh-shaincheisteanna.
Trína bheartais sheachtracha, ní hamháin go múnlaíonn an Pharlaimint caidreamh seachtrach an Aontais ach neartaíonn sí seasamh an Aontais mar abhcóide domhanda don daonlathas, don tsíocháin agus do chearta an duine.