Beartas príobháideachais
Baineann an beartas príobháideachais seo le suíomhanna gréasáin uile Pharlaimint na hEorpa a fhoilsítear ar an bhfearann europarl.europa.eu agus ar a fhofhearainn.
Ní bhaineann sé le suíomhanna gréasáin a fhoilsítear lasmuigh de europarl.europa.eu, toisc go bhfuil a mbeartais phríobháideachais féin acu.
Tá Parlaimint na hEorpa tiomanta do phríobháideachas aonair agus sonraí pearsanta a chosaint.
Is cearta bunúsacha iad na cearta chun príobháideachais agus chun cosaint sonraí pearsanta a chosaint a chumhdaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
Tá Parlaimint na hEorpa faoi réir Rialachán (AE) 2018/1725 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais. Tá an leibhéal agus na cineálacha céanna rialacha sa rialachán seo chun sonraí pearsanta a chosaint agus atá ag an an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS), atá infheidhme maidir le Ballstáit uile an Aontais.

Fógra um chosaint sonraí
Foghlaim conas a chinntímid go gcosnaítear do phríobháideachas nuair a thugann tú cuairt ar ár suíomhanna gréasáin, agus faigh amach tuilleadh faoi do chearta sonraí agus príobháideachais.

Beartas maidir le fianáin
Faigh amach conas a úsáidimid fianáin ar ár suíomhanna gréasáin agus cad iad na fianáin a d’fhéadfaimis a chur ar do ghléas.

Fardal na bhfianán
Féach liosta na bhfianán a d’fhéadfaimis a chur ar do ghléas nuair a fhéachann tú ar ár suíomhanna gréasáin.