Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
Agriculture and rural development

Cláir forbartha tuaithe de réir tíre

Ullmhaíonn tíortha an Aontais a gcláir forbartha tuaithe féin chun freastal ar riachtanais náisiúnta agus réigiúnacha faoi chuimsiú thosaíochtaí comhroinnte an Aontais.

Cláir a chur chun feidhme

Cuireann tíortha an Aontais cláir forbartha tuaithe (CFTanna) náisiúnta agus réigiúnacha chun feidhme, cláir a chómhaoinítear leis an gCiste Eorpach um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus le buiséid náisiúnta.

Thart ar €100 billiún a bhí i mbuiséad CETFT don chlárthréimhse 2014-20. Faoi rialachán idirthréimhseach CBT (a glacadh an 23 Nollaig 2020), cuireadh síneadh coinníollach leis na cláir forbartha tuaithe le haghaidh 2021 agus 2022. Le linn na mblianta sin, cuirfear €26.9 billiún ar fáil do CFTanna ó bhuiséad CETFT do 2021-27 agus €8.1 billiún breise ón gcéad ghlúin eile d’ionstraim théarnaimh an Aontais. Mar gheall ar an síneadh sin, leanfaidh go leor de na tionscadail agus de na scéimeanna a áirítear in CFTanna de bheith i bhfeidhm go dtí deireadh 2025.

Ó 2023 ar aghaidh, déanfar gach gníomhaíocht nua forbartha tuaithe a ionchorprú i bPleananna Straitéiseacha náisiúnta CBT. Beidh gach plean náisiúnta bunaithe ar phríomhchuspóirí sóisialta, comhshaoil agus eacnamaíocha do thalmhaíocht, foraoiseacht agus ceantair thuaithe an Aontais.

Tíortha

Amhail ón 1 Feabhra 2020, níl an Ríocht Aontaithe ina ball den Aontas Eorpach a thuilleadh. Ar tharraingt siar di, chuaigh an Ríocht Aontaithe i mbun idirthréimhse, ar tháinig deireadh léi an 31 Nollaig 2020. Leanfaidh na cláir forbartha tuaithe don chlárthréimhse reatha 2014-20 de bheith ag feidhmiú sa Ríocht Aontaithe go dtí go ndúnfar iad (thart ar 2023).

an Ríocht Aontaithe

Doiciméid

 

  • 25 SAMHAIN 2019
Forbhreathnú ar na cláir forbartha tuaithe do 2014-20

 

  • 25 SAMHAIN 2019
Bileog eolais: an comhbheartas talmhaíochta – infheistíocht a dhéanamh i gceantair thuaithe na hEorpa

 

  • 25 SAMHAIN 2019
Cláir forbartha tuaithe de réir tíre

 

  • 25 SAMHAIN 2019
2014-20 Maoiniú CETFT in aghaidh an Bhallstáit

Events

Conferences and summits
  • Déardaoin, 24 Meán Fómhair 2026, 08.30 - Dé hAoine, 25 Meán Fómhair 2026, 15.00 (CEST)
  • Brussels, Belgium
Competitions and award ceremonies
Dé hAoine, 16 Deireadh Fómhair 2026, 09.00 - Dé Domhnaigh, 18 Deireadh Fómhair 2026, 17.00 (CEST)