Inneachar an leathanaighInneachar an leathanaigh Forléargas Cuireann an Coimisiún Eorpach acmhainní oideachasúla ar fáil trí na ríomhphobail oideachais atá aige. Déanann baill na bpobal sin a gcuid acmhainní féin a chomhroinnt freisin agus comhoibríonn siad ar thionscadail ar na hardáin sin. An scolaíocht Ardán don scolaíocht san Eoraip atá sa Tairseach Oideachais Scoile. Ar an ardán sin, cuirtear ábhar oideachasúil ar fáil i bhfoirm ranganna teagaisc ina bhfuil smaointe praiticiúla agus ábhar spreagúil do mhúinteoirí agus scoileanna ábhar teagaisc ilúsáide atá cruthaithe ag institiúidí an Aontais Eorpaigh agus ag tionscadail a fhaigheann maoiniú ón Aontas Is pobal é ríomh-Nascadh le haghaidh baill foirne atá ag obair i scoileanna san Eoraip. Ar an ardán sin tá tionscadail oideachasúla a chruthaigh agus a chomhroinn an pobal ‘ríomh-Nascadh’ cuirtear deiseanna don fhorbairt ghairmiúil ar fáil do bhaill an phobail An fhoghlaim aosach Is pobal ilteangach atá oscailte do chách é EPALE dóibh siúd atá ag obair i réimse na foghlama aosach san Eoraip. Cuirtear acmhainní oideachasúla ar fáil ann sna réimsí seo a leanas tacaíocht d'fhoghlaimeoirí timpeallachtaí foghlama scileanna saoil an beartas oideachais cáilíocht san oideachas