Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Eolas faoin gCoimisiún Eorpach

Ról an Choimisiúin Eorpaigh

An chaoi a molann sé dlíthe nua agus a gcuireann sé i bhfeidhm iad

An chaoi a ndéanann sé buiséad agus maoiniú an Aontais a mholadh agus a chur i bhfeidhm

An chaoi a ndéanann sé beartas forbartha a dhearadh, comhaontuithe a chaibidliú agus cúnamh a chur ar fáil ar fud an domhain

An chaoi a n-eagraítear an Coimisiún Eorpach

Ceannaireacht pholaitiúil

Stiúrann Coláiste ina bhfuil 27 gCoimisinéir, faoi stiúir Uachtarán an Choimisiúin, obair an Choimisiúin. Oibríonn na Coimisinéirí ar thosaíochtaí beartais sonracha, tosaíochtaí a leagann Uachtarán an Choimisiúin amach.

Léigh ár scéal físiúil: An chaoi a ndéantar ceannairí an Aontais a thoghadh agus a cheapadh

Ard-Stiúrthóireachtaí agus gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

Tá an Coimisiún eagraithe mar seo a leanas:

  • Ranna beartais, ar a dtugtar Ard-Stiúrthóireachtaí, atá freagrach as réimsí beartais éagsúla. Is iad a dhéanann beartas, dlíthe agus cláir mhaoiniúcháin an Aontais a fhorbairt, a chur i bhfeidhm agus a bhainistiú.
  • Ranna seirbhíse a bhíonn ag plé le saincheisteanna sonracha riaracháin
  • Gníomhaireachtaí feidhmiúcháin a bhainistíonn na cláir a chuireann an Coimisiún ar bun

Liosta na nArd-Stiúrthóireachtaí agus na nGníomhaireachtaí Feidhmiúcháin

Oifigí an Choimisiúin

Tá oifig ionadaíochta amháin ar a laghad ag an gCoimisiún Eorpach lonnaithe i ngach Ballstát, agus tá an oifig sin i gceannas ar chumarsáid agus ar eolas ar an leibhéal áitiúil.

Is í an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí a bhainistíonn na hoifigí atá lonnaithe lasmuigh den Aontas, ar a dtugtar Toscaireachtaí an Aontais. Cuireann siad leasanna agus beartais an Aontais chun cinn chomh maith le cláir for-rochtana éagsúla a dhéanamh

Caighdeáin agus prionsabail seirbhíse

Déanann prionsabail áirithe obair an Choimisiúin a threorú: trédhearcacht, iompar eiticiúil, comhdheiseanna, ilteangachas, chomh maith le claochlú digiteach agus an tionchar ar an gcomhshaol. 

Comhairliúcháin, cláir thrédhearcachta, rochtain ar dhoiciméid, agus tairbhithe chistiú an Aontais

Úsáid teangacha chun eolas a chur ar fáil don phobal agus chun idirghníomhú leo

Gairmeacha

Oibríonn an Coimisiún de shíor chun ionad oibre nua-aimseartha a thairiscint dá fhoireann, agus chun na daoine is fearr a mhealladh agus a choinneáil ar fud Bhallstáit uile an Aontais. 

Cuidíonn daoine atá ag obair sa Choimisiún chun todhchaí na hEorpa a mhúnlú agus is gá dóibh feidhmiú ar an leibhéal is airde ar mhaithe le gach Eorpach.

Bí mar chuid de phobal éagsúil ilchultúrtha de ghairmithe atá ag obair ar fud an Aontais agus níos faide i gcéin

Féach leat ár bpróifílí gairme éagsúla agus na cineálacha conarthaí, agus faigh amach an gcomhlíonann tú na ceanglais incháilitheachta

Naisc ghaolmhara

Bealaí chun páirt a ghlacadh inár gcuid oibre, idir páirt a ghlacadh i gceapadh beartas agus iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú ón Aontas

An bhfuil ceisteanna agat don Choimisiún nó faoin gCoimisiún? Seo chugat ár sonraí teagmhála