Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Tarraingt siar ón Aontas Eorpach

Déantar foráil in Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach maidir le sásra chun tír a tharraingt siar go deonach agus go haontaobhach ón Aontas Eorpach (AE).

Ní mór do Bhallstát AE ar mian leis tarraingt siar fógra a thabhairt don Chomhairle Eorpach go bhfuil sé ar intinn aige é sin a dhéanamh. Ceanglaítear ansin ar an gComhairle Eorpach treoirlínte a chur ar fáil chun comhaontú a thabhairt i gcrích ina leagfar amach na socruithe maidir le tarraingt siar na tíre sin.

Déanann Comhairle an Aontais Eorpaigh, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, an comhaontú sin a thabhairt i gcrích thar ceann an Aontais, tar éis di toiliú Pharlaimint na hEorpa a fháil.

Scoirfidh conarthaí an Aontais d’fheidhm a bheith acu maidir leis an tír atá i gceist ó dháta theacht i bhfeidhm an chomhaontaithe, nó 2 bhliain tar éis fógra a thabhairt faoin tarraingt siar. Féadfaidh an Chomhairle Eorpach cinneadh a dhéanamh an tréimhse sin a shíneadh.

Féadfaidh aon tír a tharraing siar ón AE iarratas a dhéanamh chun dul isteach arís. Bheadh uirthi dul tríd an nós imeachta aontachais.

FÉACH FREISIN

Top