Use quotation marks to search for an "exact phrase". Append an asterisk (*) to a search term to find variations of it (transp*, 32019R*). Use a question mark (?) instead of a single character in your search term to find variations of it (ca?e finds case, cane, care).
Sa rialachán, déantar iompar ainmhithe veirteabreacha beo idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh (AE) a rialú agus foráiltear nach mór seiceálacha a dhéanamh ar na hainmhithe a thagann isteach san AE nó a imíonn as. Is é is aidhm do na rialacha mionsonraithe leas ainmhithe a chosaint agus gortú na n-ainmhithe nó fulaingt neamhriachtanach na n-ainmhithe a chosc.
PRÍOMHPHOINTÍ
Leagtar amach sa rialachán na ceanglais ghinearálta seo a leanas maidir le hiompar ainmhithe.
Ní iompróidh aon duine ainmhithe ná ní chuirfidh sé faoi deara ainmhithe a iompar ar bhealach ar dócha go mbeidh sé ina chúis le gortú nó fulaingt mhíchuí dóibh.
Ní mór socruithe iompair a dhéanamh roimh ré chun fad an turais a íoslaghdú agus chun riachtanais na n-ainmhithe a chomhlíonadh.
Ní mór do na hainmhithe a bheith sách maith le haghaidh iompair.
Ní mór don mhodh iompair agus do na háiseanna luchtaithe agus díluchtaithe a bheith ceaptha, tógtha, cothabháilte agus oibrithe ar shlí a sheachnaíonn díobháil agus fulaingt agus a áirithíonn sábháilteacht na n-ainmhithe.
Ní mór oiliúint leordhóthanach a bheith faighte ag pearsanra a láimhseálann ainmhithe agus ní mór dóibh a bheith inniúil.
Ní mór na hainmhithe a sheoladh chuig a gceann scríbe gan mhoill agus seiceálacha rialta a dhéanamh ar leas na n-ainmhithe.
Ní mór dóthain spáis os a gcionn agus dóthain spás urláir a chur ar fáil do na hainmhithe.
Ní mór uisce, beatha agus sos a chur ar fáil nuair a bhfuil gá leo.
Ní mór d’iompróirí:
údarú a bheith acu ón údarás ábhartha náisiúnta le haghaidh turas atá níos mó ná 65 km;
doiciméadacht a chur ar fáil ina mbeidh mionsonraí amhail tionscnamh agus úinéir na n-ainmhithe, a gceann scríbe agus an t-am a bhfuiltear ag súil leis don turas;
a áirithiú go dtaistealaíonn freastalaí in éineacht leis na hainmhithe, ach amháin sa chás go bhfuil siad á n-iompar i gcoimeádáin dhóthanacha agus go bhfuil dóthain bia agus uisce acu.
Ní mór do na húdaráis inniúlacigireacht agus formheas a dhéanamh ar mhodhanna iompair d’ainmhithe de bhóthar agus de mhuir le haghaidh turais fhada sula bhféadfar iad a úsáid.
Ní mór do choimeádaithe ainmhithe, agus d’oibreoirí lárionaid tionóil (lárionaid choinneála, lárionaid bhailiúcháin agus margaí), a áirithiú go gcloítear leis na rialacha agus na caighdeáin leasa ag pointí éagsúla imeachta, aistrithe agus cinn scríbe.
Ní mór d’údaráis inniúla a dheimhniú go bhfuil iompróirí:
lonnaithe i mBallstát;
go bhfuil dóthain ball foirne, trealaimh agus nósanna imeachta oibríochtúla cuí acu;
gan aon taifead de sháruithe tromchúiseacha ar rialacha de chuid AE nó ar rialacha náisiúnta maidir le cosaint ainmhithe a bheith faighte acu le 3 bliana anuas.
I gcás turas fada idir Ballstáit AE agus go cinn scríbe lasmuigh den AE:
ní mór d’iompróirí na rudaí riachtanacha seo a leanas a bheith acu: údarú, doiciméid, córas loingseoireacht satailíte agus pleananna teagmhais le haghaidh éigeandála;
ní mór d’údaráis inniúla seiceálacha a dhéanamh ar bhonn randamach le linn an turais agus seiceálacha a dhéanamh ag an bpointe imeachta.
I gcás éigeandála nó neamhchomhlíonadh na rialacha leasa, is féidir le húdaráis náisiúnta a éileamh go ndéanfaidh an t-iompróir na bearta is gá a dhéanamh chun leas na n-ainmhithe atá á iompar a chosaint, amhail:
tiománaí nó freastalaí eile a úsáid;
deisiúchán sealadach ar an modh iompair;
an choinsíneacht a bhogadh go dtí feithicil eile;
na hainmhithe a sheoladh ar ais go dtí a bpointe imeachta;
na hainmhithe a dhíluchtú agus a choinneáil i gcóiríocht shealadach oiriúnach.
Rialachán Leasaitheach (AE) 2017/625 maidir le rialacha an Aontais maidir leis an slabhra agraibhia a fhorfheidhmiú (féach achoimre), tugadh isteach roinnt mionleasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1/2005. Bhain sé de Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 na rialacha uile a bhaineann le rialuithe oifigiúla.
Ghlac an Coimisiún Eorpach gníomh cur chun feidhme, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/372, lena leagtar síos, i ndáil le Rialachán (CE) Uimh. 1/2005, rialacha maidir le taifeadadh rialuithe oifigiúla ar shoithí beostoic, inneachar na bpleananna teagmhasacha nach mór d’iompróirí a chur isteach agus iad ag beartú ainmhithe a iompar de mhuir, formheas soithí beostoic agus na híoscheanglais atá le comhlíonadh ag pointí fágála ag calafoirt farraige.
Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 ón gComhairle an maidir le hainmhithe a chosaint le linn iompair agus oibríochtaí gaolmhara agus lena leasaítear Treoir 64/432/CEE, Treoir 93/119/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1255/97 (IO L 3, , lgh. 1–44).
Rinneadh leasuithe leantacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl ach luach doiciméadach ag an leagan comhdhlúite.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/372 ón gCoimisiún an lena leagtar síos rialacha maidir le taifid i scríbhinn ar rialuithe oifigiúla arna ndéanamh ar shoithí beostoic a thaifeadadh, a stóráil agus a chomhroinnt, maidir le pleananna teagmhasacha le haghaidh soithí beostoic i gcás éigeandála, maidir le soithí beostoic a fhormheas agus maidir le híoscheanglais is infheidhme maidir le pointí fágála (IO L 51, , lgh. 32–39).
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/723 ón gCoimisiún an lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an bhfoirm shamplach chaighdeánach atá le húsáid sna tuarascálacha bliantúla arna dtíolacadh ag na Ballstáit (IO L 124, , lgh. 1–31).
Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n–aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/EEC, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, , lgh. 1–142).
Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le galair ainmhithe in–tarchurtha agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (IO L 84, , lgh. 1–208).
Cinneadh 2004/544/CE ón gComhairle an maidir le síniú an Choinbhinsiúin Eorpaigh chun ainmhithe a chosaint le linn iompair idirnáisiúnta (IO L 241, , lch. 21).
Rialachán (CE) Uimh. 1255/97 ón gComhairle an maidir le critéir Chomhphobail le haghaidh pointí ceann réime agus lena leasaítear plean an bhealaigh dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 91/628/CEE (IO L 174, , lgh. 1–6).