This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Rialachán (AE) Uimh 1169/2011 — maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí
Ghlac an Coimisiún Eorpach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/775, lena ndéantar forbairt ar Airteagal 26(3) de Rialachán (AE) Uimh 1169/2011 trí rialacha mionsonraithe a leagan síos chun tír thionscnaimh nó bunáitíocht phríomh–chomhábhair bia a léiriú. Agus é i bhfeidhm ón , ceanglaítear leis an rialachán seo go gcuirfear tír thionscnaimh nó bunáitíocht an phríomh–chomhábhair in iúl ar an lipéad murab ionann é agus tír thionscnaimh áirithe nó bunáitíocht áirithe an bhia. Leagtar síos leis chomh maith rialacha maidir le clómhéid íosta agus suíomh an lipéid sin.
In 2018, d’eisigh an Coimisiún fógra maidir le ceisteanna agus freagraí ar chur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh 1169/2011 chun cuidiú le hoibreoirí gnó bia agus le húdaráis náisiúnta an rialachán a chur i bhfeidhm.
In 2020, d’eisigh an Coimisiún fógra lena soláthraítear treoirlínte d’oibreoirí gnó bia agus d’údaráis náisiúnta maidir leis na rialacha maidir le lipéadú a chur i bhfeidhm i gcás go dtugtar tír thionscnaimh nó bunáitíocht bhia agus nach ionann é agus tír thionscnaimh nó bunáitíocht a phríomh–chomhábhair, an tír thionscnaimh nó an bhunáitíocht.
Tá feidhm leis ón , seachas dearbhú cothúcháin a thabhairt isteach (ón ) agus na riachtanais shonracha a bhaineann le sonrúchán “mionfheola” (), agus léiriú an phríomh–chomhábhair ().
Cuireann saorghluaiseacht bia atá sábháilte agus folláin in AE go mór le sláinte agus le leas an phobail agus is gné thábhachtach den mhargadh aonair í. Chomh maith le hardleibhéal cosanta sláinte a ráthú, cinntítear le dlí AE go mbeidh faisnéis chuí ag tomhaltóirí ionas gur féidir leo roghanna a dhéanamh maidir le bia a cheannach agus a ithe.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
Rialachán (AE) Uimh 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le soláthar faisnéise bia do thomhaltóirí, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh 1924/2006 agus Rialachán (CE) Uimh 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n–aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2002/67/CE agus Treoir 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh 608/2004 ón gCoimisiún (IO L 304, , lgh. 18–63).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh 1169/2011 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
nuashonrú is deireanaí