Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Brústocaireacht a rialáil — clár trédhearcachta sainordaitheach an Aontais Eorpaigh

ACHOIMRE AR:

Comhaontú Idirinstitiúideach maidir le clár trédhearcachta sainordaitheach

CAD IS AIDHM LEIS AN GCOMHAONTÚ?

Tá sé mar aidhm leis an gcomhaontú cultúr coiteanna trédhearcachta a neartú agus ardchaighdeáin maidir le hionadaíocht leasa thrédhearcach agus eiticiúil a leagan síos ar leibhéal an Aontais Eorpaigh (AE) tríd an méid seo a leanas a bhunú:

  • comhchreat le haghaidh comhair idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Eorpach (“na hinstitiúidí sínithe”) agus iad ag déileáil le hionadaithe leasa1;
  • clár trédhearcachta (“an clár”), ina gcaithfidh ionadaithe leasa clárú chun go mbeidh siad ábalta gníomhaíochtaí áirithe ionadaíochta leasa a dhéanamh (prionsabal na coinníollachta);
  • cód iompair nach mór d’ionadaithe leasa cloí leis agus ceanglais faisnéise nach mór dóibh cloí leo le bheith incháilithe chun clárú;
  • nós imeachta chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an chóid iompair, sáruithe líomhnaithe ar an gcód sin a imscrúdú agus beart a dhéanamh i gcás nach gcloítear leis.

PRÍOMHPHOINTÍ

Maidir leis an gcomhaontú:

  • tá feidhm aige maidir le gníomhaíochtaí éagsúla (“gníomhaíochtaí cumhdaithe”) a dhéanann ionadaithe leasa chun tionchar a imirt ar cheapadh nó ar chur i bhfeidhm bheartas nó reachtaíocht an Aontais Eorpaigh, nó ar phróisis cinnteoireachta na n–institiúidí sínithe nó institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile AE;
  • sainaithnítear ann gníomhaíochtaí cumhdaithe lena n–áirítear:
    • cruinnithe, comhdhálacha agus imeachtaí a eagrú nó páirt a ghlacadh iontu, agus bheith páirteach in aon teagmhálacha cosúla le hinstitiúidí AE,
    • cur le comhairliúcháin, éisteachtaí nó tionscnaimh chosúla nó páirt a ghlacadh iontu,
    • feachtais chumarsáide, ardáin, líonraí agus tionscnaimh an phobail a eagrú,
    • páipéir bheartais agus seasaimh, leasuithe, pobalbhreitheanna, suirbhéanna, litreacha oscailte, ábhar cumarsáide nó faisnéise eile a ullmhú nó a choimisiúnú, nó taighde a choimisiúnú agus a dhéanamh;
  • díolmhaítear réimse gníomhaíochtaí leis, amhail:
    • comhairle dlí agus comhairle ghairmiúil eile a sholáthar do chliaint in imthosca ar leith,
    • gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag fostóirí agus ceardchumainn agus iad ag gníomhú mar rannpháirtithe in idirphlé sóisialta,
    • gníomhaíochtaí a dhéanann daoine aonair agus iad ag gníomhú go hiomlán i gcáil pearsanta agus ní i bpáirt le daoine eile,
    • cruinnithe neamhfhoirmiúla gus cruinnithe atá go hiomlán príobháideach nó sóisialta a bhíonn ar siúl i gcomhthéacs nós imeachta riaracháin arna bhunú le conarthaígníomhartha dlíthiúla AE;
  • níl feidhm aige maidir le gníomhaíochtaí na gcomhlachtaí seo a leanas:
    • údaráis phoiblí Bhallstáit AE, lena n–áirítear a n–ambasáidí náisiúnta agus fo–náisiúnta agus a mbuanionadaíocht,
    • eagraíochtaí idir–rialtasacha agus a ngníomhaireachtaí agus a gcomhlachtaí;
  • níl feidhm aige, ach oiread, faoi réir roinnt eisceachtaí, maidir le gníomhaíochtaí na gcomhlachtaí seo a leanas:
    • cumainn agus líonraí AE, náisiúnta nó fo–náisiúnta um údaráis phoiblí,
    • údaráis phoiblí, lena n–áirítear misin taidhleoireachta agus ambasáidí, de chuid tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad,
    • páirtithe polaitiúla,
    • eaglaisí agus cumainn nó pobail reiligiúnacha, agus eagraíochtaí fealsúnacha agus neamhchreidmheacha.

Aontaíonn na hinstitiúidí sínithe go gcuirfidh siad prionsabal na coinníollachta i bhfeidhm, trína bhfuil clárú sa chlár ina réamhchoinníoll riachtanach chun go mbeidh ionadaithe leasa ábalta gníomhaíochtaí cumhdaithe áirithe a dhéanamh. Chuige sin, glacann siad bearta coinníollachta trí chinntí aonair ar bhonn chumhachtaí a n–eagraíochta inmheánaí. Féadfaidh na hinstitiúidí sínithe bearta comhlántacha trédhearcachta a ghlacadh freisin chun clárú a spreagadh agus an comhchreat a neartú.

Ní mór d’ionadaithe leasa a dhéanann iarratas ar iontráil ar an gclár an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • réimse leathan faisnéise atá liostaithe in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gcomhaontú a sholáthar agus aontú go gcuirfidh siad an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí, go sonrach:
    • a n–ainm, sonraí teagmhála, líon baill foirne, ionadaí dlíthiúil agus na leasanna dá ndéanann siad ionadaíocht, mar aon leis na heagraíochtaí nó na heintitis a bhfuil an cláraí ina mball díobh agus baill an chláraí,
    • tograí, beartais nó tionscnaimh reachtacha AE a ndíríonn siad orthu, ballraíocht i sainghrúpaí an Choimisiúin agus fóraim agus ardáin eile a dtacaíonn AE leo nó idirghrúpaí nó grúpaí neamhoifigiúla eile d’Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa (FPEnna),
    • faisnéis airgeadais, lena n–áirítear, laistigh de bhandaí ar leith, costais bhliantúla a ngníomhaíochtaí, costais maidir le hidirghabhálaithe a dhéanann gníomhaíochtaí thar a gceann, ioncam ó chliaint aonair (d’idirghabhálaithe) nó buiséad iomlán agus foinsí um maoiniú (do chláraithe nach ndéanann ionadaíocht ar son leasanna tráchtála);
  • cloí leis an gcód iompair atá leagtha amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gcomhaontú, lena 16 riail agus phrionsabal, lena gceanglaítear ar chláraithe:
    • na leasanna agus na cuspóirí a chuireann siad chun cinn a dhearbhú agus na cliaint nó na baill a ndéanann siad ionadaíocht dóibh a shonrú,
    • gan faisnéis a fháil go mímhacánta, nó iarracht a dhéanamh faisnéis a fháil go mímhacánta, nó a chur ina luí ar FPEnna, ar bhaill den Choimisiún nó ar bhaill foirne AE na rialacha agus na caighdeáin iompair a bhaineann leo a bhriseadh,
    • gan a gclárú a mhí–úsáid chun críocha gnóthachan tráchtála,
    • a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis a sholáthraíonn siad chun críocha clárúcháin iomlán, cothrom le dáta agus cruinn.

Bunaítear leis an gcomhaontú:

  • bord bainistíochta an chláir — ina gcuimsítear ard–rúnaithe na n–institiúidí sínithe — chun:
    • tosaíochtaí an chláir agus an buiséad agus an sciar a theastaíonn chun na tosaíochtaí sin a chur chun feidhme a dhearbhú,
    • tuarascáil bhliantúil a ghlacadh agus cur chun feidhme foriomlán an chomhaontaithe a mhaoirsiú;
  • rúnaíocht an chláir — ina gcuimsítear na ceannairí aonaid atá freagrach as saincheisteanna trédhearcachta sna hinstitiúidí sínithe agus a mbaill foirne — chun an clár a bhainistiú, arb é atá i gceist leis:
    • treoirlínte a bhunú do chláraithe agus tacaíocht deisce cabhrach a sholáthar d’iarratasóirí agus do chláraithe,
    • cinneadh a dhéanamh maidir le hincháilitheacht iarratasóirí agus faireachán a dhéanamh ar ábhar an chláir,
    • imscrúduithe a dhéanamh agus bearta a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an nós imeachta in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gcomhaontú.

Tá sé de chumhacht ag bord bainistíochta agus ag rúnaíocht an chláir cinntí aonair a ghlacadh, thar ceann na n–institiúidí sínithe, i ndáil le hiarratasóirí agus cláraithe.

Áirithíonn na hinstitiúidí sínithe go bhfuil na hacmhainní daonna, riaracháin, teicniúla agus airgeadais riachtanacha ag rúnaíocht an chláir.

Féadfaidh institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile AE agus Ballstáit AE (as a mbuanionadaíocht) fógra a thabhairt do bhord bainistíochta an chláir faoi na bearta a dhéanann siad le coinníoll a chur le clárú gníomhaíochtaí áirithe sa chlár nó faoi aon bhearta trédhearcachta comhlántacha a ghlacann siad ar bhonn deonach.

Déantar bearta coinníollachta agus comhlántacha trédhearcachta arna nglacadh ag na hinstitiúidí sínithe agus ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí eile AE nó Ballstáit AE (as a mbuanionadaíocht) a phoibliú ar shuíomh gréasáin an chláir.

Tagann an comhaontú in ionad an chomhaontaithe roimhe sin in 2014 agus déanfar athbhreithniú air tráth nach déanaí ná an .

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHOMHAONTAITHE?

Tá sé i bhfeidhm ón .

CÚLRA

  • Comhlánaítear an comhaontú le ráiteas polaitiúil ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún:
    • ina n–aithnítear an tábhacht atá le prionsabal na coinníollachta agus ina leagtar béim ar aidhm chur chuige comhordaithe na dtrí institiúid, is iad sin cultúr coiteann trédhearcachta a threisiú, agus ardchaighdeáin maidir le hionadaíocht leasa thrédhearcach agus eiticiúil a leagan síos ar leibhéal an Aontais Eorpaigh;
    • ina liostaítear na bearta coinníollachta agus comhlántacha trédhearcachta atá i bhfeidhm cheana féin do gach ceann de na hinstitiúidí sínithe a n–aithnítear go bhfuil siad comhsheasmhach leis an gcomhaontú.
  • Ina theannta sin, ghlac an Chomhairle cinneadh ar an lena mbunaítear na rialacha maidir le teagmháil idir a rúnaíocht ghinearálta agus ionadaithe leasa.
  • Tagann an comhaontú in ionad comhaontaithe in 2014 idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún (bhí an Chomhairle ina breathnóir) ar chlár trédhearcachta d’eagraíochtaí agus do dhaoine féinfhostaithe a bhí i mbun cheapadh bheartais agus chur chun feidhme bheartais AE.
  • Leathnaítear leis raon feidhme an chláir roimhe seo agus déantar réamhriachtanas leis do chlárú ionadaithe leasa sa chlár trédhearcachta do ghníomhaíochtaí áirithe ionadaíochta leasa, amhail bualadh le cinnteoirí áirithe nó foireann na n–institiúidí sínithe nó rochtain a fháil ar áitreabh na ninstitiúidí.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

  1. Ionadaí leasa. Aon duine nádúrtha nó dlítheanach, grúpa foirmiúil nó neamhfhoirmiúil, cumann nó líonra atá i mbun brústocaireachta (ar a dtugtar “gníomhaíochtaí cumhdaithe” sa chomhaontú).

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Comhaontú idirinstitiúideach an idir parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le clár trédhearcachta sainordaitheach (IO L 207, , lgh. 1-17)

nuashonrú is deireanaí

Top