This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Leis an rialachán déantar:
Cumhdaítear faoin rialachán vitimíní, mianraí agus substaintí eile a chuirtear le bianna. Tá feidhm aige maidir le:
Níl feidhm aige maidir le forbhianna atá cumhdaithe faoi Threoir 2002/46/CE.
Liostaítear ann na vitimíní agus na mianraí ar féidir iad a chur le bianna.
Ní fhéadfaidh ach vitimíní agus/nó mianraí atá liostaithe in Iarscríbhinn I, san fhoirm atá sonraithe in Iarscríbhinn II, a chur le bianna, faoi réir na rialacha atá leagtha amach sa rialachán.
Féadfar na liostaí a mhionathrú ag cur san áireamh tuairim an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (ESFA)
Tá lipéadú cothaitheach táirgí ar cuireadh vitimíní agus mianraí leo agus atá cumhdaithe faoin rialachán éigeantach. Ní mór an fhaisnéis seo a leanas a bheith ann:
Maidir le lipéadú, cur i láthair agus fógraíocht bianna lenar cuireadh vitimíní agus mianraí:
Trí vitimíní agus mianraí a chur go deonach le bianna is féidir cur le hiontógálacha dóthanacha na substaintí sin agus an riosca easnamh a laghdú.
Mar sin féin, d'fhéadfadh drochéifeacht bheith ag iontógálacha iomarcacha vitimíní agus mianraí ar an tsláinte. Ar an gcúis sin, déanfar foráil sa rialachán i leith na n-uasmhéideanna vitimíní agus mianraí a chuirfear le bianna a leagan amach.
Cuirtear an méid seo a leanas san áireamh leis na huasmhéideanna:
Más gá, cuirtear san áireamh ann chomh maith cion na dtáirgí aonair le haiste bia fhoriomlán an daonra agus na próifíle cothaithí a bunaíodh de réir Rialachán (CE) 1924/2006.
Nuair a chuirtear vitimín nó mianra le bia beidh méid suntasach ar a laghad den vitimín nó den mhianra sin sa bhia dá bharr, i gcás gur sainíodh an méid sin de réir na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011.
Ní fhéadfar vitimíní nó mianraí a chur leo seo a leanas:
Déanfar foráil sa rialachán seo i leith nós imeachta chun toirmeasc nó srian a chur ar úsáid substaintí eile seachas vitimíní nó mianraí a mbaineann éifeacht chothaithe nó fhiseolaíoch leo.1. Maidir le roinnt substaintí, gabhann bearta rialaithe sonraithe AE eile leis na nósanna imeachta sin. Féadfaidh tíortha AE iarratas a chur isteach chuig an gCoimisiún Eorpach, ina soláthrófar fianaise eolaíoch lena dtugtar cead dóibh táirge faoi leith in Iarscríbhinn III den rialachán a aicmiú (Substaintí a bhfuil a n-úsáid i mbianna toirmeasctha, srianta nó faoi mhionscrúdú an Chomhphobail). Soiléirítear na coinníollacha maidir le hiarratas mar sin a chur isteach i Rialachán (AE) Uimh. 307/2012, agus leagtar síos ann an cineál fianaise nach mór a chur leis an iarratas.
Cuidíonn an Buanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha (PAFF) leis an gCoimisiún.
Tá feidhm leis ón .
Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le vitimíní agus mianraí agus substaintí áirithe eile a chur le bianna (IO L 404, , lgh. 26-38).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
nuashonrú is deireanaí