Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhaontú agus Coinbhinsiún Schengen

Comhaontú agus Coinbhinsiún Schengen

Le Comhaontú Schengen a síníodh ar 14 Meitheamh 1985, chomhaontaigh an Bheilg, an Ghearmáin, an Fhrainc, Lucsamburg agus an Ísiltír rialuithe ag a dteorainneacha inmheánacha a bhaint de réir a chéile agus saoirse gluaiseachta a thabhairt isteach do náisiúnaigh uile na dtíortha sínithe, Bhallstáit eile an Aontais Eorpaigh agus roinnt tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad.

Le Coinbhinsiún Schengen déantar an comhaontú a fhorlíonadh agus leagtar síos leis na socruithe agus cosaintí chun limistéar gan rialuithe inmheánacha teorann a bhunú. Shínigh na cúig thír chéanna é ar 19 Meitheamh 1990 agus tháinig sé i bhfeidhm in 1995. Cruthaíonn an comhaontú agus an coinbhinsiún, mar aon leis na comhaontuithe agus na rialacha gaolmhara, le chéile acquis Schengen, a comhtháthaíodh i gcreat an AE i 1999, agus rinneadh reachtaíocht AE de. Le Conradh Liospóin rinneadh “limistéar … gan teorainneacha inmheánacha, ina n-áirithítear saorghluaiseacht daoine mar sprioc” de chuid an AE.

Sa lá atá inniu ann tá 27 dtír Eorpach, lena n-áirítear 23 de na 27 mBallstát agus ceithre thír Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa — an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua agus an Eilvéis — mar chuid de limistéar Schengen.

Ón 1 Eanáir 2023 i leith, cuireadh deireadh le seiceálacha ar dhaoine ag teorainneacha inmheánacha talún agus farraige idir an Chróit agus tíortha eile limistéar Schengen agus cuireadh acquis Schengen i bhfeidhm go hiomlán ar an gCróit (Cinneadh ón gComhairle (AE) 2022/2451). Cuirfear deireadh leis na seiceálacha ag teorainneacha inmheánacha aeir ón 26 Márta 2023, i bhfianaise an ghá atá leis sin a bheith i gcomhthráth le dátaí sceideal ama samhraidh/geimhreadh an Chomhlachais Aeriompair Idirnáisiúnta.

Ón 31 Márta 2024, tá forálacha acquis Schengen i bhfeidhm go hiomlán ar an mBulgáir agus ar an Rómáin, agus cuireadh deireadh leis na seiceálacha ag teorainneacha inmheánacha aeir agus farraige. Déanfaidh Comhairle an Aontais Eorpaigh, tráth níos déanaí, cinneadh, ag gníomhú di d’aon toil, chun seiceálacha a dhéanamh ar dhaoine ag teorainneacha inmheánacha talún leis an nGréig, leis an Ungáir agus idir an Bhulgáir agus an Rómáin.

Beidh an Chipir, i gcomhréir lena gníomh aontachais, ina cuid de limistéar Schengen go luath. Is í Éire an t-aon Bhallstát nach bhfuil ina chuid de limistéar Schengen. Cé go bhfuil sé rannpháirteach i gcomhar póilíneachta Schengen agus i gcomhar breithiúnach in ábhair choiriúla, ní cuid den limistéar gan rialuithe ag teorainneacha inmheánacha é agus coinníonn sé rialuithe teorann le tíortha Schengen.

Tá baint ag ceithre thír Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa le acquis Schengen freisin trína gcomhaontuithe comhlachais Schengen faoi seach leis an AE, agus dá bhrí sin is cuid de limistéar Schengen iad freisin.

Ní mór do thíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas glacadh le acquis Schengen ina iomláine tráth a n-aontachais. Mar sin féin, ní dhéantar rialuithe teorann ag teorainneacha inmheánacha a bhaint (trí chinneadh d’aon toil ón gComhairle) ach amháin tar éis meastóireachta:

  • déantar amhlaidh de réir mheicníocht meastóireachta Schengen is infheidhme;
  • tagtar ar an tátal go bhfuil na coinníollacha uile chun bearta acquis Schengen a chur i bhfeidhm lena gceadaítear rialuithe inmheánacha teorann a bhaint.

FÉACH FREISIN

Top