This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52022AE2804
Opinion of the European Economic and Social Committee on the Proposal for a Regulation of the European Parliament and of the Council laying down rules to prevent and combat child sexual abuse (COM(2022) 209 final — 2022/0155 (COD)) and on the Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions — A Digital Decade for children and youth: the new European strategy for a better internet for kids (BIK+) (COM(2022) 212 final)
Tuairim Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha chun mí-úsáid ghnéasach leanaí a chosc agus a chomhrac [COM(2022) 209 final — 2022/0155 (COD)] Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Cumhachtú digiteach (An chaoi le leanaí a chumhachtú ar bhealach níos fearr maidir le roghanna fónta a dhéanamh ar líne) (BIK+) [COM(2022) 212 final]
Tuairim Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha chun mí-úsáid ghnéasach leanaí a chosc agus a chomhrac [COM(2022) 209 final — 2022/0155 (COD)] Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Cumhachtú digiteach (An chaoi le leanaí a chumhachtú ar bhealach níos fearr maidir le roghanna fónta a dhéanamh ar líne) (BIK+) [COM(2022) 212 final]
EESC 2022/02804
IO C 486, 21.12.2022, pp. 133–138
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
21.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 486/133 |
Tuairim Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha chun mí-úsáid ghnéasach leanaí a chosc agus a chomhrac
[COM(2022) 209 final — 2022/0155 (COD)]
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Cumhachtú digiteach (An chaoi le leanaí a chumhachtú ar bhealach níos fearr maidir le roghanna fónta a dhéanamh ar líne) (BIK+)
[COM(2022) 212 final]
(2022/C 486/18)
|
Rapóirtéir: |
Veselin MITOV |
|
Comhairliúchán |
Comhairle an Aontais Eorpaigh, 22.7.2022 Parlaimint na hEorpa, 12.9.2022 An Coimisiún Eorpach, 28.6.2022 |
|
Bunús Dlí |
Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
|
Rannóg atá freagrach |
An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
08.9.2022 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
21.9.2022 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
572 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
233/0/1 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Is díol sásaimh do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) an togra le haghaidh rialachán “lena leagtar síos rialacha chun mí-úsáid ghnéasach leanaí a chosc agus a chomhrac” (1) agus an straitéis dar teideal “Cumhachtú digiteach (An chaoi le leanaí a chumhachtú ar bhealach níos fearr maidir le roghanna fónta a dhéanamh ar líne)” (2); is ar uain an riachtanais a eisíodh na téacsanna sin ó tharla gur nós le leanaí, murab ionann is riamh, tosú ar an idirlíon a úsáid ag aois níos luaithe, agus é sin ar bhonn laethúil nach mór, agus ó tharla méadú seasta síoraí a bheith tagtha ar an éileamh atá ar ábhar a bhaineann le mí-úsáid ghnéasach leanaí, dar le Europol. |
|
1.2. |
Tá CESE i bhfách leis an ngné oideachasúil den straitéis ós den riachtanas cur le scileanna, litearthacht dhigiteach agus feasacht na leanaí faoi úsáid sonraí pearsanta, i dtreo gur féidir le gach leanbh, cibé olc nó maith a chúinsí féin, úsáid fheasach a bhaint as an idirlíon d’fhonn a chosanta ar na contúirtí a d’fhéadfadh a bheith ann. |
|
1.3. |
Is den ghéar-riachtanas freisin oiliúint a chur ar na caomhnóirí dlíthiúla agus orthu siúd a oibríonn, cuir i gcás, sna scoileanna agus sna hinstitiúidí oideachais agus spóirt ar an ábhar gurb iomaí duine fásta sna catagóirí sin nach mbíonn na scileanna riachtanacha acu. Is díol sásaimh do CESE go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún feachtais litearthachta sna meáin a chur ar bun do leanaí agus dá gcaomhnóirí dlíthiúla, ag tarraingt dó ar na líonraí agus na hiolraitheoirí thuasluaite. Molann sé go mór na feachtais sin a leathnú d’fhonn eagraíochtaí eile de chuid na sochaí sibhialta eagraithe a chur san áireamh, d’fhonn cur leis an tionchar a bheidh acu agus d’fhonn réitigh chruthaitheacha a cheapadh, ós rud é go bhfuil seantaithí ag na heagraíochtaí sin i gcuid de na Ballstáit ar bheith ag feidhmiú ar an láthair agus ar an túslíne. Ar an ábhar sin, ba cheart tacaíocht airgeadais a thabhairt dóibh le haghaidh a gcuid gníomhaíochtaí. |
|
1.4. |
Tá CESE i bhfách i bprionsabal leis an rialachán atá beartaithe, ach tá amhras áirithe air faoi chineál díréireach na mbeart atá ar na bacáin agus faoin mbaol atá ann go sárófar toimhde na neamhchiontachta, ós rud é go bhfuil sé d’aidhm ag an rialachán oibleagáid a chur ar chuideachtaí teicneolaíochta teachtaireachtaí, grianghraif nó físeáin a phostáiltear ar líne a scanadh chun cásanna féideartha mí-úsáide leanaí a bhrath. Más “cinnte” leo go bhfuil mí-úsáid i dtreis, d’fhéadfadh na cuideachtaí sin dul ar iontaoibh “údarás comhordúcháin” i ndiaidh an ama, ar údarás arna ainmniú ag an mBallstát é a dtabharfaí de chumhacht dó a iarraidh ar chúirt náisiúnta nó ar údarás riaracháin neamhspleách ordú braite a eisiúint. |
|
1.5. |
Is dlisteanach agus is riachtanach an ní an phornagrafaíocht leanaí ar líne a chomhrac, ach má fhorchuirtear córas braite príobháideach prima facie le haghaidh cineálacha áirithe inneachair, cibé acu aindleathach, neamhdhleathach nó contúirteach iad, beidh an baol ann gur féidir gach teagmháil fhíorúil a fhaire go fada fairsing. |
|
1.6. |
Tá sé leagtha síos sa rialachán atá beartaithe gur cheart do chuideachtaí patrúin teanga a bhaineann le mí-úsáid ghnéasach leanaí a bhrath, trí úsáid a bhaint as an intleacht shaorga chun anailís a dhéanamh ar theagmhálacha ina mbíonn daoine fásta i mbun mealltóireachta. Ar a shon sin, is léir ón saol digiteach gur féidir leis na scanóirí algartamacha a bheith earráideach ar uainibh. Tá sé ríthábhachtach, más ea, a bheith cáiréiseach i dtaobh mhodh a n-úsáidte agus sraith rialacha a leagan síos chuige sin. |
|
1.7. |
Is éard a chuireann CESE roimhe leasanna an uile dhuine a chosaint, rúndacht an chomhfhreagrais agus cosaint an phríobháideachais san áireamh, ar ceanglais bhunreachtúla iad (3). Mar sin féin, tá riosca nach beag ag baint le seirbhísí óstála agus cumarsáide a scanadh, go háirithe do chriptiú teagmhálacha ar líne ó cheann ceann. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún feabhas a chur ar fhoclaíocht an téacs agus í a thabhairt chun cruinnis d’fhonn rúndacht an chomhfhreagrais agus cosaint an phríobháideachais a chaomhnú. |
|
1.8. |
Tá CESE i bhfách le gníomhaireacht Eorpach nua a chruthú, a mbeidh dhá phríomhréimse freagrachta aici mar leanas: mol oibríochtúil agus mol taighde agus anailíse. Toisc go bhfuil an ghné idirnáisiúnta de dhlúth agus d’inneach an chomhraic i gcoinne pornagrafaíocht leanaí agus péidifilia ar líne, ní foláir comhordú a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí oibríochtúla agus ar an obair anailíse araon a theastaíonn chun cur ina gcoinne. |
|
1.9. |
Ba dhíol sásaimh do CESE Eurojust a bheith rannpháirteach sa struchtúr atá beartaithe ag an gCoimisiún, ós rud é nach féidir tabhairt faoi imscrúduithe comhordaithe gan fiosrúcháin bhreithiúnacha chomhordaithe a dhéanamh bonn ar bhonn leo. |
2. Forléargas ar na bearta atá beartaithe ag an gCoimisiún
|
2.1. |
An 11 Bealtaine 2022, thíolaic an Coimisiún togra le haghaidh rialachán “lena leagtar síos rialacha chun mí-úsáid ghnéasach leanaí a chosc agus a chomhrac” (4) agus straitéis dar teideal “Cumhachtú digiteach (An chaoi le leanaí a chumhachtú ar bhealach níos fearr maidir le roghanna fónta a dhéanamh ar líne)” (5). |
|
2.2. |
Tá an pacáiste bunaithe ar an rún ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Samhain 2019 maidir le cearta an linbh, a eisíodh le linn an chomórtha 30 bliain ar Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh (6), ar na conclúidí ón gComhairle maidir le litearthacht sna meáin agus ar an Moladh ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ráthaíocht Eorpach do Leanaí (7). |
An straitéis atá leagtha amach sa teachtaireacht
|
2.3. |
Bhí ról lárnach ag Straitéis Eorpach 2012 maidir le hidirlíon níos fearr do leanaí a fhad a bhain le leanaí a chosaint agus a chumhachtú ar líne, go háirithe trí líonra na nIonad d’Idirlíon Níos Sábháilte agus tríd an tairseach betterinternetforkids.eu, ach tá an straitéis sin as dáta ar an ábhar go n-úsáideann leanaí a bhfón cliste nó a ríomhaire ag aois níos óige anois agus ar bhonn níos minice. Is mó sa mhó a mbrath orthu freisin le haghaidh a ngníomhaíochtaí scoile nó áineasa. |
|
2.4. |
Léirigh paindéim COVID-19 agus an dianghlasáil a ghabh léi na dúshláin a bhaineann le hoiliúint dhigiteach a chur ar leanaí, ar mhúinteoirí agus ar oideoirí faoi na contúirtí féideartha a bhaineann leis an idirlíon. De réir Europol, tá méadú 25 % tagtha ar an éileamh ar ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí i gcuid de na Ballstáit. Idir 2020 agus 2021, tháinig méadú is mó ná 16 % ar líon na dtuairiscí a bhain le leanaí a ndearnadh mealltóireacht ghnéasach ar líne orthu. |
|
2.5. |
Tá an straitéis a mhol an Coimisiún i mí na Bealtaine 2022 bunaithe ar thrí cholún:
|
|
2.6. |
Is ag cur leis an gcomhairliúchán cuimsitheach #DigitalDecade4YOUth (8), a d’eagraigh European Schoolnet ó Mhárta go Lúnasa 2021, atá an straitéis seo, le tacaíocht ó líonra Insafe na nIonad Eorpach d’Idirlíon Níos Sábháilte, agus comhairliúcháin chuimsitheacha eile ina gcomhlánú uirthi. Tá sí bunaithe ar an gceart atá ag leanaí éisteacht a fháil in aon phróiseas cinnteoireachta is cás leo (9). |
|
2.7. |
Rinneadh comhlánú uirthi freisin i bhfoirm ollchúrsa oscailte ar líne (MOOC) do mhúinteoirí i mí Aibreáin agus i mí na Bealtaine 2021 dar teideal Better Internet for Kids, a bhí dírithe ar an litearthacht dhigiteach agus ar an tsábháilteacht ar líne, go háirithe an chaoi ar chuir an phaindéim na scileanna atá againn sna réimsí sin chun féachana. |
|
2.8. |
Ina theannta sin, fuair saoránaigh an Aontais Eorpaigh (tuismitheoirí, múinteoirí, oideoirí, etc.) deis ar fhreagra a thabhairt ar shuirbhé ar líne bunaithe ar na ceisteanna céanna a cuireadh ar fhreagróirí an chomhairliúcháin #DigitalDecade4YOUth. |
|
2.9. |
Léiríonn torthaí an tsuirbhé EU Kids Online (10), a eisíodh in 2020, go n-úsáideann formhór na leanaí a ngléasanna digiteacha féin beagnach “gach lá”, go dtosaíonn siad ar iad a úsáid ag aois níos luaithe agus go gcaitheann siad níos mó ama ná riamh ag gabháil dóibh. |
|
2.10. |
Léirigh paindéim COVID-19 agus an dianghlasáil a lean a dhúshlánaí atá an t-oideachas digiteach do leanaí agus dá gcaomhnóirí dlíthiúla fásta (féach Plean Gníomhaíochta 2021-2027 don Oideachas Digiteach (11)). |
|
2.11. |
Léiríonn an t-eolas a bailíodh go deimhin féin go bhfágtar leanaí gan chosaint go minic ar ábhar, iompar agus teagmhálacha atá díobhálach, aindleathach nó neamhdhleathach fiú. Baineann rioscaí le húsáid na meán sóisialta nó cluichí idirghníomhacha, cuir i gcás uaireanta fágtar leanaí gan chosaint ar ábhar neamhoiriúnaithe, ar an gciapadh, ar an mealltóireacht agus ar an mí-úsáid ghnéasach dá ndeasca. |
|
2.12. |
De réir Europol (12), sna míonna tosaigh de ghéarchéim COVID-19 tháinig méadú suas le 25 % sna Ballstáit ar an éileamh ar ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí. Fuair an Lárionad Idirnáisiúnta do Leanaí ar Iarraidh agus Leanaí a ndéantar Dúshaothrú Orthu sna Stáit Aontaithe beagnach 30 milliún tuairisc faoi theacht i dtír gnéasach amhrasta ar leanaí in 2021, agus cuireadh oifigigh forfheidhmithe dlí ar an eolas faoi chorradh le 4 000 íospartach nua ar leanaí iad. Idir 2020 agus 2021, tháinig méadú is mó ná 16 % ar líon na dtuairiscí a bhain le leanaí a ndearnadh mealltóireacht orthu. Thar aon ghrúpa eile, is leanaí faoi mhíchumas a bhíonn thíos leis seo: suas le 68 % de chailíní agus 30 % de bhuachaillí a bhfuil lagú meabhrach nó fisiceach orthu, is é is dóichí de go ndéanfar foréigean gnéasach orthu sula mbeidh na 18 mbliana d’aois slánaithe acu (13). |
|
2.13. |
Mar sin féin, i reachtaíocht reatha ábhartha an Aontais (Treoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc agus an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí), is minic nach mbíonn éifeacht, mar is ceart, leis na sásraí um fhíorú aoise agus um thoiliú tuismitheora, toisc nach mbíonn ar na húsáideoirí d’fhormhór ach a ndáta breithe a chur in iúl agus próifíl ar líne á cruthú acu. |
|
2.14. |
Leis an rialachán atá beartaithe, cuirtear oibleagáid ar sholáthraithe na seirbhísí óstála nó cumarsáide ar líne aon ábhar ar líne a bhaineann le mí-úsáid ghnéasach leanaí a bhrath, a thuairisciú agus a bhaint anuas. |
|
2.15. |
Déantar foráil ann freisin maidir le gníomhaireacht Eorpach a chruthú a mbeadh sé de chúram uirthi mí-úsáid ghnéasach leanaí a chosc agus a chomhrac, an bealach a réiteach i dtreo gur fusa ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne a bhrath, a thuairisciú agus a bhaint anuas, tacaíocht a thabhairt d’íospartaigh agus lárionad eolais, saineolais agus taighde a bhunú maidir le mí-úsáid ghnéasach leanaí a chosc agus a chomhrac. |
Barúlacha ginearálta maidir leis an rialachán atá beartaithe
|
2.16. |
Leis an rialachán seo, cuirtear oibleagáidí ar sholáthraithe na seirbhísí óstála agus cumarsáide idirphearsanta rioscaí a mheasúnú agus a mhaolú ar dtús sular féidir le cúirt náisiúnta nó údarás riaracháin neamhspleách arna ainmniú ag an mBallstát ordú braite a eisiúint. |
|
2.17. |
Tá CESE i bhfách leis an bprionsabal faoina ndéanfaí na bearta atá ann cheana a fhorlíonadh agus a d’fhágfaí níos éifeachtaí iad trí phionóis a ghearradh ar sholáthraithe na seirbhísí óstála agus cumarsáide idirphearsanta, rud d’fhágfadh an fhreagracht orthu grianghraif agus físeáin ina léirítear mí-úsáid leanaí a bhrath prima facie. |
|
2.18. |
Mar sin féin, tá amhras áirithe air faoi na rioscaí atá ann don phríobháideachas agus do chriptiú comhráite. Tá an baol ann go sárófar toimhde na neamhchiontachta de thoradh an fhaireacháin a bheidh á dhéanamh ag oibreoirí príobháideacha ar theagmhálacha ar líne agus de thoradh na líomhaintí gan bhunús ab fhéidir a dhéanamh. |
3. Barúlacha sonracha
An ghné oideachasúil den straitéis
|
3.1. |
Tá sé thar a bheith tábhachtach oideachas a chur ar leanaí agus ar a gcaomhnóirí dlíthiúla faoi conas na meáin shóisialta agus uirlisí digiteacha eile a úsáid, ós rud é gur minic a úsáideann leanaí táirgí agus seirbhísí digiteacha a ceapadh do dhaoine fásta, mar ar féidir le teicnící margaíochta spriocdhírithe agus algartaim iad a spreagadh chun ábhar a oscailt arb é is aidhm dó teacht i dtír ar shoineantacht na leanaí agus ar an easpa eolais atá acu ar uirlisí digiteacha, nó fiú cumarsáid a dhéanamh le daoine contúirteacha atá folaithe taobh thiar d’fheidhmchláir chluichíochta nó d’uirlisí eile a úsáideann leanaí. |
|
3.2. |
Is minic nach dtuigeann leanaí ná tuismitheoirí cá mhéad sonra pearsanta atá á roinnt acu leis an saol mór ar na meáin shóisialta. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh ag leanaí na scileanna agus inniúlachtaí digiteacha is gá chomh maith le feasacht faoi úsáid sonraí pearsanta chun gur féidir leo féin leas ceart feasach a bhaint as an domhan fíorúil. |
|
3.3. |
Is gá do na tuismitheoirí, na hoideoirí, na múinteoirí, na hoibrithe fásta sna clubanna agus áiseanna fóillíochta, etc. na scileanna agus na hinniúlachtaí sin a bheith acu freisin má tá siad le treoir a thabhairt do na leanaí. |
|
3.4. |
Measann CESE go bhfuil tábhacht as cuimse leis an ngné oideachasúil sin chun leanaí a chosaint ar líne agus chun iad a chumhachtú sa domhan fíorúil. |
|
3.5. |
Ina dhiaidh sin is uile, níl na scileanna riachtanacha ag go leor múinteoirí, tuismitheoirí agus oideoirí, rud a fhágann go mbíonn sé crua orthu fanacht ar an eolas faoi fhorbairtí i réimse na teicneolaíochta. Ba cheart modúl maidir le cearta an linbh ar líne a áireamh sna cúrsaí oiliúna sin freisin, ar an ábhar gur mar a chéile cearta an linbh ar líne agus as líne. |
|
3.6. |
Ní mór an ghné sin den straitéis a bheith bunaithe ar an dlúthchomhar ar an leibhéal Eorpach agus idirnáisiúnta, agus ar bhreis comhair leis an tsochaí shibhialta eagraithe, agus, go mór mór, leis na scoileanna. Tá sé ríthábhachtach go n-áireofaí sna curaclaim náisiúnta cúrsaí praiticiúla agus éigeantacha maidir le nascleanúint ar líne agus na rioscaí a bhaineann léi, agus, ag an am céanna, a bheith i leith na cuimsitheachta, measúil ar an éagsúlacht i gcoitinne agus tuisceanach ar an inrochtaineacht go háirithe. |
|
3.7. |
Is mór ag CESE go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún feachtais litearthachta sna meáin a chur ar bun do leanaí agus dá gcaomhnóirí dlíthiúla, ag tarraingt dó ar na líonraí agus na hiolraitheoirí thuasluaite. Molann sé go mór cur leis na feachtais sin d’fhonn eagraíochtaí eile de chuid na sochaí sibhialta eagraithe a chur san áireamh, d’fhonn cur leis an tionchar a bheidh acu agus d’fhonn réitigh chruthaitheacha a cheapadh, ós rud é go bhfuil seantaithí ag na heagraíochtaí sin i gcuid de na Ballstáit ar bheith ag feidhmiú ar an láthair agus ar an túslíne. Measann CESE go bhfuil ról ríthábhachtach ag an oideachas ina leith sin, ós dodhéanta mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a chosc in éagmais an oideachais ar a chúla. |
|
3.8. |
Tá CESE ar cóimheon leis an gCoimisiún gur gá leanaí a spreagadh chun páirt a ghlacadh i ndíospóireachtaí straitéiseacha a bhaineann leo tríd an gceart chun comhthionóil agus comhlachais ar ardáin shóisialta ar líne a dheonú dóibh agus trí pháirt a thabhairt dóibh i dtaca le múnlú na straitéise digití. Ar an ábhar sin, is díol sásaimh dó gur cruthaíodh ardán nua de chuid an Aontais le haghaidh rannpháirtíocht leanaí agus tá sé ag iarraidh go n-éistfí le tuairimí leanaí agus, rud is tábhachtaí, go ndéanfaí bearta dá réir. |
4. Na pionóis atá leagtha síos sa rialachán atá beartaithe
|
4.1. |
Go nuige seo, is ar bhonn deonach a d’aimsíodh soláthraithe na seirbhísí óstála agus cumarsáide idirphearsanta an t-ábhar neamhdhleathach. Ós saoth leis an gCoimisiún go bhfuil teipthe ar an bhféinrialáil, rud atá tugtha le fios aige go hindíreach, tá sé beartaithe aige iallach a chur ar na soláthraithe réamhráite cur chun gnímh; mura ndéanfaidh siad amhlaidh, gearrfar pionós orthu tar éis do na húdaráis náisiúnta imscrúdú a dhéanamh ina leith. Sa chleachtas, ciallaíonn sin go mbeidh ar na soláthraithe agus ar an lucht óstála gach a scaiptear ar a bhfreastalaithe a scanadh prima facie. |
|
4.2. |
Tuigeann CESE nach é is aidhm don Choimisiún a chur as cumas daoine a gcomhfhreagras a choinneáil faoi rún, ach is cúis imní dó, ar a shon sin, go bhféadfaí an bonn a bhaint den phríobháideachas ach úsáid mhíchuí a bhaint as teicneolaíochtaí ionsáite agus gan iad deartha go maith ná faoi réir rialacha oiriúnacha. Dhá sprioc atá á gcur chun cinn: an teicneolaíocht a úsáid d’fhonn mí-úsáid ghnéasach leanaí a chosc agus deimhin a dhéanamh de nach ndéanfaidh oibreoirí príobháideacha faireachas forleathan ar chomhfhreagras trí mheán algartam. |
|
4.3. |
Síleann CESE gur cheart forbairt, tástáil agus úsáid algartam a rialú trí spreagadh a thabhairt do na páirtithe leasmhara, nó ceangal a chur orthu fiú amháin, córas ábhartha éifeachtach rialála algartam a leagan amach lena áirithiú go n-oibreoidh a n-uirlisí i gceart. Dar leis go bhfuil gá le modhanna inmhínitheachta lena bhféadfaí tuiscint níos fearr a fháil ar na huirlisí féin, cibé claontacht agus mífheidhmeanna atá iontu a thabhairt chun solais agus a bhfuil d’fhadhbanna leo a chur ina gceart, ionas nach bhféadfaidh siad aimhleas na n-úsáideoirí a dhéanamh. |
|
4.4. |
Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE go ndéantar foráil sa togra d’imscrúduithe comhordaithe a dhéanfaí faoi mhaoirseacht na gcúirteanna náisiúnta; tá sé ag tathant ar an gCoimisiún, ar a mhuin sin, feabhas a chur ar an togra d’fhonn saoirsí aonair a chosaint. |
|
4.5. |
Tá sé á chur chun suntais ag CESE a thábhachtaí atá cur chuige cothrom, ós rud é gurb é atá beartaithe faoin gcóras nua teachtaireachtaí, grianghraif nó físeáin a anailísiú chun cásanna féideartha mí-úsáide leanaí a bhrath agus nuair a thagtar ar chásanna “cinnte” na húdaráis inniúla a chur ar an eolas ina dtaobh. Is gá riachtanas, éifeachtacht, comhréireacht agus cothromaíocht na mbeart atá beartaithe a áireamh sa sásra foláirimh. |
|
4.6. |
Tá CESE á mheabhrú gur rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais i gcás Schrems I (14) go mbaineann reachtaíocht lena gceadaítear do na húdaráis phoiblí rochtain ghinearálta a bheith acu ar ábhar cumarsáide an bonn de bhunbhrí an chirt chun príobháideachais a ráthaítear leis an gCairt um Chearta Bunúsacha. Cuid amhrais, mar sin, is ea digitiú a dhéanamh ar ábhar arna thaifeadadh ar fhreastalaí a ndéantar anailís ar gach cineál cumarsáide dá dtaistealaíonn ar a fhud. |
|
4.7. |
Is iad na hardáin féin agus/nó na meáin shóisialta a bheidh freagrach as cúram an rianúcháin agus is féidir go n-iarrfaí orthu, dá réir sin, ábhair mhí-úsáide leanaí a rianú; mura ndéanfaidh siad amhlaidh, beidh orthu fíneálacha cothrom le 6 % dá láimhdeachas domhanda a íoc. Ba cheart dóibh an intleacht shaorga a úsáid chun patrúin teanga a bhrath ionas gur féidir teagmhálacha ina mbíonn daoine fásta i mbun mealltóireachta a bhlocáil. Is den riachtanas, dá bhrí sin, úsáid cheart a bhaint as scanóirí algartamacha chun nach dtiocfaidh líomhaintí earráideacha gan bhunús chun cinn, ó tharla nach mbíonn na scanóirí sin gan locht. |
|
4.8. |
Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún freisin iallach a chur ar ardáin, ar thaobh amháin, measúnú a dhéanamh ar an riosca go n-úsáidfí a gcuid seirbhísí chun íomhánna ina léirítear mí-úsáid ghnéasach leanaí a scaipeadh nó chun tabhairt faoi mhealltóireacht, agus “cód iompair cuimsitheach de chuid an Aontais maidir le dearadh atá oiriúnach ó thaobh aoise de” a chur chun cinn (15), ar an taobh eile, ar ábhar mearbhaill do CESE na coinníollacha ginearálta a ghabhann leis. |
|
4.9. |
Sonraítear ann go mbeidh ar na Ballstáit údarás neamhspleách a ainmniú chun faireachán a dhéanamh ar an gcaoi a gcomhlíonann na hardáin a n-oibleagáidí. Beidh sé de chumhacht ag an údarás sin a iarraidh, i gcás inarb iomchuí, ar an gcúirt náisiúnta nó ar údarás riaracháin neamhspleách ordú braite a eisiúint, atá teoranta ó thaobh ama de, lena ndíreofar ar chineál sonrach inneachair arna scaipeadh trí bhíthin seirbhís ar leith, agus beidh sé de chumhacht aige freisin a iarraidh ar an gcuideachta lena mbaineann aon ábhar a bhaineann le mí-úsáid ghnéasach leanaí nó mealltóireacht leanaí a chuardach. |
|
4.10. |
Dá measfadh na húdaráis neamhspleácha sin go raibh seirbhís áirithe ró-chontúirteach do leanaí, d’fhéadfaidís a cheangal ar sholáthraithe na seirbhísí óstála agus cumarsáide idirphearsanta an t-ábhar agus na malartuithe ar a bhfreastalaithe a scanadh ar feadh tréimhse shonrach ama. B’é ab fhearr le CESE go gcuirfí cur i bhfeidhm an tsásra sin faoi rialú éifeachtach roimh ré ag cúirt náisiúnta, ina cáil mar chaomhnóir saoirsí aonair, agus tá sé den tuairim go bhfuil amhras ann faoi chomhoiriúnacht an chineáil sin oird leis an gCairt um Chearta Bunúsacha. |
|
4.11. |
Dá nglacfaí an togra mar atá, chuirfeadh an rialachán iallach ar chuideachtaí teicneolaíochta faireachán a dhéanamh ar a n-ardáin chun mí-úsáid leanaí a bhrath trí mheán algartam. |
|
4.12. |
Siúd is gurb inmholta an aidhm í, measann CESE go bhfuil an baol ann go mbainfí an bonn den urraim ar chomhfhreagras príobháideach ar líne, den cheart chun príobháideachais agus de chosaint na sonraí pearsanta dá deasca. Ní mór dícheall agus dúthracht a dhéanamh chun nach dtitfidh sin amach. |
|
4.13. |
Is éard a chuireann CESE roimhe leasanna an uile dhuine a chosaint, ós ceanglais bhunreachtúla cuid díobh sin, ar chuma rúndacht an chomhfhreagrais agus cosaint an phríobháideachais (16). |
|
4.14. |
Tá sé á chur i bhfios ag CESE go bhfuil baol ann do na teicneolaíochtaí uile a ceapadh chun rúndacht comhfhreagrais a áirithiú, amhail criptiú ó cheann ceann, má chuirtear oibleagáid choiteann i bhfeidhm scanadh ginearálta a dhéanamh ar sheirbhísí óstála agus cumarsáide. |
|
4.15. |
Ina cheann sin, aithníonn an Coimisiún gurb é an rianú a dhéantar ar mhalartuithe ina bhféadfadh daoine fásta a bheith i mbun mealltóireachta“an cur isteach is dírí agus is mó ar phríobháideachas na n-úsáideoirí, de ghnáth”, ós rud é gur gá “scagadh a dhéanamh ar an gcumarsáid idir dhaoine scun scan” chuige sin. |
5. Gníomhaireacht Eorpach nua a chruthú
|
5.1. |
Foráiltear leis an rialachán atá beartaithe go gcruthófar gníomhaireacht Eorpach neamhspleách a mbeidh buiséad EUR 26 mhilliún aici, agus í lonnaithe sa Háig, i gcóngar Europol. Beidh sí freagrach as anailís a dhéanamh ar thuarascálacha ar ábhar neamhdhleathach, as bunachair sonraí méarlorg agus ábhar neamhdhleathach a chomhordú agus as cabhair a thabhairt do chuideachtaí teicneolaíochtaí iontaofa a shainaithint.
Idirghabhálaí a bheidh ann freisin idir na cuideachtaí teicneolaíochta, na gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí agus na leanaí ar a ndéantar mí-úsáid. |
|
5.2. |
Is díol sásaimh do CESE go mbeidh dhá phríomhréimse freagrachta ar an nGníomhaireacht mar leanas: mol oibríochtúil agus mol taighde agus anailíse. I ngeall ar a thábhachtaí atá an comhrac i gcoinne pornagrafaíocht leanaí agus péidifilia ar líne, is gá comhordú a dhéanamh go deimhin féin ar ghníomhaíochtaí oibríochtúla agus ar an obair anailíse araon chun cur ina gcoinne. |
|
5.3. |
Is gné bhunúsach í an ghné oibríochtúil, rud a fhágann údar fónta ann le dlúthchomhar a dhéanamh le Europol, comhlacht nach bhfuil lá amhrais ann a thuilleadh faoina éifeachtacht. Gan aon agó, tá gá leis an ngníomhaireacht seo a bheith ann i bhfianaise scála Eorpach agus idirnáisiúnta na gcoireanna gnéis ar líne i gcoinne leanaí. |
|
5.4. |
Ba dhíol sásaimh do CESE Eurojust a bheith rannpháirteach ar bhonn oibríochtúil sa struchtúr atá beartaithe ag an gCoimisiún, ós rud é nach féidir tabhairt faoi imscrúduithe comhordaithe gan fiosrúcháin bhreithiúnacha chomhordaithe a dhéanamh bonn ar bhonn leo. |
An Bhruiséil, an 21 Meán Fómhair 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) COM(2022) 209 final.
(2) COM(2022) 212 final.
(3) La constitutionnalisation du droit au respect de la vie privée (níl ach leagan Fraincise ar fáil).
(4) COM(2022) 209 final — 2022/0155 (COD).
(5) COM(2022) 212 final.
(6) IO C 232, 16.6.2021, lch. 2.
(7) IO L 223, 22.6.2021, lch. 14.
(8) https://europa.eu/!XXv6kx.
(9) Airteagal 12 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh.
(10) EU Kids Online.
(11) COM(2020) 624 final.
(12) https://europa.eu/!Jh78ux.
(13) Children with disabilities.
(14) Cás C-362/14, mír 94.
(15) COM(2022) 212 final.
(16) La consitutionnalisation du droit au respect de la vie privée (níl ach leagan Fraincise ar fáil).