This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52022AE2933
Opinion of the European Economic and Social Committee on the Proposal for a Directive of the European Parliament and of the Council amending Directive 2011/83/EU concerning financial services contracts concluded at a distance and repealing Directive 2002/65/EC [COM(2022) 204 final — 2022/0147 (COD)]
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2011/83/AE maidir le cianmhargú seirbhísí airgeadais tomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2002/65/CE [COM(2022) 204 final – 2022/0147 (COD)]
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2011/83/AE maidir le cianmhargú seirbhísí airgeadais tomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2002/65/CE [COM(2022) 204 final – 2022/0147 (COD)]
EESC 2022/02933
IO C 486, 21.12.2022, pp. 139–143
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
21.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 486/139 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2011/83/AE maidir le cianmhargú seirbhísí airgeadais tomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2002/65/CE
[COM(2022) 204 final – 2022/0147 (COD)]
(2022/C 486/19)
|
Rapóirtéir: |
Gonçalo LOBO XAVIER |
|
Comhairliúchán |
Parlaimint na hEorpa, 18.5.2022 Comhairle an Aontais Eorpaigh, 23/05/2022 |
|
Bunús dlí |
Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
|
Rannóg atá freagrach |
An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
8.9.2022 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
21.9.2022 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
572 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
229/0/3 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1 |
Is díol sásaimh do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) an tionscnamh ón gCoimisiún chun leasú a dhéanamh ar Threoir 2011/83/AE maidir le cianmhargú seirbhísí airgeadais tomhaltóirí agus chun Treoir 2002/65/CE a aisghairm. Is gá é sin a dhéanamh i bhfianaise an athraithe atá ag teacht ar an tsochaí agus a hiompar, na réiteach nua teicniúil atá ag teacht chun cinn, agus neartú an mhargaidh aonair mar bhealach chun saorghluaiseacht seirbhísí airgeadais agus rialacha cosanta tomhaltóirí a áirithiú. Go deimhin, dianphromhadh ar athléimneacht an Aontais ba ea géarchéim COVID-19 agus cuireadh treochtaí agus smaointe nua i gcion dá deasca nach mór aghaidh a thabhairt orthu anois. Is ar an ábhar sin chomh maith a thacaíonn CESE leis an togra sin. |
|
1.2 |
In ainneoin go bhfuil sé i bhfabhar an togra, tá CESE ag áitiú gur gá infheistíocht a dhéanamh i litearthacht dhigiteach agus inniúlacht airgeadais an duine le go mbeadh tomhaltóirí in ann tuiscint a bheith acu ar na cearta atá acu agus na dualgais atá orthu a mhéid a bhaineann le seirbhísí airgeadais arna dtabhairt i gcrích go cianda, go háirithe an ceart chun tarraingt siar ó chonradh agus an ceart chun níos mó faisnéise a fháil ag céim réamhchonarthach. Ní mór do na Ballstáit infheistíocht a dhéanamh i gclár straitéiseach cumarsáide d’fhonn borradh a chur faoi acmhainneacht an mhargaidh aonair, i gcomhréir le cearta bunúsacha tomhaltóirí. |
|
1.3 |
Tá CESE ag dearbhú go bhfuil cur chuige ina bhfuil cothromaíocht idir an ghné dhigiteach agus an ghné thraidisiúnta oibre láimhe bunriachtanach. Tacaíonn CESE leis an dul chun cinn a dhéantar a bhuí leis an nuálaíocht theicneolaíoch, ach tá sé á chur chun suntais aige go bhfuil idirghabháil ón duine riachtanach go fóill i gcás ina bhfuil soiléiriú agus cosaint sonraí i gceist. Agus é á thabhairt dá uídh go bhfuil an digitiú agus an nuachóiriú an-tábhachtach chun folláine na saoránach a fheabhsú, tá CESE ag dearbhú, freisin, go bhfuil an-chuid difríochtaí idir na Ballstáit go fóill agus fiú idir na réigiúin, agus roinnt díobh ag iarraidh píosaí den bhonneagar “fisiceach” a choinneáil d’fhonn tacú leis an bpobal áitiúil. Creideann CESE go bhféadfaí tacú le pobail áitiúla ach ról a thabhairt do na húdaráis áitiúla i bpróisis chinnteoireachta cuideachtaí airgeadais, go háirithe maidir le bonneagar fisiceach a bheith i gceantair thuaithe. Tá CESE ag iarraidh go ráthófar an ceart chun “idirghábháil ón duine” a iarraidh le haghaidh cianseirbhísí airgeadais. |
|
1.4 |
Creideann CESE, mar aon le heagraíochtaí na sochaí sibhialta ar a ndéanann sé ionadaíocht, san acmhainneacht atá sa mhargadh aonair mar uirlis chun an tionscadal Eorpach a neartú. Bunphrionsabal is ea muinín a chothú inár gcórais airgeadais, prionsabal a thacaíonn leis an tsochaí i réimse na seirbhísí airgeadais tomhaltóirí. Sa chomhthéacs sin, tá CESE ag tabhairt aird, freisin, ar an ngá atá ann infheistíocht chomhsheasmhach a dhéanamh sa chibearshlándáil. Ní mór do na saoránaigh a bheith ar an eolas faoi na rioscaí a bhaineann le conarthaí a thabhairt i gcrích go cianda. Is tábhachtaí fós, áfach, muinín a bheith acu as an gcóras má táthar chun borradh a chur faoin margadh aonair agus faoi shaorghluaiseacht seirbhísí airgeadais, atá ag éirí níos ábhartha, go háirithe tar éis COVID-19 agus, freisin, i bhfianaise na ngníomhaíochtaí ríomhthráchtála agus na seirbhísí airgeadais atá á bhforbairt. |
|
1.5 |
Tá CESE ag meabhrú don Choimisiún gur gá an togra sin a chur i gcomhréir leis an Treoir maidir le Cearta Tomhaltóirí. I bhfianaise gach a bhfuil bainte amach a raibh nasc aige leis an Treoir maidir le Cearta Tomhaltóirí, agus seoladh an Chláir Oibre Nua do Thomhaltóirí (1) á chur san áireamh, is deis den chéad scoth é an sainchomhad áirithe seo maidir le cianmhargú seirbhísí airgeadais chun an urraim do chearta tomhaltóirí a neartú agus chun borradh a chur faoi infheistíochtaí ó chuideachtaí sa réimse sin. Tá CESE ag iarraidh ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta a bheith rannpháirteach ionas gur féidir ullmhú níos fearr do chur chun feidhme na Treorach amach anseo agus faireachán níos fearr a dhéanamh ar an gcur chun feidhme sin. Is sampla maith é seo de réimse ina bhféadfaidh eagraíochtaí na sochaí sibhialta tacú agus cur le timpeallacht níos fearr agus cabhrú le cur chuige dearfach a áirithiú. |
|
1.6 |
Is féidir go bhfágfaidh meicníochtaí na hintleachta saorga go mbeidh timpeallacht shábháilte iontaofa ann don togra seo le haghaidh Treorach. Tuigeann CESE an chumhacht a bhaineann leis an nuálaíocht don tsochaí agus molann sé gach deis a thapú chun taithí shábháilte nua-aimseartha a chur ar fáil do thomhaltóirí agus do chuideachtaí sa réimse áirithe sin. Tá obair ar bun ag CESE sa réimse sin agus tá sé ag moladh go láidir úsáid a bhaint as an intleacht shaorga chun margadh aonair níos fearr agus níos comhtháite a thógáil, margadh ina dtacófaí leis na saoránaigh agus ina gcinnteofaí oibríochtaí slána laistigh den chóras airgeadais (2). |
|
1.7 |
Tá CESE ag áitiú, i bhfianaise chuspóirí agus phrionsabail an mhargaidh aonair, gur féidir leis an Aontas dea-chleachtais a bhunú maidir le rialáil cianseirbhísí airgeadais. Leagtar bearta ábhartha amach sa togra le haghaidh cuideachtaí agus tomhaltóirí, ach tá CESE á áitiú gur gá soiléiriú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na gcuideachtaí atá bunaithe lasmuigh den Aontas, rud a d’fhéadfadh tionchar a bheith aige ar shaoránaigh na hEorpa. Tá CESE den tuairim nach mór aghaidh a thabhairt chomh maith ar an ngá atá ann an comhchuibhiú a áirithiú agus a urramú go cuí. |
|
1.8 |
Tá CESE ag iarraidh go ndéanfar beart maidir leis na rialacha agus na noirm phoiblíochta a bhaineann le seirbhísí airgeadais a sholáthar go cianda, ar próiseas íogair é sin. Is den ríthábhacht é na rialacha lena rialaítear fógraíocht na seirbhísí sin a chomhchuibhiú d’fhonn iomaíocht éagórach a sheachaint agus ionas nach mbainfí an bonn ón gcóras. Ar chuntar go mbeidh an teachtaireacht láidir, táthar ag súil leis go mbainfidh cuideachtaí agus na saoránaigh tairbhe as na torthaí, agus go mbeidh tionchar dearfach ag na torthaí sin ar iompraíocht tomhaltóirí, ó thaobh na hinbhuanaitheachta de chomh maith. Tá CESE ag áitiú freisin nach mór na heagraíochtaí tomhaltóirí a bheith rannpháirteach chun gur féidir idirphlé níos fearr idir cuideachtaí agus na saoránaigh a éascú. |
|
1.9 |
Ar deireadh, measann CESE, ar mhaithe leis an Treoir a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr agus d’fhonn lántairbhe a bhaint as a prionsabail, measann sé go bhfuil sé ríthábhachtach infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar chun torthaí níos fearr a bhaint amach. Gan amhras, beidh seirbhísí níos fearr agus níos trédhearcaí le leas na saoránach ach, san am céanna, is gá rochtain ar 5G, lánchlúdach líonra gréasáin agus saoráidí bonneagair eile i ngach réimse a bheith ann: ní mar sin atá cúrsaí i gcoitinne faoi láthair, ná baol air. Tá CESE ag iarraidh go mbainfear úsáid níos fearr agus níos éifeachtúla as na hacmhainní airgeadais faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta chun na hinfheistíochtaí sin a bhainistiú agus chun a áirithiú nach bhfágfar aon duine ar lár. |
2. Barúlacha ginearálta
|
2.1 |
Is é is aidhm do Threoir 2002/65/CE maidir le Cianmhargú Seirbhísí Airgeadais Tomhaltóirí saorghluaiseacht seirbhísí airgeadais sa mhargadh aonair a áirithiú trí rialacha áirithe maidir le cosaint tomhaltóirí sa réimse sin a chur i gcomhréir le chéile, agus ardleibhéal cosanta a áirithiú do thomhaltóirí. Tá sé tábhachtach a chur chun suntais go bhfuil ardchaighdeáin cosanta tomhaltóirí leagtha síos cheana féin in go leor treoracha agus rialachán a foilsíodh le déanaí agus gurb é buntáiste an togra le haghaidh Treorach líontán sábhála a chur ar fáil i gcás nach ann don chosaint sin, nó i gcás ina bhféadfadh sé nach ann di. I gcás nach bhfuil aon reachtaíocht AE a bhaineann go sonrach le táirge nó nach bhfuil aon rialacha cothrománacha de chuid an Aontais ann a chumhdaíonn an tseirbhís airgeadais, beidh feidhm ag an Treoir go cothrománach maidir le haon seirbhís reatha nó aon seirbhís a bheidh ann amach anseo de chineál baincéireachta, creidmheasa, árachais, pinsin phearsanta, infheistíochta nó íocaíochta arna conrú trí chianchumarsáid (i.e. gan an trádálaí ná an tomhaltóir a bheith i láthair go fisiceach san am céanna). Leis an Treoir, leagtar amach an fhaisnéis atá le tabhairt don tomhaltóir sula dtabharfar an cianchonradh i gcrích (faisnéis réamhchonarthach), deonaítear ceart chun tarraingt siar le haghaidh seirbhísí airgeadais áirithe don tomhaltóir agus bunaítear rialacha maidir le seirbhísí gan iarraidh agus cumarsáid gan iarraidh. |
|
2.2 |
Le scór bliain anuas, tá cianmhargú seirbhísí airgeadais tomhaltóirí tar éis athrú go tapa. Tá soláthraithe seirbhísí airgeadais agus tomhaltóirí tar éis an meaisín facs a thréigean agus tá gníomhaithe nua, amhail cuideachtaí teicneolaíochta airgeadais, a bhfuil samhlacha nua gnó agus bealaí nua dáileacháin acu, e.g. seirbhísí airgeadais a dhíoltar ar líne, tar éis teacht chun cinn. |
|
2.3 |
Is é is aidhm don togra ón gCoimisiún an creat reachtach a shimpliú agus a nuachóiriú tríd an Treoir atá ann cheana a aisghairm agus, ag an am céanna, gnéithe ábhartha de chearta tomhaltóirí maidir le conarthaí seirbhísí airgeadais arna dtabhairt i gcrích go cianda a chur san áireamh laistigh de raon feidhme na Treorach maidir le Cearta Tomhaltóirí, treoir is infheidhme go cothrománach. |
|
2.4 |
Níl aon athrú ar chuspóir foriomlán na reachtaíochta, eadhon soláthar seirbhísí airgeadais a chur chun cinn sa mhargadh aonair agus ardleibhéal cosanta a áirithiú do thomhaltóirí ag an am céanna. Tá cúig bhealach ar leith ann leis an gcuspóir sin a bhaint amach:
|
3. Seirbhísí airgeadais agus an margadh aonair
|
3.1 |
Creideann CESE gur tromchúiseach na dúshláin atá roimh an Aontas trí chéile, sin de thoradh ghéarchéim COVID-19, ionsaí na Rúise ar an Úcráin agus na géarchéime airgeadais atá ar tí titim amach. Is fíor go bhfuil muinín na dtomhaltóirí lagaithe. Ina theannta sin, ní mór aghaidh a thabhairt ar na hardleibhéil fiachais teaghlaigh atá ann, fadhb nár sáraíodh go fóill, ná baol air. Ní mór é sin a chur san áireamh i gcomhthéacs na mbeart uile a bhaineann le beartais airgeadais. Ní foláir muinín a bheith ag tomhaltóirí as an gcóras. Tá sin bunriachtanach má táthar chun muinín a chothú agus téarnamh ár ngeilleagair agus ár sochaí a áirithiú. |
|
3.2 |
Aontaíonn CESE go bhfuil an comhchuibhiú ag teastáil. Mar sin féin, caithfidh sé nach rachadh an comhchuibhiú sin i gcoinne na saoránach ná nach ndéanfadh sé dochar dóibh. Is gá a thuiscint go bhfuil a luas féin ag gach saoránach a mhéid a bhaineann leis an digitiú agus níor cheart aon duine a fhágáil ar lár sa phróiseas sin. Creideann CESE gur cheart infheistíocht san inniúlacht airgeadais a bheith ina tosaíocht atá ag teacht go dlúth leis an togra. |
|
3.3 |
Tá sé tábhachtach a áirithiú gurb í cosaint sonraí atá i gcroílár an phróisis seo. Ní mór an mhuinín a bheith ag saoránaigh na hEorpa sonraí a chomhroinnt chun críoch dlíthiúil agus chun críoch ceart tomhaltóirí. Ní féidir é sin a bhaint amach ach amháin más ann do chóras láidir iontaofa. Is í cosaint sonraí an chloch is mó ar phaidrín shaoránaigh na linne seo, agus tá ról lárnach ag an gcibearshlándáil maidir le dlús a chur faoin bpróiseas cumarsáide i gcás ina bhfuil cianseirbhísí airgeadais i gceist. |
|
3.4 |
Is den bhunriachtanas a áirithiú go gcuirfear an togra seo i gcomhréir leis an Treoir maidir le Cearta Tomhaltóirí. Tá sé ríthábhachtach freisin a áirithiú go dtabharfar tosaíocht do phrionsabail an Chláir Oibre Nua do Thomhaltóirí (3) sa phróiseas sin. Creideann CESE go bhféadfadh an tsochaí shibhialta eagraithe agus na comhpháirtithe sóisialta ról dearfach a bheith acu sa phróiseas, go príomha i dtaobh cabhrú leis na saoránaigh a gcearta a chosaint, ach freisin trí dhea-atmaisféar a chruthú ina bhféadfadh cuideachtaí dul san iomaíocht le chéile agus seirbhísí níos fearr agus níos soiléire a chruthú do thomhaltóirí. |
|
3.5 |
Tá príomhról ag meicníochtaí na hintleachta saorga sa togra seo. D’fhéadfaí oibríochtaí tomhaltóirí a éascú mar thoradh orthu trí na próisis agus na ceanglais ghaolmhara a éascú, go háirithe do na saoránaigh sin nach bhfuil chomh dea-ullmhaithe céanna nó atá ar gcúl ó thaobh an digitithe de. Tá CESE ag iarraidh go soiléireofar agus go n-úsáidfear na huirlisí seo chun go mbeidh próiseas an chur chun feidhme amach anseo níos rathúla. |
|
3.6 |
Molann CESE cothrom na Féinne sa réimse seo a áirithiú ionas go bhféadfadh gach páirtí (cuideachta) seirbhís iontaofa a chur ar fáil do na saoránaigh. Dá bhrí sin, tá sé riachtanach go n-infheisteofar i dtrédhearcacht agus i dteachtaireachtaí soiléire a sholáthar d’fhonn iomaíocht éagórach ó áiteanna lasmuigh den Eoraip a sheachaint, iomaíocht a d’fhéadfadh an bonn a bhaint ón tionchar dearfach atá beartaithe leis an togra seo le haghaidh Treorach. |
4. Tionchar ar thomhaltóirí agus fiontair: oibríochtaí ar líne agus as líne
|
4.1 |
Tá an digitiú ag teastáil d’fhonn borradh a chur faoin iomaíochas agus chun saol an duine a éascú. Tá CESE den tuairim go bhfuil sé riachtanach a áirithiú go bhfuil na dálaí faoina bhfeidhmíonn an duine sa réimse seo mar an gcéanna ag gach duine, chomh maith leis an leibhéal céanna eolais. Is mór idir sin agus an scéal mar atá, áfach. |
|
4.2 |
Tá CESE ag iarraidh “digitiú cliste” a bheith ann, is é sin cás inarb ann don teicneolaíocht chun fónamh don saoránach, an chumarsáid a éascú, agus leas an duine a fheabhsú. Faraor, ní hé an digitiú ann féin réiteach gach faidhbe agus ní mór é a chur i gcomhréir, mar sin, le tosaíochtaí eile. Tá an t-eolas atá ag daoine maidir le húsáid na teicneolaíochta fós míchothrom go leor ar fud an Aontais, rud nach mór a chur san áireamh agus infheistíochtaí á ndéanamh. Ar deireadh, meabhraíonn CESE don Choimisiún, cé go bhfuil sé tábhachtach teicneolaíocht a úsáid, go bhfuil an ceart chun dícheangail tábhacht chomh maith agus nach mór é sin a chur san áireamh sa phróiseas ceaptha beartas. |
|
4.3 |
Ní mór do chuideachtaí airgeadais a áirithiú go bhfuil tuairim dhearfach sa mhargadh maidir le gach athrú. Dá bhrí sin, tá an chumarsáid riachtanach chun torthaí a bhaint amach agus próiseas an aistrithe a threorú. |
|
4.4 |
Níl aon amhras ach go bhfuil CESE i bhfabhar na teicneolaíochta agus na nuálaíochta a d’fhéadfadh eispéireas níos fearr a thabhairt don tomhaltóir agus saol na saoránach a éascú. Is deis le hathrú chun feabhais a dhéanamh é an t-athrú atá ag teacht ar iompraíocht tomhaltóirí, ceann a fhágann go bhféadfaí oibríochtaí níos athléimní agus níos inbhuanaithe a spreagadh i réimse na gconarthaí airgeadais arna dtabhairt i gcrích go cianda. Tá CESE den tuairim nach mór na rialacha lena rialaítear an phoiblíocht a bheith soiléir agus i gcomhréir le hoibríochtaí a d’fhéadfadh tionchar a bheith acu ar thomhaltóirí. Ní mór cearta agus oibleagáidí tomhaltóirí a ráthú. |
|
4.5 |
Creideann CESE go bhfuil an togra seo i gcomhréir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus, dá thoradh sin, go bhfuil sé i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta i ndáil leis na pionóis a ghearrtar ar chuideachtaí agus ar thomhaltóirí sa réimse sin. Measann CESE gur pointe an-dearfach é seo nach mór a chur chun suntais. Measann sé, freisin, gur bunphrionsabal é gur cheart tromchúis an chiona a léiriú i ndéine na bpionós. Sa chás seo, is é sin sárú ar an gcosaint tomhaltóirí mar a shainmhínítear í faoin togra le haghaidh Treorach. |
|
4.6 |
Tá CESE den tuairim go mbaineann an-tábhacht go deo leis an ngá atá ann cur chuige cothrom a áirithiú maidir leis an gceart chun tacaíocht ón duine a iarraidh le haghaidh conarthaí airgeadais arna dtabhairt i gcrích go cianda. Tá tacaíocht den sórt sin ag teastáil fós ó sciar suntasach den phobal, agus ní mór do na bainc agus na hinstitiúidí a bheith ar an eolas faoi na bacainní sin. Ní mór aghaidh a thabhairt air sin agus cinntí á ndéanamh ag na hinstitiúidí maidir le hinfheistíocht agus coinneáil seirbhísí “fisiceacha” áirithe. |
|
4.7 |
Creideann CESE nach mór do gach institiúid airgeadais, agus ní hamháin na bainc, infheistíocht a dhéanamh i gcórais oideachais agus oiliúna chun tacú lena bhfostaithe tacaíocht a chur ar fáil do na tomhaltóirí. Baineann an-tábhacht le cianseirbhísí airgeadais, ach baineann an-tábhacht chomh maith leis na hacmhainní daonna a chuireann tacaíocht ar fáil sa réimse sin. Ní mór na scileanna cearta a bheith ag fostaithe agus an oiliúint cheart a bheith orthu chun custaiméirí a threorú. Ar deireadh, fiú i gcás ina n-úsáidtear an intleacht shaorga chun tacú le seirbhísí, bíonn gá le lorg an duine chun idirghníomhú le custaiméirí ar bhealach níos éifeachtaí. |
5. Measúnú tionchair — ról na sochaí sibhialta
|
5.1 |
Tá CESE ag tarraingt aird an Choimisiúin agus aird na mBallstát an athuair ar an deis atá ann ról a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta agus don tsochaí shibhialta eagraithe sa phróiseas cumarsáide agus cur chun feidhme a bhaineann leis an Treoir. I bhfianaise an eolais atá acu, agus ní hamháin sin, ach go háirithe toisc a chóngaraí atá siad don phobal, is féidir le heagraíochtaí na sochaí sibhialta cabhrú leis an gcumarsáid cheart a áirithiú, mar shampla go ndéanfar teagmháil le grúpaí bunúsacha den tsochaí a bhfuil cónaí orthu i gceantair thuaithe nó a bhfuil deacrachtaí acu rochtain a fháil ar mhórbhealaí faisnéise. Is féidir le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, a bhfuil ionadaíocht á déanamh orthu in CESE, tacú le cur chun feidhme ceart an togra ar mhaithe le torthaí níos fearr a bhaint amach agus d’fhonn borradh a chur faoi rannpháirtíocht na saoránach sa phróiseas. |
6. Seirbhísí airgeadais agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta — an bealach chun tosaigh
|
6.1 |
Is í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta príomhcholún an phlean téarnaimh don Eoraip, Next Generation EU. Ceapadh í chun cabhair airgeadais a thabhairt do na Ballstáit le go bhféadfaidís éifeachtaí eacnamaíocha agus sóisialta phaindéim COVID-19 a chomhrac agus geilleagar Eorpach a bheadh níos frithsheasmhaí in aghaidh suaití amach anseo a chruthú. Creideann CESE freisin, a mhéid a bhaineann leis an gcóras a fheabhsú, go bhféadfadh na Ballstáit úsáid cheart a bhaint as an sásra sin chun saol an duine sa réimse sin a éascú. |
|
6.2 |
Baineann an-tábhacht go deo leis an ngá atá ann infheistíocht a dhéanamh sa litearthacht dhigiteach d’fhonn borradh a chur faoin oideachas agus faoin gcosaint do thomhaltóirí. Is den riachtanas é na hinniúlachtaí digiteacha agus airgeadais atá ag tomhaltóirí a fhorbairt ar mhaithe le cuspóirí an Chláir Oibre Dhigitigh a bhaint amach, lena n-áirítear margadh feidhmiúil a fhorbairt agus an chosaint do thomhaltóirí a mhéadú. Tuigeann CESE an luach a bhaineann le cosaint sonraí agus tacaíonn sé le ceart na dtomhaltóirí go ráthófaí an chosaint sin ina hiomláine. Tá CESE suite de nach bhféadfar cianmhargú táirgí airgeadais a fhorbairt go cothrom mura gceadóidh na Ballstáit a ndóthain acmhainní chun aghaidh a thabhairt ar dhúsláin den sórt sin agus chun muinín a chur chun cinn as trádáil seirbhísí airgeadais ar líne, agus freisin mura ndéanfaidh na Ballstáit an dul chun cinn sa réimse sin a thomhas agus a thuairisciú don Choimisiún lena chur ar a chumas an toradh a mheas agus dea-chleachtais a mholadh. |
An Bhruiséil, an 21 Meán Fómhair 2022
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) IO C 286, 16.7.2021, lch. 45.