Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022AE3479

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir le treoirlínte le haghaidh bheartais fostaíochta na mBallstát [COM(2022) 241 final]

EESC 2022/03479

IO C 486, 21.12.2022, pp. 161–167 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

21.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 486/161


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir le treoirlínte le haghaidh bheartais fostaíochta na mBallstát

[COM(2022) 241 final]

(2022/C 486/22)

Rapóirtéir:

Mariya MINCHEVA

Comhairliúchán

Comhairle an Aontais Eorpaigh, 14.6.2022

Bunús dlí

Airteagal 148(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

Dáta a glactha sa rannóg

6.9.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

22.9.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

572

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

146/0/2

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Tá CESE den tuairim gurb iomchuí na treoirlínte atá beartaithe le haghaidh bheartais fostaíochta na mBallstát ós rud é go dtugann siad aghaidh ar na saincheisteanna is práinní a bhaineann leis an margadh saothair.

1.2.

Is mian leis aird a tharraingt ar an staid gheopholaitiúil reatha atá ag titim chun éiginnteachta i rith an ama. An tionchar a bheidh ag an staid sin ar an éileamh amach anseo, táthar á thuar go ndéanfaidh sé difear do chinntí infheistíochta na gcuideachtaí agus don chinnteacht fostaíochta, agus go gcuirfidh sé moill ar chur i bhfeidhm pleananna infheistíochta, cibé acu san earnáil phríobháideach nó san earnáil phoiblí é sin. De thoradh ráta ard boilsciúcháin agus praghsanna méadaithe fuinnimh, dhá rud a laghdaíonn an chumhacht cheannaigh go mór, gan trácht ar an gcúlú eacnamaíochta atá ag bagairt orainn, is móide is gá a áirithiú go mbeidh bonn iomaíoch ann le haghaidh infheistíochtaí inbhuanaithe. Ba cheart do na Ballstáit oibriú ar son margadh aonair fíor-chomhtháite agus cuidiú le FBManna cur lena gcuid gníomhaíochtaí gnó.

1.3.

Ar na saolta corraitheacha seo, ní mór bearta a dhéanamh chun cur le ról na gcomhpháirtithe sóisialta agus lena rannpháirtí a bhíonn siad i ndearadh agus i gcur chun feidhme athchóirithe agus beartas fostaíochta, sóisialta agus eacnamaíoch, lena n-áirítear trí chur lena n-acmhainneacht. Tá tábhacht leis sin freisin chun Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus na Pleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta a chur chun feidhme. Tá timpeallacht chumasúcháin de dhíth ar na heagraíochtaí sochaí sibhialta sin atá gníomhach i réimse na fostaíochta agus san earnáil shóisialta, ar na soláthraithe oideachais agus seirbhísí sóisialta, ar na fiontair shóisialta agus na heagraíochtaí leasa chun gur féidir leo a gcuid seirbhísí a chur ar fáil do ghrúpaí leochaileacha.

1.4.

Ós rud é go bhfuil ag méadú arís eile ar ghanntanas lucht saothair, ba cheart bearta éifeachtacha a chur chun feidhme d’fhonn spreagadh a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta a gcion féin a dhéanamh chun freastal ar a bhfuil de riachtanais i réimse na scileanna ar an leibhéal náisiúnta, agus a gcuid gníomhaíochta a chur in oiriúint d’earnálacha faoi leith agus do chásanna áitiúla. I bhfianaise a thapúla atá athruithe ag teacht ar an teicneolaíocht agus i bhfianaise an dá aistriú, is i ngiorracht, murab ionann is riamh, atá “saolré” na scileanna agus na n-inniúlachtaí a sealbhaíodh roimhe seo ag dul agus is tábhachtaí ná riamh d’oibrithe agus do lucht gnólachtaí araon go leanfaidís orthu de bheith ag sealbhú scileanna agus inniúlachtaí ábhartha nó go n-imí siad ar scor. Ba cheart soghluaisteacht an lucht saothair laistigh den Aontas Eorpach agus imirce dhleathach an lucht saothair a spreagadh.

1.5.

Síleann CESE go bhfuil gá le gníomhaíocht chomhpháirteach trí bhíthin ionstraimí beartais éagsúla agus bearta arna gcaibidliú ag na comhpháirtithe sóisialta chun bochtaineacht i measc an lucht oibre a mhaolú. Chomh maith leis an bpá cuibhiúil, ar a n-áirítear an pá íosta leordhóthanach, is féidir dreasachtaí airgeadais dea-cheaptha sealadacha a áireamh sna hionstraimí beartais sin, mar aon le bearta spriocdhírithe éifeachtacha maidir le forbairt scileanna agus uas-sciliú. Ba cheart na Ballstáit a spreagadh agus tacaíocht a thabhairt dóibh chun gur féidir leo na bearta sin a chur chun feidhme ar bhealach comhordaithe.

1.6.

Thar ní ar bith eile, is den tábhacht tacaíocht spriocdhírithe a thabhairt do dhaoine atá dífhostaithe go fadtéarmach agus/nó do dhaoine neamhghníomhacha, ós fearr an seans a bheidh acu dul isteach (athuair) ar an margadh saothair agus is beart tábhachtach é sin a chuideoidh le hoibrithe a bpoist a choinneáil. Ó tharla gur chuir an phaindéim isteach go dóite ar an aos óg, tá tábhacht nach beag le bearta beartais cuimsitheacha réamhbhreathnaitheacha a bheidh dírithe go sonrach ar an aos óg, d’fhonn a áirithiú nach bhfágfar daoine óga ar an trá fholamh.

1.7.

Le gur féidir an ráta neamhghníomhaíochta a ísliú, ní mór iarracht a dhéanamh a n-ionad ar an margadh saothair a chinntiú dóibh siúd is faide uaidh. Ach iad a rialú i gceart trí bhíthin na reachtaíochta nó na cómhargála ar an leibhéal náisiúnta, d’fhéadfadh tábhacht mhór a bheith le cineálacha éagsúla oibre, leis an tsolúbthacht oibre agus leis an teilea-obair chun a chur ar a gcumas do dhaoine ó ghrúpaí leochaileacha obair a fháil. Ba cheart seirbhísí poiblí fostaíochta a threisiú, lena n-áirítear trína seirbhísí siúd a dhigitiú agus trí chomhar a chothú le seirbhísí fostaíochta príobháideacha agus le gníomhaithe ábhartha eile sa mhargadh saothair.

1.8.

Ba cheart na Ballstáit a spreagadh, go háirithe iad siúd a chruthaigh go holc ar an Scórchlár Sóisialta, freisin trí úsáid chomhsheasmhach a bhaint as acmhainní AE, chun creat cumasúcháin a éascú d’fhostóirí ionas gur féidir leo daoine faoi mhíchumas a fhostú nó chun deiseanna féinfhostaíochta a chur i ngníomh, nuair is féidir sin. Maidir leis sin de, tá tábhacht thar cuimse le heintitis an gheilleagair shóisialta agus tionscadail fostaíochta á gcur chun cinn agus chun feidhme.

1.9.

Tá tábhacht fós le bearta atá dírithe ar an mbearna phá idir na hinscní a dhúnadh agus ba cheart aghaidh a thabhairt ar na cúiseanna bunaidh atá léi. Ba cheart gur chuidiú an togra le haghaidh Treoir maidir le Trédhearcacht Pá, atá á phlé faoi láthair, chun treisiú le cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn idir fir agus mná as obair den luach céanna a dhéanamh, ós ceann de na bearta é sin atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar an mbearna phá idir na hinscní. San am céanna, ní mór ábhair imní faoi ualaí breise ar chuideachtaí, agus go háirithe ar FBManna, a chur san áireamh, mar atá déanta go dtí seo.

1.10.

Ós rud é go bhfuil fás faoi ráta aosaithe an daonra, go bhfuil méadú ag teacht ar an ionchas saoil agus go bhfuil ag laghdú ar an lucht saothair, ní foláir scrúdú ceart a dhéanamh ar na dúshláin atá le sárú ag córais slándála sóisialta agus cúraim sláinte na mBallstát chun gur féidir leordhóthanacht agus inbhuanaitheacht airgeadais na gcóras pinsean a choinneáil slán. Is gá dul i mbun gnímh má táthar chun an lucht saothair a mhéadú trí bhíthin margaí saothair níos cuimsithí, lena n-áirítear trí ghrúpaí atá eisiata faoi láthair nó faoi ghannionadaíocht sa mhargadh saothair a chur ag obair.

1.11.

A luaithe a tháinig an Treoir um Chosaint Shealadach i bhfeidhm, chuaigh na Ballstáit i mbun gnímh gan mhoill chun a gcreataí rialála náisiúnta a chur in oiriúint le go bhféadfaidís tacaíocht a thabhairt do dhídeanaithe ón Úcráin agus do náisiúnaigh tríú tír a bhí ina gcónaí san Úcráin agus atá tar éis teitheadh chun na hEorpa de dheasca an chogaidh. Is gá aghaidh a thabhairt ar scrogaill, más ann dóibh.

2.   Barúlacha ginearálta agus cúlra

2.1.

Le linn thimthriall 2022 an tSeimeastair Eorpaigh, chrom an Seimeastar athuair ar chomhordú leathan a dhéanamh ar an mbeartas eacnamaíoch agus fostaíochta. Le linn an phróisis sin, rinneadh tuilleadh coigeartuithe i gcomhréir leis na ceanglais maidir le cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta. Áirítear sna tuarascálacha tíre a foilsíodh i mí na Bealtaine 2022 (1) measúnú ar an dul chun cinn a rinneadh maidir le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus an phlean gníomhaíochta a ghabhann leis, ina leagtar síos spriocanna agus táscairí sóisialta ar dlúthchuid iad den Seimeastar Eorpach agus de na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta. Leis an nasc chuig an Scórchlár Sóisialta cuirtear athbhreithniú spriocdhírithe ar chur chun feidhme an phlean gníomhaíochta ar fáil. Rinneadh na moltaí tír-shonracha a chuíchóiriú.

2.2.

In 2021, coinníodh na treoirlínte le haghaidh bheartais fostaíochta na mBallstát atá leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (AE) 2020/1512 ón gComhairle mar a bhí gan aon athrú a dhéanamh orthu. In 2022, mhol an Coimisiún Eorpach roinnt leasuithe orthu d’fhonn na tionscnaimh bheartais a rinneadh le déanaí a chur san áireamh agus eilimintí nua a chur leo de thoradh ionradh na Rúise ar an Úcráin. Is díol sásaimh do CESE go bhfuil an Coimisiún ag díriú ar an timpeallacht iar-COVID, agus é d’aidhm aige an fás inbhuanaithe a áirithiú.

2.3.

Tá an cogadh san Úcráin tar éis cur isteach ar chúrsaí soláthair agus tá breis éiginnteachta ann dá dheasca. Tá geilleagar an Aontais fágtha gan chosaint freisin, más go hindíreach féin é, ar an staid sláinte atá i réim i réigiúin eile de thoradh COVID-19. De réir an ionchais eacnamaíoch san Aontas, táthar á thuar go mbeidh ráta fáis níos ísle agus ráta boilsciúcháin níos airde ann, go háirithe in 2022 (2). Tá brú breise á chur ar chuideachtaí (agus ar a n-iomaíochas) agus ar theaghlaigh (agus ar a gcumhacht cheannaigh) de thoradh na rátaí arda boilsciúcháin agus an mhéadaithe mhóir atá tagtha ar phraghsanna fuinnimh agus gáis. Beidh tionchar aige sin, ní foláir, ar chumas cuideachtaí áirithe poist nua a chruthú agus dúshlán a bheidh ann do na córais cosanta sóisialta sna míonna atá amach romhainn. Chuige sin, beidh gá le beartais spriocdhírithe chun tacú le haistrithe sa mhargadh saothair.

2.4.

Agus é d’aidhm acu an chuimsitheacht agus an chothroime a áirithiú, ba cheart léiriú a thabhairt freisin i mbeartais fostaíochta na mBallstát ar na forbairtí eacnamaíocha agus sóisialta atá tarlaithe. Ba cheart measúnú cáiréiseach a dhéanamh ar an tionchar ag bheidh ag beartais maidir leis an margadh saothair ionas go spreagfaidh siad téarnamh inbhuanaithe seachas rátaí fostaíochta laghdaithe, poist ar chaighdeán níos ísle agus cumhacht cheannaigh laghdaithe do dhaoine aonair. Ba cheart tuilleadh airde a thabhairt ar ghanntanas lucht saothair agus scileanna agus ba cheart moltaí sonracha beartais maille le tionscnaimh shonracha bheartais a chur i ngníomh i gcomhréir le Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta.

3.   Barúlacha sonracha

3.1.    Treoirlíne 5: Borradh a chur faoin éileamh ar shaothar

3.1.1

Is príomhdhúshláin eacnamaíocha agus shóisialta san Eoraip fós iad an fás inbhuanaithe, cruthú post ardcháilíochta agus rannpháirtíocht san fhostaíocht (lena n-áirítear rannpháirtíocht daoine scothaosta agus daoine óga, ban, iad siúd is faide ón margadh saothair, daoine neamhghníomhacha, etc.). Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin, ní mór bonn iomaíoch le haghaidh infheistíochtaí a áirithiú agus leas a bhaint as poitéinseal na n-aistrithe glasa agus digiteacha. Tá CESE i bhfách lena bhfuil molta ag an gCoimisiún Eorpach do na Ballstáit, mar atá timpeallacht ghnó a chruthú ina bhféadfaí an fhiontraíocht agus an fhíor-fhéinfhostaíocht a chothú, ciorrú anuas ar an rómhaorlathas, oibriú ar son margadh aonair fíor-chomhtháite agus dea-fheidhmiúil agus cuidiú le FBManna cur lena gcuid gníomhaíochtaí gnó. Is éard atá CESE a mholadh go mór go leanfaí de mhicrifhiontair a chumhdach le Treoirlíne 5.

3.1.2

Is féidir borradh a chur faoin éileamh ar lucht saothair ar fud an Aontais trí infheistíochtaí a mhéadú, go háirithe infheistíochtaí táirgiúla, i bpríomhearnálacha an gheilleagair; trí aghaidh a thabhairt, nuair is gá sin, ar an tionchar nach beag a bhíonn ag cánacha ar an lucht saothair gan an chosaint shóisialta a lagú ná ioncam a laghdú do chórais leasa shóisialta inbhuanaitheacha; tríd an gcomhrac i gcoinne na himghabhála cánach agus na calaoise cánach agus an gheilleagair neamhfhoirmiúil a neartú; trí chineálacha éagsúla oibre, arna rialáil le reachtaíocht nó le cómhargáil, a chur ar fáil d’fhostóirí agus d’oibrithe, agus, ag an am céanna, trí iarracht a dhéanamh ar fheabhas a chur ar dhálaí oibre i gcás cineálacha nua oibre le go mbeidh siad tarraingteach d’oibrithe.

3.1.3

Táthar á thuar go ndéanfaidh an staid gheopholaitiúil reatha, atá ag titim chun éiginnteachta i rith an ama, chomh maith leis an tionchar a bheidh aici ar an éileamh amach anseo, difear do chinntí infheistíochta cuideachtaí agus don chinnteacht fostaíochta, agus go gcuirfidh sí, ina theannta sin, moill ar chur i bhfeidhm pleananna infheistíochta, cibé acu san earnáil phríobháideach nó san earnáil phoiblí é sin. Tá rátaí fáis ag titim de thoradh an bhoilscithe agus tá súil leis go dtiocfaidh laghdú ar fhíorphá, ach go dtiocfaidh méadú measartha air ansin an bhliain seo chugainn. Tá dearcadh an Choimisiúin á thabhairt dá aire ag CESE gur mó an tábhacht, is é is dóichí, a shamhlófar i gcomhaontuithe pá i gcónaí le hábhair imní faoin gcinnteacht fostaíochta ná faoi arduithe pá (3). Cuireann an boilsciú brú ar arduithe pá agus ar an gcumhacht cheannaigh. Chun bís bhoilscitheach phá agus praghsanna an-chontúirteach a sheachaint agus chun cur leis an táirgiúlacht, tá sé ríthábhachtach an scóip a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta feabhas a chur ar chumhdach cómhargála agus ar chleachtais chómhargála ar leibhéal na hearnála agus ar leibhéal na cuideachta, áit a bhféadfaí gníomhaíochtaí nithiúla a dhéanamh.

3.1.4

San am céanna, tá gá le bearta struchtúracha um an margadh saothair chun deiseanna fostaíochta ardcháilíochta a chruthú. Ba cheart soghluaisteacht an lucht saothair laistigh den Aontas Eorpach agus imirce dhleathach an lucht saothair a spreagadh. Tá CESE ag súil leis go dtabharfar tacaíocht nach beag do mhargadh saothair an Aontais tríd an bpacáiste ón gCoimisiún, Imirce Dhlíthiúil — Scileanna agus tallann a mhealladh chuig an Aontas, a eisíodh an 27 Aibreán 2022.

3.1.5

Is díol sásaimh do CESE an bhéim a chuirtear ar an ngeilleagar ciorclach mar earnáil a bhfuil sé d’acmhainneacht aici poist a chruthú agus ar an tacaíocht a thugtar d’earnálacha / do réigiúin a ndéanann an t-aistriú glas difear faoi leith dóibh mar gheall ar a speisialtóireacht earnála nó mar gheall ar dhlús réigiúnach tionscal áirithe.

3.1.6

Tá aird á tarraingt ag CESE freisin ar an rún, a glacadh ag an 110ú Comhdháil Idirnáisiúnta Saothair, ina moltar prionsabal na timpeallachta oibre sábháilte agus sláintiúla a chur le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha san Obair de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair agus tá sé á chur chun suntais aige gur gá i gcónaí infheistíocht a dhéanamh i gcultúr ina ndéantar tionóiscí agus rioscaí san ionad oibre a chosc.

3.1.7

Tá CESE den tuairim gur luachmhar an tseift an pá íosta, arna leagan síos leis an dlí nó leis an gcómhargáil, lenar féidir aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht i measc an lucht oibre. Mar sin féin, ní leor ann féin é agus tá gá le meascán d’ionstraimí beartais éagsúla. Is féidir a áireamh ar na hionstraimí beartais sin dreasachtaí airgeadais dea-cheaptha sealadacha, trínar féidir, i gcás inarb iomchuí, éifeacht athdháilte an chórais cánach a athdhearadh, etc. Ba cheart na hionstraimí airgeadais a chur i ngníomh in éineacht le bearta spriocdhírithe éifeachtacha maidir le forbairt scileanna agus uas-sciliú, ós rud é go mbíonn riosca níos airde bochtaineachta i measc an lucht oibre ann i gcás oibrithe ar bheagán oiliúna seachas oibrithe ardoilte (19 % vs 4,9 %) (4). Ba cheart na Ballstáit a spreagadh agus tacaíocht a thabhairt dóibh chun gur féidir leo na bearta sin a chur chun feidhme ar bhealach comhordaithe.

3.1.8

Ba cheart neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta agus a saoirse chun cómhargála ar bhonn deonach a urramú. Níl sárú na cómhargála le fáil go fóill mar uirlis chun an chothromaíocht cheart a bhaint amach maidir le socrú pá, a mhéid a bhaineann le cothroime agus freagrúlacht an phá i leith forbairtí táirgiúlachta, rud is fíor freisin i gcás cumhdach na cómhargála a mhéadú, óir is féidir feabhas a chur ar dhálaí oibre agus ar ranníocaíochtaí slándála sóisialta dá barr. I gcás ina leagtar síos an pá íosta de réir an dlí, bíonn oiread céanna tábhachta le rannpháirtíocht éifeachtach na gcomhpháirtithe sóisialta d’fhonn na réitigh chearta a shainaithint lenar féidir cóineasú socheacnamaíoch aníos a bhaint amach, á chur sin in oiriúint do chomhthéacs an Bhallstáit aonair féin. I gcás ina bhfuil leibhéal íseal cumhdaigh ann i leith na cómhargála, ba cheart do na Ballstáit a ndícheall a dhéanamh dálaí fabhracha a chothú do na comhpháirtithe sóisialta chun gur féidir cur leis.

3.1.9

Léiríodh a thábhachtaí a bhí rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta le linn ghéarchéim COVID-19. Ar na saolta corraitheacha seo, ní mór bearta a dhéanamh chun cur le ról na gcomhpháirtithe sóisialta agus lena rannpháirtí a bhíonn siad i ndearadh agus i gcur chun feidhme athchóirithe agus beartas fostaíochta, sóisialta agus eacnamaíoch, lena n-áirítear trí chur lena n-acmhainneacht. Tá tábhacht leis sin freisin chun Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus na Pleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta a chur chun feidhme. Ba cheart ról eagraíochtaí na sochaí sibhialta, atá nasctha lena réimsí beartais féin, a chur san áireamh freisin.

3.2.    Treoirlíne 6: Feabhas a chur ar sholáthar saothair agus rochtain ar fhostaíocht, ar scileanna agus ar inniúlachtaí ar feadh an tsaoil a fheabhsú

3.2.1

Is díol sásaimh do CESE gur athraíodh teideal na treoirlíne d’fhonn coincheap na foghlama ar feadh an tsaoil a chur san áireamh. I bhfianaise a thapúla atá athruithe ag teacht ar an teicneolaíocht agus i bhfianaise an dá aistriú, mar atá an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach, is i ngiorracht, murab ionann is riamh, atá “saolré” na scileanna agus na n-inniúlachtaí a sealbhaíodh roimhe seo ag dul agus is tábhachtaí ná riamh d’oibrithe agus do lucht gnólachtaí araon go leanfaidís orthu de bheith ag sealbhú scileanna agus inniúlachtaí ábhartha nó go n-imí siad ar scor. Sin é an fáth ar tábhachtach an ní measúnú a dhéanamh ar an bhfreagracht chomhroinnte as an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil ar leibhéal an ionaid oibre.

3.2.2

Is díol sásaimh do CESE an cur chuige atá beartaithe lena gcuirtear bearta tacaíochta cuimsitheacha ar fáil a fhágann gur fusa athruithe ar an margadh saothair a bhainistiú. Is mórthábhachtach an ní deiseanna uas-sciliúcháin agus athsciliúcháin (5) a bheith ar fáil má táthar chun a chur ar a gcumas do dhaoine coinneáil suas le hathruithe ar an margadh saothair, agus ní mór iad a ráthú agus a bheith inrochtana i rith shaol gairmiúil an duine (Prionsabal 1 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta). Mar sin féin, is dúshlán nach beag é a laghad foinn a léirítear i leith páirt a ghlacadh san oiliúint agus ba cheart réitigh air sin a lorg. Is tábhachtach an ról atá ag na comhpháirtithe sóisialta maidir le measúnú a dhéanamh ar a bhfuil de riachtanais ann i réimse na scileanna. Is tábhachtach an ról freisin atá ag cistí oiliúna maidir le hoiliúint a bhaineann leis an obair a mhaoiniú agus ba cheart dea-chleachtais náisiúnta a chur chun cinn agus a chomhroinnt ó Bhallstát go chéile (6).

3.2.3

Thar ní ar bith eile, is den tábhacht tacaíocht spriocdhírithe a thabhairt do dhaoine atá dífhostaithe go fadtéarmach agus/nó do dhaoine neamhghníomhacha, ós fearr an seans a bheidh acu dul isteach (athuair) ar an margadh saothair agus is beart tábhachtach é sin a chuideoidh le hoibrithe a bpoist a choinneáil. Ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun an tréimhse dífhostaíochta 18 mí a laghdú, ar tréimhse í ar cinneadh uirthi chun go bhféadfaí teagmháil a dhéanamh le daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach. Tá géarghá le bearta spriocdhírithe chun daoine óga a bhfuil conairí gairme gairmiúla acu a mhealladh.

3.2.4

Tá ag méadú arís eile ar an nganntanas lucht saothair, in ainneoin laghdú a theacht air le linn ghéarchéim COVID-19 (7). Saincheist ríthábhachtach d’fhostóirí ar fud an Aontais is ea easpa réamhaisnéisí éifeachtacha scileanna a bheith ar fáil. Is féidir ról ríthábhachtach a bheith ag an infheistíocht san fhoghlaim aosach agus i bhforbairt scileanna, ar dhá rud iad atá nasctha go dlúth le riachtanais an mhargaidh saothair, i dtaca leis an téarnamh eacnamaíoch agus le hEoraip shóisialta a thógáil.

3.2.5

Baineann sin freisin le dídeanaithe atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin. Chomh maith le hoiliúint teanga a chur ar fáil, ní mór bearta a dhéanamh chun an próiseas a éascú faoina dtugtar aitheantas do cháilíochtaí a baineadh amach cheana féin agus atá riachtanach chun dul isteach ar an margadh saothair. Dá réir sin, is díol sásaimh do CESE an treoir ón gCoimisiún maidir le rochtain ar an margadh saothair, ar an ngairmoideachas agus an ghairmoiliúint agus ar an bhfoghlaim aosach do dhaoine atá ag teitheadh ó chogadh ionsaitheach na Rúise i gcoinne na hÚcráine (8).

3.2.6

Beidh dlúthbhaint ag na hinfheistíochtaí is gá chun tionscnamh RePowerEU a chur chun feidhme leis an ngá atá le lucht saothair oilte. Maidir le cuntais foghlama aonair (9), athdhearbhaíonn CESE an tuairim atá aige nach mór é a fhágáil go huile is hiomlán faoi na Ballstáit féin cé acu a chinnfear na cuntais sin a ghlacadh nó gan a dhéanamh mar cheann de na sásraí atá ann chun oiliúint a sholáthar agus a mhaoiniú. Ar aon chuma, ní mór do na cuntais foghlama aonair cuidiú le rochtain a fháil ar chúrsaí oiliúna aitheanta agus bailíochtaithe. Tá ról na gcomhpháirtithe sóisialta maidir le cistí oiliúna ábhartha a dhearadh agus/nó a bhainistiú thar a bheith tábhachtach.

3.2.7

Aontaíonn CESE leis nach mór iarrachtaí a dhéanamh chun leibhéal foriomlán na gcáilíochtaí a ardú sna Ballstáit uile. Baineann sin go mór le ciall go háirithe ag tús an phróisis foghlama agus, ina theannta sin, i rith shaol gairmiúil iomlán an duine. Mar a léiríodh go paiteanta i dTuarascáil Chomhpháirteach 2022 ar Fhostaíocht (10), an treocht dhearfach a bhí ann maidir le laghdú a bheith tagtha ar sciar na luathfhágálaithe scoile, tá moillithe uirthi sin anois agus gan ach laghdú 1,1 pointe céatadáin tagtha ar na rátaí idir 2015 agus 2020. Is den mhórthábhacht córais gairmoideachais agus gairmoiliúna obairbhunaithe a neartú sna Ballstáit agus a ábhartha atá an t-oideachas tríú leibhéal don mhargadh saothair, mar aon le líon na gcéimithe ETIM (eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht agus matamaitic) ó réimse an ghairmoideachas agus na gairmoiliúna agus ar an tríú leibhéal a mhéadú, go háirithe líon na mban.

3.2.8

Chuir an phaindéim isteach go dóite ar an aos óg: bhí siad ar cheann de na grúpaí is mó a ndearna an ghéarchéim eacnamaíoch agus shóisialta a lean as an bpaindéim díobháil dóibh. An dul chun cinn a rinneadh maidir le fostaíocht a chur ar fáil do dhaoine óga sna deich mbliana roimh an bpaindéim, is amhlaidh a chuir géarchéim COVID-19 ó chion é. Chun go mbeidh siad ullamh, mar is ceart, do shaol athraitheach na hoibre (an domhandú, an ghéarchéim aeráide, athruithe déimeagrafacha agus dul chun cinn teicneolaíoch), ní mór do na rialtais agus do na hinstitiúidí an tionchar a bheidh ag gach ceann de na mórthreochtaí sin a chur san áireamh. Tá tábhacht nach beag le bearta beartais cuimsitheacha réamhbhreathnaitheacha a bheidh dírithe go sonrach ar an aos óg, d’fhonn a áirithiú nach bhfágfar daoine óga ar an trá fholamh (11).

3.2.9

Is dúshlán fós san Aontas í an bhearna phá idir na hinscní. Ós rud é go bhfuil éagsúlacht mhór ann ó thír go tír, ba cheart aghaidh a thabhairt ar bhunúdair na ceiste sin, cuir i gcás an idirdheighilt ar an margadh saothair agus san oideachas, steiréitíopaí inscne, easpa saoráidí cúraim leanaí inrochtana agus easpa saoráidí cúraim eile, agus dáileadh éagothrom na ndualgas teaghlaigh agus cúraim. I gcás inarb ann don idirdhealú pá (an t-idirdhealú a dhéantar ar bhonn aoise san áireamh), ní mór deireadh a chur leis. Ba cheart gur chuidiú an togra ón gCoimisiún Eorpach le haghaidh Treoir maidir le Trédhearcacht Pá, atá á phlé faoi láthair, do na Ballstáit treisiú le cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn idir fir agus mná as obair den luach céanna a dhéanamh, ós ceann de na bearta é sin atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar an mbearna phá idir na hinscní. San am céanna, ní mór ábhair imní faoi ualaí breise ar chuideachtaí, agus go háirithe ar FBManna, a chur san áireamh, mar atá déanta go dtí seo.

3.3.    Treoirlíne 7: Feabhas a chur ar fheidhmiú na margaí saothair agus ar éifeachtacht an idirphlé shóisialta

3.3.1

Chun feabhas a chur ar fheidhmiú na margaí saothair, ní mór róil agus freagrachtaí na ngníomhaithe éagsúla (seirbhísí fostaíochta poiblí agus seirbhísí sóisialta) a athchóiriú ó bhonn. Ní mór machnamh a dhéanamh ar a bhfuil de dheiseanna ann chun comhpháirtíochtaí a bhunú idir seirbhísí sóisialta (le gur féidir teagmháil a dhéanamh leo siúd is faide ón margadh saothair agus iad a ullmhú faoi réir cláir oiliúna), seirbhísí fostaíochta poiblí (beartais ghníomhacha shaincheaptha maidir leis an margadh saothair ina bhfuil comhpháirt choinneála, treoir agus seirbhísí comhairleoireachta) agus seirbhísí fostaíochta príobháideacha (gníomhaíochtaí comhpháirteacha agus/nó gníomhaíochtaí comhlántacha, i.e. an bunachar sonraí folúntas a chomhroinnt). Ní mór éifeachtúlacht na mbeart beartais a mheasúnú, a athdhearadh nó athmhachnamh a dhéanamh orthu, de réir mar is gá. Ba cheart cur le hacmhainneacht na seirbhísí fostaíochta poiblí, lena n-áirítear trína gcuid seirbhísí a dhigitiú. Ba cheart spreagadh a thabhairt freisin ionas go ndéanfaí comhar le seirbhísí príobháideacha fostaíochta agus le gníomhaithe ábhartha eile sa mhargadh saothair.

3.3.2

Tá ról lárnach ag na comhpháirtithe sóisialta ina leith sin, go háirithe i gcomhthéacs na margaí saothair áitiúla agus na n-earnálacha atá i mbun aistrithe, áit ar féidir leo an t-aistriú idir earnálacha, poist agus/nó gairmeacha beatha a éascú. Ina cheann sin, tá ról tábhachtach ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta freisin, i bhfianaise an tsaineolais shonraigh atá acu ar chineálacha éagsúla fostaíochta (go háirithe le haghaidh grúpaí leochaileacha) agus ar shaincheisteanna sóisialta, agus ina gcáil mar sholáthraithe seirbhísí oideachais agus sóisialta chun leasa cách.

3.3.3

Tá an ráta neamhghníomhaíochta fós sách ard ar fud an Aontais Eorpaigh (12). Is mithid anois iad siúd is faide ón margadh saothair a mhealladh ar ais chuige athuair. Ach iad a rialú i gceart trí bhíthin na reachtaíochta nó na cómhargála ar an leibhéal náisiúnta chun dálaí oibre cothroma a ráthú, d’fhéadfadh tábhacht mhór a bheith le cineálacha éagsúla oibre, leis an tsolúbthacht oibre agus leis an teilea-obair chun a chur ar a gcumas do dhaoine, go háirithe daoine ar de ghrúpaí leochaileacha iad, obair a fháil. Cuireann bonneagair shóisialta agus seirbhísí sóisialta amhail cúram leanaí nó cúram fadtéarmach ar a gcumas do dhaoine a bhfuil freagrachtaí cúraim orthu smaoineamh ar dhul isteach ar an margadh saothair.

3.3.4

Tá sé thar a bheith tábhachtach oibriú i gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta chun dálaí oibre cothroma trédhearcacha intuartha a chur chun cinn, agus an chothromaíocht chuí á haimsiú idir cearta agus oibleagáidí. Aontaíonn CESE leis gur cheart cosc a chur ar chaidrimh fostaíochta as a n-eascraíonn dálaí oibre neamhfhoirmiúla neamhchinnte, lena n-áirítear an obair ardáin, a bhfuil dréacht-treoir á plé ina leith. Tá sé á chur in iúl ag CESE gur cheart, le gach beart lena rialaítear patrúin nua oibre, lena n-áirítear an obair ardáin, socruithe solúbtha oibre a rialáil, ar an leibhéal Eorpach agus náisiúnta is iomchuí, agus gur cheart coimircí bunriachtanacha a chur ar fáil ag an am céanna chun oibrithe a chosaint go leordhóthanach. Ba cheart ról na gcomhpháirtithe sóisialta a urramú.

3.4.    Treoirlíne 8: Comhionannas deiseanna do chách a chur chun cinn, cuimsiú sóisialta a chothú agus an bhochtaineacht a chomhrac

3.4.1

Tá tábhacht ar leith ag baint le comhionannas deiseanna do chách agus margaí saothair cuimsitheacha a chur chun cinn san am i láthair, tráth atá roinnt géarchéimeanna ag titim amach san Eoraip, d’fhonn sprioc fostaíochta 78 % a bhaint amach, sprioc a leagtar síos sa phlean gníomhaíochta maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme agus a thabharfaidh aghaidh ar an nganntanas lucht saothair. Is fíor sin i gcás gach duine atá faoi ghannionadaíocht sa mhargadh saothair, agus is fíor sin freisin i ngeall ar an rabharta ollmhór daoine atá tar éis teitheadh ón gcogadh san Úcráin. A luaithe a tháinig an Treoir um Chosaint Shealadach i bhfeidhm, chuaigh na Ballstáit i mbun gnímh gan mhoill chun a gcreataí rialála náisiúnta a chur in oiriúint le go bhféadfaidís tacaíocht a thabhairt do dhídeanaithe ón Úcráin agus do náisiúnaigh tríú tír a bhí ina gcónaí san Úcráin agus atá tar éis teitheadh chun na hEorpa de dheasca an chogaidh. Is gá aghaidh a thabhairt ar scrogaill, más ann dóibh.

3.4.2

Tá gá le cur chuige saincheaptha le haghaidh grúpaí leochaileacha éagsúla (i.e. oibrithe scothaosta, daoine [óga] faoi mhíchumas, daoine a bhfuil freagrachtaí cúraim orthu, daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach agus daoine a bhfuil stair bhearnach fostaíochta acu, NEETanna [daoine nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna], imircigh, etc.). Ba cheart difríochtaí fostaíochta idir ceantair thuaithe agus uirbeacha a chur san áireamh freisin. Ba cheart cistí an Aontais a úsáid mar sheift chun na Ballstáit a spreagadh, go háirithe iad siúd a chruthaigh go holc ar an Scórchlár Sóisialta, d’fhonn dreasachtaí a chur ar fáil d’fhostóirí chun daoine faoi mhíchumas a fhostú nó chun an fhéinfhostaíocht a chur chun cinn. Is í an obair chuibhiúil an uirlis is fearr chun an bhochtaineacht a laghdú agus dínit an duine a aithint.

3.4.3

Ba cheart sochair agus bearta tacaíochta ioncaim a chur ar fáil go sealadach a fhad is gá chun daoine dífhostaithe nó daoine ar ioncam íseal a spreagadh chun deiseanna nua fostaíochta a aimsiú. Is féidir le sochair laistigh den fhostaíocht (13), mar aon le bearta struchtúracha atá dírithe ar chuimsiú grúpaí leochaileacha a éascú, dul isteach na ngrúpaí sin ar an margadh saothair a éascú, ach ba cheart dul ar iontaoibh na mbeart éigeandála comhlántach sin ar bhonn sealadach amháin, ós rud é gur cheart beartas leordhóthanach pá lena gcumasaítear caighdeán sásúil maireachtála a chothú agus a threisiú.

3.4.4

Tá fiontair an gheilleagair shóisialta tábhachtach, go háirithe mar fhoinse post bunleibhéil do na daoine is leochailí agus chun gur féidir seirbhísí a sholáthar ar an leibhéal réigiúnach. Is díol sásaimh do CESE Plean Gníomhaíochta an Choimisiúin don Gheilleagar Sóisialta agus tá sé ag tathant ar an gCoimisiún tionscadail a leagan síos lenar féidir measúnú a dhéanamh ar na tionscadail is fearr ar an leibhéal náisiúnta.

3.4.5

Is díol sásaimh ar leith do CESE an bhéim a leagtar iontu ar leanaí. Is trí bhíthin bearta cuimsitheacha agus comhtháite ba cheart aghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht leanaí, agus ba cheart gníomhaíocht a spreagadh atá dírithe ar an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí a chur chun feidhme. Aontaíonn an Coiste go hiomlán leis go bhfuil infhaighteacht seirbhísí inacmhainne, inrochtana agus ardcháilíochta, cuir i gcás oideachas agus cúram luath-óige, cúram lasmuigh den scoil, oideachas, oiliúint, tithíocht, agus cúram sláinte agus cúram fadtéarmach, ríthábhachtach chun bochtaineacht leanaí a laghdú agus chun comhdheiseanna a áirithiú. Ar bhonn níos leithne, ba cheart rochtain éifeachtach ar sheirbhísí sóisialta ardchaighdeáin atá nasctha le riachtanais an duine aonair a neartú; dhírigh géarchéim COVID-19 aird nach beag air seo agus níor cheart an t-ábhar sin a ligean i ndearmad a luaithe a bheidh deireadh leis an bpaindéim.

3.4.6

Murab ionann is riamh, tá bealach aimhréidh roimh ghrúpaí leochaileacha mar gheall ar an aistriú glas, as ar eascair an t-aistriú fuinnimh, agus go háirithe mar gheall ar na méaduithe tobanna ar phraghsanna fuinnimh a tharla le déanaí (14). In ainneoin na ngealltanas polaitiúil a tugadh, tá obair fós le déanamh chun aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht fuinnimh, agus chun a chinntiú go mbeidh na bearta a dhéanfar spriocdhírithe agus éifeachtach, mar is cuí.

3.4.7

Mar gheall ar an méadú atá ag teacht ar ráta aosaithe an daonra agus ar an ionchas saoil agus mar gheall ar an lucht saothair a bheith ag dul i laghad, is mó ná riamh líon na ndaoine scothaosta a bheidh i gcleithiúnas eacnamaíoch mura n-éireoidh linn an lucht saothair a mhéadú trí bhíthin margaí saothair níos cuimsithí, lena n-áirítear trí ghrúpaí atá eisiata faoi láthair nó faoi ghannionadaíocht sa mhargadh saothair a chur ag obair. Is gá dul i mbun gnímh má táthar chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin nach mór do na córais slándála sóisialta agus na córais cúraim sláinte sna Ballstáit a shárú. Is beartas ríthábhachtach i ngach Ballstát é leordhóthanacht agus inbhuanaitheacht airgeadais na gcóras pinsean a chinntiú do chách. Is díol sásaimh do CESE an cur chuige cuimsitheach a mhol an Coimisiún maidir le comhdheiseanna d’fhir agus do mhná i ndáil le cearta pinsin a fháil agus maidir leis an ngá atá le straitéisí um aosú gníomhach chun rannpháirtíocht daoine scothaosta sa mhargadh saothair a éascú agus chun an bhearna phinsin idir na hinscní a laghdú. Tá sé á chur chun suntais ag CESE a thábhachtaí atá sé tréimhsí oibre bearnacha a sheachaint le linn shaol gníomhach oibre an duine d’fhonn tacú le córais slándála sóisialta trí mheán ranníocaíochtaí agus chun a áirithiú go mbeidh daoine i dteideal ioncam pinsin leordhóthanach a fháil nuair a rachaidh siad ar scor.

An Bhruiséil, an 22 Meán Fómhair 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  An Seimeastar Eorpach (2022): Tuarascálacha Tíre.

(2)  Réamhaisnéis Eacnamaíoch na hEorpa, Earrach 2022.

(3)  Réamhaisnéis Eacnamaíoch Earrach 2022: Féachaint curtha ar athléimneacht eacnamaíoch an Aontais de thoradh ionradh na Rúise.

(4)  Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht, 2022.

(5)  Tuarascáil staidéir ón bhFaireachlann um Margadh an tSaothair Obair na todhchaí lena n-áirithítear an fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus an oiliúint d’fhostaithe.

(6)  Tuairim ó CESE An pacáiste maidir leis an bhfoghlaim agus an infhostaitheacht (IO C 323, 26.8.2022, lch. 62).

(7)  Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht, 2022.

(8)  C(2022) 4050 final.

(9)  Moladh ón gComhairle maidir le cuntais foghlama phearsanta.

(10)  Ghlac an Chomhairle í an 14 Márta 2022.

(11)  Tá CESE ag obair faoi láthair ar thuarascáil faisnéise: An chóir chomhionann do dhaoine óga i margadh an tsaothair.

(12)  Is san Iodáil atá an ráta neamhghníomhaíochta is airde (os cionn 37 % in 2021). Tá ráta neamhghníomhaíochta os cionn 30 % le fáil freisin sa Chróit, sa Rómáin, sa Ghréig agus sa Bheilg. Tá tuilleadh sonraí faoin daonra atá neamhghníomhach go heacnamaíoch san Eoraip le fáil anseo.

(13)  Sainmhíníonn ECFE sochair laistigh den fhostaíocht mar leanas: “creidmheasanna cánach buana obairbhunaithe, liúntais chánach nó a gcothrom de scéimeanna sochair obairbhunaithe, arna gceapadh chun an bhochtaineacht i measc an lucht oibre a mhaolú agus chun cur lena bhfuil de dhreasachtaí oibre ann d’oibrithe ar ioncam íseal”.

(14)  Féach freisin an tuairim ó CESE An Ciste Aeráide Sóisialta (níl leagan Gaeilge ann) (IO C 152, 6.4.2022, lch. 158).


Top