Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D2244

Cinneadh (CBES) 2022/2244 ón gComhairle an 14 Samhain 2022 maidir le rannpháirtíocht Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann i dtionscadal “Soghluaisteacht Mhíleata” PESCO

ST/14072/2022/INIT

IO L 294, 15.11.2022, pp. 22–24 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/2244/oj

15.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 294/22


CINNEADH (CBES) 2022/2244 ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Samhain 2022

maidir le rannpháirtíocht Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann i dtionscadal “Soghluaisteacht Mhíleata” PESCO

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, go háirithe Airteagal 46(6) de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2017/2315 ón gComhairle an 11 Nollaig 2017 lena mbunaítear buanchomhar struchtúrtha (PESCO) agus lena gcinntear liosta na mBallstát rannpháirteach (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2020/1639 ón gComhairle an 5 Samhain 2020 lena mbunaítear na coinníollacha ginearálta faoina bhféadfaí cuireadh eisceachtúil a thabhairt do thríú Stáit a bheith rannpháirteach i dtionscadail aonair PESCO (2), agus go háirithe Airteagal 2(4) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le hAirteagal 9(2) de Chinneadh (CBES) 2017/2315 go bhfuil an Chomhairle chun a chinneadh, i gcomhréir le hAirteagal 46(6) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), cé acu an gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann tríú Stát, ar Stát é ar mian leis na Ballstáit rannpháirteacha atá páirteach i dtionscadal cuireadh a thabhairt dó páirt a ghlacadh sa tionscadal sin, na ceanglais atá le bunú ag an gComhairle.

(2)

An 6 Márta 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/340 (3) lena mbunaítear liosta na dtionscadal atá le forbairt faoi PESCO. Foráiltear le hAirteagal 1 den Chinneadh sin go ndéanfaidh 24 chomhalta tionscadail, lena n-áirítear an Ísiltír mar chomhordaitheoir tionscadail, tionscadal dar teideal “Soghluaisteacht Mhíleata” a fhorbairt i gcreat an liosta sin.

(3)

An 5 Samhain 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/1639 lena mbunaítear na coinníollacha ginearálta faoina bhféadfaí cuireadh eisceachtúil a thabhairt do thríú Stáit a bheith rannpháirteach i dtionscadail aonair PESCO. Foráiltear le hAirteagal 2(4) den Chinneadh sin go ndéanfaidh an Chomhairle cinneadh, bunaithe ar fhógra ó chomhordaitheoir nó ó chomhordaitheoirí thionscadal de chuid PESCO agus tar éis don Choiste Polaitiúil agus Slándála tuairim a thabhairt uaidh, i gcomhréir le hAirteagal 46(6) CAE agus le hAirteagal 9(2) de Chinneadh (CBES) 2017/2315, cé acu an gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann rannpháirtíocht an tríú Stát sa tionscadal sin na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3 de Chinneadh (CBES) 2020/1639.

(4)

An 29 Iúil 2022, chuir Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (“an Ríocht Aontaithe”) a hiarraidh ar rannpháirtíocht i dtionscadal PESCO dar teideal “Soghluaisteacht Mhíleata” chuig comhordaitheoir an tionscadail sin de chuid PESCO, i gcomhréir le hAirteagal 2(1) de Chinneadh (CBES) 2020/1639. Rinne comhaltaí an tionscadail measúnú ansin, ar bhonn na faisnéise a chuir an Ríocht Aontaithe ar fáil, an gcomhlíonann sí na coinníollacha ginearálta, i gcomhréir le hAirteagal 2(2) de Chinneadh (CBES) 2020/1639.

(5)

An 7 Deireadh Fómhair 2022, thug comhordaitheoir thionscadal “Soghluaisteacht Mhíleata” PESCO fógra don Chomhairle agus d’Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, i gcomhréir le hAirteagal 2(3) de Chinneadh (CBES) 2020/1639, go raibh comhaltaí tionscadail an tionscadail sin de chuid PESCO tar éis comhaontú d’aon toil maidir leis an méid seo a leanas: gur mian leo cuireadh a thabhairt don Ríocht Aontaithe a bheith rannpháirteach sa tionscadal sin; maidir le raon feidhme, foirm agus céimeanna ábhartha rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe sa tionscadal sin; agus go gcomhlíonann an Ríocht Aontaithe na coinníollacha ginearálta a leagtar amach in Airteagal 3 de Chinneadh (CBES) 2020/1639.

(6)

An 19 Deireadh Fómhair 2022, d’aontaigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála tuairim faoin bhfógra maidir leis an iarraidh ón Ríocht Aontaithe a bheith rannpháirteach i dtionscadal “Soghluaisteacht Mhíleata” PESCO. Go háirithe, thug an Coiste Polaitiúil agus Slándála dá aire an tuairisc ar thionscadal “Soghluaisteacht Mhíleata” PESCO de réir mar a fhoráiltear san fhógra, lena n-áirítear a chuspóirí, a eagrú agus an chinnteoireacht a bhaineann leis, chomh maith leis na réimsí oibre a ndírítear orthu. Tugadh ar aird freisin nach gcomhroinntear aon fhaisnéis rúnaicmithe ná íogair de chuid an Aontais laistigh den tionscadal sin, agus nach gcuirtear é chun feidhme le tacaíocht ón nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint de réir bhrí Airteagal 3(g) de Chinneadh (CBES) 2020/1639. Thairis sin, thug an Coiste Polaitiúil agus Slándála dá aire nach bhfuil soláthar armála, taighde agus forbairt cumais, ná úsáid agus onnmhairiú arm nó cumas agus teicneolaíochta i gceist le tionscadal “Soghluaisteacht Mhíleata” PESCO. Thug sé dá aire chomh maith nach bhfuil baint ag eintitis, infheistíochtaí ná cistiú ó Bhallstáit rannpháirteacha PESCO leis ná ag iarrataí ar chistiú ón Aontas le haghaidh gníomhaíochtaí tionscadail.

(7)

D’aontaigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála freisin lena bhfuil beartaithe maidir le raon feidhme, foirm agus méid rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i dtionscadal “Soghluaisteacht Mhíleata” PESCO mar a thuairiscítear san fhógra iad. D’admhaigh sé go raibh sé curtha in iúl ag an Ríocht Aontaithe go dtacaíonn sí go hiomlán le raon feidhme an tionscadail sin mar a shainítear san fhógra é.

(8)

Sa tuairim chéanna, dhearbhaigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála an tuairim arna comhaontú d’aon toil ag comhaltaí an tionscadail go gcomhlíonann an Ríocht Aontaithe na coinníollacha ginearálta a leagtar amach in Airteagal 3 de Chinneadh (CBES) 2020/1639, mar seo a leanas:

comhlíonann an Ríocht Aontaithe na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3(a) de Chinneadh (CBES) 2020/1639: déanann sí a chuid féin de na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe, mar a leagtar síos in Airteagal 2 CAE, agus de na prionsabail dá dtagraítear in Airteagal 21(1) CAE, chomh maith le cuspóirí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála a leagtar síos i bpointí (a), (b), (c) agus (h) d’Airteagal 21(2)CAE; ní sháraíonn sí leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus a Bhallstát, lena n-áirítear urraim do phrionsabal an dea-chaidrimh chomharsanúil leis na Ballstáit; agus tá idirphlé polaitiúil ar siúl aici leis an Aontas, lenar cheart gnéithe slándála agus cosanta a chumhdach freisin agus páirt á glacadh aige i dtionscadal PESCO,

a mhéid a bhaineann leis an gcoinníoll a leagtar amach in Airteagal 3(b) de Chinneadh (CBES) 2020/1639 i ndáil le breisluach substaintiúil na Ríochta Aontaithe i dtaca le tionscadal “Soghluaisteachta Míleata” PESCO, tugtar achoimre mhionsonraithe san fhógra ar rannchuidiú na Ríochta Aontaithe lena n-áirítear maidir le raon feidhme, foirm agus méid na rannpháirtíochta sa tionscadal sin, lena dtugtar bunús le comhlíonadh an choinníll sin,

a mhéid a bhaineann leis an gcoinníoll a leagtar amach in Airteagal 3(c) de Chinneadh (CBES) 2020/1639, rannchuideoidh rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i dtionscadal “Soghluaisteacht Mhíleata” PESCO leis an gcomhbheartas eachtraigh agus slándála (CBSC) agus le leibhéal uaillmhéine an Aontais a neartú, lena n-áirítear chun tacú le misin agus oibríochtaí CBSC, mar a shainítear freisin san fhógra,

a mhéid a bhaineann leis an gcoinníoll a leagtar amach in Airteagal 3(d) de Chinneadh (CBES) 2020/1639, ní bhaineann tionscadal “Soghluaisteacht Mhíleata” PESCO le soláthar armála, taighde agus forbairt cumais, ná ar úsáid agus onnmhairiú arm, cumas agus teicneolaíochta. Ní dhéantar aon chumas ná teicneolaíocht a fhorbairt leis an tionscadal. Dá bhrí sin, le rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe sa tionscadal sin, ní bheidh aon spleáchais ar Cheanada ná ní fhorchuirfidh an Ríocht Aontaithe aon srianta i gcoinne aon Bhallstáit de chuid an Aontais,

ina theannta sin, comhlíontar freisin an ceanglas in Airteagal 3(e) de Chinneadh (CBES) 2020/1639 a mhéid a bhaineann le comhsheasmhacht rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe leis na gealltanais ábhartha níos ceangailtí de chuid PESCO, mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2017/2315, de réir mar a shonraítear a thuilleadh san fhógra. Ós rud é nach tionscadal atá dírithe ar chumas é tionscadal “Soghluaisteacht Mhíleata” PESCO, níl feidhm sa chomhthéacs seo ag an gcoinníoll maidir le rannchuidiú rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe le comhlíonadh na dtosaíochtaí a eascraíonn as an bPlean Forbraíochta um Chumas agus as an Athbhreithniú Comhordaithe Bliantúil ar Chosaint ná ag an gcoinníoll go mbeidh tionchar dearfach aige ar Bhonn Tionsclaíoch agus Teicneolaíoch na Cosanta Eorpaí,

comhlíontar an ceanglas a leagtar amach in Airteagal 3(f) de Chinneadh (CBES) 2020/1639 ós rud é go bhfuil an comhaontú idir an tAontas agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le nósanna imeachta slándála maidir le faisnéis rúnaicmithe a mhalartú agus a chosaint (4) i bhfeidhm ón 1 Bealtaine 2021,

níl feidhm ag an gcoinníoll a leagtar amach in Airteagal 3(g) de Chinneadh (CBES) 2020/1639 sa chás seo, ós rud é nach gcuirtear tionscadal “Soghluaisteacht Mhíleata” PESCO chun feidhme le tacaíocht ón nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint agus níl gá, dá bhrí sin, le socrú riaracháin, ar ghabh éifeacht leis, leis an nGníomhaireacht sin,

a mhéid a bhaineann leis an gcoinníoll a leagtar amach in Airteagal 3(h) de Chinneadh (CBES) 2020/1639, tá gealltanas tugtha ag an Ríochta Aontaithe go bhféachfar le socrú riaracháin a bhaineann go sonrach leis an tionscadal a thabhairt i gcrích mar aon le haon doiciméadacht eile is gá i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2017/2315 agus le Cinneadh (CBES) 2018/909 ón gComhairle (5), a bhaineann le rialacha rialachais PESCO.

(9)

Ar deireadh, sa tuairim uaidh, mhol an Coiste Polaitiúil agus Slándála go ndéanfadh an Chomhairle cinneadh dearfach i dtaobh an gcomhlíonann rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i dtionscadal “Soghluaisteacht Mhíleata” PESCO na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3 de Chinneadh (CBES) 2020/1639.

(10)

Ba cheart don Chomhairle, dá bhrí sin, a chinneadh go gcomhlíonann rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i dtionscadal “Soghluaisteacht Mhíleata” PESCO na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3 de Chinneadh (CBES) 2020/1639. Glacfaidh an Ríocht Aontaithe páirt sa tionscadal sin an dáta a shonrófar sa socrú riaracháin atá le comhlíonadh ag an Ríocht Aontaithe agus ag comhaltaí an tionscadail, i gcomhréir le hAirteagal 2(7) de Chinneadh (CBES) 2020/1639. Feidhmeoidh an Chomhairle a maoirseacht i gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Chinneadh (CBES) 2020/1639, agus féadfaidh sí cinntí breise a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 6(2) agus (3) de,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Comhlíonann rannpháirtíocht Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann i dtionscadal “Soghluaisteacht Mhíleata” PESCO na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3 de Chinneadh (CBES) 2020/1639.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Samhain 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)   IO L 331, 14.12.2017, lch. 57.

(2)   IO L 371, 6.11.2020, lch. 3.

(3)  Cinneadh (CBES) 2018/340 ón gComhairle an 6 Márta 2018 lena mbunaítear liosta na dtograí atá le forbairt faoi PESCO (IO L 65, 8.3.2018, lch. 24).

(4)   IO L 149, 30.4.2021, lch. 2540.

(5)  Cinneadh (CBES) 2018/909 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2018 lena mbunaítear tacar coiteann rialacha rialachais do thionscadail PESCO (IO L 161, 26.6.2018, lch. 37).


Top