This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32007R0834
Táirgeadh agus lipéadú táirgí orgánacha (go dtí 2021)
Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha
Leagtar síos creat dlíthiúil ann le haghaidh táirgí orgánacha. Tá na bunchuspóirí agus na prionsabail ghinearálta maidir le feirmeoireacht orgánach ann agus léirítear ann na rialacha maidir le táirgeadh, lipéadú, rialuithe agus trádáil le tíortha nach bhfuil san Aontas Eorpach (AE).
Agus comhchuibhiú á dhéanamh ar na rialacha maidir le táirgeadh, lipéadú agus rialú táirgí orgánacha, féachtar leis na nithe seo a leanas a áirithiú:
Aisghaireadh Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 agus cuireadh Rialachán (AE) 2018/848 ina ionad (féach achoimre) amhail ón . Mar sin féin, beidh sé i bhfeidhm go dtí an chun an scrúdú ar iarratais atá ar feitheamh ó thíortha nach bhfuil san Aontas a chur i gcrích.
Rialaítear sa chreat:
Dírítear na cuspóirí ar thalmhaíocht inbhuanaithe agus ar chaighdeán táirgthe, agus ní mór dóibh freastal ar riachtanais tomhaltóirí.
Baineann na prionsabail ghinearálta, mar shampla, le modhanna sonracha táirgthe, úsáid acmhainní nádúrtha agus srianta diana ar ionchuir cheimiceacha shintéiseacha.
Leagtar síos ann freisin prionsabail shonracha maidir le feirmeoireacht, próiseáil bia orgánaigh agus beatha orgánaí d’ainmhithe.
De réir na rialacha ginearálta maidir le táirgeadh orgánach, tá toirmeasc ar orgánaigh ghéinmhodhnaithe ina bhfoirmeacha ar fad. Tugann rialacha maidir le lipéadú bia deis d’oibreoirí a áirithiú go bhfuiltear ag cloí leis an toirmeasc sin. Cuirtear toirmeasc freisin ar chóireáil trí radaíocht ianúcháin.
Ní mór dóibh siúd ar mian leo táirgeadh talmhaíochta orgánach agus neamhorgánach araon a oibriú a áirithiú go scartar ainmhithe agus talamh don dá chineál talmhaíochta sin.
Ní mór do tháirgeadh plandaí orgánacha rialacha áirithe a chomhlíonadh freisin maidir le:
Déantar plandaí fiáine a bhailítear i limistéir áirithe a aicmiú mar tháirgí orgánacha freisin má chomhlíonann siad coinníollacha áirithe a bhaineann lena mbuaint agus lena n-áit tionscnaimh (e.g. níor cóireáladh le táirgí nach bhfuil údaraithe le 3 bliana ar a laghad an áit ina mbailítear iad). D’fhéadfaí feamainn a mheas mar tháirge orgánach freisin fad is go gcloíonn an limistéar ina dtáirgtear é agus ina mbaintear é le coinníollacha áirithe.
Ní mór do tháirgeadh orgánach beostoic rialacha áirithe a chomhlíonadh maidir le:
Tá feidhm le rialacha sonracha den chineál céanna i gcás ainmhithe dobharshaothraithe.
Údaraíonn an Coimisiún úsáid a bhaint as líon teoranta táirgí agus substaintí i bhfeirmeoireacht orgánach. Féadfaidh na plandaí sin a bheith i gcomhair cúraim do phlandaí, beatha ainmhithe agus chun foirgnimh a úsáidtear i gcomhair beostoic agus táirgeadh plandaí a ghlanadh. Féadfaidh an Coimisiún teorainneacha agus coinníollacha áirithe a leagan síos freisin chun na táirgí sin a chur i bhfeidhm.
Ní mór do ghabháltais atá ag cur tús le gníomhaíocht nua feirmeoireachta orgánaí tréimhse tiontaithe a chomhlíonadh — idirthréimhse nach mór cleachtais orgánacha a urramú lena linn. Leagtar síos rialacha sa rialachán lena rialaítear an tréimhse aistrithe sin.
Ní mór amhábhair orgánacha a bheith i mbeatha orgánach próiseáilte agus ní fhéadfar é a phróiseáil ag úsáid tuaslagóirí ceimiceacha. Ní mór gur comhábhair de bhunús talmhaíochta den chuid is mó a bheadh i mbia próiseáilte. Ceadaítear comhábhair eile má iarraidh údarú ón gCoimisiún. Ní mór giosta orgánach a tháirgeadh ó shubstráití orgánacha agus ó chomhábhair eile atá údaraithe.
Féadfaidh an Coimisiún eisceachtaí a dhéanamh ar fhorálacha a bhaineann le cuspóirí, rialacha táirgeachta agus lipéadú. Ní mór do na heisceachtaí sin a bheith teoranta ó thaobh ama agus feidhm a bheith acu i gcásanna áirithe faoi leith.
Féadfaidh lipéadú, fógraíocht nó doiciméid tráchtála téarmaí amhail “éicea” agus “bith” a úsáid chun cur síos a dhéanamh ar tháirge orgánach, ar a chomhábhair nó ar a amhábhair.
Ní mór an lipéadú ar tháirge orgánach a bheith le feiceáil go follasach ar an bpacáistíocht agus tagairt a bheith ann don chomhlacht rialaithe a dheimhníonn an táirge atá i gceist.
Ón , tá sé éigeantach lógó an AE ar tháirgí bia orgánacha a úsáid, mar aon le tásc maidir le tionscnamh na n-amhábhar a úsáidtear sa táirge. Ní mór an t-eolas sin a thabhairt sa réimse radhairc céanna leis an lógó AE.
Tá comhlíonadh na bhforálacha atá sa rialachán seo ráthaithe ag córas rialuithe atá bunaithe ar Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 agus ar bhearta réamhchúraim agus rialaithe arna ndréachtú ag an gCoimisiún. Rathaítear leis an gcóras sin inrianaitheacht bia de réir Rialachán (CE) Uimh. 178/2002.
Déantar measúnú ar an mbaol sáraithe agus socraítear cineál agus minicíocht na rialuithe bunaithe ar an measúnú sin. Is iad na húdaráis arna gceapadh ag Ballstáit an Aontais a eagróidh iad sin. Faoi dhálaí áirithe, féadfaidh na húdaráis sin dualgais rialaithe a tharmligean ar chomhlachtaí creidiúnaithe, ach beidh siad freagrach fós as maoirseacht na rialuithe a dhéantar agus as díolúintí a dheonú. Ní mór do na Ballstáit fógra rialta a thabhairt don Choimisiún maidir le liosta na n-údarás agus na gcomhlachtaí rialaithe.
Ní mór do na húdaráis freisin gníomhaíochtaí gach oibreora a bhfuil baint acu le margaíocht a dhéanamh ar tháirge orgánach a rialú sula gcuirtear ar an margadh é.
I ndiaidh an rialaithe sin, faigheann an t-oibreoir deimhniú go bhfuil an rialachán seo á chomhlíonadh aige. Má thugtar neamhrialtachtaí faoi deara, ní mór don údarás a áirithiú nach bhfuil aon tagairt do tháirgeadh orgánach ar lipéadú na dtáirgí eisithe.
Féadfar táirgí ó thíortha neamh-AE a dhíol freisin mar tháirgí orgánacha ar mhargadh AE fad is go gcomhlíonann siad an rialachán seo agus má bhí siad faoi réir rialaithe. Féadfaidh comhlacht atá aitheanta ag an Aontas nó comhlacht rialaithe creidiúnaithe an rialú sin a dhéanamh.
Ní fhéadfaidh aon údarás Ballstáit, seachas an t-údarás a rinne cigireacht ar an táirge orgánach, bac a chur ar mhargú táirge orgánaigh ar bhealach ar bith.
Déanann an Coimisiún gníomhaíochtaí faireachais staidrimh bunaithe ar na sonraí a sholáthraíonn na Ballstáit. Tugann an Coiste Rialála ar Fheirmeoireacht Orgánach cúnamh don Choimisiún beartais a shainiú le haghaidh feirmeoireachta orgánaí.
Rialachán (AE) 2018/848 aisghairtear leis Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 agus cuirtear an Rialachán sin ina ionad le héifeacht ón , cé go bhfanfaidh an rialachán deireanach sin i bhfeidhm go dtí an chun an scrúdú ar iarratais atá ar feitheamh ó thíortha nach tíortha den Aontas iad a thabhairt chun críche.
Tá sé i bhfeidhm ón .
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle an maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2092/91 (IO L 189, , lgh. 1-23).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
nuashonrú is deireanaí