Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R2509

Rialacha airgeadais lena rialaítear buiséad an Aontais (an rialachán airgeadais)

Rialacha airgeadais lena rialaítear buiséad an Aontais (an rialachán airgeadais)

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2024/2509 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Le Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509, tugtar isteach coigeartuithe spriocdhírithe ar rialacha airgeadais an Aontais Eorpaigh (AE). Tugtar an rialachán airgeadais air chomh maith, agus féachtar leis lena áirithiú go mbainfear úsáid éifeachtach éifeachtúil as cistí an Aontais, agus go mbainfear úsáid astu i gcomhréir leis na caighdeáin is airde maidir le bainistíocht agus rialú airgeadais.

Is iad a leanas na príomhchuspóirí leis:

  • Bainistíocht airgeadais an Aontais a nuachóiriú agus a chuíchóiriú;
  • na rialacha atá ann cheana a ailíniú leis an mbuiséad fadtéarmach reatha (creat airgeadais ilbhliantúil) le haghaidh 2021-2027;
  • tuilleadh feabhais a chur ar rialacha airgeadais an Aontais atá dian cheana;
  • cinnteacht níos fearr a sholáthar d’fhaighteoirí mhaoiniú an Aontais;
  • bheith níos freagrúla maidir le géarchéimeanna agus dúshláin dhomhanda;
  • feabhas a chur ar thrédhearcacht agus ar chuntasacht;
  • buiséad níos sofhreagrúla dá dtugtar cosaint níos fearr a fhorbairt.

PRÍOMHPHOINTÍ

Leagtar amach leis an rialachán rialacha comhchoiteanna maidir le buiséad an Aontais a bhainistiú, an dóigh a soláthraítear maoiniú an Aontais do thairbhithe agus an dóigh a mbainistíonn institiúidí an Aontais a gcuid airgid féin. Leagtar amach leis freisin rialacha maidir leis an dóigh a soláthraíonn institiúidí an Aontais oibreacha, soláthairtí agus seirbhísí, an dóigh a dtugann siad deontais agus duaiseanna, agus an dóigh a n–úsáideann siad ionstraimí airgeadais nó ráthaíochtaí buiséadacha.

Buiséad an Aontais a dhéanamh níos trédhearcaí

Lena áirithiú go ndéanfar an buiséad a bhainistiú go hoscailte agus go gcothófar muinín an phobail ina leith, dírítear sa rialachán ar roinnt príomhréimsí:

  • feabhas a chur ar leibhéal na faisnéise poiblí trí bhunachar sonraí poiblí feabhsaithe a thabhairt isteach chun faisnéis níos mionsonraithe a thabhairt faoin dóigh a mbaintear úsáid as buiséad an Aontais agus faoi cé a fhaigheann maoiniú an Aontais;
  • rialuithe, monatóireacht agus iniúchtaí a neartú trína dhéanamh éigeantach sonraí a bhailiú maidir leo siúd a fhaigheann maoiniú, lena n–áirítear iad siúd a bhainfidh an tairbhe is mó as cinntí um maoiniú, chun cuntasacht níos fearr a áirithiú;
  • riosca a bhainistiú trí chóras comhtháite TF a úsáid le haghaidh mianadóireacht sonraí agus scóráil riosca maidir le modhanna uile chur chun feidhme bhuiséad an Aontais chun neamhrialtachtaí, calaois, coinbhleachtaí leasa nó saincheisteanna eile a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint.

Buiséad an Aontais a chosaint

Tugtar isteach leis an rialachán bearta chun an buiséad a chosaint ar bhealach níos éifeachtaí, lena n–áirítear:

  • córas luathbhraite agus luatheisiaimh lena neartaítear cumas an Choimisiúin Eorpaigh faighteoirí maoinithe a sháróidh rialacha an Aontais a shainaithint agus iad a eisiamh ó mhaoiniú a fháil arís;
  • leathnú a dhéanamh ar raon feidhme an chórais braite chun bainistíocht chomhroinnte ar chur chun feidhme an bhuiséid a chur san áireamh, amhail maoiniú ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa nó ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta;
  • na rialacha maidir le coinbhleacht leasa a nuashonrú trí choinbhleacht leasa a athshainmhíniú ionas gur féidir rannpháirtithe a eisiamh ó mhaoiniú má bhraitear coinbhleachtaí dá leithéid;
  • rialuithe digiteacha níos fearr a úsáideann teicneolaíochtaí digiteacha chun cáilíocht agus éifeachtúlacht rialuithe agus iniúchtaí a threisiú trí dhigitiú agus trí theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, i gcomhréir le tiomantas an Choimisiúin do chleachtais dhigiteacha.

Buiséad an Aontais a dhéanamh níos sofhreagrúla

Chun an buiséad a dhéanamh níos freagrúla i gcásanna géarchéime, tugtar isteach leis an rialachán:

  • creat simplithe maidir le soláthar i gcásanna géarchéime, lena mbunaítear treoirlínte dlíthiúla soiléire agus níos solúbtha;
  • an deis go bhféadfaí institiúidí an Aontais gníomhú thar ceann Bhallstáit AE nó mar mhórdhíoltóirí, fiú mura bhfuil géarchéim ann;
  • uirlis nua cur chun feidhme buiséid lena chur ar chumas an Choimisiúin cur le tionscnaimh dhomhanda, ar cistí tiomsaithe ildeontóirí iad chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda amhail an t–athrú aeráide, oideachas agus galair a chomhrac amhail SEIF (siondróm easpa imdhíonachta faighte), eitinn agus maláire.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis an rialachán ón .

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L, 2024/2509, ).

nuashonrú is déanaí ar

Barr