Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D0560

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/560 ón gCoimisiún an 31 Márta 2022 lena n-athnuaitear an t-údarú chun táirgí a chur ar an margadh, ar táirgí iad ina bhfuil, atá comhdhéanta de, nó a tháirgtear as cadás géinmhodhnaithe GHB614 (BCS-GHØØ2-5) de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 1891) (An téacs Gearmáinise amháin atá barántúil) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2022/1891

IO L 108, 7.4.2022, pp. 60–65 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/560/oj

7.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 108/60


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/560 ÓN gCOIMISIÚN

an 31 Márta 2022

lena n-athnuaitear an t-údarú chun táirgí a chur ar an margadh, ar táirgí iad ina bhfuil, atá comhdhéanta de, nó a tháirgtear as cadás géinmhodhnaithe GHB614 (BCS-GHØØ2-5) de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 1891)

(An téacs Gearmáinise amháin atá barántúil)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le bia géinmhodhnaithe agus le beatha ghéinmhodhnaithe (1), agus go háirithe Airteagal 11(3) agus Airteagal 23(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Údaraíodh le Cinneadh 2011/354/AE ón gCoimisiún (2) bia agus beatha a chur ar an margadh, ar bia agus beatha iad ina bhfuil, atá comhdhéanta de, nó a tháirgtear as cadás géinmhodhnaithe GHB614. Cumhdaítear le raon feidhme an údaraithe sin freisin táirgí seachas bia agus beatha a chur ar an margadh ach ina bhfuil nó atá comhdhéanta de chadás géinmhodhnaithe GHB614, le haghaidh na húsáide céanna le cadás ar bith eile, cé is moite de shaothrú.

(2)

An 22 Aibreán 2020, thar ceann BASF Agricultural Solutions Seed US LLC atá lonnaithe sna Stáit Aontaithe, chuir BASF SE, cuideachta atá lonnaithe sa Ghearmáin, iarratas faoi bhráid an Choimisiúin, i gcomhréir le hAirteagal 11 agus Airteagal 23 de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, maidir leis an údarú sin a athnuachan.

(3)

An 7 Iúil 2021, d’eisigh an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) tuairim eolaíoch fhabhrach (3) i gcomhréir le hAirteagal 11 agus Airteagal 23 de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003. Tháinig sé ar an gconclúid nach raibh fianaise san iarratas ar athnuachan ar aon ghuais nua, nochtadh modhnaithe nó éiginnteachtaí eolaíocha a d’athródh conclúidí an mheasúnaithe riosca bunaidh ar chadás géinmhodhnaithe GHB614, rud a ghlac an tÚdarás in 2009 (4).

(4)

Ina thuairim eolaíoch, rinne an tÚdarás breithniú ar gach ceist agus ábhar imní a tharraing na Ballstáit anuas i gcomhthéacs an chomhairliúcháin leis na húdaráis inniúla náisiúnta dá bhforáiltear in Airteagal 6(4) agus Airteagal 18(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.

(5)

An plean faireacháin le haghaidh éifeachtaí comhshaoil a chur an t-iarratasóir isteach, arb é atá ann plean faireachais ginearálta, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin go bhfuil an plean sin i gcomhréir le húsáidí beartaithe na dtáirgí.

(6)

Agus na conclúidí sin á gcur san áireamh, maidir leis an údarú chun bia agus beatha a chur ar an margadh, ar bia agus beatha iad ina bhfuil, atá comhdhéanta de, nó a tháirgtear as cadás géinmhodhnaithe GHB614, agus chun táirgí a chur ar an margadh, ar táirgí iad ina bhfuil nó atá comhdhéanta de chadás géinmhodhnaithe GHB614 le haghaidh úsáidí seachas bia agus beatha, cé is moite de shaothrú, ba cheart an t-údarú sin a athnuachan.

(7)

I gcomhthéacs a údaraithe tosaigh le Cinneadh 2011/354/AE, tá aitheantóir uathúil sannta do chadás géinmhodhnaithe GHB614, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 65/2004 ón gCoimisiún (5). Ba cheart leanúint den aitheantóir uathúil sin a úsáid.

(8)

Maidir leis na táirgí a chumhdaítear leis an gCinneadh seo, dhealródh sé nach gá aon cheanglas lipéadaithe sonrach, seachas iad siúd dá bhforáiltear in Airteagal 13(1) agus Airteagal 25(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 agus in Airteagal 4(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Mar sin féin, chun a áirithiú go bhfanfaidh úsáid na dtáirgí ina bhfuil nó atá comhdhéanta de chadás géinmhodhnaithe GHB614 laistigh de theorainneacha an údaraithe a dheonaítear leis an gCinneadh seo, ba cheart a léiriú go soiléir ar lipéadú na dtáirgí sin, cé is moite de bhia agus comhábhair bia, nach bhfuil siad ceaptha le haghaidh saothrú.

(9)

Ba cheart do shealbhóir an údaraithe tuarascálacha bliantúla a chur isteach maidir le cur chun feidhme agus torthaí na ngníomhaíochtaí a leagtar amach sa phlean faireacháin le haghaidh éifeachtaí comhshaoil. Ba cheart na torthaí sin a chur i láthair i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i gCinneadh 2009/770/CE ón gCoimisiún (7).

(10)

Ní thugann tuairim an Údaráis údar le coinníollacha nó srianta sonracha a fhorchur maidir le cur ar an margadh le haghaidh úsáide agus láimhseála, lena n-áirítear ceanglais faireacháin iar-mhargaidh i ndáil le bia agus beatha a thomhailt, ar bia agus beatha iad ina bhfuil, atá comhdhéanta de, nó a tháirgtear as cadás géinmhodhnaithe GHB614, nó maidir le héiceachórais/comhshaol nó limistéir gheografacha áirithe a chosaint, dá bhforáiltear in Airteagal 6(5)(e) agus Airteagal 18(5)(e) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.

(11)

An fhaisnéis ábhartha uile maidir le húdarú na dtáirgí a chumhdaítear leis an gCinneadh seo, ba cheart í a iontráil sa chlár Comhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe dá dtagraítear in Airteagal 28(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.

(12)

Tá an Cinneadh seo le fógairt trí Theach Imréitigh na Bithshábháilteachta do na Páirtithe i bPrótacal Cartagena ar an mBithshábháilteacht a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch, de bhun Airteagal 9(1) agus Airteagal 15(2)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 1946/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

(13)

Níor thug an Buanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha tuairim uaidh laistigh den teorainn ama a leag Cathaoirleach an Choiste síos. Measadh an gníomh cur chun feidhme seo a bheith riachtanach agus chuir an Cathaoirleach faoi bhráid an choiste achomhairc é le go ndéanfar tuilleadh plé ina leith. Níor thug an coiste achomhairc tuairim uaidh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Orgánach géinmhodhnaithe agus aitheantóir uathúil

Cadás géinmhodhnaithe (Gossypium hirsutum) GHB614, mar a shonraítear i bpointe (b) den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, sanntar an t-aitheantóir uathúil BCS-GHØØ2-5 dó i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 65/2004.

Airteagal 2

Athnuachan an údaraithe

An t-údarú chun na táirgí seo a leanas a chur ar an margadh, déantar é a athnuachan i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sa Chinneadh seo:

(a)

bianna agus comhábhair bhia ina bhfuil, atá comhdhéanta de, nó a tháirgtear as cadás géinmhodhnaithe BCS-GHØØ2-5;

(b)

beatha ina bhfuil, atá comhdhéanta de, nó a tháirgtear as cadás géinmhodhnaithe BCS-GHØØ2-5;

(c)

táirgí ina bhfuil nó atá comhdhéanta de chadás géinmhodhnaithe BCS-GHØØ2-5, le haghaidh úsáidí seachas iad siúd dá bhforáiltear i bpointe (a) agus pointe (b), cé is moite de shaothrú.

Airteagal 3

Lipéadú

1.   Chun críocha na gceanglas lipéadaithe a leagtar síos in Airteagal 13(1) agus Airteagal 25(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 agus in Airteagal 4(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003, is é “cadás” a bheidh mar “ainm an orgánaigh”.

2.   Beidh na focail “níltear le saothrú” ar an lipéad agus sna doiciméid a ghabhann leis na táirgí ina bhfuil nó atá comhdhéanta de chadás géinmhodhnaithe dá dtagraítear in Airteagal 1, cé is moite de tháirgí dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (a).

Airteagal 4

An modh braite

Beidh feidhm ag an modh a leagtar amach i bpointe (d) den Iarscríbhinn maidir le cadás géinmhodhnaithe BCS-GHØØ2-5 a bhrath.

Airteagal 5

Plean faireacháin le haghaidh éifeachtaí comhshaoil

1.   Áiritheoidh sealbhóir an údaraithe go gcuirfear i bhfeidhm agus go gcuirfear chun feidhme an plean faireacháin le haghaidh éifeachtaí comhshaoil, mar a leagtar amach i bpointe (h) den Iarscríbhinn.

2.   Cuirfidh sealbhóir an údaraithe faoi bhráid an Choimisiúin tuarascálacha bliantúla maidir le cur chun feidhme agus torthaí na ngníomhaíochtaí a leagtar amach sa phlean faireacháin i gcomhréir leis an bhformáid a leagtar amach i gCinneadh 2009/770/CE.

Airteagal 6

An clár Comhphobail

Déanfar an fhaisnéis a leagtar amach san Iarscríbhinn a iontráil sa chlár Comhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe, dá dtagraítear in Airteagal 28(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.

Airteagal 7

Sealbhóir an údaraithe

Is é BASF Agricultural Solutions Seed US LLC, na Stáit Aontaithe, atá á ionadú san Aontas ag BASF SE, an Ghearmáin, sealbhóir an údaraithe.

Airteagal 8

Bailíocht

Beidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar feadh tréimhse 10 mbliana ón dáta a dtabharfar fógra ina leith.

Airteagal 9

Seolaí

Is chuig BASF Agricultural Solutions Seed US LLC, 100 Park Avenue, Florham Park, New Jersey 07932, na Stáit Aontaithe, cuideachta atá á hionadú san Aontas ag BASF SE, Carl-Bosch-Str. 38, D-67063 Ludwigshafen, an Ghearmáin, a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 31 Márta 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Stella KYRIAKIDES

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 268, 18.10.2003, lch. 1.

(2)  Cinneadh 2011/354/AE ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2011 lena n-údaraítear táirgí a chur ar an margadh, ar táirgí iad ina bhfuil, atá comhdhéanta de, nó a tháirgtear as cadás géinmhodhnaithe GHB614 (BCS-GHØØ2-5) de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 160, 18.6.2011, lch. 90).

(3)  Painéal GMO EFSA (Painéal EFSA um Orgánaigh Ghéinmhodhnaithe), 2021. “Scientific Opinion on the assessment of genetically modified cotton GHB614 for renewal authorisation under Regulation (EC) No 1829/2003 (application EFSA-GMO-RX-018)” [“Tuairim Eolaíoch ar an measúnú ar chadás géinmhodhnaithe GHB614 maidir le húdarú a athnuachan faoi Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 (iarratas EFSA-GMO-RX-018)”]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(7):6671, 12 lgh.; https://doi.org/10.2903/j.efsa.2021.6671.

(4)  Painéal GMO EFSA, 2009. “Scientific Opinion of the Panel on Genetically Modified Organisms on an application (Reference EFSA-GMO-NL-2008-51) for the placing on the market of glyphosate tolerant genetically modified cotton GHB614, for food and feed uses, import and processing under Regulation (EC) No 1829/2003 from Bayer CropScience” [“Tuairim Eolaíoch an Phainéil um Orgánaigh Ghéinmhodhnaithe ar iarratas (Tagairt EFSA-GMO-NL-2008-51) ó Bayer CropScience chun cadás géinmhodhnaithe GHB614 atá frithsheasmhach in aghaidh gliofosáite a chur ar an margadh, lena úsáid i mbia agus beatha, lena allmhairiú agus lena phróiseáil faoi Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2009;7(3):985, 24 lgh.; https://doi.org/10.2903/j.efsa.2009.985.

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 65/2004 ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2004 lena mbunaítear córas chun aitheantóirí uathúla a fhorbairt agus a shannadh d’orgánaigh ghéinmhodhnaithe (IO L 10, 16.1.2004, lch. 5).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le hinrianaitheacht agus lipéadú orgánach géinmhodhnaithe agus inrianaitheacht táirgí bia agus beatha a tháirgtear ó orgánaigh ghéinmhodhnaithe agus lena leasaítear Treoir 2001/18/CE (IO L 268, 18.10.2003, lch. 24).

(7)  Cinneadh 2009/770/CE ón gCoimisiún an 13 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear formáidí tuairiscithe caighdeánacha maidir le cur i láthair thorthaí an fhaireacháin ar orgánaigh ghéinmhodhnaithe a scaoileadh d’aon ghnó sa chomhshaol, mar tháirgí nó i dtáirgí, chun iad a chur ar an margadh, de bhun Threoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 275, 21.10.2009, lch. 9).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 1946/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2003 maidir le gluaiseachtaí trasteorann orgánach géinmhodhnaithe (IO L 287, 5.11.2003, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

(a)   An t-iarratasóir agus sealbhóir an údaraithe:

Ainm

:

BASF Agricultural Solutions Seeds US LLC

Seoladh

:

100 Park Avenue, Florham Park, New Jersey 07932, na Stáit Aontaithe

Atá á ionadú san Aontas ag: BASF SE, Carl-Bosch-Str. 38, D-67063, Ludwigshafen, an Ghearmáin.

(b)   Ainmníocht agus sonraíocht na dtáirgí:

(1)

bianna agus comhábhair bhia ina bhfuil, atá comhdhéanta de, nó a tháirgtear as cadás géinmhodhnaithe BCS-GHØØ2-5;

(2)

beatha ina bhfuil, atá comhdhéanta de, nó a tháirgtear as cadás géinmhodhnaithe BCS-GHØØ2-5;

(3)

táirgí ina bhfuil nó atá comhdhéanta de chadás géinmhodhnaithe BCS-GHØØ2-5, le haghaidh úsáidí seachas iad siúd dá bhforáiltear i bpointe (1) agus pointe (2), cé is moite de shaothrú.

Léiríonn an cadás géinmhodhnaithe BCS-GHØØ2-5 an ghéin 2mEPSPS, lena dtugtar frithsheasmhacht in aghaidh luibhicídí atá bunaithe ar an ngliofosáit.

(c)   Lipéadú:

(1)

Chun críocha na gceanglas lipéadaithe a leagtar síos in Airteagal 13(1) agus Airteagal 25(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, agus in Airteagal 4(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003, is e “cadás” a bheidh mar “ainm an orgánaigh”;

(2)

Beidh na focail “níltear le saothrú” ar an lipéad agus sna doiciméid a ghabhann leis na táirgí ina bhfuil nó atá comhdhéanta de chadás géinmhodhnaithe BCS-GHØØ2-5, cé is moite de na táirgí dá dtagraítear i bpointe (b)(1).

(d)   An modh braite:

(1)

Modh teagmhas-shonrach maidir le cadás géinmhodhnaithe BCS-GHØØ2-5 a chainníochtú trí úsáid a bhaint as PCR fíor-ama;

(2)

Arna bhailíochtú ag Saotharlann Tagartha an Aontais Eorpaigh a bunaíodh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, arna fhoilsiú ag http://gmo-crl.jrc.ec.europa.eu/StatusOfDossiers.aspx;

(3)

Ábhar Tagartha: Tá AOCS 1108 agus 0306 le fáil tríd an American Oil Chemists Society ag https://aocs.org/tech/crm.

(e)   Aitheantóir uathúil:

BCS-GHØØ2-5

(f)   An fhaisnéis a cheanglaítear de bhun Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal Cartagena ar an mBithshábháilteacht a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch:

[Teach Imréitigh na Bithshábháilteachta, Uimhir aitheantais an chomhaid: arna foilsiú sa chlár Comhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe nuair a thabharfar fógra ina leith].

(g)   Coinníollacha nó srianta maidir leis na táirgí a chur ar an margadh, a úsáid nó a láimhseáil:

Ní theastaítear.

(h)   Plean faireacháin le haghaidh éifeachtaí comhshaoil:

Plean faireacháin le haghaidh éifeachtaí comhshaoil i gcomhréir le hIarscríbhinn VII a ghabhann le Treoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

[Nasc: plean arna fhoilsiú sa chlár Comhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe]

(i)   Ceanglais faireacháin iar-mhargaidh maidir le húsáid an bhia mar bhia don duine:

Ní theastaítear.

Nóta: d’fhéadfadh sé gur ghá naisc chuig doiciméid ábhartha a mhodhnú le himeacht ama. Cuirfear na modhnuithe sin ar fáil don phobal tríd an gclár Comhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe a thabhairt cothrom le dáta.


(1)  Treoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le scaoileadh réamhbheartaithe orgánach géinmhodhnaithe isteach sa chomhshaol agus lena n-aisghairtear Treoir 90/220/CEE ón gComhairle (IO L 106, 17.4.2001, lch. 1).


Top