This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025R0339
Commission Implementing Regulation (EU) 2025/339 of 19 February 2025 laying down rules for the implementation of Article 6a of Regulation (EU) 2020/2220 of the European Parliament and of the Council as regards monitoring and evaluation, presentation of the rural development programmes and the presentation of annual implementation reports
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/339 ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2025 lena leagtar síos rialacha maidir le cur chun feidhme Airteagal 6a de Rialachán (AE) 2020/2220 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le faireachán agus meastóireacht, cur i láthair na gclár forbartha tuaithe agus cur i láthair tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/339 ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2025 lena leagtar síos rialacha maidir le cur chun feidhme Airteagal 6a de Rialachán (AE) 2020/2220 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le faireachán agus meastóireacht, cur i láthair na gclár forbartha tuaithe agus cur i láthair tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme
C/2025/1016
IO L, 2025/339, 21.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/339/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/339/oj
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/339 |
21.2.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/339 ÓN gCOIMISIÚN
an 19 Feabhra 2025
lena leagtar síos rialacha maidir le cur chun feidhme Airteagal 6a de Rialachán (AE) 2020/2220 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le faireachán agus meastóireacht, cur i láthair na gclár forbartha tuaithe agus cur i láthair tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/2220 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Nollaig 2020 lena leagtar síos forálacha idirthréimhseacha áirithe le haghaidh tacaíocht ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus ón gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) sna blianta 2021 agus 2022 agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013, (AE) Uimh. 1306/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 a mhéid a bhaineann le hacmhainní agus cur i bhfeidhm sna blianta 2021 agus 2022 agus Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a mhéid a bhaineann le hacmhainní agus le leithdháileadh tacaíocht den sórt sin i leith na mblianta 2021 agus 2022 (1), agus go háirithe Airteagal 6d(1), pointí (a), (b) agus (c), de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le hAirteagal 6a de Rialachán (AE) 2020/2220 tugadh isteach beart nua lena soláthraítear tacaíocht eisceachtúil shealadach mar fhreagairt ar thionchar tubaistí nádúrtha, ar beart é atá le cistiú faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) laistigh den chreat dlíthiúil is infheidhme i gclárthréimhse 2014-2020, lenar cuireadh síneadh leis an Rialachán sin. |
|
(2) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 808/2014 ón gCoimisiún (2) leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) a mhéid a bhaineann leis an gcur i láthair, leis an bhfaireachán agus leis an tuairisciú a bhaineann leis na cláir forbartha tuaithe agus tá sé le feidhm a bheith aige, dá bhrí sin, maidir leis an mbeart nua. Mar sin féin, is gá rialacha breise áirithe a leagan síos chun a áirithiú go gcuirfear an beart nua chun feidhme go haonfhoirmeach laistigh den chreat dlíthiúil is infheidhme. |
|
(3) |
Maidir leis an mbeart nua a tugadh isteach le hAirteagal 6a de Rialachán (AE) 2020/2220 atá le cur chun feidhme trí na cláir forbartha tuaithe, ba cheart cód birt agus an táscaire aschuir iomchuí a sholáthar le haghaidh an bhirt nua sin. |
|
(4) |
Chun gur féidir leo tairbhe a bhaint as an maolú ar phrionsabal an neamh-chúlchéimnithe dá bhforáiltear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) 2020/2220, ba cheart do na Ballstáit an fhaisnéis a chur isteach faoi ranníocaíocht iomlán an Aontais arna hath-leithdháileadh ar an mbeart ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 18(1), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013. |
|
(5) |
I bhfianaise na práinne a bhaineann le tionchar tubaistí nádúrtha, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. I bhfianaise éifeachtaí tubaisteacha na dtubaistí nádúrtha atá ann faoi láthair agus a phráinní atá sé aghaidh a thabhairt ar a dtionchar ar earnálacha agraibhia agus foraoiseachta an Aontais agus an tionchar sin a mhaolú, ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit tús a chur le cur chun feidhme an bhirt dá dtagraítear in Airteagal 6a de Rialachán (AE) 2020/2220 a luaithe a thiocfaidh na modhnuithe a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2024/3242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) i bhfeidhm. Dá bhrí sin, is iomchuí feidhm a bheith ag an Rialachán Cur Chun Feidhme seo ó dháta foilsithe Rialachán (AE) 2024/3242 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(6) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Fhorbairt Tuaithe, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Chun an beart dá dtagraítear in Airteagal 6a de Rialachán (AE) 2020/2220 a chur chun feidhme, agus go háirithe é a áireamh sna cláir forbartha tuaithe do chlárthréimhse 2014-2020 de chuid CETFT, lenar cuireadh síneadh leis an Rialachán sin, 23 (M23) a bheidh ina chód birt agus fobhirt dá dtagraítear i gCuid 5 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 808/2014.
Airteagal 2
Chun an maolú dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) 2020/2220 a chur chun feidhme, déanfar foráil maidir le faisnéis faoi ranníocaíocht iomlán an Aontais arna hath-leithdháileadh ar an mbeart dá dtagraítear in Airteagal 18(1), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 i bpointe (c) den phlean maoiniúcháin dá dtagraítear i gCuid I, pointe 10, d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 808/2014.
Airteagal 3
Chun críoch chur chun feidhme an bhirt dá dtagraítear in Airteagal 6a de Rialachán (AE) 2020/2220, úsáidfear Táscaire Aschuir O.4 maidir le Forbairt Tuaithe, mar a leagtar síos i bpointe 3 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 808/2014.
Airteagal 4
Áireofar freisin sa tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 50 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus in Airteagal 75 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 miondealú dá dtagraítear i dTábla C d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 808/2014 i ndáil leis an mbeart dá dtagraítear in Airteagal 6a de Rialachán (AE) 2020/2220.
Airteagal 5
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 23 Nollaig 2024.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Feabhra 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 437, 28.12.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2220/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 808/2014 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) (IO L 227, 31.7.2014, lch. 18, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2014/808/oj).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 487, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1305/oj).
(4) Rialachán (AE) 2024/3242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) 2020/2220 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe chun cúnamh breise a sholáthar do Bhallstáit atá buailte ag tubaistí nádúrtha (IO L, 23.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/3242/oj).
(5) Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1303/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/339/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)