Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52011PC0599

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena gcuirtear chun feidhme clásal cosanta déthaobhach agus meicníocht cobhsaíochta um bananaí an Chomhaontaithe lena mbunaítear Comhlachas idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit ar thaobh amháin agus Meiriceá Láir ar an taobh eile

/* COIM/2011/0599 leagan deireanach - 2011/0263 (COD) */

52011PC0599

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena gcuirtear chun feidhme clásal cosanta déthaobhach agus meicníocht cobhsaíochta um bananaí an Chomhaontaithe lena mbunaítear Comhlachas idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit ar thaobh amháin agus Meiriceá Láir ar an taobh eile /* COIM/2011/0599 leagan deireanach - 2011/0263 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.           COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Baineann an togra seo leis an gclásal cosanta agus an Mheicníocht Cobhsaíochta dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhlachais le Meiriceá Láir a ionchorprú i ndlí an Aontais Eorpaigh.

Comhthéacs ginearálta

Ar an 23 Aibreán 2007 thug an Chomhairle údarás don Choimisiún caibidlíochtaí a thosú le tíortha áirithe Mheiriceá Láir, caibidlíochtaí as ar tháinig Comhaontú Comhlachais le Meiriceá Láir. Cuireadh inisealacha leis an gComhaontú an 22 Márta 2011.

Áirítear clásal cosanta déthaobhach sa Chomhaontú lena ndéantar foráil maidir leis an bhféidearthacht an ráta custaim NBF (náisiún barrfhabhair) a ath-fhorchur má thagann allmhairí isteach, de thoradh léirscaoileadh trádála, i gcainníochtaí a bhfuil méadú den sórt orthu agus faoi choinníollacha den sórt a dhéanfadh mórdhíobháil (nó a bheadh ina mbagairt mórdhíobhála) do thionscal an Aontais trí tháirge cosúil nó táirge dír-iomaíoch a chruthú.

Ina theannta sin, ionchorpraítear sa chomhaontú freisin Meicníocht Cobhsaíochta um Bananaí ar féidir dá réir, go dtí 1 Eanáir 2020, dleachtanna custaim fabhracha a fhionraí nuair a shroichtear méid bliantúil áirithe allmhairí.

Chun go bhfeidhmeodh na bearta sin, ba cheart an clásal cosanta agus an Mheicníocht Cobhsaíochta a ionchorprú i ndlí an Aontais Eorpaigh, agus ní foláir gnéithe nós imeachta a gcur i bhfeidhm chomh maith le cearta na bpáirtithe leasmhara a shonrú.

2.           TORTHAÍ NA gCOMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MÉASÚNUITHE TIONCHAIR

Díorthaítear an togra seo le haghaidh Rialacháin chur chun feidhme go díreach ó théacs an Chomhaontaithe a caibidlíodh le Meiriceá Láir. Dá bhrí sin, níl gá le haon chomhairliúchán ar leith le páirtithe leasmhara ná le haon mheasúnú tionchair. Tá sé bunaithe den chuid is mó ar rialacháin chur chun feidhme atá ann cheana.

3.           EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

Achoimre ar an ngníomhaíocht atá beartaithe

Is é atá sa togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a ghabhann leis seo ionstraim dlí chun clásal cosanta agus Meicníocht Cobhsaíochta an Chomhaontaithe Comhlachais idir an AE agus Meiriceá Láir a chur chun feidhme.

Bunús dlí

Airteagal 207(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

2011/0263 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena gcuirtear chun feidhme clásal cosanta déthaobhach agus meicníocht cobhsaíochta um bananaí an Chomhaontaithe lena mbunaítear Comhlachas idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit ar thaobh amháin agus Meiriceá Láir ar an taobh eile

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach[1],

De bharr an méid seo a leanas:

(1) Ar an 23 Aibreán 2007 d'údaraigh an Chomhairle an Coimisiún tús a chur le caibidlíochtaí le tíortha áirithe Mheiriceá Láir ('Meiriceá Láir') le haghaidh Comhaontú lena mbunófaí Comhlachas idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit ar thaobh amháin agus, Meiriceá Láir ar an taobh eile ('an Comhaontú') thar ceann an Aontais agus a Bhallstát.

(2) Tugadh na caibidlíochtaí sin chun críche agus cuireadh inisealacha leis an gComhaontú an 22 Márta 2011 agus, i gcomhréir le Cinneadh Uimh. …/2011/AE ón gComhairle an…[2] síníodh an Comhaontú thar ceann an Aontais Eorpaigh an…, faoi réir a thabhairt chun críche ag dáta níos déanaí. Ar an (…), thug Parlaimint na hEorpa toiliú i leith an Chomhaontaithe. Ina dhiaidh sin, ghlac an Chomhairle Cinneadh Uimh. …/2011 an…[3] maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe.

(3) Is gá nósanna imeachta a leagan síos maidir le forálacha áirithe den Chomhaontú a chur i bhfeidhm a bhaineann leis an gclásal cosanta déthaobhach agus maidir leis an Meicníocht Cobhsaíochta um Bananaí a comhaontaíodh le Meiriceá Láir a chur i bhfeidhm.

(4) Ba cheart na téarmaí "mórdhíobháil", "bagairt mórdhíobhála" agus "idirthréimhse" dá dtagraítear in Airteagal 104 agus Airteagal 105 den Chomhaontú a shainiú.

(5) Níor cheart breithniú i dtaobh bearta cosanta a dhéanamh ach amháin i gcás ina n‑allmhairítear an táirge i dtrácht isteach san Aontas i gcainníochtaí a bhfuil méadú den sórt sin orthu, i ndearbhthéarmaí nó i gcoibhneas le táirgeacht an Aontais, agus faoi choinníollacha den sórt a dhéanfadh mórdhíobháil, nó a bheadh ina mbagairt mórdhíobhála, do tháirgeoirí an Aontais a tháirgeann táirgí cosúla nó táirgí dír‑iomaíocha, faoi mar atá leagtha síos in Airteagal 104 den Chomhaontú.

(6) Ba cheart go mbeadh na bearta cosanta i gceann de na riochtaí dá dtagraítear in Airteagal 104(2) den Chomhaontú.

(7) Maidir leis na cúraimí a ghabhann le himscrúduithe a dhéanamh agus, más gá, a ghabhann le bearta cosanta a fhorchur, ba cheart iad a dhéanamh sa mhodh is trédhearcaí is féidir.

(8) Ba cheart forálacha mionsonraithe a bheith ann maidir le himeachtaí a thionscnamh. Ba cheart don Choimisiún faisnéis a fháil, lena n‑áirítear fianaise atá ar fáil ó na Ballstáit, i ndáil le haon treochtaí allmhairiúcháin a d'fhéadfadh a fhágáil gur ghá bearta cosanta a chur i bhfeidhm.

(9) Má tá fianaise leordhóthanach prima facie ann chun go mbeidh údar maith le himeacht a thionscnamh, ba cheart don Choimisiún fógra a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, faoi mar a fhoráiltear in Airteagal 111(3) den Chomhaontú.

(10) Ba cheart forálacha mionsonraithe a bheith ann maidir le himscrúduithe a thionscnamh, maidir le rochtain agus cigireacht na bpáirtithe leasmhara ar an bhfaisnéis arna bailiú, maidir le héisteachtaí do na páirtithe lena mbaineann, agus maidir le deiseanna atá ag na páirtithe sin a gcuid tuairimí a chur isteach, faoi mar a fhoráiltear in Airteagal 111(3) den Chomhaontú.

(11) Ba cheart don Choimisiún fógra a thabhairt do Mheiriceá Láir i scríbhinn i leith imscrúdú a thionscnamh agus fógra a thabhairt don Choiste Comhlachais i leith thorthaí na n‑imscrúduithe faoi mar a fhoráiltear in Airteagal 116 den Chomhaontú.

(12) Is gá freisin, de bhun Airteagal 112 den Chomhaontú, teorainneacha ama a shocrú maidir le himscrúduithe a thionscnamh agus maidir le cinntí a dhéanamh i dtaobh cé acu is iomchuí nó nach iomchuí bearta a dhéanamh, d’fhonn a áirithiú go ndéanfar na cinntí sin go tapa chun deimhneacht dhlíthiúil na n‑oibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann a mhéadú.

(13) Ba cheart imscrúdú a dhéanamh sula gcuirfear aon bheart cosanta i bhfeidhm, ach sin faoi réir cead a bheith ag an gCoimisiún bearta sealadacha a chur i bhfeidhm in imthosca géibheannacha dá dtagraítear in Airteagal 106 den Chomhaontú.

(14) Níor cheart bearta cosanta a chur i bhfeidhm ach a mhéid is gá, agus go ceann cibé tréimhse is gá, chun mórdhíobháil a sheachaint agus chun oiriúnú a éascú. Ba cheart ré uasta na mbeart cosanta a chinneadh agus ba cheart forálacha sonracha i dtaca le fadú agus athbhreithniú na mbeart sin a leagan síos, ar nithe iad sin dá dtagraítear in Airteagal 105 den Chomhaontú.

(15) Chun clásal cosanta déthaobhach an Chomhaontaithe a chur chun feidhme, éilítear coinníollacha comhionanna maidir le bearta sealadacha cosanta agus bearta cinntitheacha cosanta a ghlacadh, maidir le réamhbhearta faireachais a fhorchur, agus maidir le himscrúdú a fhoirceannadh gan bearta a dhéanamh agus maidir le fionraí shealadach na dleachta custaim fabhraí arna bunú faoin meicníocht cobhsaíochta um bananaí a comhaontaíodh le Meiriceá Láir. Ba cheart don Choimisiún na bearta sin a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún[4].

(16) Is iomchuí go n‑úsáidfear an nós imeachta comhairleach chun bearta faireachais agus bearta sealadacha a ghlacadh i bhfianaise éifeachtaí na mbeart sin agus a loighce seicheamhaí maidir le glacadh beart cosanta cinntitheach. I gcás ina mbeadh moill ar fhorchur na mbeart ina cúis le damáiste a bheadh deacair a leigheas, is gá a cheadú don Choimisiún bearta sealadacha atá infheidhme láithreach a ghlacadh.

(17) Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le táirgí de thionscnamh an Aontais nó Mheiriceá Láir agus maidir leis na táirgí sin amháin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Caibidil I – Foráil maidir le cosaint

Airteagal 1 Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo:

(a) ciallaíonn "táirgí" earraí de thionscnamh an Aontais nó tíre de chuid Mheiriceá Láir. Maidir le táirge atá faoi réir imscrúdaithe, d’fhéadfadh sé go gcuimseofar leis líne tharaife amháin nó roinnt línte taraife, nó fodheighilt de líne tharaife, ag brath ar imthosca sonracha an mhargaidh nó ar aon deighilt táirgí a chuirtear i bhfeidhm go coitianta i dtionscal an Aontais;

(b) ciallaíonn "páirtithe leasmhara" na páirtithe a ndéanann allmhairiú an táirge i dtrácht difear dóibh;

(c) ciallaíonn "tionscal an Aontais" táirgeoirí an Aontais ina n‑iomláine a tháirgeann táirgí cosúla nó táirgí dír‑iomaíocha agus a oibríonn laistigh de chríoch an Aontais, nó na táirgeoirí sin de chuid an Aontais arb ionann a gcomh‑aschur de tháirgí cosúla nó de tháirgí dír‑iomaíocha agus cion mór de tháirgeacht iomlán an Aontais i dtaca leis na táirgí sin. I gcásanna nach bhfuil sa táirge cosúil nó sa táirge dír‑iomaíoch ach táirge amháin de roinnt táirgí arna ndéanamh ag na táirgeoirí arb ionann iad agus tionscal an Aontais, déanfar an tionscal a shainmhíniú mar oibríochtaí sonracha a bhaineann le táirgeadh an táirge chosúil nó an táirge dhír‑iomaíoch;

(d) ciallaíonn "mórdhíobháil" lagú suntasach iomlán ar sheasamh tháirgeoirí an Aontais;

(e) ciallaíonn "bagairt mórdhíobhála" mórdhíobháil ar léir ina leith go bhfuil sí ar tí tarlú. Beidh cinneadh i dtaobh bagairt mórdhíobhála a bheith ann bunaithe ar fhíorais infhíoraithe amháin seachas ar líomhaintí, ar thuairimíocht nó ar fhéidearthacht fhánach. Ba cheart réamhaisnéisí, meastacháin agus anailísí a dhéantar ar bhonn na bhfachtóirí dá dtagraítear in Airteagal 4(5) a chur san áireamh, inter alia, chun a chinneadh an bhfuil bagairt mórdhíobhála ann;

(f) ciallaíonn 'idirthréimhse' 10 mbliana ón dáta ar ar cuireadh an Comhaontú i bhfeidhm i gcás aon táirge dá ndéanann an Sceideal um Dhíchur Taraife foráil maidir le tréimhse níos lú ná 10 mbliana le haghaidh dhíchur na taraife. I gcás na dtáirgí dá ndéanann an Sceideal um Dhíchur Taraife foráil maidir le tréimhse 10 mbliana nó níos mó le haghaidh dhíchur na taraife ina leith, ciallaíonn 'idirthréimhse' an tréimhse le haghaidh dhíchur na taraife don táirge arna leagan amach sa Sceideal sin, móide 3 bliana.

(g) ciallaíonn 'tír de chuid Mheiriceá Láir' Cósta Ríce, an tSalvadóir, Guatamala, Hondúras, Nicearagua nó Panama.

Airteagal 2 Prionsabail

1. Féadfar beart cosanta a fhorchur i gcomhréir leis an Rialachán seo, más rud é go bhfuil táirge de thionscnamh tíre de chuid Mheiriceá Láir, mar thoradh ar na dleachtanna custaim ar an táirge sin a laghdú nó a dhíchur, á allmhairiú isteach san Aontas i gcainníochtaí a bhfuil méadú den sórt sin orthu, i ndearbhthéarmaí nó i gcoibhneas le táirgeacht an Aontais, agus faoi choinníollacha den sórt sin a dhéanfadh mórdhíobháil, nó a bheadh ina mbagairt mórdhíobhála do thionscal an Aontais a tháirgeann táirge cosúil nó táirge dír‑iomaíoch.

2. Féadfaidh na bearta cosanta a bheith i gceann de na riochtaí seo a leanas:

(a) tuilleadh laghdaithe ar an ráta dleachta custaim a fhionraí ar an táirge lena mbaineann, ar fionraí í dá bhforáiltear i Sceideal Pháirtí an AE atá leagtha amach in Iarscríbhinn I (Dleachtanna Custaim a Dhíchur) a ghabhann leis an gComhaontú;

(b) an ráta dleachta custaim ar an táirge lena mbaineann a mhéadú go leibhéal nach mó ná an ráta is ísle díobh seo a leanas:

– ráta dleachta custaim an náisiúin bharrfhabhair ("NBF") a chuirtear i bhfeidhm maidir leis an táirge agus atá i bhfeidhm an tráth a ndéantar an beart; nó

– ráta dleachta custaim NBF a chuirtear i bhfeidhm maidir leis an táirge agus atá i bhfeidhm ar an lá díreach roimh dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe.

3. Ní chuirfear aon cheann de na bearta thuas i bhfeidhm laistigh de theorainneacha na gcuótaí taraife fabhraí saor ó dhleacht arna ndeonú ag an gComhaontú seo.

Airteagal 3 Imeachtaí a thionscnamh

1. Déanfar imscrúdú a thionscnamh arna iarraidh sin do Bhallstát, d’aon duine dlítheanach nó d’aon chomhlachas nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige, ag gníomhú dóibh thar ceann thionscal an Aontais, nó ar fhéintionscnamh an Choimisiúin más dealraitheach don Choimisiún go bhfuil fianaise leordhóthanach prima facie ann, arna chinneadh ar bhonn na bhfachtóirí dá dtagraítear in Airteagal 4(5), le bheith ina húdar maith le tionscnamh den sórt sin.

2. An iarraidh imscrúdú a thionscnamh, beidh inti fianaise go bhfuil na coinníollacha á gcomhlíonadh maidir leis an mbeart cosanta atá leagtha amach in Airteagal 2(1) a fhorchur. De ghnáth, beidh an fhaisnéis seo a leanas san iarraidh: ráta agus méid an mhéadaithe ar allmhairí i ndáil leis an táirge lena mbaineann, arna shloinneadh i ndearbhthéarmaí agus i dtéarmaí coibhneasta, an sciar den mhargadh baile a bhaineann leis na hallmhairí méadaithe, na hathruithe ar an leibhéal díolacháin, an táirgeacht, an táirgiúlacht, úsáid acmhainne, brabúis agus caillteanais, agus fostaíocht.

3. Féadfar imscrúdú a thionscnamh freisin i gcás ina dtagann borradh ar allmhairí i mBallstát amháin nó i roinnt Ballstát, ar choinníoll go bhfuil fianaise leordhóthanach prima facie ann go bhfuil na coinníollacha maidir le tionscnamh á gcomhlíonadh, de réir mar a chinntear ar bhonn na bhfachtóirí dá dtagraítear in Airteagal 4(5).

4. Cuirfidh Ballstát an Coimisiún ar an eolas más dealraitheach go léiríonn treochtaí san allmhairiú ó Mheiriceá Láir go bhfuil gá le bearta cosanta. Beidh ar áireamh san fhaisnéis sin an fhianaise atá ar fáil de réir mar a chinntear ar bhonn na bhfachtóirí dá dtagraítear in Airteagal 4(5). Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig na Ballstáit go léir.

5. Más rud é go ndealraíonn sé go bhfuil fianaise leordhóthanach prima facie ann, de réir mar a chinntear ar bhonn na bhfachtóirí dá dtagraítear in Airteagal 4(5), chun údar a thabhairt le himeacht a thionscnamh, foilseoidh an Coimisiún fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Tionscnófar imeacht laistigh d'aon mhí amháin ón iarraidh nó ón bhfaisnéis a fháil de bhun mhír 1.

6. Déanfar an méid seo a leanas san fhógra dá dtagraítear i mír 5:

(c) tabharfar achoimre ann ar an bhfaisnéis a fuarthas agus ceanglófar leis go ndéanfar an fhaisnéis ábhartha uile a chur chuig an gCoimisiún;

(d) luafar an tréimhse ina bhféadfaidh páirtithe leasmhara a gcuid tuairimí a chur in iúl i scríbhinn agus faisnéis a chur isteach, más rud é go bhfuil na tuairimí agus an fhaisnéis sin le cur san áireamh le linn an imscrúdaithe;

(e) luafar an tréimhse ina bhféadfaidh páirtithe leasmhara cur isteach ar éisteacht ó bhéal os comhair an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 4(9).

Airteagal 4 An t‑imscrúdú

1. Tar éis an t‑imeacht a thionscnamh, cuirfidh an Coimisiún tús le himscrúdú. Tosóidh an tréimhse, faoi mar a leagtar amach i mír 3, ar an lá a bhfoilseofar an cinneadh chun imscrúdú a thionscnamh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2. Féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar na Ballstáit faisnéis a sholáthar agus glacfaidh na Ballstáit cibé beart is gá chun gníomhú de réir na hiarrata sin. Más rud é gur faisnéis de chineál leasa ghinearálta í an fhaisnéis sin, agus nach faisnéis rúnda í de réir bhrí Airteagal 11, cuirfear leis na comhaid neamhrúnda í, faoi mar a fhoráiltear i mír 8.

3. Aon uair is féidir, cuirfear an t‑imscrúdú i gcrích laistigh de shé mhí tar éis é a thionscnamh. Féadfar trí mhí a chur leis an teorainn ama sin in imthosca eisceachtúla, amhail líon neamhghnách ard páirtithe a bheith ann nó staideanna casta margaidh. Déanfaidh an Coimisiún fógra a thabhairt do na páirtithe leasmhara go léir i dtaobh aon fhadaithe den sórt sin agus míneoidh sé na cúiseanna leis an bhfadú sin.

4. Lorgóidh an Coimisiún an fhaisnéis uile a mheasann sé a bheith riachtanach chun cinneadh a dhéanamh maidir leis na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 2(1), agus, i gcás ina measann sé gurb iomchuí, féachfaidh sé leis an bhfaisnéis sin a fhíorú.

5. Agus an t‑imscrúdú á dhéanamh, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar gach fachtóirábhartha atá oibiachtúil agus inchainníochtúil agus a imríonn tionchar ar an staid ina bhfuil tionscal an Aontais, go háirithe an ráta ag a bhfuil allmhairí an táirge i dtrácht ag ardú agus méid an ardaithe sin, i ndearbhthéarmaí agus i dtéarmaí coibhneasta, an sciar sin de mhargadh an Aontais a bhaineann leis na hallmhairí méadaithe, athruithe ar an leibhéal díolacháin, táirgeadh, táirgiúlacht, úsáid acmhainne, brabúis agus caillteanais, agus fostaíocht. Ní liosta iomlán é an liosta sin agus d’fhéadfadh an Coimisiún fachtóirí ábhartha eile a chur san áireamh agus a chinneadh á dhéanamh aige i dtaobh mórdhíobháil nó bagairt mhórdhíobhála a bheith ann, amhail stoic, praghsanna, fáltas ar chaipiteal a úsáidtear, sreabhadh airgid, agus fachtóirí eile is cúis le mórdhíobháil, nó a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le mórdhíobháil, nó a bhagraíonn a bheith ina gcúis le mórdhíobháil do thionscal an Aontais.

6. Féadfaidh páirtithe leasmhara a bheidh tar éis teacht chun cinn de bhun Airteagal 3(6)(b), agus féadfaidh ionadaithe Mheiriceá Láir, ar iarraidh a dhéanamh i scríbhinn, iniúchadh a dhéanamh ar an bhfaisnéis uile a chuirtear ar fáil don Choimisiún i dtaca leis an imscrúdú, seachas doiciméid inmheánacha arna n‑ullmhú ag údaráis an Aontais nó ag údaráis na mBallstát, ar choinníoll go mbaineann an fhaisnéis sin le tíolacadh a gcáis agus nach faisnéis rúnda atá ann de réir bhrí Airteagal 11 agus ar choinníoll go bhfuil sí á húsáid ag an gCoimisiún san imscrúdú. Féadfaidh páirtithe leasmhara a bheidh tar éis teacht chun cinn a gcuid tuairimí i leith na faisnéise a chur in iúl don Choimisiún. Déanfar na tuairimí sin a chur san áireamh i gcás ina bhfuil fianaise leordhóthanach prima facie ann chun tacú leo.

7. Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh na sonraí uile agus an staidreamh go léir a úsáidtear don imscrúdú ar fáil agus go mbeidh siad sothuigthe, trédhearcach agus infhíoraithe.

8. Áiritheoidh an Coimisiún, a luaithe a bheidh an creat teicniúil is gá ann, go mbeidh rochtain ar líne faoi chosaint pasfhocail ann don chomhad neamhrúnda ("ardán ar líne"), agus déanfaidh sé bainistiú air sin, agus is trí sin a scaipfear an fhaisnéis go léir atá ábhartha agus nach bhfuil faoi rún, de réir bhrí Airteagal 11. Tabharfar rochtain ar an ardán ar líne sin do na páirtithe leasmhara san imscrúdú agus, chomh maith leis sin, do na Ballstáit agus do Pharlaimint na hEorpa.

9. Tabharfaidh an Coimisiún éisteacht do na páirtithe leasmhara, go háirithe i gcás ina bhfuil iarratas i scríbhinn déanta acu laistigh den tréimhse a bheidh leagtha síos san fhógra a fhoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ar iarratas é ina léireofar gur dóigh iarbhír go ndéanfaidh toradh an imscrúdaithe difear dóibh agus go bhfuil cúiseanna speisialta ann le héisteacht ó bhéal thabhairt dóibh.

Tabharfaidh an Coimisiún éisteacht do na páirtithe sin ar ócáidí eile má tá cúiseanna speisialta ann le héisteacht a thabhairt dóibh arís.

10. Nuair nach soláthraítear an fhaisnéis laistigh de na teorainneacha ama a shocraigh an Coimisiún, nó nuair atá bac mór ar an imscrúdú, féadfar na cinntí a bhunú ar na fíorais atá le fáil. I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún amach go ndearna aon pháirtí leasmhar nó aon tríú páirtí faisnéis bhréagach nó mhíthreorach a sholáthar dó, déanfaidh sé neamhshuim den fhaisnéis sin agus féadfaidh sé úsáid a bhaint as na fíorais atá ar fáil.

11. Tabharfaidh an Coimisiún fógra don tír de chuid Mheiriceá Láir lena mbaineann i scríbhinn maidir le imscrúdú a thionscnamh.

Airteagal 5 Réamhbhearta faireachais

1. I gcás ina bhfuil an treocht maidir le hallmhairí táirge de thionscnamh tíre de chuid Mheiriceá Láir de chineál a fhágann go bhféadfadh ceann de na staideanna dá dtagraítear in Airteagal 2 agus in Airteagal 3 leanúint aisti, féadfar allmhairiú an táirge sin a chur faoi réir réamhbheart faireachais.

2. Déanfaidh an Coimisiún réamhbhearta faireachais a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 12(2).

3. Beidh tréimhse theoranta bailíochta ag réamhbhearta faireachais. Mura bhforáiltear a mhalairt, scoirfidh siad de bheith bailí ag deireadh an dara tréimhse sé mhí tar éis na chéad sé mhí tar éis na bearta a thabhairt isteach.

Airteagal 6 Bearta cosanta sealadacha a fhorchur

1. In imthosca géibheannacha ina mbeadh moill ina cúis le damáiste a bheadh deacair a leigheas, déanfar bearta cosanta sealadacha a chur i bhfeidhm de bhun réamhchinnidh, ar bhonn na bhfachtóirí dá dtagraítear in Airteagal 4(5), go bhfuil fianaise leordhóthanach prima facie ann go bhfuil méadú tagtha ar allmhairí táirge de thionscnamh tíre de chuid Mheiriceá Láir de thoradh dleachta custaim a laghdú nó a dhíchur i gcomhréir le Sceideal um Dhíchur Taraife an Aontais Eorpaigh, agus go bhfuil allmhairí den sórt sin ina gcúis le mórdhíobháil, nó ina gcúis le bagairt mórdhíobhála, do thionscal an Aontais.

Glacfaidh an Coimisiún bearta sealadacha i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 12(2). I gcásanna ina bhfuil mórchúiseanna práinne ann, lena n‑áirítear an cás dá dtagraítear i mír 2, glacfaidh an Coimisiún bearta cosanta sealadacha atá infheidhme láithreach, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 12(4).

2. I gcás ina n‑iarrann Ballstát ar an gCoimisiún idirghabháil láithreach a dhéanamh agus i gcás ina mbeidh na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 á gcomhlíonadh, déanfaidh an Coimisiún cinneadh laistigh de chúig lá oibre tar éis dó an iarraidh a fháil.

3. Beidh feidhm ag bearta sealadacha go ceann tréimhse nach faide ná 200 lá.

4. I gcás na bearta cosanta sealadacha a aisghairm toisc go léirítear san imscrúdú nach bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 2(1) á gcomhlíonadh, déanfar aon dleacht custaim a bailíodh mar thoradh ar na bearta sealadacha sin a aisíoc go huathoibríoch.

5. Beidh feidhm ag na bearta dá dtagraítear san Airteagal seo maidir le gach táirge a chuirtear i saorchúrsaíocht tar éis theacht i bhfeidhm na mbeart sin. Ní dhéanfaidh na bearta sin, áfach, cosc a chur le táirgí atá ar an mbealach chuig an Aontas cheana féin a scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta ar choinníoll nach féidir ceann scríbe na dtáirgí sin a athrú.

Airteagal 7 An t‑imscrúdú a fhoirceannadh agus gníomhú gan bearta a dhéanamh

1. I gcás ina léiríonn na fíorais, faoi mar a shuífear go críochnaitheach iad, nach bhfuil na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 2(1) á gcomhlíonadh, glacfaidh an Coimisiún cinneadh lena gcuirfear deireadh leis an imscrúdú agus lena ngníomhófar i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(3).

2. Déanfaidh an Coimisiún, ag féachaint go cuí do chosaint faisnéise rúnda de réir bhrí Airteagal 11, tuarascáil a phoibliú ina leagfar amach a chinntí agus na conclúidí réasúnaithe ar thángthas orthu maidir le gach saincheist chuí fíorais agus dlí.

Airteagal 8 Bearta cinntitheacha a fhorchur

1. I gcás ina léiríonn na fíorais, faoi mar a shuífear go críochnaitheach iad, go bhfuil na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 2(1) á gcomhlíonadh, déanfaidh an Coimisiún an t‑ábhar a chur faoi bhráid an Choiste Comhlachais i gcomhréir le hAirteagal 116 den Chomhaontú. I gcás nach ndearna an Coiste Comhlachais aon mholadh nó nár thángthas ar aon réiteach sásúil eile laistigh de 30 lá ón tarchur, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh lena bhforchuirtear bearta cinntitheacha cosanta i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(3).

2. Déanfaidh an Coimisiún, ag féachaint go cuí do chosaint faisnéise rúnda de réir bhrí Airteagal 11, tuarascáil a phoibliú ina mbeidh achoimre ar na fíorais ábharacha agus ar na nithe atá ábhartha don chinneadh.

Airteagal 9 Na bearta cosanta: ré agus athbhreithniú

1. Ní leanfaidh beart cosanta de bheith i bhfeidhm ach go ceann cibé tréimhse a mbeidh gá léi chun bac a chur ar an mórdhíobháil nó chun an mhórdhíobháil sin a leigheas, agus chun oiriúnú a éascú. Ní rachaidh an tréimhse sin thar dhá bhliain, ach amháin má fhadaítear faoi mhír 3 í.

2. Go dtí go bhfaightear toradh an athbhreithnithe faoi mhír 3, leanfaidh beart cosanta de bheith i bhfeidhm i rith aon tréimhse fadaithe.

3. Féadfar, mar eisceacht, suas le dhá bhliain a chur le tústréimhse birt chosanta, ar choinníoll go ndearbhaítear go bhfuil gá leis an mbeart cosanta i gcónaí chun bac a chur ar mhórdhíobháil nó chun mórdhíobháil a leigheas agus ar choinníoll go bhfuil fianaise ann go bhfuil tionscal an Aontais á oiriúnú féin.

4. Sula ndéanfar aon fhadú de bhun mhír 3 déanfar imscrúdú a thionscnamh arna iarraidh sin do Bhallstát, d’aon duine dlítheanach nó d’aon chomhlachas nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige, ag gníomhú dóibh thar ceann thionscal an Aontais, nó ar fhéintionscnamh an Choimisiúin má tá fianaise leordhóthanach prima facie ann, go bhfuil na coinníollacha arna leagan síos i mír 3 á gcomhlíonadh, ar bhonn na bhfachtóirí dá dtagraítear in Airteagal 4(5).

5. Foilseofar tionscnamh imscrúdaithe i gcomhréir le hAirteagal 3(5) agus Airteagal 3(6). Déanfar an t‑imscrúdú agus aon chinneadh maidir le fadú de bhun mhír 3 i gcomhréir le forálacha Airteagail 4,7 agus 8.

6. Ní fhéadfaidh ré iomlán an bhirt chosanta dul thar cheithre bliana, lena n‑áirítear aon bheart sealadach.

7. Ní chuirfear beart cosanta i bhfeidhm tar éis don idirthréimhse dul in éag, ach amháin le toiliú na tíre de chuid Mheiriceá Láir lena mbaineann.

8. Ní chuirfear aon bheart cosanta i bhfeidhm maidir le hallmhairiú táirge a bhí faoi réir birt dá leithéid, mura rud é go bhfuil tréimhse caite arb ionann í agus leath na tréimhse inar cuireadh an beart cosanta i bhfeidhm don tréimhse díreach roimpi.

Airteagal 10

Na réigiúin is forimeallaí san Aontas Eorpach

1. I gcás ina bhfuil aon táirge de thionscnamh tíre de chuid Mheiriceá Láir á allmhairiú i gcainníochtaí a bhfuil méadú den sórt tagtha air agus faoi choinníollacha den sórt a d'fhéadfadh dochar mór a dhéanamh don staid eacnamaíoch nó a d'fhéadfadh a bheith ina chúis le dochar mór a dhéanamh don staid eacnamaíoch i gceann amháin nó níos mó de na réigiúin is forimeallaí san Aontas dá dtagraítear in Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, féadfar beart cosanta a fhorchur, i gcomhréir leis na forálacha atá leagtha amach sa chaibidil seo.

Airteagal 11

Rúndacht

1. Is chun na críche a iarradh í, agus chun na críche sin amháin, a fhéadfar faisnéis a fhaightear de bhun an Rialacháin seo a úsáid.

2. Ní dhéanfar faisnéis ar bith de chineál rúnda a fhaightear de bhun an Rialacháin seo, ná aon fhaisnéis a sholáthraítear ar bhonn rúnda agus a fhaightear de bhun an Rialacháin seo, a nochtadh gan cead sonrach a fháil ó sholáthróir na faisnéise sin.

3. I ngach iarraidh ar rúndacht, luafar na cúiseanna leis an bhfaisnéis a bheith rúnda. Más rud é, áfach, nach mian le soláthróir na faisnéise an fhaisnéis a phoibliú ná nochtadh na faisnéise i dtéarmaí ginearálta nó i bhfoirm achoimre a údarú agus go ndealraíonn sé nach bhfuil údar maith leis an iarraidh ar rúndacht, féadfar neamhshuim a dhéanamh den fhaisnéis lena mbaineann.

4. Ar chaoi ar bith, measfar go bhfuil gach faisnéis rúnda más dócha go n‑imreoidh a nochtadh mór‑éifeacht dhíobhálach ar sholáthróir nó ar fhoinse na faisnéise sin.

5. Ní fhágfaidh mír 1 go 4 nach bhféadfaidh údaráis an Aontais tagairt a dhéanamh d'fhaisnéis ghinearálta agus, go háirithe, do chúiseanna ar a bhfuil cinntí arna ndéanamh de bhun an Rialacháin seo bunaithe. Mar sin féin, cuirfidh na húdaráis sin san áireamh leas dlisteanach na ndaoine nádúrtha agus na ndaoine dlítheanacha lena mbaineann ar mian leo nach nochtfar a gcuid rún gnó.

Airteagal 12 Nós imeachta coiste

1. Déanfaidh an Coiste arna bhunú le hAirteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir le comhrialacha le haghaidh hallmhairí[5] cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina Choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

4. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 i gcomhar le hAirteagal 4 den Rialachán sin.

Caibidil II – Meicníocht cobhsaíochta do bhananaí

Airteagal 13

Meicníocht cobhsaíochta do Bhananaí

1. I gcás bananaí de thionscnamh Mheiriceá Láir faoi cheannteideal 0803.00.19 den Ainmníocht Chomhcheangailte (bananaí úra, gan plantáin a áireamh) agus atá liostaithe faoi chatagóir 'ST' i Sceideal Pháirtí an AE atá leagtha amach in Iarscríbhinn I (Dleachtanna Custaim a Dhíchur) a ghabhann leis an gComhaontú, beidh feidhm ag meicníocht cobhsaíochta go dtí an 1 Eanáir 2020.

2. Socraítear leibhéal truiceartha do mhéideanna allmhairí ó thír de chuid Mheiriceá Láir le haghaidh táirgí a luaitear i mír 1 mar a léirítear sa tábla san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Beidh allmhairiú táirgí a luaitear i mír 1 ag an ráta dleachta custaim fabhrach, sa bhreis ar an gcruthúnas tionscnaimh arna bhunú faoi Iarscríbhinn III (Sainmhíniú ar an gcoincheap 'táirgí tionscnaimh' agus modhanna comhair riaracháin) a ghabhann leis an gComhaontú le Meiriceá Láir, beidh siad faoi réir deimhniú onnmhairiúcháin a thíolacadh ar deimhniú é arna eisiúint ag údarás inniúil Phoblacht na tíre de chuid Mheiriceá Láir óna n‑onnmhairítear na táirgí. Chomh luath agus a shroichtear an leibhéal truicearaithe don mhéid le linn na bliana féilire comhfhreagraí, féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(3), an dleacht custaim fhabhrach a fhionraí go sealadach le linn na bliana céanna go ceann tréimhse nach mó ná trí mhí, agus nach dtéann thar dheireadh na bliana féilire.

3. I gcás ina gcinneann an Coimisiún an dleacht custaim fhabhrach is infheidhme a fhionraí, cuirfidh an Coimisiún an ceann is lú de cheachtar den bhonnráta dleachta custaim nó den ráta dleachta NBF i bhfeidhm a bhí i bhfeidhm tráth a ndearnadh an ghníomhaíocht sin.

4. I gcás ina gcuireann an Coimisiún na gníomhaíochtaí a luaitear i míreanna 2 agus 3 i bhfeidhm, rachaidh sé i gcomhairle láithreach leis an tír atá thíos leo chun an cás a anailísiú agus a mheasúnú ar bhonn sonraí fíorasacha atá ar fáil.

5. Féadfaidh na bearta a luaitear i míreanna 2 agus 3 a bheith infheidhme i rith na tréimse dar críoch 31 Nollaig 2019 agus le linn na tréimhse sin amháin.

Caibidil III – Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 14 Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ó dháta chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe, de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 353 den Chomhaontú sin. Foilseofar fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ina luafar dáta chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa              Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

Iarscríbhinn

Tábla maidir le leibhéil truiceartha do mhéideanna allmhairí le haghaidh chur i bhfeidhm na meicníochta cobhsaíochta do bhananaí in Aguisín 3 d'Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú

Bliain || Leibhéil truiceartha do mhéid allmhairí, i dtonna

Cósta Ríce || Panama || Hondúras || Guatamala || Nicearagua || an tSalvadóir

Go dtí an 31 Nollaig 2010 || 1 025 000 || 375 000 || 50 000 || 50 000 || 10 000 || 2 000

1.1-31.12.2011 || 1 076 250 || 393 750 || 52 500 || 52 500 || 10 500 || 2 100

1.1-31.12.2012 || 1 127 500 || 412 500 || 55 000 || 55 000 || 11 000 || 2 200

1.1-31.12.2013 || 1 178 750 || 431 250 || 57 500 || 57 500 || 11 500 || 2 300

1.1-31.12.2014 || 1 230 000 || 450 000 || 60 000 || 60 000 || 12 000 || 2 400

1.1-31.12.2015 || 1 281 250 || 468 750 || 62 500 || 62 500 || 12 500 || 2 500

1.1-31.12.2016 || 1 332 500 || 487 500 || 65 000 || 65 000 || 13 000 || 2 600

1.1-31.12.2017 || 1 383 750 || 506 250 || 67 500 || 67 500 || 13 500 || 2 700

1.1-31.12.2018 || 1 435 000 || 525 000 || 70 000 || 70 000 || 14 000 || 2 800

1.1-31.12.2019 || 1 486 250 || 543 750 || 72 500 || 72 500 || 14 500 || 2 900

1.1.2020 agus tar éis sin || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach

[1]               Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Feabhra 2011 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an …

[2]              

[3]              

[4]               IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

[5]               IO L 84, 31.3.2009, lch. 1.

Top